Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-09-24

Dietmar Menzel, cloch ar charn

Menzel ag ár gceiliúradh iarphósta san Highlander i Kreuzberg, 1994.

Baineadh creathadh asam nuair a chuala mé, ar Raidió na Gaeltachta, go raibh Menzel tar éis bású go tobann.

Bhí aithne ag mo nuachar ar Menzel i bhfad siar, roimh an Wende, i an Casadh, mar a thugtar ar an athrú córais a tharla san DDR nuair a thit an balla, ach roimh an athaontú. Bhí sé sa chiorcal ealaíontóirí agus a mhacasamhail a raibh baint aici leo. Cónaí ar go leor acu i Friedrichshagen.

Bhí taispeántas ag duine acu, Thomas J Richter, sa Ghaillimh i 1991. Thaisteal mo nuachar anois le grúpa acu a chuaigh siar, agus thaithin ceol na hÉireann léi. Ba mar sin a casadh ar a chéile muid, toisc go raibh sí i tábhairne ina sheinntí ceol Éireannach, ag fanacht ar deis labhairt le duine de na ceoltóirí.

Go luath ina dhiaidh casadh Menzel agus a bhean an tráth úd, Regina, orm. Bhí siopa ceoil ag Regina i Friedrichshagen, bhí Menzel ina innealtóir. 

Tá cuimhne éigin agam ar a n-árasán i Friedrichshagen. Is ann a chuala mé i dtosach Cór Tsinandali. Ar chúl doras na cistine bhí léarscáil den Eoraip, agus an bealach ó Bheirlín go dtí an Róimh a bhí i gceist aige a shiúil leagtha amach le bioráin agus snáth fada olla. Ní mé ar éirigh leis é chuir i gcrích riamh. Aisling a bhí ann, a bhí aige sula raibh deis ar bith taisteal ag saoránaigh an DDR. 

Rinne mé roinnt siúl leis, bhí sé in éineacht linn sa tSeic ar a laghad uair amháin. Fear mór óil ab ea é, agus is eagal liom a rá, sranntóir nótáltha! Chuaigh mé leis féin agus Regina agus duine nó beirt eile chun Amstardam, nuair a bhí mo nuachar anois gafa le hobair éigin (bhíodh sí ag obair leis an iarnród, ag díol ticéid i stáisiúin Lichtenberg agus sealanna oibre le déanamh istoíche agus an deireadh seachtaine. Bhí ar ár suirí a bheith eagraithe go maith san ré úd roimh fóin phóca, agus ní raibh landline féin aici. Agus cónaí ormsa ar imeall thiar na cathrach, uirthi sa lár thoir - Prenzlauer Berg. Ach sin scéal eile.) 

Phósamar i 1994 agus nuair a bhí clann óg orainn ní rabhamar chomh siúlach céanna ná baol air. D'fhill mé ar Éirinn le mo chlann óg i 2000. Uair éigin ina dhiaidh sin scar Menzel óna bhean agus tháinig chun cónaithe in Éirinn, ag déanamh píosaí oibre anseo is ansiúd, san monarchan éisc i Mín an Aoirigh mar shampla. 

Chaitheamar seal san teach aige i dTeileann blianta fada ó shin. Bhí sé ar chuairt againn i gCill Mhantáin uair amháin, le comrádaí ó Bheirlín agus a mhac seisean a bhí ar chamchuairt. 

Bhí sé deacair taisteal, eisean ag brath ar iompar phoiblí, muidne gafa le cúramaí clainne agus fostaíochta. Ní raibh an chumarsáid chomh dlúth is ba mhian liom é a bheith. 

Agus anois tá sé ar shlí na fírinne, trócaire Dé ar a anam. Agus é curtha ar an gCarraig, i bhfad ó Friedrichshagen. 

2022-09-23

Ní fearr mac le himirt...

Pictiúir sciobtha ó amlíne Twitter @KNEECAPCEOL 

Dráma gairid aon ghnímh aon aisteora is ea Minimal Human contact. Scríofa ag Naoise Ó Cairealláin, ag tarraingt óna thaithí féin as bheith gafa le cearrbhachas. Bíonn teorainn nádúrtha ag andúil san ól nó i ndrugaí - tá srian leis an méid a ghlacfaidh an cholainn leis. Ach tig leis an andúlaí cearrbhachais imirt de ló is d'oíche... Rud a thuigeann na bookies agus lucht casino go rí mhaith.

Tugann Seán T Ó Meallaigh ionchollú dúinn ar a leithéid d'aosánach Feirsteach i mbun eachtra aon oíche le hairgead a ghoid sé óna mháthair. Ag dréim leis an t-airgead a mhéadú agus a aisíoc. Tá córas aige, ní thig leis teip...

Tinneall ó thús deireadh, sna harda ag súil leis an liathróid titim chun a leasa; sna hísle nuair nach dtiteann nó nuair nach bhfuil ach brabach suarach. 

Guth agus colainn Sheáin ag reic an scéil, le tacú ó roinnt ábhar físe agus soilsiú éifeachtach. 

Bhí aistriúchán comhuaineach ar an nGaeilge (macarónach, crua, Feirsteach) ar fáil agus neart daoine san amharclann lán dá gcaitheamh. 

D'imigh an dráma thart de luas lasrach, muid iomlán gafa leis. ⭐⭐⭐⭐⭐

Deis amháin eile é fheiceáil i Smock Alley ar an Satharn, ansin ar aghaidh go dtí an Chultúrlann (abhaile, cineál). 

Léiriú den scoth ó Aisling Ghéar - a bhfuil ndeacrachtaí maoinithe fós gan réiteach.... Nára fada go raibh chun go mbeidh ar a gcumas breis den gcineál seo a chur inár láthair. 

2022-09-19

Macghníomhartha Chathail


Tá an leagan athfhoilsithe de chéad saothar Cathal Uí Shandair díreach críochnaithe agam. Tá lorg na hóige agus na foghlama air, dar liom. Maith go leor, pulp fiction éadrom a bhí faoi scríobh, agus tá sé sin déanta aige go maith - cé go bhfuil na heachtraí áiféiseach dochreidte, agus chomhtharlúintí go leor ann, tá a leithéid céanna in sraith (beagnach comhaimseartha linn) Alex Rider le Anthony Horowitz (a léigh mé toisc go raibh mac liom á léamh, tráth go raibh sé d'uaillmhian ionam coinneáil suas leis an méid a léigh mo chlann go dtí gur iompaigh uafás Darren Shan mo ghoile. Ach sin scéal eile - níl goile agam don uafás).

Ach anois is arís bhain nath lomaistrithe fearacht Cuir é sin i do phíopa agus caith é... tuisle asam.

Tá go leor de na lochtanna luaite ag Róisín Adams ina hiarfhocal, ach aontaím go mór léi, agus is mór an chomaoin atá curtha aici agus an Ghúm orainn an saothar stairiúil ceannródaíoch seo a bheith ar fáil do ghlún nua. 

Ceann de fhadhbanna litríocht na Gaeilge le hais teangacha eile ná go dtéann saothair as cló go gasta agus as radharc dá réir, agus mar sin as cuimhne. Ach mura bhfuil siad ar fáil do léitheoirí ní bheidh siad ar fáil d'ábhar scríbhneoirí. (Meabhraíonn sin dom scéal a d'inis Tomás Mac Síomóin faoi cheardlann a rinne sé i scoil Gaeltachta. Bhí bean óg amháin cinnte go mbeadh sí ina scríbhneoir - Béarla - mar nach raibh sé soiléir di go raibh litríocht na Gaeilge ann, Béarla ar fad a bhí á léamh aici).

Tá mé ag súil an dara leabhar a léamh go luath, ach tá rudaí eile le léamh i dtosach agam!

Táimid faoi chomaoin ag Róisín agus coiste na ceiliúrtha agus an Ghúm as an obair uilig atá déanta. Tá súil agam go leanfar leis an obair agus go mbeidh na saothair ar fad ar fáil faoi dheireadh - ar a laghad go leictreonach, cé go bhfuil an dearadh tábhachtach freisin. Mar atáimid faoi chomaoin ag Sheán Mac Lellan, a d'aithin cumas Uí Shandair ainneoin lochtanna a macghníomhartha. Murach eisean, mar atá luaite san iarfhocal, seans nach mbeadh oiread léite le fonn faoi bhinsí scoile. Ba mhithid a leithéid de dhaoine a bheith ann arís! 

Tá dornán saothair le Cathal Ó Sandair i mo L-spás, a fuair mé i siopaí dara láimhe nó trí thaisme éigin eile. Cuireann an dá imleabhar nua go mór le mo chnuasach!

Cathal Ó Sándair
ISBN 978-1-85791-982-0
An Gúm 

2022-09-17

Crux fideles

Aimsiú na Fíor Chroise , Agnolo Gaddi


níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe;


Féile ardú na Croise a bhí ann ar an gCéadaoin. Bhí deis agam freastal ar liotúirge ar leith le beannú agus adhradh iarsma den gCros. 

Teagasc agus cleachtas na hEaglaise ná go bhfuil intinn, anam agus colainn ag an nduine agus go bhfuil gá freastal ar gach gné de sin sa liotúirge. Sé sin, go mbíonn tábhacht le gothaí chomh maith le briathra. Agus mar a dúirt an té a dúirt Bis orat qui bene cantat. (Déanann an té a chanann go maith urnaí faoi dhó).

Faraor níl an tíolacadh agam chun canadh go maith, ach is féidir liom éisteacht. Bhí cór ann, ag canadh na hiomann a bhaineann leis an gCros, iomann ársa ón séú aois. Agus á gcanadh sa Laidin. Tá ardú meanman le fáil ina leithéid (agus nuair atá fáil, mar a bhí, ar aistriúchán na bhfocail, lón marana). 

Tá an Eaglais in Éirinn bocht ó thaobh na healaíne de bharr go raibh sí faoi chois. Tá formhór na foirgnimh nua le hais eaglaisí na Mór Roinne agus is minic gur kitsch an ealaín. Tuigim go bhfaigheann daoine áirithe sólás ó na dealbh a bhfuil cleachtadh orthu, ach is dris cosáin domsa a leithéid. (Scothaicmeachas, b'fhéidir). 

Ach tá an ealaín in Eaglais Mhuire Banríon na Síochána i mBóthar Mhuirfean, áit a raibh mé, cuanna.

Fuair mé ardú céadfaí agus (tá súil agam) ardú anama ó na gnéithe go léir, fiú ón túis, cé go gcuireann sé as do mo leithéid de íospartach fiabhrais léana go minic!

Crux fidelis, inter omnes
arbor una nobilis:
nulla silva talem profert,
fronde, flore, germine.
Dulce lignum, dulces clavos,
dulce pondus sustinet.
  
A Chros dílis, i measc na gcrann
an ceann is uaisle:
Níl do shárú i mbláth 
Ná duille ná toradh ar fáil. 
Adhmad milis is tairní milse
Ualach milis arna iompar 

2022-09-15

Ag coisíocht ar chonair na mianadóirí


Is Róimh iarthar Eorpa
Gleann daoineach Dá Locha.

Na logáin a tógadh
Ag beirte, ag tríre,
Is Róimh iad faoi shluaite,
Faoi chéadta, faoi mhílte

Aongas Céile Dé: An bith trua (9ú)
Croí Cine eagrán 2, rannóg 2

Táim idir dhá phost faoi láthair, agus ghlac mé cúpla lá saor. Le fada tá tionscadal Frank Corry ina scaipeann sé pictiúir laethúil den Loch Uachtarach i nGleann Dá Loch ag cuir eolchaire orm. Bheartaigh mé lá sa ghleann dá réir. Tá seirbhís local link anois ó bhaile Chill Mhantáin go dtí Gleann dá Loch. Ar an ndrochuair ní théann sé tríd Baile an Chinnéidigh, ach bhí gnó ag mo nuachar níos faide ó dheas agus thug sí síob dom go hÁth na Fuinseoige. Bhí fanacht ansin orm, ach is áit deas é sin féin agus ní raibh an fanacht fadálach. 

Bhain mé Gleann dá Loch amach thart ar 11:30, agus bhí fhios agam go raibh bus ag filleadh um 15:30. Bhí sé beartaithe agam an chonair bán a leanacht, atá ceaptha 3 uair a chloig a thógáil. Tosaíonn sé sin áfach ag an nGleann Uachtarach, agus bhí mise ag Ionad na gcuairteoirí. 

Abhae liom mar sin de truslóga fada i dtreo an Loch Uachtarach. Tá clárchosan tríd an riasc timpeall Poll na Péiste, agus is san treo sin a chuaigh mé. Chonaic mé neart snáthaid mhóra, rud a chuir aoibhneas orm. 

Bhain mé amach an Loch Uachtarach tar éis fiche nóiméad, agus bhí deis agam mo phictiúr féin a ghlacadh - a bheag nó a mhór ón ionad céanna! 

As sin lean mé an bóthar coille ar bhruach thiar an locha a théann chomh fada le sráidbhaile tréigthe na mianadóirí. Bóthar bhreá atá ann de gainimh dlúth. Leathuair nó mar sin a thóg sé an sráidbhaile a bhaint amach. 

Anois a thosaíonn an siúl ceart. Tá an tóir ar na siúlóidí thart ar Ghleann dá Loch, agus tá obair mhaith déanta ag lucht na Páirce Náisiúnta chun cosáin a dhéanamh a sheachnódh breis creimeadh talún de bharr an líon daoine a bhíonn ag siúl ann. Bhí clocháin agus céimeanna san áit nach raibh feiliúnach don cosán gairbhéil a ghabhann nathrach suas an chnoic i nGleann Abhlach (ní fhaca mé crann úll ar bith, bhí corr caorthainn). 

Thug leathuair eile mé go dtí droichead, agus pointe casta an chonair. Tá fothraigh eile anseo, agus toisc a iargúlta is atá an ionad tugadh Van Diemens Land ar an mianach. Is ann a chaith mé mo phroinn. 

Bhí rud beag dreapadh fós le déanamh chun droim an Spinc a bhaint amach. Bheadh an siúl bog anseo, ach tá clárchosan an bealach ar fad fán droim, agus is féidir siúl go breá. (Tá lorg an chreimeadh le feiceáil áfach). 


Chonaic mé roinnt fia agus caorach fán mbealach anseo. Bhí an lá go hálainn agus radharcanna dá réir síos isteach sa ghleann..

Lean mé orm fán droim, ar an clárchosan go dtí go tosaíonn sé ag tuirlingt i dtreo bóthar coille agus síos isteach sa ghleann ag Poll an Easa.


Bhain mé amach ionad eolais an Seirbhís Páirceanna ag 14:30. Bhí mé tar éis ceist as Béarla ag chuir ag an ionad cuairteoirí faoi léarscáil i nGaeilge, agus freagra i nGaeilge a fháil - mar sin thosaigh mé an comhrá anseo i nGaeilge agus bhí liom. Faraor ní raibh teacht ar bhileog na siúlóidí as Gaeilge (an roinn ag tarraingt na gcos) ach cheannaigh mé léarscáil East West Mapping den nGleann nach raibh agam fós. 

Bhí an brú ama imithe díom anois, ní raibh an bus ar ais go dtí 15:30. Shiúl mé an bóthar glas ar ais go dtí an mainistir, agus chaith mé súil freisin ar thobar Chaoimhín. 

Bhí am ansin agam an chuid eile de mo phroinn a chaitheamh sular thóg mé an bus ar ais go Áth na Fuinseoige agus ansin bus eile abhaile. 

Dóibh siúd atá ag teacht ó lár na cathrach nó ó Bhré tá seirbhís Bus Naomh Caoimhín ann. 

Tá Gleann dá Loch ar ceann de na beagán áiteanna i gCill Mhantáin ina bhfuil sé measartha indéanta siúlóid a dhéanamh ag brath ar iompar phoiblí. Bíonn sé plódaithe áfach ag turasóirí, go háirithe ar an deireadh seachtaine. Fiú inné bhí scata mór daoine, sa ghleann go háirithe ach fiú ar an siúlóid. 

Ach bhí ard lá agam, agus go leor den frustrachas a bhain leis an togra atá díreach críochnaithe agam curtha díom agam. 











2022-09-14

Trí cheist faoi gach fabht a aimsíonn tú

 

Baineann mo chuid oibre go minic le fabhtanna i mbogearraí a aimsiú agus a réiteach. Ní cuimhin liom an bhfaca mé an cartún neamhspleach ón aiste nó an le chéile a chonaic mé iad, blianta fada ó shin. Gaois ársa (i dtearmaí na gairme) atá iontu, mar a léirionn ainm an suímh - bhí Multics ann roimh Unix (is imeartas focail ar Multics an Unix céanna, ach sin scéal eile).

Na trí cheist:
  1. An bhfuil an botún céanna áit éile sa chlár?
  2. Cén fabht atá laistiar den bhfabht seo?
  3. Cad ba cheart dom a dhéanamh le fabht mar é a sheachaint.
Ceisteanna iad seo a bheidh riamh buan sa ghairm.

Ba dheacair dom cuir síos níos fearr a dhéanamh ná mar atá san aiste, mar sin mholfainn é a léamh má tá baint ar bith agat le bogearraí - nó go deimhin le dearadh i gcoitinne. Tá daoine fabhtach, mar sin déanfaidh siad fabhtanna - trí gníomh nó faillí.

Three Questions About Each Bug You Find
Tom Van Vleck
ACM SIGSOFT Software Engineering Notes, vol 14 no 5 July 1989, pages 62-63.
ar fáil ar líne anseo

Tá go leor le foghlaim ó seanóirí na gairme! Tá athrú mór ar uirlisí, crua-earraí, teangacha agus araile - ach níl athrú tagtha ar an nduine, agus is mithid don saor chláir bheith umhal fós. 

Siondróm an innealtóra sona

Budai, íomhá le Mike Peel CC BY SA 4.0, nasc

Is maith le hinnealtóirí tincléireacht, barr feabhais a chur ar píosa oibre, snas a chuir air. Is aoibhinn linn fios fátha an scéil a aimsiú. Ach caithfear srian a chur leis an fonn sin. Tá custaiméir ag fanacht, agus ní foirfeacht amach anseo atá de dhíth air ach táirge sách maith anois. 

Arís is arís tá sé feicthe agam gur cúis moill é an díospóireacht a eascraíonn as an mian seo foirfeacht a bhaint amach, nó iniúchadh a dhéanamh ar fhadhb éigin spéisiúil - agus neamhaird a dhéanamh ar na rudaí beaga leadránacha atá le déanamh chun go mbeadh an táirge inúsáidte don custaiméir. Cáipéisíocht cruinn, abair, nó aiseolas sothuigthe soiléir ó na teachtaireachtaí a eisíonn an chlár. (Bíonn sé seo deacair mar gur deacair ag ríomhchláiritheoir dearcadh an úsáideora ón dtaobh amuigh a thuiscint).

Agus is féidir leis an tréith seo cruinniú a chur amú, go háirithe mura bhfuil clár oibre soiléir agus cathaoirleach éifeachtach! Tá áit ann don díospóireacht idir innealtóirí ach is annamh gur cruinniú tionscadail an áit sin. Níl dada níos measa do na daoine eile atá páirteach ná a gcuid ama a bheith á chur amú ag beirt nó triúr ag plé mionghné fánach teicniúil.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

Táim buíoch do Dennis King as an aguisín seo - 

Dans ses écrits, un sage Italien
Dit que le mieux est l'ennemi du bien. 

Ina scríbhinní dúirt saoi Iodálach 
Gur namhaid don maith an níos fearr.

Aguisín eile - scríobh saoi de chuid na gairme a bhíodh ag plé le Lisp sraith aistí faoin dteideal "worse is better" faoin dóigh a bhrúigh C agus Unix, ainneoin a gcuid lochtanna, Lisp i leataobh - mar go raibh siad feidhmiúil agus maith go leor. Deicheanna de bhlianta níos déanaí agus fós is C agus Unix cnámh droma bogearraí cé go bhfuil córas eile níos feiceálaí - ach tá a formhór scríofa i C, go háirithe gar don "miotal", áit a bhfuil mo shaol gairmiúil féin caite agam. 

2022-09-13

Barrie Kosky’s All-Singing, All-Dancing Yiddish Revue

Radharc ón ilsiamsa, sciobtha ó Komische Oper


Tá spéis ag an déagóir i gCeoldhrámaíocht, agus cheannaigh mo mháthair céile ticéid do ilsiamsa san Komische Oper le linn an ama a bhíomar ann. (Bhí na ticéid daor go maith!). Mar sin, ainneoin an teas diamhair thugamar aghaidh ar lár chathair Bheirlín. (Isteach díreach roimh an seó, agus amach díreach ina dhiaidh, agus i gcarr!)

Sé an chaoi go raibh an Intendant Barrie Kosky ag éirí as, tar éis deich mbliana sa phost; b'é a mhian slán a fhágáil leis an gcompántas agus tar éis an ghéarchéim Coibhide deis a thabhairt d'oiread agus b'fhéidir de na hoirfidigh a bhí páirteach le linn a sheal páirt a ghlacadh san clabhsúr. Ba dheacair sin a dhéanamh le gnáth cheoldráma. An seift a bheartaigh sé mar sin ná ilsiamsa a chuir i láthair, ag tarraingt ar an gcultúir Giúdach/Giúdaise i Meiriceá, tráth nach raibh fáilte roimh Giúdaigh san hionad samhraidh thart ar Nua Eabhrac agus arbh éigin dóibh a gcuid féin a chruthú. Bhíodh na fir fós sa chathair ag obair, farasbarr mná dá réir, agus miangas agus macnas...


Bhíomar ard go maith san amharclann, agus é meirbh dá réir, ach bhain mé sult as an taispeántas spleodrach a luasc idir maoithneas agus greann (dóite go minic), miangas agus macnas, agus eolchaire.

Canadh amhráin idir Béarla, Gearmáinis agus Giúdais - bhí fotheidil le léamh ar cúl an suíochán romhat, clise ar fad - ach is beag gá a bhí agam leo. 

Léirigh an cóiriú, a raibh go leor amhráin aitheanta nó leaganacha ann, an tionchar a bhí ag an sruth seo i gcultúr na Giúdaise ar an gcultúr i gcoitinne; cultúr atá buan, agus atá in nimhe seó den scoth a chuir i láthair i lár na cathrach inar beartaíodh deireaadh a chuir leis an pobal a iompar é, beart a cuireadh i gcrích go fíochmhar agus beagnach go críochnúil. 

Bhain idir sult agus ábhar machnaimh as an léiriú. (Ach ní rachainn san amharclann ar lá chomh meirbh arís). 

2022-09-12

Pádraig agus Brighid sa Róimh

Lasar gréne áine
apstal Erenn óige
Pátric go méit míle
rop dítiu diar tróige.
Lasar gréine áine
Aspal Éireann ógh
Pádraig agus a mhílte
mar dídean dár dtruántacht
Brigit bán balc núalann,
cenn cáid caillech n-Érenn.
Maire ocus Sanct Brigit,⁠
for a fóessam dún díblinaib!
Brighid bán bailc uasal
ceann cáidh cailleach Éireann
Muire agus Naomh Brighid
faoi choimirce na díse go rabhaimid
Bhí an Bráthair Conor McDonogh i mbun staidéar sa Róimh agus scaip sé an dá phictúir thuas agus luaigh Féilire Aonghusa leis na rannta. I gColáiste na bProinsiach a bunaigh na Gaeil sa Róimh atá siad, Coláiste Naomh Iosadóir. Fuair mé an rann maidir le Pádtraig san réamhra gan dua ar CELT. Agus an chéad leathrann maidir le Brighid faoina Lá Féile. (Tá mo chuid nua Ghaeilge thuas ag braith ar an mBéarla anseo).

Ach ní raibh teacht ar an dara leathrann ann. Rinne mé roinnt gúglála, agus fuair mé é - i ndán ar a tugtar Iomann Bhroccáin. Athinsint i bhfoirm véarsaí atá ann ar shaol Bhrighid de réir Cogitosus is cosúil. D'aimsigh mé leagan Béarla anseo.

Nuair atá faill agam, tá sé i gceist agam filleadh ar an ndán, tá cuma spéisiúil air, ach sáraíonn sé mo chumas meabhair a bhaint as gan taca. 

Aguisín - d'fhiafraigh Séamas Barra ar Twitter cathain a rinneadh na pictiúir; d'fhreagair an Bráthair Conor go raibh billeog san Eaglais a dúirt gurb i 1641 a rinneadh. Domenico Castelli a bhí freagrach as an obair.

Bliain achrannach in Éirinn 1641... 

Coróin saoil

Lch deiridh an leabhar deiridh -
Tiffany Aching & You
Comrádaí ollscoile measaim a chuir The Colour of Magic faoi mo bhráid, fadó, fadó. Ó shin i leith tá mé ag léamh agus ag cnuasach saothar Terry Pratchett. Is dóigh liom go bhfuil gach leabhar a bhaineann leis an Teascdhomhain agam seachas an dá cheann deiridh - Raising Steam (léigh mé cóip crua mo dheirféar, is fearr liomsa clúdach bog) agus The Shepherd's Crown. Tá dhá leabhar nach mbaineann leis an sraith sin agam - Nation agus Dodger. Léigh mé Good Omens fadó, agus chuir sé sin Neil Gaiman in aithne dom. Ón leabharlann a fuair mé cuid de na leabhair eile, nil gach uile leabhar casta mo threo. (Ní raibh mé chomh tógtha sin leis an Long Earth).
Is iomaí leabhar dá chuid a cheannaigh mé i siopa leabhar Aerfort agus a ghiorraigh turas gnó. (An siopa fuisce agus an siopa leabhar an dá áit a thaobhaigh mé i aerfort Cóbanhávan nuair a bhí mé ag taitseal chun na Sualainne cúpla uair in aghaidh na bliana!) Is iomaí leabhar atá athléite go minic agam.

Tá an greann chun tosaigh sna leabhair luaithe, ag spraoi agus ag séideadh faoi tróip na fantasaíochta. Ach fiú ansin, faoi súil géar aige ar an saol mar atá agus scathán dhíchumtha an aoir in úsáid go héifeachtach aige.



Sciar Terry Pratchett de mo L-spás

Gné é sin a chuaigh i ndoimhneacht le himeacht ama. Níorbh creidmheach é Terry Pratchett, de réir mo thuisceana, ach bhí creideamh láidir aige feictear dom i gcumhacht an duine coinsiasach an rud ceart a dhéanamh ainneoin na dúshláin. Tá meas agus bá agam do Commander Vimes, Granny Weatherwax agus Tiffany Aching. Is minic an BÁS ag dul de thruslóga fada cnámhacha tríd na leabhair agus ag nathaíocht. Ba nathadóir den scoth é Pratchett, agus tá cnuasach shaibhir de na nathanna sa The Annotated Pratchett File. (Uaireanta de bharr gan blas sasanach a bheith ar mo chluas inmhéanach, chaill mé cuid den ghreann - thóg sé i bhfad orm an t-imeartas focail i "The Rite of AshkEnte" a thuisicnt, abair).

Ba leitheoir agus taighdeoir leathan é, agus tá toradh roinnt den taighde béaloideas ar fáil i leabhair le saineolaithe - faoin eolaíocht agus an béaloideas. Is caint faoin eolaíocht sin a thug sé i gColáiste na Tríonóide lena chomh údair an t-aon uair a bhí mé ina láthair. Bhí sé chomh beoga nathaíoch sa bheatha agus a bhí sé ar phár. Más buan mo chuimhne, bhí sé cheana féin ag iomrascáil leis an ngalar ar ar thug sé an embuggerence - seargach i stoc na hinchinne. Mar sin féin, d'éirigh leis le cúnamh eagarthóirí agus cuntóir coinneáil air ag scríobh.

Giolc le Gráinne Ní Mhuilneoir a spreag mé le The Shepherd's Crown a cheannach agus a léamh faoi dheireadh, ar an Kindle. Cineál uacht atá ann, measaim; faigheann Granny Weatherwax bás ag a thús, agus caithfidh Tiffany Aching teacht i gcomharbacht uirthi; i saol atá ag athrú agus ag múscailt ceisteanna eile. (Tá scéalta Tiffany lonnaithe ar talamh chailce, agus díorthaíonn sé an ainm Tiffany ó Tír fo Thoinn; measaim gure é sin agus geas (recté geis) na Nac Mac Feegle an dá thagairt don nGaeilge aige.)

Táim buíoch don gcomrádaí ollscoile sin fadó, is saibhre mo shaol na leabhair seo a bheith ann, agus cé gur creidmheach mé féin tá go leor a n-aontóinn le Terry Pratchett faoi. Suaimhneas síoraí dá anam, agus go raibh an saol seo níos mó ná mar ba mhian leis í bheith!




Terry Pratchett le Luigi Novi, CC BY 3.0

2022-09-09

Droichead diamhar

Droichead Rakotz
Craolann KiKa na Gearmáine scannán scéal iontais gach Domhnach um meán lae am na Gearmáine; 11 abhus. Fuaireamar aeróg satilíte fadó ar mhaith le Gearmáinis a bheith ar fáil dár gclann agus is nós fadbhunaithe againn faire ar an scannán ar an nDomhnach tar éis Aifreann agus bricfeasta. 

Go minic is scannán a rinneadh i gcomhpháirt leis na Seicigh sna 1970í atá i gceist; ach tá scannáin fós á dhéanamh ag craoltóirí seirbhíse poiblí na Gearmáine; atá eagraithe go réigiúnach, toisc go bhfuil cúrsaí cultúir faoi smacht na Länder.

Ceann atá feicthe le fonn againn anois ná Der Zauberlehrling (Dalta an draoi) a rinneadh i Sacsan sa bhliain 2017. Spreagtha ag dán aitheanta Goethe (tá leagan iontach ag Eoin McEvoy le feiceáíl anseo).

Ar ndóigh, ní bheadh móran de scannán le baint as sin; agus tá scéal éifeachtach tógtha thart air faoi uaillmhian, formad, grá - idir lánúin, idir siblíní agus dílseacht tógtha thart air.

Fógra eolais i nGearmáinis & Sorbais
Tá radharc diamhair amháin, agus an lanúin sa scéal ag dul i mbád go dtí oileán draíochta. Gabhann siad faoi dhroichead suntasach. 

Fuair mé amach go raibh an droichead i ngairdín gar go leor do Bheirlín; agus nuair a bhíomar ag filleadh ó Dresden chuamar an timpeall ar mhaithe le cuairt a thabhairt air. 

Mar is iondúil, ní raibh sé baileach chomh diamhar céanna san fíorshaol - tá an linn i bhfad níos lú ná mar a shamhlaigh mé, ach is píosa deas ealaíona atá ann mar sin féin, agus b'fhiú an turas gairid air. 

Tá sé lonnaithe i gceann de na ceantair a mbíodh an Sorbais á labhairt ann (agus a bhfuil cosaint dlí ag an mionteanga ann) agus bhí fógra eolais dhá theangach ann.

Bhí an lá i bhfad ró the chun mórán siúil a dhéanamh, mar sin ní dhearnamar ach timpeall an linn a thabhairt agus dul ar aghaidh arís (sa tóir ar bhéile, le bheith ionraic). Ar lá níos fionnuaire is dócha go mbeadh níos mó ama caite againn ag fánaíocht tríd an ghairdín, agus b'fhéidir fiú súil a chaitheamh ar an dteach mór.

2022-09-08

Scéal beatha

„Hier ruhen die Gebeine der weiland Hochedlen und Tugendbegabten Frauen Fr. Margarethe Westphal, welche von Christlichen Eltern Herrn Hermann Baring, Ältermann und Postmeister und Frau Adelheid Schuhmacher in Bremen den 16. Juni 1688 geboren mit Herrn Carl Friedrich Westphal, Königl. Preuss. Oberamtmann, den 10. Juli 1711 in Berlin verehelicht. In dieser mit 5 Söhnen und 5 Töchtern gesegneten Ehe vergnügt gelebet, den 9. Dezember 1725 selig im Herrn entschlafen. Einer Gottesfürchtigen Christin, lieben Haus-Frauen Sorgfältigen Kinder-Mutter und treuen Gehilfin in Lieb und Leid, -  hat dieses Ehren-Gedächtnis aus schuldiger Pflicht setzen lassen, oben genannter betrübter Witwer.
 Gedenk Spruch der selig verstorbenen: Habe deine Lust an dem Herrn; der wird dir geben, was dein Herz wünschet. Befiehl dem Herrn deine Wege, und hoffe auf ihn; er wird es wohl machen.“ Psalm 37,4 und 5

Anseo atá curtha i suaimhneas cnámha na mnaoi sár uasail agus suáilceach thar na bearta,  Margarethe Westphal a rugadh do thuismitheoirí Críostaí Hermann Baring, Seanóir agus máistir poist agus Adelheid Schumacher i mBremen ar an 16 Meitheamh 1688 agus a phós Carl Friedrich Westphal, Príomhoifigeach ríoga Prúiseach ar an 10 Iúil 1711 i mBeirlín. Mhair sí go lúcháireach san pósadh seo a beannaíodh le cúigear mac agus cúigear iníon agus chuaigh chun suain go beannaithe san Tiarna ar an 9 Nollaig 1725. Chomhlíon an baintreach fir brónach thuasluaite a dhualgas i gcrích ag tógáil an cuimhneachán seo ar banchríostaí ar a raibh eagla Dé, bean tí grámhar, máthair cúramach clainne agus cuntóir dílis is ngrá agus gruaim.

Mana an mhairbh: 'Taobhaigh do shlí leis an Tiarna; cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí. '

Salm 37:4-5


B'é mian mo mháthair céile, tar éis céadphroinn i mbialann agus tuars báid thart ar na locha, go mbeadh cúpla amhrán á rá - agus cead faighte aici iad a bheith ráite, ar mhaithe leis an fhuaim, in Eaglais an Spioraid Naoimh i Teupitz. Eaglais cuanna, agus ar a bhall amuigh an leac thuas a tharraing mo shúil. Ní raibh mé in ann an t-iomlán a léamh, ach ar amharaí an tsaoil tá cuir síos ar an leac ar shuíomh turasóireachta an bhaile.

Saol gairid, ach is léir go raibh sé eachtrúil - agus a fear céile ina ionadaí ag an Rí sa chaisleán ar an gcathair (baile anois) seo.

Tá nithe gleoite istigh san eaglais freisin, ach ní raibh am ná fonn orm ar an lá staidéar a dhéanamh orthu! Ach an leac úd, spreagann an tsamhlaíocht!

Arbh bean mar a thuairisc í, nó an bhfuil scéalta eile le reic? Cá bhfios!

Mór an baois

 

Foinse: Thesaurus Palaeohibernicus lch 296


Mór n-drúiss, mór m-báis, mór m-baile,
mór coll céille, mór mire,
úair is airchenn dul d'éccaib,
beith fo étoil maicc Muire.

Leagan Meyer via CELT agus Neue Mitteilungen aus Irischen Handschriften.- "(British Museum, Additional.80,512,1) fo.32b.)

Tá an leagan thuas den rann seo san lámhscríbhinn céanna le Dul don Róimh, agus díreach ina dhiadh mar a chuir Stokes i láthair iad. Ó LSS leagan Meyer, agus cúpla focail sa bhreis leis - agus nóta nach gá go raibh an dá rann gaolta.

Mór an drúis, mór an baois, mór an buile,
mór an coll céille, mór an mire
óir is éigin dul in éag
bheith faoi antoil mhic Mhuire

Níl antoil baileach cruinn, Íosa a bheith míshásta leat atá i gceist. Na focail is scanrúla sa Bhíobla, dar liom: 

'De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach. '


Dul don Róimh

Scaip an Bráthair Conor McDonough an pictiúir thíos ar Twitter inné, agus é ag tabhairt aghaidh ar an Róimh. Ó David Stifter a fuair sé é, is cosúil. 

An rann ag bun leathanaigh de chuid Codex Boernerianus (Folio 23r)


Techt do Róim,
mór saítho, bec torbai.
In rí chon-daigi i foss,
manim-bera latt, ní fogbai.
(Leagan sengoidelc)
Dul don Róimh,
mór saothar, beag tairbhe:
an rí iarrann tú i bhfus,
mur' dtug tú leat, ní bhfaighir.
Athdhánta, Ó Floinn

Teacht don Róimh:
Mór saothar, beag tairbhe -
An Rí a lorgaíonn tú abhus,
Murar thug leat É, ní bhfaighidh
Croí Cine, (Céad Eagrán), de Fréíne

Dhá leagan ag Donncha Ó Céilleachair ina Dhialann Oilithrigh:

Má théir don Róimh ar thóir do Rí
Ní dóigh go bhfaighir a shamhail,
Muna dtugair romhat é i gcomhad do chroí
Imeoir arís go meabhail.

Má théir don Róimh ar thóir do Rí
Is dóigh go mbír ar meabhail
Mura dtugair romhat é i gcomhad do chroí
Sa Róimh ní bhfaighir a shamhail.
Tá eolas agam ar an rann le fada, agus is breá liom é. Tá gaois ann, agus gontacht. Níl mé cinnte anois an i Croí Cine nó Athdhánta is túisce a léigh mé é (sa Nua Ghaeilge). Spreag an pictiúir mé le dul ag tochailt, ag lorg an Codex Boernerianus. Tús cuardach mar seo dom ná bunachar Van Hamel - thug an iontráil ansin eolas breise dom, gur ar Folio 23 cúl atá an rann breactha. Agus nasc chuig an leagan digithe i Leabharlann Dresden. Neadaithe i 1d Litir Pól chuig na Corantaigh atá an rann, agus rann eile leis Mór báis mor baile (ábhar tochailte do lá eile...).

Níl léamh na LSS ná na Gréigise agam; mar sin, níl mé cinnte cad é an comhthéacs inar cuireadh an rann, a leagtar ar Sedulius Scottus, (i. Gael) a bhí ina scoláire mór le rá san 9ú ceád agus a scríobh "Scathán Gaoise do phrionsaí" i measc neart eile. 

N'fheadar an é seo a spreag é:

'Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre. Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”; '

Is iontach na dána digiteacha a fhágann go bhfuil rochtain ar dearg thuata mo leithéidí ar gaois na haoiseanna, agus (cóip dílis de) LSS a scríobh Gael léannta blianta fada ó shin i bhfad i gcéin - agus tig liomsa suí ar ríomhaire san áiléar agus amharc air! 


2022-09-07

In áras an chnuasaitheora

Is cnuasitheoir mé féin - leabhair don gcuid is mó, ach tá mé in áit na leathphingine le hais colceathrar mo mháthair céile. Thugamar cuaird ar ina theach ar imeall chathair Dresden. Teach ársa Fachwerk caomhnaithe aige féin agus a nuachar, seanteach feirme agus cúpla foirgneamh eile thart air atá ina sciobóil oibre agus stórais freisin. Fear siúlach scéalach é féin, agus veain curtha in oiriúint don gcampáil aige chun an fánaíocht a éascú. 

Thug mé suntas do na plátaí iarainn teilgthe a bhí fesitithe ar bhall an tí aige. Íomhánna ó na miotais, nó ón mbíobla, nó díreach daoine mór le rá. Is amhlaidh go mbíodh na plataí seo ag cúl tintéain - cinéal teasra stóras a théigh nuair a bhí an tine lasta, agus a scaoileann teas amach de réir a chéile.
Is aoibhinn liom na rudaí maisithe seo, nach maisiúchán amháin iad, ach go raibh feidhm leo tráth! Ní taobh le rud amháin a chnuasach atá siad, tá bailiúchán breá uirlisí ceoil aige - cé gur ait liom iad a bheith ag bailiú deannaigh seachas á seinm. Ach ní lia duine na toighis!

Gloine, earraí tís agus babóga rogha a mhnaoi le cnuasach. Agus ar ndóigh leabhair... (Bhí leabhair saor agus flúirseach san DDR).

Pluais Aladdin de theach, agus é compordach agus mealltach don bplé. Agus ábhar cuimhní cinn.

Ba bhreá liom teach mar é, ach ní bheadh an scil agam é choinneáil agus a chaomhnú! Bheinn sásta go maith dá n-eireodh liom eagair éigin a chuir an an L-spás s'agam agus fáíl réidh de go leor de na nithe atá bailithe againn nach bhfuil úsáid againn dóibh. 

2022-09-06

Chauseestrasse

Le linn Mí Meitheamh bhíomar sa Ghearmáin, soir ó dheas ó Bheirlín. Bhí an aimsir i bhfad ró the dúinne, ach thug dualgas teaghlaigh ann muid. Is beag a rinneamar seachas freastal ar an gcóisir a thug ann muid! D'éirigh liom siúlóid amháin a dhéanamh go loch sa choill lámh leis an loistín.

Talamh réidh gaineamhach - leagtha síos ag an oighear anallód - atá sa cheantar seo. Ó aimsir Feardorcha Mór is i lámha an airm atá stráicí móra den talamh, agus tháinig na Naitsithe i dtosach agus ansin na Rúisigh. Ba talamh míleata atá anois oscailte an coill ina raibh mé ag siúl, fógraí rabhaidh fós ann ach na créachta a d'fhág na tainceanna ag cneasú.

Monashaothrú crainn péine is mó atá sna coillte, agus iad tirim agus baol falscaithe dá réir ann. Iarsma eile den stair, earra tráchtála an choill. Tá sin ag athrú go mall anois.
I measc na coillte tá locha, codanna de abhantrach gabhlánach an Spree (píosa níos faide ó dheas atá an Spreewald riascach, áit a mbíonn an teanga Sorbaise láidir tráth - tá sé le feiceáil thall is abhus agus tá formhór na comharthaí bóthair dhátheangach)

Sráidbhailte de thithe déanta de brící agus clúdaithe le plástar nós na tíre. Múnlú maisiúil coitianta sa phlástar, nó maisiú eile. Díon géar nach luífidh barraíocht sneachta air. 

Séipéal i lár mórán gach sráidbhaile, go minic ar fhaiche glas - scaití le linn ann, ar mhaithe le uisce chun tinte a mhúchadh, nó chun iasc a shaothrú, tráth. Agus go hiondúil cuimhneacháin ar na mairbh ón mbaile a thit i gcogaí na n-udaráis ó 1871 ar aghaidh ... Na séipéil déanta de brící nó scaití den clocha aimhréidh. 
An rud a spreag teideal an mhír seo ná an seoladh a bhí ag an lóistín - Chauseestrasse - "sráid sráíd" - ainm sráide a bhí coitianta sa cheantar agus an bóthar ag dul ó bhaile go baile gan ainm a athrú.

Iasacht ón bhFraincis is ea chaussée - de réir an Duden, is tríd laidin na ndaoine ó calcatum na Laidine a thagann sé. Focal a chiallaíonn satailte le cosa. Bóithre fada díreacha a bhíonn i gceist i mBrandenburg, agus is dócha gur cosa Airm na Prúise a leag amach i dtosach iad. Ach is doirneoga a bhíodh ann ina dhiadh sin, agus sraith crainn ar gach taobh. I formhór na bóithre atá fós in úsáid do thrácht  tá screamh tarramhacadam anois ann, ar a laghad - uaireanta tá an bóthar tógtha as an nua, go háirithe má bhí an bóthar briste ag fréamacha na gcrann. Taobh tíre taithneamach stairúil, agus go leor de siúlta agus cur síos déanta ar an an scríbhneoir Theodor Fontane - is minic a ainm luaite le conair marcáilte siúlóide. Ach ní raibh fonn siúil orm agus an teas ard agus gan oiread is leoithne gaoithe ann! Cé go raibh snáthaidí móra agus go leor feithidí eitilte eile le feiceáil, agus roinnt bláthanna. Beidh deis arís fanaíocht ... 

2022-09-04

Eoin Pól I, beannaithe.

Eoin Pól I, pictiúir san fearann phoiblí ó Chartlann Náisiúnta na hÍsiltíre

Inniu sa Róimh d'fhógair an Pápa Eoin Pól I beannaithe. Comharba Pól VI, nár mhair in oifig ach mí i 1978, rud a spreag an dúrud teoiricí comhcheilge.

Mar Patrarc ar an Veinéis scríobh sé cnuasach litreacha chuig pearsa cáiliúla ón stair agus litríocht, Illustrissimi. Nuair a toghadh ina Phápa é foilsíodh aistriúchán go Béarla ar na litreacha a foilsíodh i nuachtán Iodálach an chéad uair. Bhí sé imithe ar shlí na fírinne sular shroich an leabhar na siopaí. Ach go gairid ina dhiaidh sin fuair mé cóip le léamh. Ceachtanna morálta atá iontu, ach reicthe le greann séimh agus carthanas. Duine séimh gealgháireach ab ea é. Tá teacht ar an gceithre teagasc a thug sé mar Phápa ar shuíomh na Vatacáine, agus tá cóip i nGearmáinis de Illustrissimi áit éigin i mo L-spás. Fearacht an leagan Béarla, is i ndiaidh a bhás a sroich sé an margadh - le réamhrá le Joachim Kardinal Höffner a scríobhadh lá roimh an bás céanna. Seachas an Pápa nua a chur i láthair, rinneadh a uacht agus a oidhreacht as an leabhar.

Tréadaí maith!

Oidhe Chlanna Fëanor


Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn: Súil an uabhair, teanga an éithigh, lámha a dhoirt fuil neamhchiontach, Croí a bheartaíonn cealga, cosa a bhrostaíonn chun an oilc, Finné bréige ag spalpadh éithigh, agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.

Blianta fada ó léigh mé An Silmarrillion i dtosach, mar leabhar leabharlainne. Ansin, fiche éigin bliain ó shin, agus mé díomhaoin seal de bharr iomarcaíochta cheannaigh mé an cóip thuas maille trí imleabhar Tiarna na bhFáinní. Is dócha cionn is go bhfuil sraith teilifíse bunaithe ar roinnt de na heachtraí ann a shruthlú faoi láthair chonaic mé roinnt tagairt dó, i measc daoine eile ag Neil Gaiman ag rá nach mórán adhmaid a bhain sé féin as sna déaga, ach gur fhás a thuiscint ó shin. Ní cuimhin liom an eisean nó duine éigin eile a rinne comparáid le Sean Tiomna an Bhíobla. Comparáid cuí, measaim. Pé scéal é spreagadh mé chun an leabhar a sciobadh ar ais ó leabhragán an déagóra (a bhfuil scannáin Tiarna na bhFáinní feicthe acu ach nach bhfuil an t-uaillmhian na leabhair a léamh curtha i gcrích fós). 

Anois agus mé ag liathadh fearacht Mithrandir measaim go bhfuil níos mó adhmaid bainte agam as. Tá gan amhras dealramh ag an gcnuasach leis an Sean Tiomna. Leagan Tolkien de Genesis, agus de ré na Ríthe - seachas go bhfuil an tÁibhirseoir ina phearsa lárnach san insint, ag mealladh Ealbha lena bhréaga agus ag cothú mioscaise. Agus, seachas san gcéad gníomh, cruthú na cruinne i gcomhcheol na n-aingeal, an t-áibhirseoir roimh a thurnamh san áireamh, tá Eru Ollathair as láthair. 

Scéala uaisle na hEalbha agus céadsinsir na ndaoine atá ann, agus ról éigin ag na neacha a chruthaigh Aulë, duine de na hArdaingil, i. Na hAbhaic. 

Scéal fada cogaíochta, leis an Áibhirseoir ach faraor freisin i measc na hEalbha, daoine agus abhaic freisin, de bharr saint, formaid agus thar aon rud eile uabhair - duáilcí a thuigeann an tÁibhirseoir, agus tar éis a dhíbirt seisean go dtí an folús, a ghiolla Sauron, teacht i dtír orthu. Ball lag Ealbha agus daoine mórtas as saothair a lámha, agus i gcás na ndaoine eagla roimh cinniúint anaithnid de dheasca an bháis. 

Agus an mallacht a leanann móid ainchríonna. 

Ar ndóigh, fearacht mé féin, Caitliceach ab ea Tolkien, agus is beag ionadh mar sin na macallaí sa mhoráltacht a fheicim, cé nach bhfuil an slánú cinnte ná follasach san scéal seo - iarracht Tolkien miotas Angla Sasanach, a mhothaigh sé a uireasa a chruthú. 

Uaisleacht sa bhfulaingt agus sa searc. (Is beag drúis atá sna scéalta, má tá in aon chor, cé go bhfuil roinnt grá leatromach agus formad dá réir). 

Diabhail agus arrachtaí go flúirseach, gníomhartha gaile agus misnigh, ach an feall freisin. 

Ach mar atá sa Chríostaíocht, as an uabhar a eascraíonn na hiarmhairtí is measa, dóibh siúd atá uaibhreach ach freisin dá lucht gaoil is gean. 

Scéalta maithe, cé go bhfuil siad rud beag fadálach uaireanta, agus teangeolaíocht Tolkien ina chúis do líon mór ainmneacha ar phearsain ar dheacair cuimhne a choimeád orthu. 

Agus cé go bhfuil roinnt ban ina bpearsan, is domhan trodach fireann is mó a chruthaigh sé. 

Tá mé sásta gur spreagadh chun athléamh mé! 


2022-09-03

Semele

An Cliar

Apollo | Jupiter. Andrew Gavin 
Cadmus | Somnus. Edward Hawkins 
Semele. Kelli-Ann Masterson 
Athamas. Gerben van der Werf 
Juno | Ino. Dominica Williams 
Iris. Jade Phoenix 
High Priest. Fionn Ó hAlmhain 

Sestina
Soprano Hannah Traynor, Laura Aherne, Anna Gregg
Alto Leanne Fitzgerald, Nathan Mercieca, Eilis Dexter
Tenor Ben Escorcio, Luke Horner
Bass Adam Cahill, Fionn Ó hAlmhain

Tá mé as cleachtadh ag ól caife mall sa lá, agus ó tharla go raibh cupán agam le mo dhinnéar réamh amharclainne aréir, tá cumhacht Somnus orm lagaithe go mór agus mé i mo dhúiseacht go mí thráthúil. Tá sé chomh maith agam siamsaíocht na hoíche aréir a bhlagáil dá réir, le súil is go gcuideoidh sé sin liom cúpla uair an chloig eile codlata a mhealladh!

Tharraing Händel scéal de chuid Oivid chuige chun "oratorio tuata" a chuir ar stáitse, tráth go raibh cosc ag an Ard-Seomairlín i Londain ar dhrámaíocht le linn an Charghais. Finscéal morálta a mhaígh sé, faoi paisean ag fáil an lámh in uachtar (ar bhean, gan amhras). Mheall sé an tArd-Seomairlín, ach chonaic an pobal an ghraostacht agus miangas....

Tá an láthair athraithe ag Opera Collective Ireland ón Ghréig cianda go suíomh a mheabhródh an Great Gatsby duit, Jove ina spaga teann ag mealladh Semele, á sciobadh ó altóir an phósta, agus í ar tí Adamus a ghlacadh mar nuachar chun toil a hathair a chomhlíonadh - ainneoin a searc féin do Jove. A deirfiúr Ino croíbhriste toisc go bhfuil a searc féin bronnta aici i ngan fhios do Adamus....

Ar ndóigh, nuachar dlisteanach Jove, Juno ar buile. A giolla Iris seolta aici le fios fátha an scéal a aimsiú. Díoltas uafásach a bhaint amach aici - í ag mealladh Semele i mbréagriocht Ino chun mionn a bhaint as Jove - go dtiocfaidh sé chucu ina riocht diaga. Maíonn Juno go ndéanfar í a dhiagú más amhlaidh a tharlaíonn - ach ar ndóigh is trúig bás dá colainn daonna é... 

Rubaillín leis an scéal - faigheann Ino Adamus, agus rugtar Bacchus ó chaidreamh Semele agus Jove. 

Finscéal morálta faoi na paisean? N'fheadar! 

Bhí an léiriú thar cionn. Aisteoireacht, amhrán, soilsiú, feisteas, stáitsiú uilig ag teacht le chéile go foirfe. Ní amharclann Opera an Pavilion, agus bhí ar an gcompántas a bheith cruthaitheach le spás teoranta. Bhíomar féin sa chéad sraith, nach mór ar an stáitse. 

Bhí ceoltóirí an Akademie für alte Musik Berlin, ag seinm uirlisí a bhí comhaimseartha le Händel, ar an stáitse, scaipthe ar an dá thaobh ag cruthú cuid den cúlra. An stiúrthóir ar thaobh amháin - cuidiú teicneolaíochta chun go raibh radharc ag ceoltóirí agus amhránaithe air tríd scáileáin. 

Bhí an aisteoireacht go hiontach. Bhí mé tógtha go háirithe le hIris agus Ino/Juno a léirigh mothúcháin cumhachtacha le gothaí beaga agus strainceanna séimh. 

Bhí mothúcháin Semele, idir lúcháir agus imní agus dóchas agus éadóchas curtha i láthair go hiontach freisin. Go deimhin, ag tús agus a droim leis an lucht féachana, d'éirigh le galar na gcás ina raibh sí á léiriú leis an droim céanna! 

Ard oíche amharclannaíochta agus ceoil. 

Tá deis eile an léiriú a fheiceáil anocht, ach go bhfios dom tá an Pavillon díolta amach arís, mar a bhí aréir. Is deas go bhfuil an tacaíocht á fháil ag oirfidigh Opera in Éirinn anois, luach saothair éigin ar an ndua agus an allas a chaitear chun a leithéid a chur i láthair an phobail. (Agus gan é bheith ró chostasach ar an duine aonair!)