2023-06-07
Mac an Bheatha cois Móire
2023-05-14
Hamilton
2022-09-13
Barrie Kosky’s All-Singing, All-Dancing Yiddish Revue
![]() |
| Radharc ón ilsiamsa, sciobtha ó Komische Oper |
2022-06-02
Amor omnia vincit
2019-05-25
O Isis und Osiris....
I measc an seachtú cúig rud atá ar bun ag mo mhac Fionn faoi láthair, tá sé sa chór san Ceoldráma Die Zauberflöte atá léirithe ag an Irish National Opera.
Tá caidreamh fhada againn mar theaghlach le ceoldráma seo Mozart. Go deimhin bhí a mháthair i gcór na páistí san Staatsoper i mBeirlín Thoir. Fonn uirthi Papageno a shábháil ón gcroch.
Schöne Mädchen, denkt an mich,
Will sich eine um mich Armen,
Eh' ich hänge, noch erbarmen,
Wohl, so laß ichs diesmal seyn!
Rufet nur -- ja, oder nein!
Chonaiceamar san Staatsoper le chéile é sna 1990í i léiriú taibhsiúil ach sách traidisiúnta. Arís ins na 2000í i léiriú ciorruithe de chuid an Opera Theater Company, a bhí ag cuir ceoldrámaí ar stáitse an Pavilion le líon fíor bheag amhránaí - ceathrar measaim - agus ceoltóir.
Tá DVD againn le puipéid ag déanamh an aisteoireacht.
Tá na seacht n-aithne mar sin againn ar eachtraí Tamino, Pamina, Sarastro, Banríon na hOíche agus Papageno.
Bhí deis ag mo nuachar agus iníon é fheiceáil tráthnóna Déardaoin agus chonaic mé féin oíche Déardaoin é. (Mar sin ní fhacamar baileach an chliar céanna)
Tá léiriú Irish National Opera iontach spéisiúil. Tá an dráma lonnaithe acu i dteach mór Éireannach san ochtú aois déag. Cleas éifeachtach, go háirithe leis an stiúradh. Thug mé faoi ndeara ar dhóigh nach ndearna go dtí seo díreach cé chomh gránna atá na tuairimí i leith na mban a léirítear.
Léirítear Teampall Sarastro mar an rud a bhí in intinn Emanuel Schikaneder agus Mozart, eadhon cruinniú de chuid na masúin ag cuir cuma shollúnta ar club sotalach na bhfear.
Mar a sheasann Lukas Jakobski (Sarastro) cloigeann is guailne go corpartha ós cionn an chliar, ba suntasaí a chanadh is aisteoireacht. Iarracht de chruálacht lom á léiriú aige le miongháire sotalach ar a bheola.
Thug mé suntas freisin do Padraic Rowan (Sprecher) a bhí ag tabhairt dúshlán Sarastro le gothaí cúramach.
Ba é Gavan Ring (Papageno) áfach an laoch domsa. Gutmensch lán grinn. Dó féin a scríobh Schikaneder an ról seo an chéad lá agus bhí go leor spraoi ag baint le léiriú Gavan idir gothaí is greann.
Baineadh casadh as an deireadh nuair a shéan Pamina an chaille pósta is theith na deora léi. Ar ball tugann Tamino a bhrat chuici.
Bhí m'iníon fiosrach faoi cad a bhí i gceist. Bhí mearbhall áirithe orm féin. Tar éis mo mharana a dhéanamh, measaim gur diúltú don dtuiscint chúng ar ról fear agus bean a bhí ann.
Rud a léiríonn go dtig le healaíon casadh a bhaint as seanscéal ach fós bheith dílis don libretto! (Ní ciardubhán ab ea Monostratos ach oiread, cé nach ndeachaigh an casadh áirithe sin i bhfeidhm chomh maith céanna orm).
Oíche pléisiúrtha a bhí ann dom agus lón machnaimh freisin.
Tá áthas orm gur spreag a chanadh sean nós daoine Fionn a mhealladh i dtreo an ceoldráma. Gné eile dá chumas is mianach ceol á fhorbairt.
O Isis und Osiris, schenket
der Weisheit Geist dem angehenden Musiker !
Die ihr der Wandr’er Schritte lenket,
Stärkt mit Geduld ihm in Gefahr.
Laßt ihm der Prüfung Früchte sehen,...
2019-01-18
Ceoldráma taitneamhach
BAROQUE OPERA DOUBLE BILL : Dido and Aeneas (Purcell) and Il Combattimento di Tancredi e Clorinda (Monteverdi)
Tá mac liom i mbun staidéir ar cantaireacht Opera sa mhullach ar an píobaireacht uillinn san foras oideachais ar a tugtar Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ó thús na bliana.
Anocht agus istoíche amárach tá dhá cheoldráma gairide á léiriú acu sa phriomh spás i Smock Alley.
Níl i il Combattimento di Tancredi e Clorinda dáiríre ach radharc amháin. Triúr pearsa atá sa libretto, ach sé an chaoi gur scoilt siad iad - triúr i bpáirt an reacaire, agus duine ar leith ag léiriú an trodaí agus duine eile ag canadh. Léigear Iarúsailéim, Tancredi ina Ridire Croise. É i ngrá le Clorinda, bé muslamach. Cuireann cath uirthi áfach toisc go measann sé gur óglach í agus í ag iarraidh sleamhnú isteach sa chathair i ndorchadas na hoíche. Leanann troid fuilteach agus a bás sise. Radharc méaldrámata ó thóg Monteverdi as saothar níos faide. Canadh as Béarla é. Bhí sé éifeachtach, corraitheach. Aisteoireacht agus amhránaíocht cuí.
Bhí níos mó téagar san dara dráma, tragóid Banríon Charthage Dido, a thiteann i grá le prionsa Traí ar a theitheadh. Agus eisean léi, ach go bhfuil sé faoi gheasa an ath Traí a thógáil san Iodáil. Lámh ag cailleacha agus ainspiorad sa mhísc a mbíonn bás Dido de bharr croíbhriseadh mar chríoch air.
Bhí scóip níos mó sa dráma seo do spraoi agus bhain an chliar úsáid éifeachtach as gan baint de sollúntacht an scéil.
Beidh cuimhne agam ach go háirithe ar dheamhain Oisín Ó Dálaigh ag rince thart i sála stiletto. Taispeántas breá ón gcliar ar fad áfach, idir ceol, geansaíocht agus aisteoireacht. An chailleach agus Dido go maith i ndán dá bpáirteanna lárnacha.
Cloisfear amach anseo faoi scata den mbuíon óg talannach seo.
Il Combattimento di Tancredi e Clorinda (c1624) by Claudio Monteverdi
Testo : Oisín Ó Dálaigh / Sarah Kilcoyne / Rheanne Breen
Tancredi : Ciaran Crangle
Tancredi (fighting) : Ross Fitzpatrick
Clorinda : Naho Koizumi
Clorinda (fighting) : Letizia Delmastro
Dido and Aeneas (c1687) by Henry Purcell
Dido : Susie Gibbons
Aeneas : Connor Campbell
Sorceress : Amy Conneely
First Witch : Rheanne Breen
Second Witch : Ami Hewitt
Belinda : Laura Joy Copeland
Second Woman : Sarah Kilcoyne
Spirit : Oisín Ó Dálaigh
Sailor : Stephen Walker
CHORUS / ENSEMBLE
Sopranos: Hannah Barrett, Ami Hewitt, Orlaith Dunne
Altos: Sarah Luttrell, Rheanne Breen, Sarah Kilcoyne
Tenors: Ciaran Crangle, Oisín Ó Dálaigh, Stephen Walker
Bass: Fionn Ó hAlmhain
2017-02-05
Susanna
Lánúin óg nuaphósta sona lúcháireach, ach caithfidh an fear dul ar aistear. Imní agus uamhan ar a bhean, ach leanann an saol ar aghaidh. Cor ina cinniúint nuair a lasann beirt seanóir i ndrúis léi, agus déanann comhcheilg len í a mhealladh dá dheoin nó dá ainneoin - ag bagairt uirthi go gcúiseofar í i ndrúis le hógánach mura ngéilleann sí dóibh. Ní ghéilleann agus ciontaítear í de bharr fianaise éithigh na seanóirí. Go dtí go dtagann ógánach an slí - Dainéil - agus aithníonn an cluiche corr atá á imirt. Éiríonn leis an éitheach a nochtadh trí an dá sheanóir a cheistiú ar seach agus á fianaise ag teacht salach ar a chéile.
Bhí an ceol fíor mhaith - cumhachtach. Ach an rud a chuaigh i bhfeidhm orm go háirithe ná an aisteoireacht. Go háirithe duine den na seanóirí (Oisín Ó Dálaigh) a rinne ionchollú fíor éifeachtach ar olc Meifisteolach - ag gríosú a chomhsheanóir (Matthew Mannion) sna gníomhartha táire - ag stánadh go drúisúil, nimh ina chroí.
Sháraigh Súsanna (Amy Ní Fhearraigh) é áfach - lúcháireach soineanta ag an tús, diongbháilte le linn an ionsaí uirthi - a imríodh mar éigniú ach gur chuir an pobal isteach air. Diongbháilte láidir le linn na trialach, fios aici í bheith gan locht i súile Dé fiú má bhí sí tréigthe ag daoine.
Ach an rud a chuaigh i bhfeidhm dáiríre orm ná a hiompar tar éis do Dainéil í a ghlanadh sa chúirt - seachas caithréim is amhlaidh a bhí sí briste ag a taithí; eagla agus cúthail tagtha in áit an lúcháir soineanta a bhí roimhe; a caidreamh lena nuachar (Martha O'Brien) agus a hathair (Jakob Mahese) gonta ainneoin a ndícheall siúd.
Bhí ana ghuth ag an té i ról Dainéil (Catherine Donnelly) agus cumas maith aisteoireachta freisin, ach gan an scóip céanna aici toisc gan í bheith i láthair ach ar feadh deireadh an cheoldráma.
Bhí iompar an phobal imeartha go maith freisin - léiriú ar an gcaoi gur féidir le cúpla guth an slua a chasadh bealach amháin nó bealach eile. Go fiú cairde Súsanna, a thuig cuid den scéal, ina dtost de bharr sceimhle roimh údarás.
Bhí blas searbh na fírinne ar an cur i láthair; seachas gur annamh a thagann Dainéil chun breithiúnas a thabhairt san fíor saol.
Cuidíonn ceol agus amhráin leis an scéal mothúchánach seo a chuir ina luí ar an lucht féachana. I bhfianaise gur fó-chéimithe ollscoile agus dornán atá i mbun máistreacht an chliar, ba chumhachtach an taispeántas a bhí ann.
Tá sé na blianta ó bhí mé ag ceoldráma - níl siad fairsing anseo, agus go deimhin ní dócha go mbeidh éinne den chliar ar mian leo dul chun cinn sa ghairm sin lonnaithe go buan in Éirinn - mór an trua.
Ealaíon éifeachtach atá ann.
