Ó chuala mé faoi dhá bhliain ó shin bhí suim agam san Lá i gCathú, comóradh ar leabhair Bhreandáin Uí Eithir Lig sinn i gCathú. D'fhág damhsa ré agus grian go raibh an tríú Satharn san Aibreán um Cáisc arís i mbliana mar a bhí i 1949 (dáta na heachtraí sa leabhar) agus 1916. Bíonn Aoine an Chéasta saor ó obair agam féin, mar sin chuaigh mé siar ar an dtraein Dé hAoine. Traen a bhí sách luath go bhféadfainn freastal ar shearmanas Aoine an Chéasta i séipéal na nDoiminiceach sa Chladach. Lá salach a bhí ann, ach bhí na fáinleoga ag scinneadh thar uisce abhann na Gaillimhe sa bháisteach.
Bhí Cór ag canadh le linn an searmanas, ach bhí beagán díomá orm mar bhí mé ag dréim leis na bráithre bheith ag cantaireacht. Ach tharla go raibh twaithne agam ar an gceiliúraí, Conor
McDonough OP. Thapaigh mé an deis beannú do ar mo shlí amach.
Chas mé le Cathal ansin, duine eile ar twaithne a chur mé air i dtosach, ach a raibh cúpla ócáid san fíor saol ar casadh ar a chéile muid. Thug sé féin agus a bhean Mary lóistín na hoíche agus béile breá dom.
Tá baint ag Cathal leis an
mBruach Thoir agus thugamar cuairt ar Thigh Mhaidhc Pháidín agus bhí dreas comhrá againn le seanfhondúir ón Mionloch.
Chodail mé go sámh. Bhí lón luath againn agus thug aghaidh ar an gcoláiste do thús na himeachta, ag meáin lae i bparlús an Uachtaráin. Seomra cuanna le healaíon iontach áitiúil ar na ballaí.
Chuir John Caulfield fáilte agus tae romhainn thar ceann na hOllscoile.
Leagadh síos an pátrún don lá ansin. Cúpla sliocht ón leabhar, roinnt plé. Agus sna tábhairní, deoch.
(Bhí mé fós ag déanamh Carghas).
Bhí an taighde déanta, agus tábhairní aimsithe a bheag nó a mhór san áit a bhí siad lonnaithe ag Ó hEithir i mBaile an Chaisil an leabhair.
Agus ar ndóigh an óstán ar an bhfaiche mór, a bhfuil cuma cáca bainise ar ceart go leor.
Bhí orm féin sleamhnú liom chun traein 17:20 a fháil. (Theastaigh uaim bheith ar ais i mBaile Átha Cliath do Aifreann Bigil na Cásca).
Bhí an ócáid taitneamhach agus an plé spéisiúil. Chabhraigh sé go raibh an leabhar athléite agam ar an mbealach anoir!
Tá súil agam bheith ann an bhliain seo chugainn, nuair nach deireadh seachtaine na Cásca a bheidh ann. (Beidh orm bheith siosmaideach ar mhaithe le m'ae!)
(leasaithe - Chuir Maitiú ar mo shúile dom nach Coirib atá ar an abhainn)