Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-04-30

Imbolc 2012: Iarfhocal


Is iad gan amhras na cainteanna agus an ceolchoirm an chuid is suntasaí den fhéile Imbolc. Ach tá gné thábhachtach eile: an deis labhairt le daoine spéisiúla idir na cainteanna, thar cupán tae agus scón bhaile de chuid Bernice, nó am lóin nó thar pionta leanna sa Mhuileann. Agus chun an sméar mhullaigh a chuir ar an deireadh seachtaine bhí béile do chách eagraithe ag Tomás agus Bernice sa Mhuileann. Rud a thug faill eile an lá a chíoradh.
Ansin tá an áit féin ann - Baile Bhúirne agus Cúil Aodha síos an bóthair uaidh. D'fhreastail muid ar Aifreann ann, ach faraor bhí an cór bailithe leo chun freastal ar Scoil Ceoil an Earraigh ar an mBuailtín. D'fhonn gan titim go hiomlán isteach sna gloiní, chuaigh mé féin ar shiúlóid tar éis na cainteanna, agus thug aghaidh ar Reilig Ghobnatan.  Conair a thug thar an tSúláin fuar fada fireann mé ... ach níorbh mise a dhuine, buíochas le Dia! Sin nó níorbh é a am é. Ar aghaidh in aghaidh an chnoic ansin, thar tobar Gobnatan.
Áit bhreá chun marana a dhéanamh, agus scéalta an lae a chíoradh roimh aghaidh a thabhairt ar bhabhta eile d'allagar léannta spraíúil. Beidh mé ar ais!

2012-04-29

Imbolc 2012: Forbairt Fearainn

Feargal Ó Móráin
Íomhá le caoinchead Imbolc agus a ghrianghrafadóirí
B'é Feargal Ó Móráin ó Fiontraíocht Éireann a chuir tús leis an lá ag Imbolc 2012. Tá sé freagrach as an earnáil dúchasach a chur chun cinn. Cloistear go minic in Éirinn faoi na mór chomhlachtaí idirnáisiúnta, mar go mbíonn líon ard fostaithe acu siúd, agus - ar pháipéir ar a laghad - méid mór airgid i gceist leo. An gné is spéisiúla ina chaint domsa dá réir ná gurbh ionann an méid airgid a chaitheann comhlachtaí dúchasacha ar phá agus earraí agus a chaitheann na holl-chomhlachtaí. Gné spéisiúil eile ná go mbíonn na comhlachtaí seo - arbh comhlachtaí beaga iad don gcuid is mó, scaipthe thar an tír ar fad, murab ionann agus na holl-chomhlachtaí a bhíonn lonnaithe sna cathracha móra. Is cinnte gurbh iad na comhlachtaí seo teannáin na tionsclaíochta sa tír, agus is maith an rud go bhfuil Fiontraíocht Éireann ag cabhrú leo. Ba mhaith an rud dá gcloisfí níos mó faoi - creidim féin go láidir go bhfuil gá le earnáil láidir comhlachtaí dúchasacha, atá fréamhaithe sa phobal chun go mbeidh rath leanúnach ar an dtír. Caint spéisiúil a bhí ann.

2012-04-21

Imbolc 2012: Fainic fáidhiúil

Peadar Ó Riada
Íomhá le caoinchead Imbolc agus a ghrianghrafadóirí
Bhí beagán mí-ádh ar Bhernice agus Tomás mar gur tharla mí-thapa do bheirt do na haíonna a bhí ceaptha labhairt ag Imbolc i mbliana agus bhí orthu tarraingt siar ag geal leis an nóiméad deiridh. D'fhág sin bearna suntasach san clár don lae, agus práinn le duine a aimsiú lena líonadh. Do dhuine i Múscraí,  bheadh Peadar Ó Riada, ceoltóir agus saoi, i lár aigne i gcás mar é. Agus ainneoin é agus an cór a bheith gafa le Scoil Cheoil an Earraigh níor loic sé orthu. Mar is dul dó, ní raibh prapa ná sleamhnán ar bith de dhíth ar dá chuid cainte. Labhair sé ar an saol faoi láthair faoi mar a fheictear dó féin é. Feictear dó go bhfuil an deighilt idir an ghnáth duine agus an nádúr thart air éirithe ina chlais bhaolach. Go bhfuil eolas a bhíodh ag ár sinsir agus a chuidigh leo ceilte orainn dá bharr. Is deacair argóint le sin. Cinnte mar chathróir mé fhéin is le súil an coimhthígh a fhéachaim ar an dúlra agus cé go bhfuil dúil agam ina áilleacht, is tearc m'eolas air. Bheinn i sáinn dá mbeadh orm maireachtáil lasmuigh den saol uirbeach atáim cleachtaidh air.
Bhí smaoineamh spéisiúil eile a roinn sé orainn; gurbh amhlaidh go bhfuil sé baolach do phobal nuair atá gach duine sách - go dteipeann ar an bpobal, go n-iompaíonn daoine ar a chéile. D'inis sé dúinn faoi thurgnamh a rinne sé le pobal lucha, ag coimeád beatha agus spás leo - ach gur theip ar an bpobal ian ainneoin sin, gur throid siad agus gur éirigh siad as a bheith ag seachadadh beatha, go dtí nár fágadh ach an t-aon ainmhí amháin a scaoil sé saor le teann trua dó. (Nílim féin iomlán cinnte faoin turgnamh - tharlódh baint a bheith ag ciorrú coil agus réimse ró chúng géinte leis an teip. Mar sin féin ...)
Pé ar bith é, tá sé go láidir den tuairim go bhfuil muid ar bhruach géarchéim a d'fheadfadh bheith ina thubaiste má chliseann go tobann ar an gcóras reatha airgeadais. Sa chás sin beidh sé de bhuntáiste againn sna tír seo go bhfuil sé sách éasca beatha a fhás - ach go bhfuil saineolas áitithe de dhíth chuige sin. Bhí lón machnaimh ann cinnte. Ach ó mo thaobh féin de beidh faoiseamh orm mura dtagann tuar faoina thairngreacht.

2012-04-20

Imbolc 2012: Na físéain ar líne anois


Eoghan Mac Giolla Bhríde ó Imbolc arVimeo.
Molaim iad ar fad - an ceann seo ach go háirithe!

Imbolc 2012: Ag ríomhadh réalta

Diarmaid de Búrca
Íomhá le caoinchead Imbolc & an Ghrianghrafadóra
Réalteolaí óg is ea Diarmaid de Búrca. Tá sé ag dul d'iarchéim san réaltfhisic faoi láthair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus é ag baint feidhm as samhail ríomhaireachta chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas a ghineann cineál áirithe réalta - pulsáir - solas agus radaíochtaí eile. Is iomaí teoiric atá ann, ach tá tomhais agus réaltléamha ann freisin. Mar sin, is féidir samhail a dhéanamh san ríomhaire bunaithe ar theoiric áitithe. Ginfidh an samhail patrúin fuinneamh. Is féidir an patrúin sin a chuir i gcomparáid leis an méid a tomhaiseadh  agus ansin barúil a thabhairt faoi chruinneas na teoirice. Ach, gan amhras, tá an iliomad athróg agus paraiméadar le cur san áireamh mar sin is gá an ríomhchlár a chuir in oiriúint agus a chur ag ríomhadh, arís agus arís eile agus ansin breithiúnas a thabhairt ar na torthaí agus cé chomh cruinn nó dóchúil is atá siad. Thug Diarmaid léargas breá, feiliúnach do mo leithéidí de thútach san earnáil ar na pulsáir iad féin, agus ar a chuid oibre leis an ríomh-córas POREC. Bhíos ag caint leis ina dhiaidh agus d'fhiafraigh mé de an i FORTRAN atá POREC scríofa. Bhí mise ag magadh, nath Dijkstra i mo chuimhne:
Sna sean laethanta breátha, d'athdhéan fisiceoirí turgnaimh a chéile, le bheith cinnte. Na laethanta seo cloíonn siad le FORTRAN chun a gcuid ríomhchláir a roinnt le chéile, fabhtanna agus uile.
Chuir sé ionadh orm go bhfuil POREC scríofa i FORTRAN! Shíl mé uirlisí i bhfad níos fearr a bheith ar fáil do shaothar mar é anois. Ach bhí an caint thar a bheith spéisiúil agus is deas a chlos go bhfuil bun-taighde mar seo ar bun fós in Éireann.

2012-04-19

Imbolc 2012: Saíocht Sléibhe

Darach Ó Murchú
Íomhá le caoinchead Imbolc & an Ghrianghrafadóra
Ina chur i láthair roimh chaint Dharach Uí Mhurchú rinne Tomás cur síos ar an uair a chéad bhuail sé leis, ag Ionad Oideachais Tiglin. (a bhí an uair sin ina ionad do spóirt sléibhe). Bhí Darach tosaithe ar tréimhsí fhada a chaitheamh san Albain sa Gheimhreadh, ag cur oideachas ar féin conas dul i ngleic leis an oighear agus sneachta. Bhí sé colgach ciúin dá réir, ag déanamh a mharana ag suí ar aill.
Thug Darach fhéin caint thar a bheith spreagúil faoina ghairm ón uair gur chas sé a dhroim leis an saol socair mar innealtóir leictreonach agus dhírigh isteach ar an sléibhteoireacht, in Éirinn, in Albain agus i bhfad i gcéin. Mar chuid de seo bhog sé siar go Corca Dhuibhne lena mhuintir is chur caoi ar sheanteach. Deis aige anois a chuid beatha fhéin a fhás, agus gan amhras foghlaim ó bheith ag cur caoi ar an dteach. Ach is leis an sléibhteoireacht a chaitheann sé a dhua - a ullmhú féin le tréimhsí fada san oighear agus sneachta in Albain do thuras a thug sé ar iargúil na Himiléithe - áit, go bhfios dúinn, nár leag duine ar bith cos roimh turas taiscéalaíochta a shluaíocht. Bhí íomhánna áille aige chun an aistir saoil seo a léiriú - ní amháin na tírdhreacha sceirdiúla ollmhóra, ach freisin na lusanna beaga a mheallann freisin é. Sular raibh deis aige dul ar aghaidh agus an chuid eile dá shaoil mar theagascóir, ag baint feidhm as an taithí corpartha seo chun cabhrú le daoine faobhar a chuir ar mheoin agus ar mheabhair, bhí a sheal ama ídithe. Beidh deis eile aige, tá súil agam!

2012-04-15

Imbolc 2012: Banríon na Fichille

Úna Ó Boyle ag Imbolc
Íomhá le caoinchead Imbolc & an Ghrianghrafadóra

Duine eile den dream spreagúil a labhair ag Imbolc ab ea Úna Ó Boyle. Saineolaí agus imreoir fichille ar ardchaighdeán atá inti, atá tar éis a ghairm a aimsiú ag múineadh Ficheall sna Gaelscoileanna. Duine spreagúil agus spreagtha í, agus d'éirigh léi beirt a spreagadh chun bheith ag imirt fichille le líon a cuid cainte. Labhair sí le paisean ar na buntáistí a bhaineann le ficheall don aos óg; an chaoi a chuidíonn sé le leanaí corraithe (d'áirigh sí i féin ina measc!) díriú isteach ar rud ar leith. Agus thug sí samplaí de ghasúir nach raibh ag éirí leo i ceachtar de saolta na scoile - acadúil nó spóirt - a bhain idir sult agus tairbhe as an bhficheall. 
Is mór an ghar - ó tharla gan í bheith in inmhe freastal ar gach Gaelscoile - go bhfuil leabhar fuinte aici as a taithí. Bhí sé i gceist agam roimhe seo an leabhar a cheannach, cé go bhfuil na gasúir ró shean anois agus m'iníon pas beag óg go fóill. Is maith liom anois gur cheannaíos thíos é - mar tá sé as cló faoi láthair!  Tá súil agam nach fada uainn athchló, tá an leabahr cuimsitheach agus gleoite chomh maith, lán de théarmaíocht, léaráidí, léirithe agus míniúcháin.
Tá a ghrá don ábhar le sonrú sa leabhar, mar a bhí ina cuid cainte ag Imbolc. Is iontach mar a aimsíonn Bernice agus Tomás daoine atá lán de ghrá agus spleodar don rud atá idir lámha acu. Inspioráid cinnte!
Tá ficheall lag go leor agam féin, agus rinne mo mhic is sine díriú isteach ar rud beag. (Bhain muid feidhm as an gclár ríomhaireachta seo - Fritz und Fertig - chun é a theagasc dóibh). Tá sé i gceist agam obair ar le'm iníon freisin, agus dóchas agam go mbeidh tacaíocht le fáil sa leabhar.(Is cosúil go bhfuil fail ar cóip nó dhó fós, mar shampla ag litríocht!)

2012-04-09

Imbolc 2012: Seachrán Eoghain

Eoghan Mac Giolla Bhríde
Íomhá le caoinchead Imbolc agus an Ghrianghrafadóra
I measc an éigse a labhair ag Imbolc i mbliana bhí an scríbhneoir agus fear teilifíse, Eoghan Mac Giolla Bhríde. Chuaigh Eoghan i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le léacht poiblí a thabhairt ar do shaothar ar bhealach thar a bheith glic. Cé go raibh an chuma air go raibh léacht á thabhairt aige faoi thionchar ghraffitti ar mheon scríbhneora, diaidh ar ndiaidh nochtadh dúinn gurbh é a bhí ar siúl aige lena thaispeántais sleamhnáin de fhir beaga dubha atá le feiceáil ar ballaí na cathrach agus na smaointe a spreagann siad, ná scéal a  insint dúinn. Rud a rinne sé go sár mhaith, le grianghraif a rinne sé féin agus é ag léiriú a reacaire ag sleamhnú níos doimhne agus níos doimhne isteach sa pharanóia. D'inis sé an scéal leis na pictiúir, lena ghuth agus lena cholainn. Agus ar dhóigh a shúigh isteach san scéal muid, a bhuail bob orainn fiú nuair a bhí tuigthe againn cad a bhí ar bun. Níor réabadh an creideamh ann le linn dó bheith ag a caint. Bhí an díchreidemah ar fionraí ar feadh seal.

Ar an ndrochuair, beidh oraibh fanacht le físeáin Imbolc chun blaiseadh ceart fháil ar an scéal. Caithfidh mé admháil gur spreag sé macallaí i'm chuimhne de na gnúiseanna (fearacht iadsan sa ghrianghraif) atá feicthe thall is abhus sa chathair agam: ní deacair smaoineamh ar an tionchar a bheadh ag a leithéidí ar inchinn suaite. (Agus nílim róchinnte nach bhfuil a leithéid agam!) Spreag an léiriú a thug sé fiosracht orm agus chuir mé fios ar an dá leabhar gearrscéalta dá chuid atá i gcló. Idir Feoil is Leathar (2002) agus Díbeartaigh (2005) is ainm don dá leabhair seo, lán le gearrscéalta samhlaíocha.

Thuig mé ó bheith ag caint le hEoghan go bhfuil tionchar air ag scéalta ó lár na hEorpa, agus tá cuma Khafka ar roinnt den na scéalta sna chnuasaigh, rudaí as an ghnáth ar fad ag tarlú do dhaoine, fear a chailleann a theanga mar shampla - nó fear a dhúisíonn agus a bhean céile dúbláilte - nó an bhfuil? Tá scéalta grá de chineáil éagsúla ann, scéalta taisteal, scéalta uafáis. Má tá snáth coiteann iontu sílim gurbh é stoiteachas an snáth sin, an duine aonair scartha amach ón saol ainneoin nó uaireanta de bharr an gaol atá aige le daoine eile.  Scéalta de chuid ár linne, lán de thaithí a chnuasaigh Eoghan abhus agus ar aistir tríd Mheiriceá Theas, a bhfuil tagairtí dóibh sna scéalta. Ní léitheoireacht éadrom, cinnte, ach thaitin na scéalta go mór liom. Agus tá na leabahir díreach an méid ceart le sleamhnú isteach i bpóca chun turas a ghiorrú!
Más fíor an méid a luann Alan Titley, gurbh filíocht an rud nach sroicheann deireadh an leathanaigh, tá dán snasta amháin sa leabhair: 'Brath' - scéal snasta a cheapann an bomaite a thuigeann bean gur raibh a  leannáin mídhílis -  trína shúile seisean. Sár scéal.

Idir Feoil is Leathar
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2002

Díbeartaigh
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2005

2012-04-08

Laethanta na Bó Riabhaí

Bó riabhach ón Íoslainn. Íomhá le Christian Bickel

Bhí cúpla lá breá ann ag deireadh mí Márta, agus ansin go tobann ag tús Aibreáin bhí drochshíon againn. Tá seanfhocal sa Ghearmáinis "Der April, der macht was er will" (Mar is toil leis fhéin a bhíonn an Aibreáin). Míniú eile atá ag na Gaeil ar an síon seo ag tús Aibreáin, ámh. Reictear scéal an tSean Bhó Riabhach, a tháinig ar éigean tríd an Gheimhreadh agus a rinne buaileam sciath nach bhfeadfaí an Márta í a chur dá bonnaibh. Tháinig cuthach ar an Márta, is fuair sé  cúpla lá ar iasacht ón Aibreáin. Le sioc, sneachta is drochshíon, chriog sé an Bhó.

Imbolc 2012: Goltraí, geantraí ach gan suantraí!

Liam Ó Maonlaí ag Imbolc
Le caoinchead Imbolc agus an Ghrianghrafadóra
Le ceolchoirm ó Liam Ó Maonlaí ar an Aoine a d'oscail Imbolc i mbliana. Bhí mo cheacht foghlamtha agam ón mbliain seo chaite agus bhíos i láthair i measc an tslua a líon an Ionad Cultúrtha go doras.  Ar feadh cúpla uair an chloig bhí muid faoi dhraíocht ag Liam, é ag seinm rogha leathan uirlis, agus é agus a ghuth á riastradh leis na mothúcháin a chur sé in iúl lena amhráin i nGaeilge, Béarla, agus - más buan mo chuimhne - teanga bundúchasach de chuid Meiriceá Thuaidh. Bhain sé ceol iontach as an pianó atá ann chun fathach ceoil eile - Séan Ó Riada - a chomóradh. Bhain sé ceol as a chosa nochta. Bhain sé ceol as giotár. Chuir sé an Mbira inár láthair go healaíonta. Agus le linn amhráin amháin, gan focal treorach a bheith ráite, "sheinn" sé an lucht féachana, ag mealladh dord ceolmhar asainn le nod dá chloigeann. Eispéireas a bhí ann, cinnte.
De Satharn, b'é a chuir clabhsúr leis an comhdháil, ag labhairt linn ar na foinsí a chothaíonn an ceol ann, agus an tábhacht leis an nGaoluinn agus an ceol ina shaol, an chaoi a fuair sé le huacht óna athair iad agus mar a múnlaíodh eisean agus an ceol san teannas agus sa ghrá eatarthu. Ba chuí an dá foirceann iad an an ócáid seo, a fáisceadh as grá na cainteoirí dá ngairm, mar a bheidh le rá anseo agam ach a mbeidh mo thuairisciú comhlíonta! Cuireadh eireaball leis dóibh siúd a d'fhán i mBaile Bhúirne, mar bhíomar i ndeá chomhluadar sa Mhuileann. Bhí comhrá thar coirm againn agus ansin béile den scoth. Le linn an allagar d'fhoghlaim mé gurbh finscéal atá san scéal gurbh oide i gColáiste Eoghan a bhaist "Hothouse Flowers" ar na scoláirí de bharr a gcúlra socair meánaicmeach, agus garbh as sin a fuair siad ainm an bhanna. I ndáiríre is Liam a d'aimsigh an t-ainm i liosta amhráin ar cheirnín i siopa (bhíodh ceirníní agus siopaí ann an tráth úd roimh rabharta eolais an idirlín!)
Ba phléisiúir agus onóir dom blaiseadh den cheol agus léargas a fháil ar a smaointe. Mura raibh ann ach sin, bheadh toradh faighte agam ar mo sciuird aneas go Múscraí. Ach bhí i bhfad níos mó i gceist le hImbolc!

2012-04-07

Forrán

Léim mé isteach sa Tacsaí i bhFaiche Stiabhna. Ainm agus Sloinne Gearmánach. Forrán as Ghearmáinis. Ní raibh sí aige. Cheil a athair air í. Cuimhní pianmhara. Cathair Stailín. Cogadh. Géibheann. Géibheann a thug slán é, agus abhus ar deiridh. Ach na deirfiúracha sa bhaile in Erfurt - scéal eile.

An Cháisc agus na Lus

Féile Earraigh is ea an Cháisc; féile atá fite fuaite le damhsa na Gréine agus na Gealaí. Ar an Domhnach i ndiaidh an ré lán i ndiaidh cónocht an Earraigh a cheiliúraimid Aiséirí an Tiarna. Ón Eabhrais, tríd an Laidin a thagann an focal Cáisc (< Pascha); Níltear cinnte faoi shanasaíocht "Easter" ná "Ostern" cé go chreidtear nasc a bheith ann le Bandia Gearmánach an Earraigh nó na Camhaoire, ainneoin gan breis eolais faoina leithéid a bheith ann. Baintear feidhm as éirí na Gréine mar siombail d'aiséirí Chríost freisin, gan amhras, agus bhí tráth ann go mbíodh treo an Oirthear tábhachtach i gceiliúradh na Eocairiste agus suíomh eaglaise. 

Cothrom lae mo phósta atá ann amárach freisin, agus músclaíonn na lusanna a bhíonn fairsing an tráth seo den bhliain cuimhní milse ar ár Mí na Meala, an sabhaircín ach go háirithe. Chaith muid seachtain in Iarthar Duibhneach agus bhí an lus seo chuile áit. Bíonn sé fairsing abhus freisin.

Ós ag cíoradh sanasaíochta a bhí mé, ó Quadragesima na Laidin (i. dá fhichead) a thagann Carghas. Ach sa Bhéarla is focal ársa ar Earrach a bhaintear feidhm as, i. Lent. Tá an focal fileata Lenz an sa Ghearmáinis ar Earrach, tagairt san dá fhocal do na laethanta a bheith ag dul i bhfad.

Rud atá, agus ceiliúr na n-éan le clos agam sa chamhaoir na laethanta seo agus mé ag triail ar obair.

Go raibh Cáisc Bheannaithe agaibh ar fad!