Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label scéalaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label scéalaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-02-18

Mar a fuair Conchubhar Mac Nessa ríocht Uladh

Casco de Leiro, Castelo San Antón (A Coruña)
Jose Luis Cernadas Iglesias, CC BY 2.0, via Wikimedia Commons

Ba mór a n-orddan do Chonchobur hi cind .uii. mbliadan iarna genemain iss and ro gab ríge nUlad. Ba sí a thucaitside .i. boí Ness ingen Echach a mathairseom i n-oentama. Boí dano Fergus mac Rossa i rrígu Ulad. Adcobrastarside in mnaí .i. Ness do mnaí dó. Nathó ol sisi condom rab a log .i. ríge mbliadna dom mac. Conid tairle nocon erbarthar mac ríg frim mac. Tabair ol cach & bid lat a rrige cia chongarthar ainm ríge. Foid tra iar suidiu in ben la Fergus. & congairther ríge nUlad do Chonchobur. Ro gab tra in ben for tinchosc a meicc & a aite & a muntire .i. lomrad indala fir & a thidnacul diaraile & a hórsi & a hargat do thidnacul do aradaib Ulad ar dáig iartaige dia mac.
Tanic dí cend na ree hísin dia bliadna. Dorimgart i suidiu Fergus a giallu. Immacallaim immi or Ulaid. Ro imraidsetar i n-oendáil. Ba dímicin mór leo Fergus dia tabairt hi tindscra. Roptar buidig im do Chonchobur ara degthidnacul dóib. Ba sí im a n-immacallam anro rir Fergus scarad dó friss. Anro chennaig Conchobor anad aici.
Iss and sin tra ro scar Fergus fri ríge nUlad. 


Ba mhór onóir Conchubhar i gceann a seacht mbliana iar a ghiniúna dó agus gabh sé ríocht Uladh. Ba é a thucaid sin .i. ba Ness iníon Eochach a mháthair in aontumha. Bhí an uair úd Fergus Mac Roi i ríocht Uladh. Shantaigh sé an bhean, .i. Ness mar bhean dó. Dhiúltaigh sí dó seachas dá bhfaigheadh sí a mian, .i. ríocht bliana dá mac. Sin chun go dtabharfaí mic rí ar chlann a mhic. Tabhair, arsa cách, agus is leatsa a bheidh an ríocht cé go dtabharfar rí air siúd. Ina dhiadh sin ghlac an bhean le Fergus agus gairmeadh Rí Uladh ar Conchubhar.
Do chuir an bhean ansin comhairle ar a mac agus a oide a mhuintir .i.  maoin a bhaint d'fhear amháin agus é a bhronnadh ar fhear eile agus a hór agus a hairgead a bhronnadh ar arda Uladh ar mhaithe lena mac. Tháinig lá ceann na mbliana. D'éiligh Fergus a ríocht arís. Bhí allagar i measc na nUltach. Chruinnigh siad in aon dáil. Mheas siad go raibh masla mór tugtha ag Fergus dóibh. Bhíodar buíoch do Chonchubhar as an méid a bhronn sé orthu. Ba thoradh a n-allagar an ríocht a bhaint de Fergus. Mar sin choinnigh Conchubhar ionad s'aige. Agus is mar sin a scar Fergus le ríocht Uladh.

Leagan garbh nua Ghaeilge liomsa.

2021-08-10

Mé Suibhne


San gála is déanaí seo de thogra athnuachana litríochta Leabhar Breac, tá Feargal Ó Bearra tar éis feidhm a bhaint as a scoláireacht leathan agus domhain chun leagan taitneamhach den scéal meánaoiseach Buile Suibhne a chuir ar fáil do léitheoirí (oilte) an lae inniu.

Mar atá ráite aige féin san Iarfhocal (ar díol spéise agus lón léitheoireachta ann féin é), is ar an gcluas atá a leagan dírithe agus tá an prós féin ceolmhar fileata. Agus mar ba mhinic sna sean scéalta, tá dánta ag athrá nó ag dlúthú na himeachtaí fite tríd. 

Suibhne féin a labhraíonn linn tríd síos, ag tabhairt léargas dúinn ar a thurnamh ó Rí uaibhreach i measc a theaghlach grámhar go fear buile líonta le sceoin ag lingeadh ó chrann go crann ar a sheachnóin tríd Éirinn. 

Tubaiste a tharraingíonn a chol leis an gcreideamh nua air - níl aon ghlacadh aige le hiarrachtaí Rónáin síocháin a dhéanamh le linn catha. Goineann sé giolla leis an naomh agus caitheann sleá leis féin a bhuaileann an clog a bhfuil fuatha ag Suibhne dó. Mallacht air an toradh, agus téann sé le craobhacha. 

Tá faoiseamh éigin i ndán dó ag deireadh saoil de bharr idirghuí naoimh eile - Mo Ling. 

Scéal ar an gcumhacht, an chreidimh, an tráma inste go paiteanta. 

Ní duine mé a tharraingíonn foclóir chugham agus mé ag léamh - más féidir liom meabhair a bhaint as an dtéacs i gcomhthéacs is fearr liom na cruachainnteana a fhuascailt ar ball. Tá siad ann, ar ndóigh, agus iarracht déanta saibhreas teanga an bhunleagan a chaomhnú. Tá formhór acu le fáil i FGB. I roinnt cásanna bhí air leaganacha a lúbadh go háirithe ar mhaithe le meadaracht san fhilíocht. Tá * curtha leis na leaganacha sin agus fáil orthu san Iarfhocal. (Is trua liom áfach nár déanadh gluais in ord aibítre astu. Ba fhusa sin dá mba mhian le léitheoir iad a chinntiú agus é ag léamh). 

Bhain mé taitneamh as an leabhar, agus fillfidh mé arís air. Chuala mé Feargal féin ar an gCúinne Dána ag léamh agus ag cantaireacht sliocht as - chuir sé sin toise ar leith leis, agus mar a deirim téacs atá anseo don gcluas. 

Tá moladh ag dul don scéalaí a chéad ceap, nach eol dúinn a ainm, don scríobhaí a thug slán an scéal, agus go háirithe do Fheargal agus do Leabhar Breac a chuir ar fáil mar earra snasta ealaíne dúinne é! 

Téacs a bhfuil teachtaireacht ábhartha ann do lucht ár linne féin ós minic ar na meáin [mhí] shóisialta iad siúd is laige ná lucht a lasctha á náiriú go poiblí, iad siúd is mó a thuileann trua á bhfágáil taobh leis an uirísliú urghránna os comhair an tsaoil. 

Ón Iarfhocal 


Beannacht for hanmoin a Dháibhí Uí Dhuibhgheanáin 

Feargal Ó Béarra
€16.00

160 lch (crua); 
978-1-913814-08-3




2020-08-29

Éadaoin


Seo an tríú imleabhar ina bhfuil beatha nua tugtha ag Diarmuid Johnson do scéal ón tseanlitríocht. An uair seo, de bhrí nach bhfuil scéal iomlán tagtha anuas chugainn, bhí ar féin roinnt den scéal a cheapadh, rud atá mínithe aige in aguisín. Ach níl aon difríocht le haithint idir athinsint agus cumadóireacht sa reacaireacht fuinte seo.

Thaithin an teanga san imleabhar seo go mór liom. Is geal le ceol é. Abairtí gairide go minic. Athrá éifeachtach ar samhlacha. Tá Trecheng Brethre Féne luaite i measc a chuid foinsí, maraon leis an sár leabhar Flóra Chorca Dhuibhne. 

Tá an scéal suite i gcomhthéacs níos leithne aige, ag tosú le mealladh na Bóinne ag an Dagda agus breith Aonghus Óg, agus ag críochnú le casadh tuismitheoirí Conaire Mór ar a chéile. 

Idir eatarthu tá scéal Éadaoine. Ach cé gurb a hainm atá ar an scéal, is scéal na rudaí a tharlaíonn di atá ann seachas na nithe a dhéanann sí. Ní léir fiú an í dáiríre a bhronnann searc nó an ag déanamh áil den éigin atá sí. Midir, a chéad bhean siúd Fuamnach agus dara céile Éadaoine Eochaidh na gníomhaithe.

Draíocht agus dásacht. Searc agus éad. Cleasaíocht agus cruálacht. Ach áilleacht cainte agus íomhánna.

Cuireann na scéalta seo go mór le saibhreas na litríochta nua Ghaeilge. 

Tá dornán focail nach mbeadh cur amach agam orthu agus tá gluais úsáideach i ndeireadh an leabhair. Ach i ndáiríre tá siad soiléir i gcomhthéacs.

Chuala mé go bhfuil taifeadadh déanta ag Diarmuid ar Conaire Mór mar chlosleabhar. B'fhiú go mór amhlaidh a dhéanamh leis an leabhar seo. Admhaím gur i nglór Diarmuide a chuala mo chluas inmheánach é...

2019-08-24

Óró na Circíní – agus scéalta eile ón Afraic



Cnuasach álainn de fabhalscéalta na hAfraice atá anseo, athinste ag Gabriel Rosenstock. Tá leagan amach an leabhair go hálainn, léaráidí le Brian Fitzgerald ar beagnach gach leathanach. Tá corr cainte de chuid na hAfraice roimh gach scéal.

Cuid de na scéalta, tá siad cosúil lena mhacasamhail de scéalta ón Eoraip; ach cuid acu tá siad aduain ar fad. Tá gaois an chine iontu ar fad mar fabhalscéalta, ceachtanna le foghlaim ag cách.

Tá an athinsint oiriúnach chun scéalta a léamh do pháistí nach bhfuil léamh acu, nó do pháistí ar féidir leo léamh iad féin – nó go deimhin do dhaoine fásta fiosracha.

Thaitin an scéal faoin gcrogall ach go háirithe liom; go raibh craiceann mín álainn aige tráth – ach go raibh sé chomh mórtasach as gur tháinig sé amach faoin ngrian agus gur thriomaigh agus scoilt a chraiceann!

Údar: Gabriel Rosenstock
Maisitheoir: Brian Fitzgerald
ISBN: 9781857919059
Foilsitheoir: An Gúm
Aois: 5+

Foilsíodh an mír seo i dtosach ar 6 Meán Fómhair 2016 ar Gobblefunked.


2019-08-19

Peig

De réir mo chuimhne ní dhearna mé staidéar ar Peig ar scoil, cé nach cuimhin liom go beacht cén leabhar a "rinne" mé don ardteistiméireacht. (Tá na coilm ó Pride and Prejudice fós gan leigheas áfach).


Tá Machnamh Seanmhná agus Labharfad le Cách agam, agus taitneamh bainte agam as bheith ag léamh agus ag éisteacht le scéalaíocht Pheig Sayers. 

Siopadóir gan Ghaeilge thar bhaile isteach sa Daingean a luaigh Peig agus an slat in aon anáil mar leithscéal dá easpa Gaeilge a thug an sonc deireadh dom agus chuaigh mé caol díreach go dtí an Caifé Liteartha chun Peig a cheannach. 

D'fhoilsigh An Sagart eagrán neamh chiorraithe roinnt blianta ó shin, ach ar an drochuair tá sé as cló cheana féin, agus ní raibh le fáil ach an eagrán coillte scoile. Nach bhfuil ró tharraingteach ó thaobh dearadh ach oiread. 

Tá de cháil ar an leabhar gur olagón dhuairc ó thús deireadh atá ann. 

Ní fíor. Gan amhras bhí saol crua ag Peig, agus trioblóid agus uaigneas go leor. 

Mar sin féin is léir féith an ghrinn agus go deimhin na diabhlaíochta tríd síos. Mar a pléigh sí leis an buachaill feirme a bhí á crá, abair. 

Scéalaíocht atá i gceist agus coinbhinsiún na scéalaíochta le cur san áireamh ag an léitheoir. Nathaíocht san áireamh. 

Mar sin féin, ní dócha gur saothar oiriúnach atá ann le cuir faoi bhráid déagóirí cathrach nach mbeadh taithí dá laghad acu ar cruatain saoil tuaithe. 

Bhain mise sult as áfach, agus táim ag súil Machnamh Seanmhná a athléamh go luath. 

2019-04-16

Cú Uladh

Roinnt blianta ó shin phléigh mé Laoch na Laochra, cnuasach chuimsitheach Réamoinn Uí Chiaráin ar eachtraí Chú Chulainn. Seod de leabhair lán maisiúcháin le Dara Vallely agus saibhreas scéalaíochta fuinte as an litríocht ag Réamoinn. Leabhar téagartha, trom scaití. 

Sa leabhar seo tá sé i bpáirt le Dara Vallely arís, agus croí eachtraí scéal Con Chulainn athinste ar dhóigh beagáinín níos éadroime soléite. Óige, eachtra an Chú, oiliúint in Albain, Cú Roi ag bronnadh an Curadh Mhír air, scéal truamhéalach Aonfhear Aoife, ár fuilteach na Tána, bás Con Chulainn agus an díoltas a bhain Conall Cearnach amach. 

Tá ruthaig na litríochta ann, agus na cuir síos taibhsiúla ar éide agus cuma laochra. Blaiseadh agus bealach isteach don seanlitríocht. Simpliú, oiriniú gan coilleadh. 

Saothar a bheidh inláimhsithe ag líon níos leithne léitheoirí a bheadh ag streachailt le saibhreas Laoch na Laochra. (Ach tá súil agam go meallfaidh sé sciar acu tabhairt faoi!) 

Idir Laoch na Laochra, aithinsint Darach Ó Scolaí ar an Táin, úrscéalta grafacha Paul Bolger (aistrithe ag Leabhar Breac) agus anois Cú Uladh, tá saibhreas leaganacha Nua Ghaeilge de scéal Chon Chulainn. Síolchuir samhlaíochta, a thabharfaidh fómhair saibhir le cúnamh na Béithe! 


Cú Uladh – Scéal Chú Chulainn
Réamonn Ó Ciaráin agus Dara Vallely      
Gael Linn                       

(Cóip léirmheasanna a fuair mise) 




2018-12-21

Cad is fírinne ann?

Rinneadh mearscaipeadh le déanaí ar scéal #EmilyXaver, snáithe Twitter faoi beirt shaighdiúir de chuid an chéad cogadh domhanda atá curtha in aon uaigh i Sighisoara na Rómáine. I Spáinnis a bhí an bun insint, ach aistríodh go Béarla é. Sa reacaireacht Twitter thar cúpla lá reic an scríbhneoir mar ar spreag an leac leis an dá ainm, an t-aon cheann a bhí amhlaidh sa reilig, é chun fírinne a scéal a aimsiú. Sa sraith giolcanna nocht sé mar a fuair sé fios fátha an scéil diaidh ar ndiaidh thar dhá lá sa bhaile. Bhí go leor grianghraf aige, idir stairiúil is reatha, chun a insint a léiriú. Scéal grá homaighnéasach a nocht sé, nár comhlíonadh ar an saol seo de bharr doichill teaghlaigh, amscaíocht cara a sceith orthu, agus faoi dheireadh  ár an chogaidh. Gurb gníomh cúitimh an cara iad a bheith in aon uaigh. Mhúscail líon na comhtharlúintí san eachtra bleachtaireachta m'amhras, agus go deimhin tá sé ráite ag an scríbhneoir Guillem Clua gur cumadóireacht atá ann.
Ach dar leis gur cinnte go raibh caidrimh mar sin ann, agus gur ag fónamh d'fhírinne níos doimhne a bhí sé, agus go raibh na mothúcháin a spreagadh ann féin agus ina léitheoirí fíor.

Le cúpla lá anuas tá scéal iriseora de chuid an Spiegel sa Ghearmáin ag pléascadh.

Bhí duaiseanna go leor buaite ag Claas Relotius as a insint bheoga mothálach ar scéalta móra nuachta a nasc sé le daoine aonaracha go cumasach. Réalta reatha de chuid na gairme, agus gach cosúlacht air gur duine uasal agus comhghleacaí gnaíúil ab ea é.

Iriseoir eile de chuid an Spiegel a léirigh amhras i dtosach. Bhí Juan Moreno ag obair ar scéal le Relotius cé nár bhuail sé leis ach go hannamh. Bhí Moreno lonnaithe in oifig Bheirlín, é roinnt blianta níos sine na Relotius a bhí ina réalta in oifig Hamburg.

Nuair a chonaic Moreno an leagan amach don scéal, agus go háirithe na grianghraf a bhí á thionlacan bhuail amhras é agus thosaigh sé ag ceistiú. De bharr clú an fhir eile bhí doicheall roimh ceisteanna Moreno agus freagraí réidh ag Relotius.

Ar mhaithe lena chlú féin a chosaint lean Moreno air ag cnuasach fianaise. Bhí sé i Meiriceá ag clúdach scéal eile, grianghrafadóir leis, agus chuaigh sé trasna na tíre chun fios fátha na gnéithe den scéal a raibh amhras air faoi a fháil.

De bharr an fhianaise láidir sin thit caisleáin óir an fhir eile, agus d'adamhaigh sé cumadóireacht ar scála leathan, ní hamháin san scéal sin ach i go leor dá chuid duaisscéalta eile.

Tá foireann Spiegel, a bhí mórtasach as mana, An rud atá a rá,  gonta.

I ré an idirlíon is féidir fíricíní a chnuasaigh agus crot na fírinne a chuir ar an scéal a fháisctear orthu.

Maith go leor, is féidir le línseoir oilte na modhanna céanna a úsáid le teacht ar an fhírinne (ba le taighde idirlín a thosaigh Moreno a fheachtas).

Is cinnte go cabhraíonn scéalta linn ciall a dheánamh den saol. Go bhfuil íocshláinte i scéal maith mar a dúirt Guillem Clua.

Mar sin féin, is féidir le bréaga, fiú iadsan a insíodh le cúis maith, an polaitíocht a thruailliú.

Na trí rith is gaiste
Rith tine
Rith uisce
Rith éithigh

Agus bíonn dochar mór leo ar fad.

Ach ní féidir bheith amhrasach de shíor ach oiread. Tá sin dochrach don meon.

Sin an fáth go bhfuil ficsean Relotius níos measa ná scéal Clua.

Thug na nuachtáin inár foilsíodh é agus na duaiseanna a bhain sé seasamh dá scéalta.

Tá na forais sin gonta anois.

I ré ina bhfuil cath fíochmhar bolscaireachta ann, agus dúshláin mhóra roimh an cine, is tubaiste sin.

Is gá dár cinntí bheith bunaithe ar fhíricí seachas mothúcháin.

Tá an ceathrú eastáit riachtanach agus má tá sé lofa go croí táimid i bponc.

2018-06-06

An Saothraí

Tá cáil bainte amach agus tuillte ag Cartoon Saloon as an ard ealaín a chruthaíonn siad ina gcuid scannáin beochana. Tá péire curtha amach acu as Gaeilge freisin go dtí seo, iad lonnaithe in Éirinn agus ag tarraingt as cruinne scéalaíochta na hÉireann.

Is as cruinne eile a tharraingíonn an scannán is déanaí, atá bunaithe ar úrscéal faoi chailín óg faoin Taliban i gCabúl. Níl aon chuir amach agam ar an úrscéal, ach tá Ceannaí Leabhair Chabúl le hÅsne Seierstad léite agam. Mheas mé go raibh blas agus boladh na fírinne faoi dán an ghnáthdhuine faoi chúng daoirse na himpireachtaí air. Agus, mar a insíonn a hathair don laoch Parwana, is fada iad céasta ag saighdiúirí na himpireachtaí ag réabadh tríd a dtír, ó Alastair Mór anall. (Radharc éifeachtach!).

Gabhann an Taliban a hathair de bharr formaid agus tá an teaghlach i ndrochchuí.

Níl réiteach ar an scéal ach éadaí buachaill a tharraingt chuici féin agus iarracht airgead agus bia a thuilleadh, agus iarracht a dheánamh a hathair a tharrtháil.

Mar snáithe tríd an scéal chun a misneach a chothú tá scéal fada a aithrisíonn sí, dá deartháir óg i dtosach ansin dá cara.

Corróidh an scéal seo tú. Tá an ealaíon álainn, tá na snáithí éagsúla fite le chéile. Stíl éagsúil do chruinne na scéalaíochta. Léiriú ar ghrá i dteaghlach, ar chairdeas, ach freisin ar an formad a spreag roinnt isteach sa Taliban, an dúil san tromaíocht sa bhogadán fir.

Mhothaigh sé ana nádúrtha a bheith ag éisteacht le guthanna Gaeilge ag insint an scéil. Ar ndóigh tá na snáithí uilíoch.

2016-11-22

Uraiceacht scéalaíochta ón alltar

Is dóigh liom gur tríd a chomhoibriú le Terry Pratchett ar Good Omens,  úrscéal faoi dheireadh an domhain lán greann is gaois a chuir mé aithne i dtosach ar Neil Gaiman.

Le roinnt blianta táim ag ransú leabharlanna sa tóir ar saothair leis. Bhain mé an-taitneamh as American Gods agus Anansi Boys. Is breá liom an úsáid a bhaineann sé as scéalaíocht ársa agus an dóigh a bhaineann sé casadh úr as. Léigh mé freisin roinnt dá úrscéalta graifeacha.

Tháinig ar an gcnuasach Trigger Warnings le déanaí. Gearrscéalta ón alltar, uafás iontu go minic. Máistir gearrscéalta a bhfuil úire smaoineamh iontú fiú nuair atá amhábhar ársa in úsáid aige. An tromluí leithead gruaige ón gnáthshaol.

Tá leagan iontach aige de Coladh Céad Bliain aige, casadh iomlán as an nua ann agus Plúirín Sneachta mar banlaoch fuascailte ann.

Ainneoin an alltar agus an t-uafás daonnacht agus an duine is ábhar do na scéalta, mar is dual do scéalaíocht máistriúil.

Ach an rud a dhéanann uraiceacht as an gcnuasach seo ná an brollach ina chuireann sé síos ar a fhoinsí inspioráide agus a laochra.

Laoch dá chuid is ea Ray Bradbury, agus insíonn sé conas ar chaith sé siúd leathlá ag plé ceird an scríobhneora le buachaill óg.

Feictear dom go bhfuil comaoin á chuir aige ar a leithéidí leis an crobhaing scéalta seo agus a léirmhíniú fóinteach sa bhrollach.

Ní scríbhneoir mise ach léitheoir. Mar sin féin bhí tairbhe ann dom.

2013-12-02

Cogito


Leabhar eile a chroch mé abhaile liom ó Bhéal Feirste ná Cogito, an saothar is déanaí ón tSnáthaid Mhór. Táim ag cnuasach saothar an tí foilsitheoireachta ar leith seo le fada agus ag tuairisciú  faoi anseo.
(Níor éirigh liom lámh a chuir ar Ó Chrann go Crann fós, níl iPad agam agus níl an cuma air go bhfuil sé ar fáil don Android faraor)
Tá an saothar seo, mar a atá le feiceáil thuas, sa chonair céanna sin ach seans rud beag níos osréalaí. Má tá fréamhach ag an scéal sa Bhéaloideas - Ghaelach nó Idirnáisiúnta - is i ngan fhios domsa é, cé go bhfuil móitíf an scáth caillte sna scéalta ceart go leor.
Tá níos oiriúnaí ná na scéalta eile do ghasúir níos óige, is dócha, cé nach aon strainséirí iad arrachtaigh agus fathaigh i scéalta do pháistí!
Tá saothar ealaíona Andrew Whitson lomlán de mhionsonraí áille, glice, samhlaíocha. Seod eile ealaíona! 

2013-04-17

Foghlaí fiúntach Futa Fata!

Bhuaigh mé cóip den leabhar seo, atá ag cur tús le sraith nua de chuid Futa Fata ó Chomhluadar. Bhí orm an scéal taitneamhach a léamh fá thrí do m'iníon, agus táim measartha cinnte go mbeidh muid ag filleadh arís air!

Scéal faoi foghlaí mara óg (baineann!) atá ann a bhfuil uirthi freastal ar scoil. Deir a tuismitheoirí léi gur d'fhonn breis foghlaithe mara a earcú atá sí ann - ach síleann sí féin go bhfuil na páistí san scoil i bhfad ró "deas" chuige sin. Tarlaíonn eachtraí greannmhara spreagúla di ann.  Scéilín greannmhar glic.

Tá an leabhar féin ana dheas léaráidí Joëlle Dreidemy ag teacht go paiteanta le téacs Patricia Forde. De bhrí gur bunsaothar atá ann tá Gaeilge sna léaráidí chomh maith.

B'fhiú é cheannach má ta leanaí san aois ghrúpa sin i gceist; agus beidh súil in airde agam don gcuid eile den sraith.





Lísín-Scoil na bPáistí Deasa
Údar Patricia Forde
Maisitheoir Joëlle Dreidemy
Lándaite Clúdach Bog, 15mm x 21mm
Líon na Lth 48pp
RRP €7.95
ISBN-13 978-1-906907-58-7

2012-04-09

Imbolc 2012: Seachrán Eoghain

Eoghan Mac Giolla Bhríde
Íomhá le caoinchead Imbolc agus an Ghrianghrafadóra
I measc an éigse a labhair ag Imbolc i mbliana bhí an scríbhneoir agus fear teilifíse, Eoghan Mac Giolla Bhríde. Chuaigh Eoghan i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le léacht poiblí a thabhairt ar do shaothar ar bhealach thar a bheith glic. Cé go raibh an chuma air go raibh léacht á thabhairt aige faoi thionchar ghraffitti ar mheon scríbhneora, diaidh ar ndiaidh nochtadh dúinn gurbh é a bhí ar siúl aige lena thaispeántais sleamhnáin de fhir beaga dubha atá le feiceáil ar ballaí na cathrach agus na smaointe a spreagann siad, ná scéal a  insint dúinn. Rud a rinne sé go sár mhaith, le grianghraif a rinne sé féin agus é ag léiriú a reacaire ag sleamhnú níos doimhne agus níos doimhne isteach sa pharanóia. D'inis sé an scéal leis na pictiúir, lena ghuth agus lena cholainn. Agus ar dhóigh a shúigh isteach san scéal muid, a bhuail bob orainn fiú nuair a bhí tuigthe againn cad a bhí ar bun. Níor réabadh an creideamh ann le linn dó bheith ag a caint. Bhí an díchreidemah ar fionraí ar feadh seal.

Ar an ndrochuair, beidh oraibh fanacht le físeáin Imbolc chun blaiseadh ceart fháil ar an scéal. Caithfidh mé admháil gur spreag sé macallaí i'm chuimhne de na gnúiseanna (fearacht iadsan sa ghrianghraif) atá feicthe thall is abhus sa chathair agam: ní deacair smaoineamh ar an tionchar a bheadh ag a leithéidí ar inchinn suaite. (Agus nílim róchinnte nach bhfuil a leithéid agam!) Spreag an léiriú a thug sé fiosracht orm agus chuir mé fios ar an dá leabhar gearrscéalta dá chuid atá i gcló. Idir Feoil is Leathar (2002) agus Díbeartaigh (2005) is ainm don dá leabhair seo, lán le gearrscéalta samhlaíocha.

Thuig mé ó bheith ag caint le hEoghan go bhfuil tionchar air ag scéalta ó lár na hEorpa, agus tá cuma Khafka ar roinnt den na scéalta sna chnuasaigh, rudaí as an ghnáth ar fad ag tarlú do dhaoine, fear a chailleann a theanga mar shampla - nó fear a dhúisíonn agus a bhean céile dúbláilte - nó an bhfuil? Tá scéalta grá de chineáil éagsúla ann, scéalta taisteal, scéalta uafáis. Má tá snáth coiteann iontu sílim gurbh é stoiteachas an snáth sin, an duine aonair scartha amach ón saol ainneoin nó uaireanta de bharr an gaol atá aige le daoine eile.  Scéalta de chuid ár linne, lán de thaithí a chnuasaigh Eoghan abhus agus ar aistir tríd Mheiriceá Theas, a bhfuil tagairtí dóibh sna scéalta. Ní léitheoireacht éadrom, cinnte, ach thaitin na scéalta go mór liom. Agus tá na leabahir díreach an méid ceart le sleamhnú isteach i bpóca chun turas a ghiorrú!
Más fíor an méid a luann Alan Titley, gurbh filíocht an rud nach sroicheann deireadh an leathanaigh, tá dán snasta amháin sa leabhair: 'Brath' - scéal snasta a cheapann an bomaite a thuigeann bean gur raibh a  leannáin mídhílis -  trína shúile seisean. Sár scéal.

Idir Feoil is Leathar
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2002

Díbeartaigh
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2005

2011-10-02

Is deise boladh breá ná clingeadh boinn airgid

Thug Tadhg an seanfhocal thuas agus an leagan Briotáinise 'Gwelloc'h eo c'hwez vat evit trouz arc'hant' ar twitter ar ball. Mheabhraigh sin scéal dom, agus ó tharla go raibh mé cinnte gurbh as Gearmáinis a léigh mé, chuireas cúpla focal isteach i nGoogle.  Tháinig mé ar an leagan seo, de bhunadh na hIaráine.

Bhí deirbhís an ar mbasár. Mean lae a bhí ann, agus tháinig ocras air. Bhí fonn air béile maith a chaitheamh. Thóg sé amach builín aráin a bhí aige. Bhain greim as. Ach ní raibh sé ag fáil aon bhlas air. Ansin líon boladh feoil rósta a phollairí. Chuaigh i dtreo fhoinse an dea bholadh.
Fuair sé é féin ós comhair siopa ina raibh ceibeab ar díol. Bhí scata istigh ag baint taitneamh as feoil rósta agus arán. Bhí deatach an tine ar a raibh an fheoil á rósta ag teacht i dtreo an fhir ocraigh. Go tobann, bhuail smaoineamh é. Thóg sé céim nó dhó chun tosaigh agus chroch a chuid aráin isteach i ndeatach na tine, is dtreo is go mbeadh imir éigin de bhlas an cheibeab air.
Ansin d'alp sé an t-arán agus mhothaigh sé de bheagán go raibh ceibeab agus arán á ithe aige. B'fhearrde an deatach blas a chuid aráin anois. Ansin mhothaigh sé lámh trom ar a ghualainn. 'Hé. Cad tá ar bun agatsa ansin?'
'Nach bhfeiceann tú', arsa an deirbhís, 'táim ag ithe aráin le deatach ceibeab'.
'Agus cé a thug cead duit?'
D'fhreagair an deirbhís: 'An bhfuil cead de dhíth orm? Tá an deatach ag dul le gaoth agus nílimse ach ag feabhsú blas mo chuid aráin leis'
Dúirt úinéir an siopa ceibeab 'Ní ceadmhach duit sin. Táimse ag cuir stró orm fhéin anseo agus is mian leatsa aráin agus ceibeab saor in aisce a ithe?'
'Cén bladar é sin uait? Liomsa an t-arán, agus is san aer, ní i do siopa atá an deatach'.
'Bhuel a mhic ó, mura íocann tú an deatach tabharfaidh mé ós comhair an bhreitheamh tú!'
'Ar aghaidh leat' arsa an deirbhís, 'an mian leat scean a chuir orm? Dá mbeadh airgead agam, is ag ithe ceibeab a bheidh mé seachas arán agus deatach'
Thug an ceannaí ceibeab an deirbhís ós comhair an bhreitheamh. D'inis siad araon a leagan de scéal. Rinne an breitheamh a mharana ar feadh scaitheamh.
Ansin d'fhiafraigh sé den cheannaí 'Nár mhaith leat seasamh siar ó do cheart?'
'Tuige go ndéanfainn sinn?  Nár ith an fear sin ceibeab? Caithfidh sé íoc as?'
Chas an breitheamh chuig an deirbhís ansin: 'Agus tusa? An bhfuil tú sásta íoc as an fheoil d'ith tú?'
'Cén fheoil?' a d'fhreagair an deirbhís?
'Muise, an feoil a d'ith tú le arán', arsa an breitheamh, 'An bhfuil airgead ar bith agat?'
'Tá trí bhonn agam, agus sin a bhfuil agam san saol', arsa an deirbhís, imní ag teacht air.
'Maith sin, Tabhair dom iad' arsa an breitheamh.
Go drogallach agus imníoch thug an deirbhís na boinn ar lámh.
Chaith an breitheamh ar an dtalamh iad, agus dúirt leis an gceannaí 'Glac anois le íocaíocht don deatach ceibeab'.
Bhí an ceannaí ar tí cromadh chun na boinn a thógáil nuair a labhair an breitheamh go gasta: 'Ní boinn ach cling na mbonn an íocaíocht ar deatach ceibeab!' Agus thóg sé na boinn ón dtalamh, agus bhronn arís ar an deirbhís iad.
Ansin dúirt sé; 'Tá an chás seo réitithe: tá íoctha ag an bhfear seo as deatach an cheibeab'.
Pul-e dud-e Kabab, Sedaje Seke ast.
Le clingeadh boinn a íoctar as deatach ceibeab
Baintear feidhm as an seanfhocal seo nuair a bhíonn duine ag éileamh íocaíocht ar saothar nár dhearnadh, nó earra nár chuireadh ar fáil.

2011-10-01

Gaois sa ghuth

Balla íseal cruinn. Díon adhmaid. Poll ina lár, le caipín air. Tine faoi, coire tae air. Aithris ar phuball na ngasóg Gearmánacha, an Jurte. Puball na Steip. An siolla Om greanta i leac cois dorais. Spás don ghuth. An scéalaí ag reacaireacht. Ciorcal ógánach ag éisteacht. Gaois an chine sa ghuth.

2011-05-19

Sár saothar eile ón Snathaid Mhór

Thug breithlá mo mhic leithscéal dom an seod is déanaí seo de chuid An tSnáthaid Mhór a cheannach. Arís eile tá scéal béaloideas fuinte go foirfe i bhfocail agus léaráidí mionsonraithe pinn luaidhe. Oiriúnach do ghasúir níos sine ná an Ghréasaí Bróg atá an scéal seo. Stíl rud beag difriúil ó BhalorGaiscíoch na Beilte Uaine. Is léir áfach go bhfuil snas síoraí á chuir ar fhuighle Caitríona agus ealaín Andrew.

Scéal clasaiceach eachtraíochta - shamhlóinn go bhfuil trí nó ceithre chinn de típeanna Aarne-Thompson le fáil ann. Mac Rí a díbrítear de bharr tairngreacht, ach a throideann le harrachtaigh agus a bhuann an banphrionsa.  Go hiondúil an mac is óige a bhaineann an curadh mhír - ach sa chás seo sé an mac is sine é.

Scéal bhreá, dea-inste. Agus mar sméar mullaigh, DVD de bheochan bunaithe ar na léaráidí an leabhair. Agus reacaireacht bhinn Dónall Mhic Ghiolla Chóil mar anlann leis. (N'fheadar an mbíonn TG4 ag craoladh stuif mar seo? B'fhiú dóibh)

Tá an leabhar san iomaíocht do dhuaiseanna Bhisto. Súil agam go bhfaigheann siad ceann!


Mac Rí Éireann: 2010 64lch ( Miotas agus Finscéalta na hÉireann)
Údar : Caitríona Hastings
Léaráidí : Andrew Whitson
297x210mm : Clúdach crua
60 léaráid lándaite
 
Ar chúis nach léir dom, is cosúil gan é bheith ar fáil ó litríocht - ach is féidir é cheannach díreach ón bhfoilsitheoir.

2011-02-26

Scéalta Oireachtais foilsithe ag Litríocht

Mar rLeabhair, agus iad ar fáil saor in aisce.

Tá siad sealbhaithe agamsa, ach ní raibh deis agam iad a léamh fós, seachas scéal Sheáin: breis mar gheall ar sin ar ball. Is mar PDF cosanta atá na scéalta ar fáil: sé sin, ní féidir aon chuid den téacs a chóipeáil. Sa mhullach ar sin, ní féidir iad a chlóbhualadh - rud nach bhfuilim ró thógtha leis, mar ní maith liom níos mó na leathanach nó dhó a léamh ar scáileáin. Ach tuigim gur dócha gur gá é dhéanamh mar sin ar mhaithe le cosaint cóipchirt. Tá m'ainm agus seoladh ar gach leathanach den eagrán a fuair mise - cosaint bhreise ar bhradaíl, is dócha.

Tá beagán díomá orm nach ndearnadh aon eagarthóireacht ar na scéalta - tá an cuma air nár déanadh ach na leaganacha a sheol na húdair isteach a chuir i bhfoirm PDF. Is trua sin - mar níl an leagan amach iontu feiliúnach i gcónaí don léamh ar scáileáin.

Mar sin féin, tá Litríocht le moladh as dlús a chuir le modh nua foilsitheoireachta - tá rLeabhair á chuir ar fáil ag Cois Life le tamall, go háirithe do shaothar atá as cló, ach freisin d'ábhar nua, fearacht Aiséirí le Alex Hijmans.

2007-04-22

Aisling Mhic Conglinne

Táim díreach thar éis Aisling Mhic Conglinne a léamh in aistriúcháin Gearmáinise Thurneysen.

Is bocht an scéal é nach bhfuil teacht ar an eachtra áibhéile seo sa Nua Ghaeilge.
Ná scéalta nach iad.

Laochas agam, ach tá i bhfad níos mó des na seanscéalta atá ar mo leabhragán i mBéarla nó i nGearmáinis ná i nGaeilge.