Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label litríocht leabhrán lasáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label litríocht leabhrán lasáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-08-15

Baiste bóchna

Mé coicís d'aois. Cuairt ar tuismitheoirí m'athair, iad ar saoire. Mo thuismitheoirí ag snámh i gCom Dhineoil. Mise i gciseán ar bharr aille. Aintín Nóra m'athair, an tSiúr Muire Oilibhéir, ag feighlíocht orm. Clúidín líonta. Cac ghreamaitheach mar a bhíonn ag bunóc fíor óg. Réiteach? Tumadh sáile.

2017-09-27

Fearann na ngluaisteáin

Turas gnó. Lasmuigh de Pittsburgh. Motel. Oifig trasna an bhóthair. Shúil ina threo. Soilse coisithe ambaiste! Carr stoptha in aice leo. Fear in éide in aice leis, cuma phóilín air. Nuair a tháinig gar do chonaic ainm na comhlachta air! Céim bhreise de dhíth, ainneoin trasnú coisithe. An carr diaga!

2017-09-26

Berlin, Ecke Schonhäuser, 1994

Magistratschirm. U-bahn os cionn na sráide. Thíos faoi go leor daoine, ina measc daoine ísle ón Áis. Toitíní bradacha á dhíol acu. Go tobann, mionbhus mór glas. Dóirse oscailte go grod. Fir móra láidre ag léimt amach de ruathar reatha. Scaipeadh na mion éin ar na díoltóirí. Níor éalaigh siad uilig.

2017-09-17

Aduantas aicme

Innealtóir ag taisteal do chruinniú. Eitleán. Traein. Traein eile. Dornán glaoch. Taxi faoi dheireadh. Óstán. Château. Ársa. Costasach. Ocrach. Proinnteach fós oscailte? Tá. An-chostasach. Fíor ghalánta. Cúinne ciúin. Iasc. Cloigeann fós air. Fíon geal. As áit i measc aos na gcultacha. Sáith ite.


2017-08-26

Gual goidte

Geimhreadh dian iarchogadh. Oíche dhorcha. Gíoscán coscáin. Sleamhnaíonn déagóir mná as dorchadas na coille. Lingeann ar an vaigín. Caitheann oiread guail is is féidir síos. Léimt anuas. Isteach i sac. Thar gualainn atá ag fás. Abhaile go gasta ainneoin tromualach. Bean aosta anois, lorg fós uirthi.

2017-07-26

Ola camhraithe

Deireadh an cogaidh. Dhíbir na Rúisigh na comharsan. Cead fanachta acu, thíos staighre. A hAthair ar liosta dubh an réimis teipthe. Oifigigh thuas. Mongólach téagartha. Fear an GPU. Ná feic faic! Ná clos faic! Plúr is ola bronnta. Ola camhraithe. Déan blini! Ith linn iad!
Col aici le hola ó shin.

2017-06-10

Rosc catha na Spideoige

Comhluadar ag ithe lóin. Spideoga craosacha inár measc go dána ag piocadh na grabhróga. Ach tagann cat fear an tí i láthair. Crobhingneach, starrfhiaclach, seangchruthach, lúth. Teitheann na héin. Ó na géaga áfach cromann siad ar phort cáinteach. Nótaí gairide géara láidre. Arís is arís eile.

2017-04-25

Fallaing chorcra

Ar crochadh ar seastán san oifig. Meabhraíonn bean dom. Intinn ghéar bheacht. Samhlaíocht ┐greann. Comhghleacaí luachmhar iontaofa. Rinne tiománaí neamhairdeallach smionagar den intinn. Leag dá rothar í, ainneoin clogad ┐hi-vis. D'fhág ina brá í i gcolainn leonta.

2016-12-04

Mian na súl

Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.

Cathair shamhrata. Sráideanna plódaithe. Brollaigh ris. Tóineanna teanna. Cosa cuanna. Cuartha gan cheilt. Coimeanna seanga. A thiarcais, tá go leor acu níos óige ná do leanaí. Bí cóir. Ná nochtach do ghnúis drúis. Fútsa atá sé do mhiangas a smachtú. Dall do shúil. Ná stán.

Spreagtha ag dán de chuid Ciara Ní Éanacháin, dán a léiríonn go paiteanta mothúcháin mná óg a bhfuil a colainn ag péacadh agus a fhulaingíonn catsúil drúisiúla na bhfear.

2016-11-15

Wejen Ausdrücke

Cad chuige a bhí an bhean meánaosta sa phríosún ag lucht an treas ríocht? Wejen Ausdrücke! As nathaíocht! Téann focail le gaoth? Tuige scaoll údarás éagórach roimpe mar sin? Cuireann faisisteachas focail as riocht, mar a léirigh LTI Klemperer. Déanaimis cúram de cruinneas, ionracas is beart de réir ár mbriathair.

Bernhard Lichtenberg

'Tá an teampall faoi bharr lasrach. Áras Dé sin freisin'
Labhair an sagart amach, oíche réabtha an ghloine. Agus roimhe. Agus ina dhiaidh. Gráin Goebbels ar le fada. Cháin drochíde Giúdaigh. Dhamnaigh dúnmharú easláin. Nocht céasadh braighdeanaigh. Bhí seasmhach faoi bhuillí. Gabhadh as Kanzelmissbrauch. Mí-úsáid crannóige? A mhalairt. Fíréan i measc na ciníocha.

(Íomhá ó Yad Vashem)

Claus Graf Schenk von Stauffenberg

An clós inár básaíodh é. Dealbh. Lomnocht? Níor thuig an déagóir. Col piúratánach le colainn ann. Táire nochtadh, ní urraim. Míníodh dó. Tugann cuntanós aitheantas don laoch. Seasann colainn nocht do comhionannas gach ball den cine daonna. Rugadh nocht muid. Tuigim anois.

2016-11-14

Babylon Gaeilgeoir

Truslóga fada ó imeacht lár cathrach amháin go himeacht. Deabhaidh ina fhallaing cosanta umam. Sníomh gasta idir tuairteálaithe i marbhfháisc snaoisín an diabhail nó bainne glas na heasóige. Cailleacha an fháidh is na gcóisir cearc. Díthreabhaigh burláilte i ndoirse. Mo chathair, coimhthithe orm.

2015-12-11

Faic nua san Iarthar

Mhair sé na blianta i gcac, fuil ⁊ draoib na trinsí.
Chonaic comrádaithe á leagan.
Chonaic slad na n-ógánach.
Bhí a chnámh droma righnithe - ag fuath don sáirsint brúidiúil oiliúna.
D'éag ar lá suaimhneach, de dheasca piléir fáin.
Gairid roimh críoch.
Tuairisc lae na ceannasaíochta; Faic nua san Iarthar

Cloch ar Bholg

File? Fileoir? Nathadóir!
Tranglam smaointe i'm cheann.
Ag úscadh mar a bheadh cré ró fhliuch trí mhéara criadóra.
Gan foirm.
Gan meadaracht.
Ní díreach mo dhán.
Mithid filleadh ar an mboth dhorcha, troscadh.
Namhaid an cheird gan a fhoghlaim.
Fotha filíochta.... 

2015-04-05

Fostúch

Cúig bliana déag. Cúpla oíche oibre curtha isteach cheana san siopa. Taithí ar an drong ar bogmheisce agus a gcuid diabhlaíochta. Ag foghlaim go mall cad a bhí i gceist le "20 gorm"- Players, Silk Cut, nó... Arsa an bas "beidh mé ar ais ar ball" Ceathair ar maidin a d'fhill sé. Fostúch anois cinnte!

2015-02-08

Cás leathair.

Cás leathair. Ceannlitreacha mo shin sheanathair air. Folamh anois. Ann a bhí an méid de mhaoin an tsaoil a thug aintín m'athair isteach sa chlochar léi. Fós aici, fad saoil duine ina dhiaidh. Í anois éagtha. Nasc le ré dearmadta. Is mó cor sa tsaoil ó líonadh agus folmhaíodh an cás. Finné?

2014-07-05

Féasta

Trian de teach mór. Trian an lucht freastail, é ina áras ar leith anois. An cistin mar a bhíodh ina chistin is seomra suí. Síleáil mós ard. Sean sorn leictreach. Cáca baile le cáis air faoin ngríscín. Cáis ag boilgearnach san teas. Nana agus ua, chaon duine acu ina chathaoir féin cois tine. Féasta!

2014-02-19

Riastradh

É ina bhrá ag an bpairilis. An fhearg á choipeadh. Tuirlingíonn an comaitéir tuirseach den mbus. Bagraíonn sé air. Nóta ar an gcathaoir rotha. Clár siombail ar a chúl. Léiríonn focail air. Tuiscint na feirge ag teacht go mall don gcomaitéir. Dlíonn scaoileadh noid eolas. Ar labhair croí le croí?

2014-01-09

Manger la mer

Na turasóirí ag múscailt san tigín cois cósta. Ceo amuigh. Duine ar dhuine lasmuigh. Ansin drong ar dhrong. Buicéid acu. Siúlann isteach sa cheo i dtreo na farraige ⁊ slogtar iad. Na sluaite acu. Ach tá an trá bídeach. Cá bhfuil siad? Filleann déanach, buicéid lán. Mallmhuir rabharta, bia mara!

An t-alt seo san FAZ a mheabhraigh an eachtra seo dom.