Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label smaoineamh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label smaoineamh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-02-05

Iomann molta leabharlanna

Is craosléitheoir mé.

Nós a d'forbair mé an-óg. Bhí sé d'ádh orm go bhfuil teach mo mhuintire trasna an bhóthar ó Leabharlann Phoiblí Tír an Iúir. Áit a thaitigh mé go rí mhinic agus mé ag fás aníos. Ainneoin gur ficsean is mó a léim, ficsean beagnach ar fad deánta na fírinne lasmuigh de chúrsaí gairmiúla agus creideamh, d'fhoghlaim mé go leor. Nuair atáim sáite i leabhar táim scoite amach ón saol.

Nuair a d'fhill mé ar Éireann i dtosach agus mé ag obair i lár na cathrach bhí deis agam feidhm a bhaint as leabharlann an Goethe Institut agus réimse leabhar i nGearmáinis a léamh.

Táim ag obair anois trasna an bhóthair ó Leabharlann Mhullach Íde.

Agus tá córas iontach iasachtaí idir leabharlanna ann, a chuireann ar mo chumas leabhair a roghnú as catalóg mórán gach leabharlann poiblí in Éirinn.

Tá teacht agam mar sin ar saothair a bheadh deacracht teacht orthu de bharr iad a bheith as cló le fada.

Bhíodh táille beag ar an seirbhís sin; níl faoi láthair.

Is áis iontach oideachais fad saoil an leabharlann phoiblí.

Feicim daltaí agus daoine fásta i mbun staidéar agus taighde ann.

Is maith ann na leabharlannaithe cé gur fada ó lorg mé comhairle óna leithéid. Mar sin féin scaití roghnaím leabhar le léamh de bharr é bheith curtha go feiceálach romham i taispeántas acu é.

Is cuid de luach na leabharlanna é seo, go dtiocfá ar seod nua (dhuitse) de thaisme ar na leabhragáin ann.

Is minic freisin gur tagairt in alt (ar líne nó in iris) a chuireann sa tóir ar leabhair mé, agus go gcuirim aithne ar údar nua de bharr.

Tá moltaí cairde agus léitheoirí eile fíor thábhachtach freisin.

Seoda is ea ar leabharlanna; is trua áfach gur minic nach mbíonn ach seilf nó dhó, go hiondúil as radharc i measc teangacha an Domhain a bhíonn ag an nGaeilge. Agus go leor de na leabhair i bhfolach i stóras mar nach mbíonn tóir na eolas ag formhór na léitheoirí orthu.

Is mór an trua gan leabharlann mór Gaeilge againn, ag fónamh do phobail na Gaeilge.

2015-12-11

Cloch ar Bholg

File? Fileoir? Nathadóir!
Tranglam smaointe i'm cheann.
Ag úscadh mar a bheadh cré ró fhliuch trí mhéara criadóra.
Gan foirm.
Gan meadaracht.
Ní díreach mo dhán.
Mithid filleadh ar an mboth dhorcha, troscadh.
Namhaid an cheird gan a fhoghlaim.
Fotha filíochta.... 

2015-11-22

Splanc na Beatha agus Cultúr an Bháis

Léigh mé eagrán 1986 de shaothar Viktor Frankl, "Man's search for meaning" le déanaí. Roimhe sin, na blianta ó shin, bhí saothair dírbheathaisnéise Primo Levi Se questo è un uomo (Más duine é seo) agus I Sommersi e i Salvati (na báite agus na slánaithe) léite agam (as Gearmáinis ó tharla nach bhfuil Iodáilis agam), Léigh mé freisin úrscéal Remarque Der Funke Leben (Splanc na Beatha).

Saothair iad seo ar fad atá fáiscthe as taithí campaí géibheann na Naitsíoch - taithí phearsanta i gcás Frankl agus Levi, samhlaíocht i gcás Remarque, a theith go luath i ré na Naitsíoch. (Rud a fhágann a shaothar siúd conspóideach).

Is san uafás a rugadh na saothair seo, ach baineann siad le dóchas, le maireachtáil. Go háirithe i gcás Frankl a lean ar aghaidh lena shaothar i ndiaidh an chogaidh ag cabhrú le daoine dóchas agus brí a aimsiú ina saoil, agus ag maolú fadhbanna intinne ar an dóigh sin.

Ag deireadh a leabhar san eagrán a léigh mé tá nath
Ó aimsir Auschwitz tuigeann muid cad atá ar chumas an duine
Ó aimsir Hiroshima tuigeann muid cad atá i ngeall
Fiú roimh an t-uafás is déanaí i bPáras, bhí mé ag machnamh ar an gceist seo. Tá géarchéim dóchais ann faoi láthair san Iarthar. Léigh mé ar na mallaibh go bhfuil ardú as cuimse i líon na bhfear geal i Meiriceá atá ar bheagán oideachas a chuireann lámh ina mbás féin - agus an bhfíric sin nasctha le mí úsáid alcóil agus drugaí. Tá fadhb forleathan abhus freisin i measc fir óga ach go háirithe.

Caithfidh muid, ar mhaithe linn féin, bealach a aimsiú go mbeidh dóchas agus brí san saol do gach saoránach; tá gach saoránach de dhíth orainn.

Ar ndóigh is creidmheach mé féin, agus faighim dóchas ansin. Ach is tíolacadh atá sa chreideamh a chaithfear glacadh leis agus nach féidir bronnadh ach tríd sampla. Níl aon mhaitheas in eagar seachtrach an phobail a bhfuil cuma an chreidimh air, rud a rinne go leor dochair san tír seo cheana.

Níl fuascailt na faidhbe agam, ach tá fadhb ann ar mithid aghaidh a thabhairt air. Tá sé suntasach dar liom go ndearnadh radacaigh as na fir óga atá freagrach as ár Pháras laistigh d'aimsir an-ghairid; go rabhadar roimhe sin tugtha d'ól agus ragairne. Is léir go raibh parrthás bréige agus cinnteacht lucht Daesh tarraingteach ar dhóigh éigin dona leithéidí - agus go mbeidh tuathghríosóirí eile ag treabhadh sa bhranar daonna céanna agus ag cur fiacla dragan ann. B'fhearr don sochaí sibhialta aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Dlitear dínit do gach duine.

2011-08-15

Ag rith ar thanaí

Níl mo chuid oibre spléach ar an ngréasán Domhanda, cé go bhfuil go pointe ar an idirlíon. Ach is mó saighead i mo bholgán ghairmiúil nach mbeadh agam murach é - leithéidí GCC, GDB nó Perl. Gan trácht ar Linux féin, gan amhras - an córas oibriúcháin lena mbím ag obair anois. Agus is foinse thar a bheith luachmhar eolais ghairmiúil agus gaois na gairme dom é, ag cur ar mo chumas saothar leithéidí Dijkstra a léamh.
Sa mhullach ar sin, is deacair cuimhneamh ar cé chomh tearc is a bhí na deiseanna a bhí agam Gaeilge a léamh nó a scríobh roimh ré an idirlíon, agus na daoine le Gaeilge uile nach mbeidh fhios agam iad a bheith ann murach é. (Go deimhin, is dócha go mbeadh cuid acu ar bheagán Gaeilge murach an Gréasán).
Go hiondúil mar sin bím dearfach faoin nGreásán Domhanda.
Mar sin féin, aithním gur teicneolaíocht suaiteach ata i gceist - fearacht fionnachtain Gutenberg, athróidh sé an chine daonna. Bíonn amhras áirithe orm faoi freisin, mar sin. 

Agus, mar sin, tá leabhar Nicholas Carr ar mo liosta agam le tamall - agus é anois léite agam agus mé ar saoire i bhfad ó ríomhairí. Fuair mé ó leabharlann é. Buntéis Carr - go bhfuil tionchar ag an feidhm a bhaineann muid as an nGréasán Domhanda, agus go háirithe as leithéidí Google maidir le fíricí a aimsiú, ar ár n-inchinn. Ar ár gcumas cuimhne agus ár gcumas aird a dhíriú ar nithe ach go háirithe.
Mnemosyne, máthair na mBé agus
siombail an chuimhne. Le Dante Gabriel Rossetti
Léiríonn sé sa leabhar gur rud inathraithe an inchinn; fearacht matáin go bhforbraíonn sé le cleachtadh, agus go meathann acmhainní nach mbaintear feidhm astu. Léiríonn sé freisin gur mar creatlacha seachas mar fíricí aonair a leagann muid síos cuimhní buan; agus gur próiseas mall atá i gceist, ina bhfuil scíth don intinn comhfhiosach riachtanach. Maidir le cumas dírithe, is amhlaidh gur spreagadh é chun an leabhar a scríobh nuair a thug sé faoi ndeara go raibh deacracht aige a leabhar a léamh, bheith báite sa leabhar mar a bhíodh; gur shantaigh sé sruth an eolais síor nua ón idirlíon.
D'admhaigh sé go mb'éigean dó aghaidh a thabhairt ar díseart sna sléibhte chun díriú isteach ar obair an leabhair!
Measaim go bhfuil argóint deafhuinte sa leabhar, agus cuma na fírinne air. Bainim féin le haos na leabhair, agus is féidir liom díriú isteach agus mé féin a thumadh in úrscéal gan deacracht. Ach tá roinnt de na comharthaí sóirt a luann sé tugtha faoi deara agam. Agus sílim go bhfuil an cheart aige nuair a deir sé nach ionann an cuimhne daonna agus an chineál stórais fíricí aonaránacha a chuireann leithéidí Google ar fáil dúinn, go bhfuil tábhacht leis na creatlacha cuimhne a bhíonn againn chun dul i ngleic le fadhbanna nach ionann go díreach agus na cinn a spreag na cuimhní ar dtúis. Ní mór a ceart a thabhair dó máthair na mBé!
Is dóigh liom go bhforbróidh muid mar chine dóigheanna chun teacht i dtír ar na teicneolaíochtaí nua ach gan na buntáistí atá againn a chailleadh go hiomlán; cé gur féidir gur aicme ar leith a dhíreoidh ar díriú isteach nithe - mar atá na hOird rinnfheithimh ann anois.

Is fiú go mór an leabhar seo a léamh!
Scríobh Mario Vargas Llosa léirmheas ar an leabhar do El País: 'Cuanto más inteligente sea nuestro ordenador, más tontos seremos nosotros'

Tháinig teideal an mhír seo ón FGB: ciallaíonn sé dul i mbaol!

2010-09-03

Callán, clisteacht agus ciúnas

Bhí alt san Irish Times inniu maidir le leabhar nua ó Nicholas Carr: "An Tanaí". Tá sé buartha go bhfuil ár gcumas smaoineamh go domhain á chreimeadh ag úsáid an idirlíon gona giotaí réamhchoganta eolais: nach bhfuil an spreagadh iontu is atá, mar shampla i ndea-leabhar.

 Braithim go bhfuil cuid den fhírinne aige: éilíonn an scagadh eolais ón rabharta scileanna eile seachas domhain machnamh.


N'fheadar an bhfuil leigheas éigin ar an lúb ar lár seo le haimsiú in san moladh eile seo - Sabóid teicneolaíochta a bheith ag duine.

Pé scéal é, tá fios curtha agam ar leabhar Charr ó Borrowbooks. Táim cinnte go mbeidh lón machnaimh ann!

2010-04-27

Gaois agus Baois na Sluaite

Léigh mé "The wisdom of crowds"le James Surowiecki le déanaí. Cíoradh atá ann ar an dóigh gur féidir le grúpa - ach coinníollacha áirithe a bheith comhlíonta, ceisteanna áirithe a réiteach níos fearr ná an ball aonar is éirimiúla sa ghrúpa. Pléann sé, ag tabhairt samplaí, le fadhbanna cognaíoch, comhoibrithe agus comheagair, agus conas mar is féidir le slua teacht ar réiteach éifeachtach.

Feiceann sé ceithre réamhchoinníoll
  1. Go mbeadh an grúpa ilghnéitheach, i. caithfidh gach ball eolas éigin dá chuid fhéin a bheith aige - fiú má tá sé mícheart
  2. Caithfidh baill an ghrúpa teacht ar a dtuairimí neamhspleách ar a chéile
  3. Scaoilte - caithfidh baill an ghrúpa bheith in ann feidhmiú bunaithe ar eolas logánta agus a saineolas féin
  4. Agus caithfidh dóigh éigin a bheith ann an eolas a chomhbhailiú
Tá an chéim deiridh ana thábhachtach - ní leor vóta simplí nó comhdhearcadh.

Pléann an leabhar freisin leis an baol is féidir a bheith i ngrúpa nach bhfuil na hairí seo ag baint leis - an "meitheal meabhair", "easa eolais" agus rl. Tá mír Dubhaltaigh tráthúil sa chomhthéacs seo: is minic ró-thionchar ag duine le tuairimí láidre - antoisceacha fiú - ar ghrúpa, de bharr é bheith is airde glaime.

Lón machnamh.

Feictear dom é bheith ina bhuntáiste dúinn anseo sa bhlagtacht, go mbíonn muid ag léamh tuairimí nach réitíonn muid i gcónaí leo - toisc muid a bheith ag tarraingt as líon bheag. Tá baol ann ar an idirlíon nach mbeadh daoine ag léamh ag rudaí a threisíonn a gcuid réamhchlaonta....

2010-04-22

Is baolach gur beag duine a thuigeann conas baol a thomhas...

Bíonn baol ann i ngach gníomh. Nuair a bhíonn duaiseanna agus caillteanais móra i gceist, ní mór an baol a thomhas.

Go canónach is fíor:
Baol = Dóchúlacht x Iarmhairt

Is minic tuiscint réasúnta maith ag daoine ar na hiarmhairtí. Ceist eile an dóchúlacht. Nuair nach mbíonn fianaise ar fáil, braitheann tomhas na dóchúlachta ar mothúcháin; treoir neamhchruinn de ghnáth. Sin an toisc go mbraitheann muid, abair, go bhfuil eitilt níos baolaí ná tiomáint. Rud nach fíor. Ach tá na hiarmhairtí ar timpiste eitleáin i bhfad níos mó ná timpiste gluaisteáin; mothaíonn muid é bheith níos baolaí dá réir, ainneoin an dóchúlacht a bheith i bhfad níos lú.

Fágann sin deacracht mór nuair a bhíonn easpa eolais ann chun ann an dóchúlacht a mheas - mar a tharla, abair, i gcás an scamall luaithrigh. Ceist atá cíortha anseo:

Tráthúil go leor, tá plé anseo agus anseo ar bua an bhaoil.

2010-01-15

L'art pour l'homme!

Chuir mír Dennis mé ag machnamh arís ar ealaín. Tháinig scéal Sheáin agus an gloine dhaite sna sála ar mhír Dennis.

Is iontach an neach an duine - colainn, croí, réasún, coinsias agus toil fite fuaite ina chéile. Agus ealaín á dhéanamh aige ón tús. Ach sílim go raibh i gcónaí feidhmeanna seachas maisiúchán leis. Agus go mbíodh brí níos leithne leis an bhfocal sa chaint thar mar atá anois. Tá an brí leathan fós sna foclóirí.
ealaín [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]
líníocht, péintéireacht agus dealbhóireacht; eolaíocht, scil; brainse léinn ollscoile (mar a dhéanann Baitsiléir Ealaíon); ceardaíocht; slí bheatha. An Foclóir Beag
Tá giota páir agam áit éigin a deir gur Baitsiléir in Ealaín na hInnealtóireachta mé féin. Ach go hiondúil anois is na dearc ealaíona a shamhlaítear leis an bhfocal, agus b'fhéidir an éigse chomh maith. Amharctar ar an ealaíontóir mar dhuine ar leith, i leataobh ón gcomhluadar. Agus ar an ealaín mar sprioc ann féin - l'art pour l'art. Nath a chum an file Baudelaire.

Ní aontaím leis! Sílim gur féidir le gnáth saothar an duine a bheith ealaíonta, gur féidir foirm a chuir in oiriúint do feidhm ach fós áilleacht a bheith ann. Sílim go mba cheart do na dearc ealaíona gach gné den duine a shásamh, nó ar a laghad a bheith oscailte do gach gné - mar ní lia duine ná tuairim.

Sílim gur scáthán atá san ealaín, agus go mbíonn eolas á roinnt ann, agus gur féidir leis machnamh a spreagadh. Léigh mé alt spéisiúil ar na mallaibh faoi Picasso - agus an claochlú a tharla do na híomhánna de mná a rinne sé, de réir mar a bhí a chaidreamh leo.

Gan amhras, ba cheird a bhíodh sna dearc ealaíona fadó, agus iad go minic i seirbhís na diagachta, nó an stáit, nó na flaithe.

Chuir an grianghrafadóireacht cor ina gcinniúint, gan amhras - ní thig leo dul in iomaíocht le réaltacht na ceamaraí, cé nach fíor nach mbíonn bréaga á insint acu!

Bhíodh aibítir siombail sna healaíona, a raibh tuiscint ag an gnáth duine orthu. Mar shampla, i bpictiúr de naomh samhlaíodh ócht le lile, mairtíreacht le pailm, agus mar sin de.

Don duine, idir corp agus anam, an ealaín!


Aguisín: alt comhthráthúileach ag First Things!

2009-10-05

Béarla is Béarlagar

Nuair a d'aimsigh an duine an focal céadraí,
Nuair a d'aimsigh gach ní de réir a chinéil:
Ainmhí, rud, is gach ball oirnéise,
D'fhás anall chugainn Béarla.

Nuair a d'aimsigh an duine téarma
Neamhdhuinigh é féin den léim sin,
Tháinig béarlagar ar áit an Bhéarla:
Mairg nár choill an feic sular fréamhaigh.


(Máirtín Ó Direáin, Crainn is Cairde, 1970)


Is é príomhuirlis an innealtóra agus an eolaí a theanga oibre. Go deimhin, is beag gairm daonna nach bhfuil an chaidreamh - an chaint - lárnach ann.

Dúirt Dijkstra tráth:
Seachas mianach mhatamaiticiúil, is é an t-acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sár-mháistreacht ar a theanga dhúchais.
Ach is minic muid gafa le noda agus téarmaí (a cheapann muid) go dtuigimid féin iad - ach a chuireann dris cosain idir an ábhar agus iad siúd lasmuigh de dhoirí na gairme. Ní hamháin sin, ach uaireanta ceileann siad tuiscint cheart ar an ábhar. Má tá an teibiú a dhéanann muid - an samhail simplí de cheist casta - ró shimplí, ní leigheasfear an cheist ceart. Agus seans nach dtabharfaidh muid é sin faoi ndeara!

Is cuimhin liom léamh uair amháin faoi ollamh a d'iarr ar mhac léinn dá chuid ábhar a thráchtais a mhíniú dó amhail is nach raibh seilbh ag an ollamh ar noda na matamaitice. Ar deireadh, b'éigean don mac léinn a admháil nach raibh a thuiscint féin cruinn go leor chun é sin a dhéanamh.

Rinne George Orwell grinn anailís ar an ngaol idir teanga agus ciall ina aiste "Politics and the English Language".

Caithfear cúram a dhéanamh de shoiléire san scríobh. I gcás na Gaeilge, tá baol ann go mbáfar muid faoi rabharta meamraiméise - béarlagar Bhéarla tiontaithe go Gaeilge, agus gan tuiscint ag aoinne ar chroí na ceiste!

Is maith ann an Coiste Téarmaíochta, agus Focal.ie. Ach fós is mithid scagadh, smaoineamh agus simpliú!