Nuair a d'aimsigh an duine an focal céadraí,
Nuair a d'aimsigh gach ní de réir a chinéil:
Ainmhí, rud, is gach ball oirnéise,
D'fhás anall chugainn Béarla.
Nuair a d'aimsigh an duine téarma
Neamhdhuinigh é féin den léim sin,
Tháinig béarlagar ar áit an Bhéarla:
Mairg nár choill an feic sular fréamhaigh.
(Máirtín Ó Direáin, Crainn is Cairde, 1970)
Is é príomhuirlis an innealtóra agus an eolaí a theanga oibre. Go deimhin, is beag gairm daonna nach bhfuil an chaidreamh - an chaint - lárnach ann.
Dúirt Dijkstra tráth:
Seachas mianach mhatamaiticiúil, is é an t-acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sár-mháistreacht ar a theanga dhúchais.Ach is minic muid gafa le noda agus téarmaí (a cheapann muid) go dtuigimid féin iad - ach a chuireann dris cosain idir an ábhar agus iad siúd lasmuigh de dhoirí na gairme. Ní hamháin sin, ach uaireanta ceileann siad tuiscint cheart ar an ábhar. Má tá an teibiú a dhéanann muid - an samhail simplí de cheist casta - ró shimplí, ní leigheasfear an cheist ceart. Agus seans nach dtabharfaidh muid é sin faoi ndeara!
Is cuimhin liom léamh uair amháin faoi ollamh a d'iarr ar mhac léinn dá chuid ábhar a thráchtais a mhíniú dó amhail is nach raibh seilbh ag an ollamh ar noda na matamaitice. Ar deireadh, b'éigean don mac léinn a admháil nach raibh a thuiscint féin cruinn go leor chun é sin a dhéanamh.
Rinne George Orwell grinn anailís ar an ngaol idir teanga agus ciall ina aiste "Politics and the English Language".
Caithfear cúram a dhéanamh de shoiléire san scríobh. I gcás na Gaeilge, tá baol ann go mbáfar muid faoi rabharta meamraiméise - béarlagar Bhéarla tiontaithe go Gaeilge, agus gan tuiscint ag aoinne ar chroí na ceiste!
Is maith ann an Coiste Téarmaíochta, agus Focal.ie. Ach fós is mithid scagadh, smaoineamh agus simpliú!