Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-11-25

Xenogenesis

Tá Octavia Butler ar duine de na scríbhneoirí a bhfuil mé tagtha uirthi le blianta beaga anuas. De shliocht daoir ón Afraic i Meiriceá. Ficsean Samhlaíoch den scoth scríofa aici, fáiscthe as an dtaithí ar leith ar an saol a bhí aici.

Sa sraith Xenogenesis (atá ar fáil faoin ainm Lilith's Brood freisin) tá cogadh núicléach tar éis an chine dhaonna a scrios nach mór. Tá fuílleach an áir tarrthálatha ag Oankali, cine eachtardhomhandach a bhfuil buanna iontacha bithinnealtóireachta acu, agus é ar a gcumas galair a leigheas agus fad iontach a chuir le saol daoine. Ach is mian leo cumasc leis an gcine daonna chun a gcine féin a chuir ar aghaidh.

Tá cuma iontach éagsúil orthu, míofar i dtéarmaí daonna. Agus cé go bhfuil fireann agus baineann orthu, tá an tríú gnéas - ooloi - de dhíth chun atáirgeadh a dhéanamh. 

Sa chumascú le daoine mar sin bíonn cúigear sa lánúin, agus tréithe ó gach tuismitheoir ag an leanbh, an ooloi ag feidhmiú mar innealtóir géiniteach chun an leanbh a "mheascadh". Fearacht feithidí bíonn claochlaithe móra i gceist nuair a thagann neach in inmhe. 

Tá céadfaí forbartha go mór acu, rud a chuireann ar a gcumas freisin cumarsáid fíoréifeachtach a dhéanamh mar phobal, agus cineál daonlathas bunadh a chleachtadh. 

Tá siad den tuairim gur fabht mharfach don gcine céimleathas an duine, foinse an foréigin.

Géilleann siad go pointe do freasúra daonna don comhshamhlú agus tar éis an domhain a leigheas ligtear daonna ar ais air chomh maith le coilíneachtaí measctha Oankali daonna. Ach tá na freasúraithe fadsaolach ach aimrid de bharr innealtóireacht na hOankali. 

Tá duine ar leith lárnach i ngach úrscéal. Lilith sa chéad úrscéal, baintreach roimh an chogaidh. De bhunadh Afra Meiriceánach. Duine de na céad daoine a mhúsclaíonn na hOankali as tromshuan staidéar. Comhoibríonn go drogallach leo i ndúiseacht an choda eile agus a ullmhú don saol nua. Meas brathadóra uirthi dá réir ag an dream nach ngéilleann. 

Mac léi leis na hOankali an dara duine. Cuma sách daonna air, agus déantar fuadach air ag na freasúraithe. Fágtar ann ar feadh tréimhse é d'fhonn eolas a bhailiú chun fadhb na freasúra a réiteach. 

Ooloi dá sliocht an tríú duine - castacht ar an gconair chuig cine nua. 

Fágann an leagan amach seo go leor scóip aici chun ceisteanna cumhachta, inscne, caidreamh agus cóir a chíoradh. Seachnaíonn sí freagraí néata simplí. Go deimhin fágtar go leor faoin léitheoir. 

Tá dearcadh ar leith le fáil sna scéalta. Lón machnaimh. 

2019-11-23

Sitges

Seinneann m'iníon Viola agus Fidil leis an gceolfhoireann Rithim i mBré, ceolfhoireann atá bainteach le Comhaltas Ceoltóirí Éireann i mBré agus le Music Generation.  Le traidhfil blianta anuas tá siadsan páirteach i bhféile ceoil i Sitges na Catalóine.. Mar sin ag deireadh an míosa seo chaite thugamar beirt aghaidh ar Sitges.

Fad a bhí m'iníon ag cleachtadh agus ag foghlaim ceoil, bhí mise díomhaoin agus ag fánaíocht thart ar na sráideanna. Níorbh cruatan ar bith sin, mar go raibh an aimsir mar a bheadh ar lá breá samhraidh in Éirinn. Bhí ár n-óstán lonnaithe ar imeall an tseanabhaile agus bhí na hócáidí ar fad istigh i lár an seanabhaile céanna - cnocán le sráideanna cúnga ó na meánaoiseanna - agus scata foirgneamh ón ré sin freisin.

Trá agus siúlán bhreá. Solas iontach. Thug mé faoi deara go raibh scata dealbh d'ealaíontóirí ar an siúlán céanna - El Greco ina measc. 
Is beag iontas gur mheall an bhaile leithéidí Santiago Rusiñol y Prats. 
Thug mé suntas do na fógraí sráidainmneacha cuanna, dhátheangacha, ar tíleanna agus pictiúir ag dul leo go minic. Tá Caistílis éigin agam, ach níl Catalóinis. Theip orm i siopa amháin uachtar reoite sú talún a aimsiú do m'iníon - toisc gurbh as Catalóinis amháin a bhí na blasanna agus nach raibh cosúlacht ar bith leis an focal a bhí á lorg agam!

Ní dhearna mé mórán ullmhúcháin don turas. Má tá sé i ndán dúinn filleadh beidh roimh réamhoibre déanta agam - agus déanfaidh mé iarracht cuaird a thabhairt ar cuid den na foirgintí stairiúla ann.

D'éist muid Aifreann Domhnaigh (i gCatalóinis) san Eaglais os cionn na trá - eaglais barócach, is dócha (ní saineolaí mé!).

Ní raibh faoileáin ar bith le feiceáil - ach bhí pearóidí beaga glóracha uaine fán trá, ag neadú sna crainn pailme.

Bhí an ócáid ceoil féin taitneamhach cé nach raibh mé i láthair ach nuair a bhí m'iníon ag seinm (faillí eile!).
Bheadh fonn orm filleadh.

2019-11-11

Margaret Lonergan

Tá mé ag freastal ar imeachtaí de chuid IMRAM le blianta anois. Go minic bíonn filíocht físe de chuid Margaret Lonergan mar chúlra ag léiriú na léamha agus na taibheanna.

Téann siad i bhfeidhm orm agus is minic a fhanann íomhá liom (agus a chuireann ag tóraíocht mé). 

Tá cuimhne fairsing agus súil géar aici, agus na scileanna chun íomhánna a mheascadh agus colláis a chruthú. 

Chuaigh a roghanna i mbliana i bhfeidhm go minic orm agus tá sé sin ráite agam sna nótaí fánacha anseo. 

Is léir go dtumann sí í féin sna saothair chun an meon agus atmaisféar cuí a aimsiú don taibhe - agus é in oiriúint don seomra agus do saothair na hoirfidigh eile. 

Ní bhrúnn na híomhánna iad féin chun cinn, cuireann siad leis an éigse gan baint de na focail. Tugann lón machnaimh don lucht féachana gan a samhlaíocht a srianadh. 

Gura fada buan í. 



Tá roinnt dá cuid saothair féin le feiceáil ar Instagram https://www.instagram.com/jackdawstudiodublin/

2019-11-09

Eachtraí Thomáis

Fadó, fadó bhí post samhraidh agam leis an Irish Academic Press. Iadsan a d'fhoilsigh saothair Edward Mac Lysaght ar sloinnte na hÉireann, agus b'shin a raibh d'aithne agam air. Luaigh @riadach ar Twitter go raibh úrscéal ana mhaith scríofa aige agus phrioc sin m'fhiosracht. Ní raibh fhios agam fiú Gaeilge a bheith aige.

Is Bildungsroman é Eachtraí Thomáis is dócha - scéal lonnaithe faoin dtuath in Éirinn ag tús an chéid seo caite. Fear óg ó theaghlach gustalach go maith a díbríodh agus tar éis seal a chaitheamh ar deoraíocht filleann go hÉirinn le cara níos sine a bhfuil feirm faighte le huacht aige. 

Titeann i ngrá go mí shona faoi dhó. Feirmeoirí agus spailpíní, agus lucht an tí mhóir. 

Is sa chéad pearsa, ag amharc siar, a insítear an scéal, mar dhea agus gur dó féin atá sé ag scríobh. 

Ní reacaire uilefheasach atá againn agus is treise an scéal dá réir. 

Caint nádúrtha atá ann, le tuin láidir Déiseach. 

Ní dóigh liom go bhfuil mórán dá leithéid léite as Gaeilge agam - mheabhraigh sé Hesse nó Hans Fallada dom.

Úrscéal réalaíoch, agus insint réalaíoch nár fhéach le gach ceist a fhreagairt. Agus cur síos breá ar réimsí saoil. 

2019-11-04

IMRAM - Nick Drake

Gadhar dúshúileach tháinig chugam
Gadhar dúshúileach bhí tuilleadh uaidh
Gadhar dúshúileach d'aithin mé
Gadhar dúshúileach d'aithin mé
Gadhar na súl dubh
Gadhar na súl dubh

Bliain i ndiaidh bliana cuireann IMRAM ceolchoirm i láthair ina gcuireann plúr na gceoltóirí leaganacha traschruthaithe de amhráin ceoltóra Béarla i láthair. Blianta eile is ainm mór le rá a bhí i gceist, agus foireann mór glórach ceoltóirí ar an ardán. Spleodar agus fuinneamh ag croitheadh an lucht féachana.

Bhí cúrsaí difriúil i mbliana. Triúr ceoltóir ar an ardán.  Liam Ó Maonlaí (guth, pianó), Neil Martin (Dordveidhil), agus Peter O'Toole (giotár).

Nick Drake an cumadóir a bhí i gceist, amhránaí nach raibh ach trí albaim eisithe aige nuair a chuir ródháileog drugaí don galar dubhach a raibh a chrúba go domhain ann deireadh lena shaol. 

Bhí an ceol níos brónaí ná mar is iondúil, níos pearsanta, níos giorra do dhaoine. 

Leaganacha traschruthaithe Gabriel. 

Saothar chúramach físe Margaret Lonergan. Go leor grianghraf de Nick Drake agus a theaghlach fite le colláis ealaíne. Agus ealaíontóirí ar leith freisin. Javier Riera mar shampla, a leagann pátrún solais geoiméadracha anuas ar tírdhreacha a bhí mar chúlra do "Crann Torthaí". 

Ealaíontóir eile nach raibh fadsaolach de bharr duairceas faoina healaíon a thug na híomhánna oiriúnacha do "Hazey Jane / Jane Sa Cheo" — an Grianghrafadóir turgnamhach Francesca Woodman. 

Fíodh na heilimintí ar fad le chéile go cúramach as saothair na healaíontóirí uilig seo chun lón anama agus machnaimh a thabhairt do lucht a bhlaiste. 

Chuir Gabriel aguisín leis, ag léamh roinnt dáin de chuid máthair Nick, Molly Drake maille dán dá chuid féin spreagtha ag leac uaighe Nick Drake. Óna shuíochán a léigh sé seachas ón ardán, sa dóigh is gur guth díchollaithe na hÉigse a chuala an lucht féachana.... Diamhair. 

Tá formhór na téacsanna ar fáil ar bhlag Gabriel

2019-11-01

Dreoilín na Máighe

(íomhá ó eagrán speisialta Comhar ar Ó hAirtnéide


Bhí dhá ócáid ar Satharn Féile IMRAM i Smock Alley tiomnaithe do Michael Hartnett a d'éag fiche bliain ó shin.

Tarlaíonn sé go bhfuil Muince Dreoilín léite le déanaí agam, agus spéis múscailte ionam. 

Bhí Róisín Ní Ghairbhí ina cathaoirleach ar phlé faoin bhfile is a fhilíocht idir triúr. Beirt a raibh aithne phearsanta acu air, Mícheál Ó Siochrú agus Mike Mac Domhnaill. Agus an scoláire Sorcha de Brún a bhfuil aithne léitheora aici air.

Bhí an chíoradh ar an chúlra as ar fáisceadh an fhilíocht agus an streachailt a bhain leis spéisiúil. Agus an léargas ar an dóigh a raibh an ól agus an bhé fite fuaite dó, ainneoin fios a bheith aige go raibh an galar á chreimeadh. 

An ciúnas, an tabhairt faoi deara, na fréamhacha traidisiún is teanga a nasc é lena áit dhúchais agus an gairm osnádúrtha filíochta a bhraith sé bheith air. An fáisceadh idir dhá theanga. 

San léiriú Oirféas Nua rinneadh cur i láthair ar fhilíocht Uí hAirtnéide idir Gaeilge agus Béarla. Na dánta á reic ag Cathal Quinn agus Gabriel Fitzmaurice. Tionlacan ceoil ó Michelle Mulcahy. Damhsa ó Sibéal Davitt. Filíocht físe Margaret Lonergan ag meabhrú le grianghraif na nithe as ar fáisceadh é agus a fhilíocht. Tristan Rosenstock ina chathaoirleach agus é ag cuidiú le ceisteanna agus ceoil chun cuir leis an iomlán. Gesamtkunstwerk a labhair leis na céadfaí uilig.

Tá fonn orm anois dul i ngleic leis an bhfilíocht idir Gaeilge agus Béarla...