Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-22

Ó leac go leac

Tá leac i nGaeilge amháin trasna ón mbóthar ón séipéal i mBaile an Chinnéidigh. Thug mé suntas dó i bhfad ó shin, agus scríobh mé blagmhír faoi. Bhí ar an déagóir físeán a dhéanamh don rang Gaeilge idirbhliana, rud éigin faoina gceantar féin. Spreag an leac iad freisin, agus nár tháinig siad ar an mblagmhír agus iad i mbun taighde - gan tuiscint i dtosach gur mise a scríobh. Go deimhin, níor aimsigh siad tuairisc ar bith eile as Gaeilge, cé go bhfuil tuairiscí as Béarla ar dúchas.ie

Tá aiféala orm nár choinnigh mé taifead ar ainm an leabhair a chonaic mé san leabharlann. Níl mé cinnte fiú an mise a chuir Gaeilge ar an méid atá ar mo bhlagmhír. 

Ar aon nós, bhí sé beartaithe ag an déagóir an uaigh a lorg. Tá Cill Achaidh Draighneáin ag an deireadh eile den mbaile, ó dheas ón ospidéal, agus tá tobar naofa luaite leis. Ní raibh m'fhiosracht riamh sách láidir mé a spreagadh chun cuairt a thabhairt air, ainneoin go bhfuil mé i mo chónaí anseo le scór bliain. Bhí deis le tapú. Tá sé roinnt ciliméadar uainn, agus chuaigh muid cuid den mbealach ar an mbus.

Tá an eaglais ina fhothrach le fada, agus uaigheanna thall is abhus, na leaca ar cuid acu ag titim. Ní raibh eolas cinnte againn ar cá raibh an uaigh, ach d'aimsigh muid faoi dheireadh é - i measc Néilligh eile. 

Tuairisc lom gur ann atá sé curtha, agus an dáta. Baill eile teaghlaigh luaite. Uilig as Béarla. Bláthanna fiáine ag fás thart air, faoi bhláth fiú san fómhair. 

Rinneadh an físeán. Theip orainn an tobar a aimsiú, agus bhí tuairiscí ar líne go raibh sé scriosta. Tá "St Catherine's Well" mar ainm tí píosa soir ón reilig - agus is cosúil go bhfuil an tobar fós i ngairdín an tí príobháidí sin.

2022-10-21

SEOL LINN AR EACHTRA EILE LE IMRAM!

12-20 Samhain 2022


Tá naoi mbliana déag curtha de ag IMRAM agus seo arís é lán d’fhuinneamh le clár mór leathan d’imeachtaí a chuimsíonn gnéithe éagsúla den litríocht, filíocht, prós, ceol is scannánaíocht, féile litríochta do dhaoine óga – IMRAM na nÓg, agus clár ar leith do na scoileanna. Teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ealaíonta atmaisféaracha ar scáileáin do thionscadail ilmheánacha na féile.

Agus misean IMRAM á fhógairt aige, misean chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil chultúrtha in Éirinn, mhaígh an Stiúrthóir, Liam Carson: ‘Tabharfaidh IMRAM 2022 spléachadh don phobal ar staid na litríochta comhaimseartha Gaeilge, scríbhneoireacht a chuimsíonn seánraí éagsúla: ficsean stairiúil agus ficsean eolaíochta, cuir i gcás; bíonn dialóg ar siúl ag ár gcuid filí le cultúir eile, agus bíonn scríbhneoirí ag dul i ngleic le ceisteanna ár linne, cúrsaí inscne agus féiniúlachta, abraimis, drugaí, agus an baol a bhaineann le gnéithe áirithe den idirlíon. Ach thar aon rud eile, comhlíonann an fhéile príomhdhualgas cruthaitheach na litríochta, is é sin, an saol a chanadh, an bheatha a cheiliúradh.’

Cuirfear tús leis an bhfeile le mórléamh ar an 12ú agus 13ú Samhain i gClólann Chaisleán Bhaile Átha Cliath. I measc na n-aíonna beidh Seán Ó Muireagáin agus a chuid scéalta diostóipeacha; eachtraí a bhaineann le mic léinn atá caite le chéile in árasán a labhraítear Gaeilge ann is ábhar do scéalta nua le Ógie Ó Céilleachair. Cuireann an file agus cumadóir Thaddeus Ó Buachalla sleachta i láthair as saothar nua leis, Immran an Phréacháin agus beidh Colm Ó Snodaigh, amhránaí agus ceoltóir le Kíla ag insint scéalta géara nua-aimseartha dúinn as Cnaipí agus scéalta eile.

Beidh dhá mhórthionscadal filíochta ann ar an 14ú Samhain a dhíreoidh ar Cheaití Ní Bheildiúin agus ar Phaddy Bushe a dhéanann ceiliúradh ar logainmneacha agus an tírdhreach is na miotais a ghabhann leo. Cloisfear fuaimrian a chum Neil Ó Lochlainn don ócáid agus lainseálfar Lig don nGiorria Suí/Let the Hare Sit.

 ‘Duine de scríbhneoirí tábhachtacha ár linne’ an cur síos a dhéanann Books Ireland ar Dharach Ó Scolaí, údar agus foilsitheoir, agus beidh a shaol agus a shaothar á fhiosrú ag Cathal Póirtéir in agallamh a reáchtálfar in Ionad na Scríbhneoirí. San ionad céanna, ar an 16ú Samhain, déanfar ceiliúradh ar Thomás Mac Síomóin, scríbhneoir agus smaointeoir Marxach a cailleadh i mbliana.

Beidh IMRAM an-ghnóthach ar an 17ú Samhain nuair a fhógrófar buaiteoirí an chomórtais haiku, Duais Bashō. Chomh maith leis sin, beidh an craobhchomórtas ann de Guth na hÉigse, comórtas aithriseoireachta d’iar-bhunscoileanna. Trí scéal a thiteann amach an oíche chéanna is ábhar do ‘Grindr, Cider and Cher’, trí mhonalóg agus triúr carachtar LGBTQ ann, scríofa ag Eoin McEvoy, Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh le haghaidh Oireachtas na Samhna 2022. Is seó ilmheánach é agus ceol ann le Bandia.

Déanfar athbheochan ar cheolchoirm cháiliúil de chuid IMRAM in Smock Alley, Dé hAoine, 19ú Samhain, le Port a’ tSaoil: Tionscadal Kate Bushe agus glór neamhaí Chaitríona O’Leary. Cruthaíonn Kate Bush cairpéad eitilte as rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre agus tarraingíonn a cuid amhrán as foinsí éagsúla litríochta agus scannánaíochta.

Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh an t-úrscéal ficsean eolaíochta Tinte na Farraige go Gaeilge agus is eisean atá ina stiúrthóir ar léiriú stáitse ilmheánach air sin leis na haisteoirí Seán T Ó Meallaigh, Hilary Bowen Walsh, agus Colm Mac Gearailt ar an Satharn, 19ú Samhain. Scannán filíochta ilmheánach é Comhrá le Lí Hè, bunaithe ar leabhar dátheangach le Gabriel Rosenstock a dhéanann iniúchadh ar fhile buile ón Ríora Tang agus feicfear ar YouTube é ar an 20 Samhain.




Majella Ní Chríocháin, Bainisteoir IMRAM 087 9776852



2022-10-20

Brilléis agus Béarlagair sa tSean-Ghaeilge - cuir chuige gramadaí


Ní scoláire mé, agus is tearc m'eolas ar cheird an focleolaí. Is dóigh, mar sin, murach an Twaithne atá agam ar an Ollamh Stifter, a bunaíodh roinnt blianta ó shin nuair a thug sé caint ag Imbolc i mBaile Bhúirne, nach mbeadh mé tar éis mo bhealach a dhéanamh go COBÁC anocht.

Ach bhí mé i láthair chun a léacht i gcuimhne Osborn Bergin a chlos. Caint líofa spreagúil inar léirigh sé, ag tarraingt ar dhá théacs fileata, go ndearna scríbhneoirí na meánaoiseanna réimsí teanga a úsáid chun carachtair a mhúnlú. In Acaldam Fhind ⁊ Oiséni léirigh sé gur cuireadh Gaeilge níos cruinne (i dtéarmaí na Sean Ghaeilge) ar bheola Fhinn fad is go raibh Oisín ag baint feidhm as caint na ndaoine, i. Meán Ghaeilge.
Rud a bhí greannmhar is dócha dá léitheoirí agus lucht éisteachta anallód, ach atá ceilte orainn anois. Baineadh feidhm freisin as béarlagar óglaigh, agus míchruinneas nó cruinneas gramadaí chun tacú le teacht i láthair carachtair. 


Bhain an sampla eile le dán Mac da Cherdae i Comracc Líadaine ⁊ Cuirithir ina ndearna an óinmhid agus rí éigeas an teanga agus rialacha na filíochta a chuir as a riocht chun go mbeadh sé in ann teachtaireacht rúnda a thabhairt do Líadain - banéigeas oilte - ainneoin na mná rialta thart uirthi.
Teachtaireacht bunaithe ar imeartas focail agus tagairtí ilchiseacha. 

Bhí codanna dá chaint ró theicniúil dom chun é a leanacht, ach is cainteoir líofa spreagúil é David Stifter, a mbíonn an greann fite trína chuid cainte. Agus is máistir ar leith é ar Power Point! Eolas cruinn beacht ar na sleamhnáin ag léiriú a chuid cainte gan baint de. Agus rogha cliste gearrthóga as greannáin.

Fiú do thútach mar mé, caint spreagúil spéisiúil a bhí ann. Shamhlóinn go raibh tairbhe níos mó ann do na scoláirí agus go mbeidh tóir ar an saothar atá sé i gceist ag an Ollamh Stifter a fhoilsiú ina mbeidh a eagrán de na téacsanna a bhí faoi chaibidil aige.

Rinneadh taifeadadh ar an léacht agus beidh sé ar fáil amach anseo ó Scoil na Gaeilge i COBÁC. 

Seoladh Pádraig Ó Laoghaire le Meibhín Ní Úrdail


Is ar chrann Cathal Goan a thit sé leabhar (Béarla) Meibhín Ní Úrdail faoi scoláire ó Bhéarra a fuair bás go hóg a seoladh, i ndiaidh Léacht Uí Chadhain Déardaoin seo caite. Rinne sé é sin i gcaint ghairid ag tarraingt as an saothar féin, atá bunaithe ar staidéar chuimsitheach agus cúramach ar scríbhinní agus comhfhreagras Uí Laoghaire féin, ag tabhairt achoimre ar a shaol. (Murach go bhfuil barraíocht le léamh agam mar atá, bheadh cathú orm an leabhar a cheannach, b'fhéidir go bhfaighidh mé ón leabharlann amach anseo é). Spléachadh ar na pearsana a raibh sé i dteagmháil leo ag tús na hathbheochana, uair nach raibh an Ghaeilge imithe as a cheantar dúchais, ainneoin tuairimí roinnt saoithe ardnósacha anoir. 

Luaigh Meibhín Ní Úrdail, agus í ag gabháil buíochas le Cathal, go raibh Ó Laoghaire ina oide ag Bergin - mura mbeadh ach sin ann, bheimis faoi chomaoin aige.

Is an Cumann staire áitiúil i mBéarra a d'fhoilsigh an saothar, mar sin is dócha go bhfuil ciall leis é bheith i mBéarla. Agus cá bhfios nach spreagfadh sé daoine i mBéarra agus áiteanna eile chun athshealbhú a dhéanamh ar a n-oidhreacht teangan agus cultúir!

2022-10-18

Muire an tSneachta i Děčín

Beagnach tríocha bliain ó shin anois thug mo mháthair cuairt orm agus an mbean a bhí mé geallta léi - mo nuachar anois - i mBeirlín. Bhí mo dheartháir in éineacht léi. I measc áiteanna eile chaitheamar cúpla lá sa tSeic. D'éist muid Aifreann i séipéilín Muire an tSneachta i Děčín. Ba rud annamh go luath sna nóchaidí eachtrannaigh ar Aifreann ann, agus bhí comhrá againn leis an sagart ina dhiaidh. Thiomsaigh mo mháthair roinnt airgid don bparóiste ina dhiaidh sin.

Thug sé an cárta seo dom, atá i bhfolach i leabhar ó shin. 

Cóip a rinneadh sa Róimh i mBaisleac Mhór Mhuire de phictiúir a luaitear le Lúcás Soiscéalaí atá ann. Sin a chuir i gcuimhne arís dom an ócáid agus na heachtraí, os é inniu Féile Lúcáis. 

I nGearmáinis atá an cárta, baineann sé leis an gcuid sin den tSeic ina raibh pobal líonmhar Gearmáiniseoirí roimh tubaistí an dara ár Eorpach. 

Aguisín - tá forbairt tagtha ar an AOC ar mo ríomhaire póca. Seo tús an chárta - 
Eine alte Erkunde des Dekanalarchivs berichtet folgendes:
Nach dem am 30. Juli 1749 stattgefundenen
Brande, dem auch die alte Pfarrkirche St. Wenzel zum Opfer fiel, ist über Veranlassung des Dechanten Baron v. Wilczek das Mariaschneebild in Rom gemalt worden. Papst Benedikt XIV. erteilte den apostolischen Segen für alle Marienverehrer, die diesem Bilde ihre Zuflucht nehmen werden.

I seancháipeas de chuid an déanacht tuairiscítear mar seo leanas :
I ndiaidh an tine ar an 30 Iúil 1749 a scrios an sean Eaglais pharóiste Naomh Wenzel, rinneadh cóip sa Róimh de íomhá Muire an tSneachta faoi threoir an Déan an Barún von Wilczek. Thug an Pápa Benedict XIV an beannacht aspalda dóibh siúd a chuireann iad féin faoi choimirce an íomhá. 

Tá cuir síos ansin ar roinnt míorúilt a tharla. 



2022-10-16

Colm Seoighe agus na hEasógaí


Tá muid ag iarraidh meascán úr a chruthú idir rock cheol , ceol Gaelach agus stíleanna eile agus beagán craic a bheith againn agus muid á dhéanamh.

I Song of Granite mar Joe Einniú óg a chonaic mé Colm Seoighe i dtosach. Ag fánaíocht ar phortach agus cladach is mó a bhí sé i mo chuimhne, cé go raibh corr amhrán le rá aige. Ansin chas mé air ag gradam ceoil nós, é ag tacú lena dheirfiúr mór Róisín a bhí ar stáitse, agus an teaghlach ar fad tagtha aniar. Chaill an bheirt acu a athair, Pádraig John William, beannacht Dé lena anam, anuraidh. Bádóir iomráiteach.

Tá neart taithí idir maith agus olc cnuasaithe ag Colm ina shaol gairid go dtí seo mar sin. Agus é fréamhaithe i ndúchas Chonamara agus spreagtha ag an dúchas sin. Trí rian atá taifeadta go fóill aige lena bhanna Na hEasógaí, ceann amháin anois le ceannach ar Bandcamp agus an t-iomlán ar na hardáin eile, Tidal abair.

Ceol éadrom spraíúil spreagúil. Nua gan cúl le cine. Cloisfear níos mó faoin bhfear óg seo, creidim! 

2022-10-15

Dhá ó pill... ar Aindrias de Staic!


Inniu Lá na Cruite. Thángamar trasna na sléibhte go teach mór Russborough, áit a raibh taibhiú ag Aisling Ennis, cruitire agus Aindrias de Staic, seanchaí. Tharla sé gur daoine (beagnach) fásta amháin a bhí ag an léiriú macarónach ceol tionlaithe a chonaic muidne, agus d'inis Aindrias scéal Dhá ó pill Labhraí Loinsigh, ag fí isteach géarleanúint na gcruitirí ag Cromail, agus béadán gruagairí faoi lucht scannán ina insint ex tempore ina raibh geáitsíocht agus ceol agus spreagadh an lucht féachana le fuaimeanna a sholáthar fite fuaite le hinsint an scéil ársa.

Go deimhin nuair a bhris stoirm toirní agus clocha sneachta amach lasmuigh bhí sé sin fite isteach san insint fómharúil aige ar an bpointe. 

Rinne Aisling é a thionlacan le nótaí Cruite nuair ba ghá, agus sheinn siad rianta le chéile le cruit agus fidil chun cuir leis an insint spraíúil beoga.

Ba iontach an taibhiú é.

San ionad céanna, timpeall an tí bhí cruitirí ó Comhaltas Ceoltóirí Bhré ag seinm in iomaíocht leis an doineann!


Cruit ar leith, a rinne Tomás MacUileagóid atá ag Aisling. Tá píosa ársa dair portaigh ann mar marc an déantóra - Eala! Loinnir is ainm don gcruit agus bhí loinnir an cheoil san íoslach inniu agus scéalta ársa á reic lena thionlacan mar a chleacht ár sinsir i bhfad roimh teacht na nGall, más go macarónach féin! 

2022-10-14

Léacht Uí Chadhain - 'Idir Mé agus an Páipéar' ~ Ollamh Ríonach uí Ógáin.

 “Níor leag mé peann ar an bpáipéar ariamh nach raibh sibh i m'intinn, a phaca diabhala. Nach raibh sibh ag dul idir mé agus an páipéar - ag dul ar an bpáipéar - tograím é nó ná tograím. Mar sin a bhí, agus a bheas. Mar sin is dual. Mar is sibh mo mhuintir, mo mhuintir féin...” ‒ 
Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas
(luaite ar réamhrá Foclóir Uí Chadhain)

Rinne mé mo bhealach go Cathair ghríobháin Má Meall aréir - campas ollscoile a tógadh le teacht le chéile a dhéanamh deacair, agus nach bhfuil éirithe níos soiléire ó bhí mé féin ann breis is tríocha bliain ó shin. Mar sin féin, agus ainneoin tógáil agus réabadh foirgnimh ó bhí mé ann go deireanach, d'aimsigh mé Léachtlann O in Áras Newman (Bloc na nEalaíon) áit a raibh léacht Uí Chadhain á thabhairt ag Ríonach Ní Ógáin.

Bhí sí ag caint ar shaothar Uí Chadhain ag cnuasach amhráin agus an cúram a rinne sé de na focail agus cúlra na n-amhrán. Agus an dá leagan déag a bhíonn ar gach amhrán! An idirghníomhacht idir béaloideas, béalaireacht agus údarás an leagan reoite scríofa. 

Léirigh sí a caint le taifid luachmhaire fuaime - focail na n-amhrán agus duanta diaga á rá seachas á gcanadh. Ach go raibh ceol san reacaireacht ag deartháir le Máirtín agus fiú ag Máirtín féin. 

Ba luachmhara fós an chaint toisc go raibh aithne ag Ní Ógáin ar Ó Cadhain, agus go deimhin gur chabhraigh sé léi agus í ag cnuasach béaloideas í féin. 

Labhair sí freisin ar an dteannas is féidir a bheith ann idir pobal agus cnuasaitheoirí ó lasmuigh, nach ionann sprioc agus tuiscint dóibh agus don bpobal. 

Caint thar a bheith spéisiúil beoga. 

Bhí fáiltiú agus seoladh leabhar ina dhiaidh, ach sin gnó do bhlagmhír eile, lá eile LCD. Tá sé go deas bheith in ann freastal arís ar ócáidí de leithéid, smaointe spreagúla a chlos, agus labhairt le daoine! 


2022-10-11

Súil amháin


Ní cuimhin liom cár chuala mé i dtosach faoi Séamus Barra Ó Súilleabháin. Reic, is dócha agus sin b'fhéidir seacht nó ocht de bhlianta ó shin. (Imíonn an t-am, a stór, casann an domhan mór...). Rinne mé a leabhar Beatha Dhónaill Dhuibh a phlé anseo thiar i 2016. Fiú sna laethanta luatha bhí fuinneamh aisteach ina theacht i láthair. Cheannaigh mé a chéad albam Ón mBarr aníos cúpla bliain ó shin freisin. Faoi láthair tá sé ag feidhmiú mar thaibheoir faoin ainm Súil Amháin agus cúpla rian nóthálta curtha amach aige, é ag obair le hoirfidigh eile. 

Bhíodh mo toighis ceoil iontach caomhach, ceol traidisiúnta nó clasaiceach is mó a d'éist mé leis (agus éistim fós le fonn, agus le hamhráin ó lasmuigh den Anglasféar).

Ach tá oirfidigh fearacht Súil Amháin agus Imlé á athrú sin. (Braithim uaim gradam ceoil Nós a chuir ceoltóirí spéisiúla in aithne dom, mar ní bhíonn stuif nua ar an raidió sách minic. B'fhéidir go mba cheart dom éisteacht le RíRá nó Raidió na Life níos minice. Ach fiú ansin bheadh orm éisteacht le neart nach bhfuil spéis agam ann). 

Cás ar leith é Séamus Barra, áfach. Tá sé léannta, ag plé le litríocht na Gaeilge. Mura bhfuil dul amú orm rinne sé staidéar ar leith ar Maidhc File, mac Pheig Sayers. Bíonn a reacaireacht comhaimseartha ach lán de thagairtí do saíocht na Gaeil, idirthéacsúlacht ana chliste. Nó breac le logainmneacha Iarthar Dhuibhneach fite fuaite in imeartas focail. Fréamhaithe i Lios Tuathail a óige. Ach uilíoch.

Guth sainiúil, friotal fuinte, fuinneamh, rud úrnua ach le fréamhacha doimhne. Sin Cultúr. 

Níl an fhoclóir agam an ceoil a phlé, ach tugann idir ceoil agus focail fuinneamh dom. Bhí mé ag éisteacht leis ar mo thuras oibre inné agus scaip sé gan dua gruaim nádúrtha maidin Luain Deireadh Fómhair.

Gura fada buan é Séamus Barra Ó Súilleabháin agus go raibh an bhé riamh fial leis. 

2022-10-09

Ceol na nÓg ar scannán


Bhí Ré na Coivide thar a bheith deacair do cheoltóirí agus oirfidigh eile, ábhar ceoltóirí ach go háirithe. Seinneann an déagóir vióla le Ceolfhoireann na nÓg, a mbíodh cleachtaí rialta acu RC. Le linn na dianghlasála rinne siad méid áirithe oibre ar Zoom, ach bíonn sé iontach deacair nuair nach bhfuil ceolfhoireann i gcluasa a chéile. Rinne lucht eagair na gceolfhoirne a seacht ndícheall chun tograí spreagúla a chuir ar fáil do na daoine óga, mar chúiteamh ar na deiseanna caillte, agus d'oibrigh leis an gComhairle Ealaíne chun plé a dhéanamh ar conas go bhféadfaí an maoiniú aontaithe a chaitheamh laistigh de na srianta agus cúinsí, a bhí ag athrú de shíor.

Bhí mo nuachar agus mé féin san Lighthouse inné chun toradh na hoibre a fheiceáil - ceithre gearrscannán ar ard chaighdeán. 

Sa chéad scannán bhíodar i gcomhar le hochtar damhsóir ó compántas damhsa óige Bhleá Cliath. Sheinn na ceoltóirí Danse macabre de chuid Camille Saint-Saens, agus chuir na damhsóirí, feistithe go comhaimseartha i ndubh agus dearg i láthair go haclaí dea-chóirithe é. (Bhí an déagóir ag cabhrú leis an bhfear fuaime le linn an scannánú ar an ndamhsa freisin). Níl an fhoclóir critice agam chun cuir síos ar obair na damhsóirí ná sár ealaíon lucht ceamara, ag díriú anois ar aghaidh nó colainn aonair á mhúnlú nó á lúbadh ag an gceol, agus arís ar an gcompántas uilig, ag feidhmiú mar a bheadh orgánach amháin á riastradh ag ceol  Saint-Saëns.

Ba le Saint-Saëns an dara mhír freisin, concerto do Cello - uimhir a haon, creidim. Rinneadh taifeadadh ar an gceolfhoireann i halla mór groí i COBÁC, iad scartha amach óna chéile agus uilig, seachas lucht séidte uirlisí, le cealtair orthu. Rinne lucht stiúrtha rud tarraingteach leis an scannán. Fágadh mórchuid de dubh agus bán, ach rinneadh scannánú breise le ceoltóir aonair an cello, í i ngúna dearg ar chathaoir bán le cúlra a bhí ag dul as radharc. Gearradh go minic idir an dá sruth scannán, ag cruthú iomlán iontach ealaíonta. 

Togra iontach spéisiúil ab ea an trí mír - opera, nó le bheith cruinn sraith gairid radhairc opera, idir ceol agus focail cumtha ag na daoine óga iad féin, ón gnáth shaol - tuismitheoirí linbhín cráite ag uachtar reoite, cairde ag spraoi, raic idir lánúin nua phósta, caoineadh bás athair, streachailt siblíní, lánúin níos aibí, gar pháiste nua agus máthair agus máthair mór ag cuimhneamh agus ag ceiliúradh - agus ansin cineál achoimre ceolmhar ar na radhairc eile. Bhí na hamhránaithe thar barr, idir óg agus lánfhásta, agus cóiréagrafaíocht agus aisteoireacht cúramach ag treisiú leis an gceol.

Ba réamhcheol Hebrides Mendelssohn an ceathrú mír, píosa cumhachtach ceoil. Scannánú measartha simplí a rinneadh ar seo, an ceolfhoireann le chéile faoi chealtair san halla mór i gCOBÁC arís, agus an ceamara ag díriú isteach anois ar cheoltóir aonair, arís ar an t-iomlán nó arís eile ag scuabadh tríthi.

Bhí an obair ar fad ar ardchaighdeán agus bhí sé iontach bheith i láthair i bpictiúrlann, idir scáileán mór agus córas fuaime a thum sa cheol tú. Is dócha go bhfoilseofar an toradh amach anseo ar an idirlíon, ach ní bheidh an taithí céanna le fáil ar scáileán beag! (Áit ar leith is ea an Lighthouse).

Tá díograis agus cumas na hoirfidigh óga le moladh. Ach tá an lucht eagar agus oiliúna a chaith dua agus allas leis an obair agus leis an spreagadh le moladh freisin - ní gan dua a chuirtear táirge snasta gairmiúil i láthair an phobail, fiú gan srianta agus cúinsí aistreánacha Ré dhearóil na Coivide a chuir san áireamh. 

Treise leo! 

2022-10-08

Beannach Bheag ⁊ Belmont


Táim i mo shuí óna trí ar maidin, toisc go raibh orainn an déagóir a thabhairt go dtí an aerfort. Bhíomar sa bhaile arís thart ar leathuair tar éis a hocht, agus ní raibh fonn orm filleadh ar an leaba. Bheartaigh mé dul ag siúl. Agus triail a bhaint as Slí Belmont thar Beannach Bheag. Slí a thosaíonn ó cheart i Cill Mocheanóg, ach ní raibh fonn orm fanacht leathuair eile ar bhus Bus Éireann. Mar sin thóg mé an 184 ó Bhaile an Chinnéidigh go dtí Óstán Radharc an Ghleanna. Bhí orm siúl ar cúlbhóithre - timpeall áirithe - chun an conair a bhaint amach, ach bhí siad ciúin go maith moch maidin Sathairn. Thosaigh mé ag siúl ag 9:10.

Thrasnaigh mé an N11 ar an droichead ansin agus ar aghaidh liom soir ar bhóthar Bhaile Uí Dhonncha go dtí T, áit ar chas mé ó thuaidh ar bhóthar idir na bailte fearainn Cúil an Ghaid agus Cúil na Sceach. Ag casadh sa bhóthar sin thug mé faoi bhóthar siar suas thar ghualainn Beannach Bheag, Lána Bharr Choille. Faoi 9:50 bhí an cosán aitheanta suas Beannach Bheag sroichte agam agus thosaigh an dreapadh ceart. Tar éis deich nóiméad chas mé ó thuaidh ó chosán slí Belmont (marcáilte le saighead buí) toisc go raibh fonn orm dul go dtí an mullach. Tar éis cúig nóiméad eile chas mé soir arís ar chosán a tháinig amach idir na beanna. Cosáin clochacha ar fad atá ansin. Tá Ó Cualann agus Beannach Bheag ar imeall bhaitilit eibhir, agus is grianchloch, siosta agus a leithéid de chloch crua, agus sceallach thart ar na beanna. Bhain mé an bharr amach ag 10:10. Bhí radharc iontach siar ar shléibhte Chill Mhantáin agus soir ar an bhfarraige, agus ó thuaidh ar chathair agus bhá Bhleá Cliath. 


Chuaigh mé ó dheas ansin ag teacht anuas ar chosán géar tríd sceallach gur bhain mé slí Belmont amach. 
Cosán deas gairbhéil ansin go dtí gur bhain mé amach eastáit Belmont féin. Tá caifé agus bácús ansin, chom maith le ionad chun rothar a fháil ar cíos chun na rianta rothair a thriail. Bhain mé amach an chlos ansin ar thart ar 10:40. Cosán deas gairbhéil an bealach ar fad síos tríd goirt agus uaireanta coillte. Neart piasúin sna coill, agus caoirigh sna goirt - agus geataí go leor. Fógraí ag cuir fáilte roimh madraí dea iomprach ar iall! 
Chuaigh mé ar strae beagán ansin, toisc go raibh saighid buí á lorg agam, agus lean mé bóthar na gcarr amach. Dá mbeadh mé tar éis an cosán le saighead bán ar chúlra uaithne a leanacht bheidh deich nóiméad spáráilte agam. Shiúl mé amach ansin fán mbóthar go dtí stad an bhus ar bhóthar Bhearna na Gaoithe. Sroich mé sin ar a haon déag. 
Siúlóid bhreá, cé go raibh roinnt mhaith ar bhóithre i gceist. 

Giolaspar a thugann logainm.ie ar Beannach Bheag. Measaim áfach go bhfuil dul amú orthu, agus go dtagraíonn Giolaspar (Giltspur) do réimse talún ó thuaidh den mbeann, áit a raibh cíos "péire gilt spurs" le n-íoc anallód. (Féach cártaí cartlainne logainm.ie). Beannach Bheag a bhí ag mo sheanmháthair air, agus sin is fearr liom. 

2022-10-07

Ceacht snámha

Muintir mo mháthair, Tom Cashel ⁊ Margaret Mee , agus iad sách óg

Lena scian tobac ghearr Grandad ultach giolcach cois locha, agus cheangal iad ag gach deireadh. Áis snámha don gcathróir cúthail faiteach de gharmhac aige, a raibh drogall air a chosa a bhaint de thalamh an locha, ainneoin an mothú aisteach a d'fhág an fásra sleamhain ar clocha duirlinge grinneall Loch Rí. Ní dhearna mé aon éacht snámha an lá úd ag Oileán na Naomh. Go deimhin, níor fhoghlaim mé snámh ceart riamh. Bhain sé eagla an uisce díom, áfach. 
Buíochas le Dia, lena máthair a chuaigh mo chlann, agus snámh maith acu seachas doggy paddle s'agamsa. 



Binenwalde

Nuair a bhí mé féin agus mo nuachar anois ag siúl amach, is ag siúl a bhíomar go minic! Go minic is san Eilvéis Boihéamach, ceantar gainimhchloiche díreach trasna teorainn na Seice, agus cúpla uair an chloig ar thraein ó Bheirlín, a chaitheamar deireadh seachtaine ag siúl (agus ag ithe agus ag ól...) 

Ach bhí áiteanna deasa níos giorra do bhaile, áiteanna a raibh cáil na rómánsaíochta orthu. Scríobh Tucholsky, abair, Rheinsberg - ein Bilderbuch für Verliebte. (Leabhar pictiúr do lucht seirce). Tá neart scríofa ar ndóigh ag Theodor Fontane ar a Wanderungen durch die Mark Brandenburg agus corrscéal rómánsach aige. Chaith Feardorcha Mór, agus é ina rídhamhna, seal ina chónaí i Rheinsberg. Bhí caidreamh achrannach aige lena athar Feardorcha I na Prúise. 


Thart ar an am sin fuair maor coille seilbh ar phaiste gleoite talún, loch san áireamh, ón Rí, faoi choinníoll cúpla teaghlaigh a shealbhú ann (bhí an daonra laghdaithe go mór de dheasca na cogaí creidimh, agus an tír imithe chun fiántas). As a chéile Sabine a d'ainmnigh sé Binenwalde. Rinne na finscéalta iníon as Sabine agus chum scéal seirce idir í agus strainséir a sheinnfeadh feadóg mhór, i. Fritz. Go dtí an lá nár tháinig sé go dtí an choinne, agus go bhfuair sí amach go raibh sé imithe go Beirlín le sealbh a ghlacadh ar an gcoróin.... 

Auch die »Historie« ist leisen Fußes durch diese Gegenden hingeschritten und erzählt von Kronprinz Fritz und seiner Liebe zum schönen Försterkinde von Binenwalde. Von Rheinsberg aus herüberkommend, gab er im Abenddämmer das wohlbekannte Zeichen nach dem mitten im See gelegenen Forsthaus hinüber, und nicht lange, so glitt ein Kahn aus dem Schilfgürtel hervor und der Stelle zu, wo der Prinz, unter den Zweigen einer überhängenden Buche, die schöne Sabine, das »Insel- und Försterkind«, erwartete. Die schöne Sabine aber stand lächelnd aufrecht im Kahn, das Ruder mit raschem Schlage führend, bis im nächsten Moment das Ruder ans Land und sie selbst dem Harrenden in die Arme flog. 

 
Níl bunús ar bith leis an scéal, agus ag an am go raibh sé ceaptha tarlú bhí Feardorcha féin pósta (ní bac sin ar ndóigh, go háirithe do phrionsa, ach cuireann sé leis an amhras). 
 
Feardorcha Mór na Prúise, nuair a bhí sé ina Rídhamhna.
le Antoine Pesne

Pé scéal é, bhí fhios ag mo nuachar anois go raibh teach tábhairne deas, bia fónta, agus go raibh leithinis in aice na locha go bhféadfá puball a ardú ann. Abhae linn mar sin, ar traein i dtosach agus ansin ag siúil tríd coillte béithe ar sean bhóithre duirlinge. 



Bhí an tábhairne ag teacht lena chlú, agus tar éis béile taitneamhach rinneamar campa. Agus labhair ar feadh na hoíche, ag scaoileadh rúnta croí lena chéile. Bhí an rómáns san aeir, agus thuigfeá do phrionsa uaigneach dá mheallfadh bé na coille é - agus di dá mheallfadh oirfideach ceolmhar cuanna í..... 

2022-10-06

Paidrín thrócaire Dé

(Lasmuigh de shéipéal Naomh Uinseann, an Buailtín) 

Ba inné Féile Faustina Kowalska, a chuir an deabhóid don Trócaire Diaga chun cinn. Ní deabhóid é atá agam, agus chuaigh mé ag lorg leagan Gaeilge de na hurnaithe. Cé gur tháinig mé ar leagan ar líne, ba phraistriúchán lochtach a bhí ann. Thug an tAthair Brian Ó Fearraigh an leagan atá in úsáid aige féin dom ar Twitter. Seo thíos é:

1. Ár nAthair, 'Sé do Bheatha, An Chré

2. Cnaipe an Ár nAthair:
A Athair Shíoraí, Ofráilim Duit Corp agus Fuil, Anam agus Diagacht Do Mhic Ró-lonmhuin, Ár dTiarna Íosa Críost, mar chúiteamh Duit inár bPeacaí agus i bPeacaí an tSaoil go Léir.

3. Cnaipe an Ábhe Máire:
Ceannaire: As Ucht A Pháise Dhólásaí
Freagra: Déan Trócaire Orainne agus Ar An Domhan Uilig.

4. Ag Deireadh (fá thrí)
A Dhia Naofa, A Dhia Naofa Uile-Chumhachtaigh, A Dhia Naofa Shíoraí,
Déan Trócaire Orainne agus ar an Domhan

2022-10-04

Foscaḋ

Chonaic mé léiriú Seachtain na Gaeilge de scannán Sheáin Bhreathnaigh, ach de bharr go raibh an carghas buailte linn, níl faic scríofa faoi anseo agam.

Níl fhios agam ar thaithin an scannán liom, fós agus mé ag amharc siar. Nó b'fhéidir gurb é nach bhfuil ag éirí liom adhmaid a bhaint as an scéal ait teacht in inmhe seo. 

Tá na haisteoirí thar barr - Dónal Ó hÉalaí i bpáirt John Cunliffe, éan cuideáin a bhí feadh a shaoil ag fáil aire na huibhe óna thuismitheoirí ach atá anois leis féin ag iarraidh dul i ngleic leis an tsaoil. Déanann bligeard é bhatráil agus a chur san ospidéal, ait a chastar boc santach graosta air (Cillian Ó Gairbhí) agus banaltra séimh tuisceanach (Fionnuala Flaherty). Tá maoin aige - talamh sléibhe a d'fhéadfadh a bheith luachmhar ach forbairt a dhéanamh air, agus go leor ag féachaint ar teacht i dtír air. Ach tá sé féin uaigneach scoite amach corr. 

Radharcanna ón gcaidreamh ag forbairt ach ag dul amú atá sa scannán, bunaithe ar úrscéal The Thing about December.

Tá an scannánaíocht go hálainn agus na haisteoirí thar barr. Ach fós níl mé cinnte faoin scéal! Ach b'fhéidir gur éagóir atá ann a bheith ag súil le scéal le tús, lár agus deireadh néata i saol atá casta, go háirithe don té atá ar an imeall agus a fheiceann an saol ar bhealach ar leith. 

2022-10-03

Is clóite an galar an cumha

Deirtear gur baolach d'aisteoir obair le leanaí nó ainmhithe. Léiríonn Bríd Ní Neachtain (Róise) san scannán seo gur féidir leis an duine ceart an bheart a dhéanamh! Go deimhin ní haon dhóithín éinne den gcliar - Barney an madra (Frank), an buachaill cúthail Ruadhán de Faoite (Maidhcí) , an mac imníoch Cillian Ó Gairbhí (Alan).

Scéal uilíoch an cumha don sonuachar agus athar a sciobadh ró luath, agus deacracht an caoineadh cuí. Ag tús Róise agus Frank  Róise beo ar tae agus arán tur, gan bheith ag dul amach ach nuair atá an bainne géar nó an caonach liath ar an arán. Tagann madra strae chuici agus diaidh ar ndiaidh - cúis imní dá mac, a shíleann í a bheith ag dul as a meabhair - tagann sí ar an dtuiscint gurbh é a fear céile atá sa mhadra.

Tugann an madra misneach di - agus do bhuachaill óg a bhfuil fonn aige bheith ag iomáint ach nach bhfuil an misneach aige.

Scéal álainn, lonnaithe le gean i nGaeltacht na Rinne (cór san áireamh!) a léiríonn gaol casta an duine lena theaghlach agus leis an bpobal. Agus na rudaí a thugann misneach agus ardú croí do phobal. Ba mhinic mé gar don caoineadh mar téann cumha go croí; ach tá neart greann ann, agus is scéal dóchais agus cneasú atá ann.

Bláthaíonn Maidhcí agus Róise, agus tuigeann siad faoi dheireadh nach bhfuil Frank madra de dhíth orthu, agus tá casadh iontach i ndeireadh an scéil. Alan féin, atá buartha faoina mháthair ach ag múchadh a chumha féin, tá cneasú i ndán dó.

Tá an scannán saibhir i mionsonraí agus radharcanna atá áitiúil ach uilíoch. RnaG ar siúl sa chúlra - guthanna a aithním, cineál osréalach ach deas freisin.


Toradh fónta eile ar infheistíocht Ciné 4, agus ar saothar na n-aisteoirí agus ceardaithe eile, foireann Macalla ach go háirithe, atá ag dul ó neart go neart.

Is beag duine againn nach bhfuil nó nach mbeidh ag streachailt le bás san teaghlach agus an cneasú agus caoineadh atá de dhíth - créachtaí a osclaíonn go tobann ag réabadh an choilm uaireanta.

Tá íocshláinte san scéal dóchasach seo.

2022-10-02

Ní nód go naisc...

Agus cá mbeimid gan na léitheoirí ar nód tábhachtach cumarsáide gach duine acu. Ar an gcaoi sin tig linn na meáin shóisialta a lua, an ghiolcaireacht agus na blaganna, mar shampla. Is nód tábhachtach ann féin é Aonghus Ó hAlmhain.
Liam Mac Cóil, 
Is leor nód don eolach..., Comhar Bealtaine 2022
 
 


 
Is mór agam an moladh seo ó Liam. Ach ní nód gan naisc. Tá mé i mo chraosléitheoir le fada, ach chun bheith ar an eolas faoi na leabhair atá ar fáil, tá níos mó i gceist! Bheadh scileanna Escher de dhíth orm chun m'ionad i ngréasán naisc na Gaeilge a léiriú i gceart - mar sin níl san íomhá thuas ach leagan ana shimplí den na foinsí eolais agam. 

Is ar líne a fhaighim roinnt mhaith eolais, agus nodanna ó léitheoirí eile - ba dheacair an ghréasán sin a léiriú, cé go bhfuil léiriú éigin le fáil ón ngraif a ghineann chirpty.com bunaithe ar chomhráite.
 
 
Ar ndóigh, de réir mar a bhí mé ag blagadóireacht agus ag giolcaireacht, agus mo shuim sa litríocht follasach d'fhorbair an ghréasán. Is mar thoradh ar bhlagadóireacht maidir le hIMRAM, abair, a d'iarr Gabriel orm tús a chuir lena bhlag siúd. Táim ag freastal ar imeachtaí IMRAM le fada anois - ní cuimhin liom cé chomh fada! Tá sé iontach casadh le daoine san fíor shaol seachas ar líne amháin. Agus bíonn réimse an-leathan ábhar ag IMRAM. Tá tábhacht le seoltaí leabhair, agus is iontach an forbairt a bhí i Fómhar na Leabhar Leabhar Breac sa Chultúrlann. (Táim tar éis dul ó thuaidh cúpla uair anois chun freastal ar ócáid liteartha sa Chultúrlann). Fágtar cúram na Gaeilge faoi IMRAM ró-mhinic agus bíonn ar Liam ardán a aimsiú san féilte litríochta eile - go leor oibre déanta aige agus é ar bheagán acmhainní agus is eagal liom uaireanta ar bheagán buíochais. Tá na Clubanna Leabhar ann gan amhras, agus le tamall anois táim ag plé le Club Leabhar Club an Chonradh.

Is ar nodanna a chéile a mhaireann nóid na Gaeilge! Is iontach an deis a thugann na gréasáin sóisialta don taiscéalaí ar Ghaeltacht na Leabhar. Tá tábhacht áfach freisin leis na léirmheasanna sna hirisí - Comhar, Feasta agus an Timire. Cloisim freisin faoi rudaí tríd Tuairisc agus Nós; agus bíonn an Raidió go maith, go háirithe An Cúinne Dána. Bhí Léirmheas Leabhar ar TG4 go maith agus tá súil agam go bhfilleadh sé.

Tá mo chlann fásta anois, agus nílim ag amharc chomh grinn sin ar litríocht na nÓg,cé go bhfuil ionad buan i mo L-spás ag scata acu - go háirithe saothar ealaíona An tSnáthaid Mhór.

Faighim go leor leabhair ón Leabharlann ar iasacht idir leabharlainne (nó bheadh an teach níos láine ná mar atá) agus go hiondúil - toisc gur gá an teideal agus na sonraí a bheith agam, is nod ó léitheoir eile a chuir sa treo sin mé. Nó léacht, nó alt.

Tá súil agam go dtugann na nótaí a bhreacaim anseo deis do dhaoine eile tairbhe éigin a bhaint as saibhreas Ghaeltacht na Leabhar. Agus sin mo racht go n-uige seo.

 

2022-10-01

Ó Cualann


Bhí mo nuachar agus an déagóir gafa le cúrsaí ceoil inniu agus chaith mé an lá i mbun siopadóireachta agus siúlóide! Bheartaigh mé Ó Cualann a dhreapadh agus thóg mé an 184 ó Bhaile an Chinnéidigh thart ar meán lae. Thuirling mé in aice le Óstán Radharc an Ghleanna, ó thuaidh ó Ghleann dá Ghrua. Lean mé orm ar bhóthar comhthreomhar leis an N11, ag dul ó thuaidh ar feadh deich nóiméad nó mar sin, ansin chas siar agus in aghaidh an chnoic ar bhóthar ar feadh cúig nóiméad nó mar sin go dtí geata cairéal Marrakech. Tosaíonn cosán glas ansin a thagann chuig cosáin níos leithne gairbhéal tar éis cúig nóiméad nó mar sin. Chas mé ar chlé agus siar ar an gcosán sin agus thosaigh ag dreapadh i dtreo an mhullach. Bhí cheana féin radharcanna breá ann, bhí an aimsir go deas. 
Lean mé orm ar an gcosán sin gur chas sé ar chosán eile ag teacht aneas chun díriú ar an mullach. Scoilt sé ina cúpla cosán ansin agus an cnoc ag éirí géar. Roghnaigh mé ceann sa lár, agus ansin chas mé ar dheis uaidh ar chosán grean agus sceallach caol díreach soir go dtí an mullach. Cé gur bhain mé an mullach amach faoi ceathrú tar éis a haon, tar éis uair a chloig siúlóide, ní raibh an chuid sin taitneamhach. Má /nuair a dhéanaim arís é leanfaidh mé orm timpeall an mhullaigh go dtí an bealach coitianta suas ar an taobh ó thuaidh. 
Is mór an bhuntáiste a bhí ag Domhnaillín an chlúimh lena iliomad cosa ormsa a bhí taobh le péire agus uaireanta lámh! 
Bhain mé amach an bharr ar aon nós. Ní raibh fonn orm dul in aghaidh an slua (agus bhí neart amuigh) mar sin is soir ó thuaidh a thosaigh mé ag teacht anuas, áit a bhfuil sceallach freisin ach é bheith níos gairbhe ar an mórgóir. 
Ansin ar chosán tríd fraoch agus aiteann, a chas go luath ar cosán níos leithne chuig Cill Mocheanóg. Chuaigh mé ar strae beagán ón gcósan a bhí uaim ach d'aimsigh mé arís é. Bhí comhrá agam ar chuid den mbealach le beirt bhan ón mBrasaíl a bhí tar éis tosú amach sna Clocha Liatha ag leanacht an chonair marcáilte as sin. Scar mé leo áfach ar mhaithe le siúl níos gaiste, tar éis dom léarscáil EastWest Mapping a mholadh dóibh - agus cuairt ar na Gaeltachtaí i nGaoth Dobhair, Cois Fharraige agus Corca Dhuibhne. Tá Gaoth Dobhair deacair baint amach le hiompar phoiblí, ar ndóigh - ach is maith ann Bus McGinley. 

Bhain mé amach stad an bhus i gCill Mhocheanóg um 14:20 agus fuair greim bia san stáisiún artola fad is a bhí mé ag fanacht ar bhus. 

Beagán thar dhá uair an chloig de thruslóga fada a rinne leas colainne agus intinne dom!