Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-16

Colm Seoighe agus na hEasógaí


Tá muid ag iarraidh meascán úr a chruthú idir rock cheol , ceol Gaelach agus stíleanna eile agus beagán craic a bheith againn agus muid á dhéanamh.

I Song of Granite mar Joe Einniú óg a chonaic mé Colm Seoighe i dtosach. Ag fánaíocht ar phortach agus cladach is mó a bhí sé i mo chuimhne, cé go raibh corr amhrán le rá aige. Ansin chas mé air ag gradam ceoil nós, é ag tacú lena dheirfiúr mór Róisín a bhí ar stáitse, agus an teaghlach ar fad tagtha aniar. Chaill an bheirt acu a athair, Pádraig John William, beannacht Dé lena anam, anuraidh. Bádóir iomráiteach.

Tá neart taithí idir maith agus olc cnuasaithe ag Colm ina shaol gairid go dtí seo mar sin. Agus é fréamhaithe i ndúchas Chonamara agus spreagtha ag an dúchas sin. Trí rian atá taifeadta go fóill aige lena bhanna Na hEasógaí, ceann amháin anois le ceannach ar Bandcamp agus an t-iomlán ar na hardáin eile, Tidal abair.

Ceol éadrom spraíúil spreagúil. Nua gan cúl le cine. Cloisfear níos mó faoin bhfear óg seo, creidim!