Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label pobal werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label pobal werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-10-03

Is clóite an galar an cumha

Deirtear gur baolach d'aisteoir obair le leanaí nó ainmhithe. Léiríonn Bríd Ní Neachtain (Róise) san scannán seo gur féidir leis an duine ceart an bheart a dhéanamh! Go deimhin ní haon dhóithín éinne den gcliar - Barney an madra (Frank), an buachaill cúthail Ruadhán de Faoite (Maidhcí) , an mac imníoch Cillian Ó Gairbhí (Alan).

Scéal uilíoch an cumha don sonuachar agus athar a sciobadh ró luath, agus deacracht an caoineadh cuí. Ag tús Róise agus Frank  Róise beo ar tae agus arán tur, gan bheith ag dul amach ach nuair atá an bainne géar nó an caonach liath ar an arán. Tagann madra strae chuici agus diaidh ar ndiaidh - cúis imní dá mac, a shíleann í a bheith ag dul as a meabhair - tagann sí ar an dtuiscint gurbh é a fear céile atá sa mhadra.

Tugann an madra misneach di - agus do bhuachaill óg a bhfuil fonn aige bheith ag iomáint ach nach bhfuil an misneach aige.

Scéal álainn, lonnaithe le gean i nGaeltacht na Rinne (cór san áireamh!) a léiríonn gaol casta an duine lena theaghlach agus leis an bpobal. Agus na rudaí a thugann misneach agus ardú croí do phobal. Ba mhinic mé gar don caoineadh mar téann cumha go croí; ach tá neart greann ann, agus is scéal dóchais agus cneasú atá ann.

Bláthaíonn Maidhcí agus Róise, agus tuigeann siad faoi dheireadh nach bhfuil Frank madra de dhíth orthu, agus tá casadh iontach i ndeireadh an scéil. Alan féin, atá buartha faoina mháthair ach ag múchadh a chumha féin, tá cneasú i ndán dó.

Tá an scannán saibhir i mionsonraí agus radharcanna atá áitiúil ach uilíoch. RnaG ar siúl sa chúlra - guthanna a aithním, cineál osréalach ach deas freisin.


Toradh fónta eile ar infheistíocht Ciné 4, agus ar saothar na n-aisteoirí agus ceardaithe eile, foireann Macalla ach go háirithe, atá ag dul ó neart go neart.

Is beag duine againn nach bhfuil nó nach mbeidh ag streachailt le bás san teaghlach agus an cneasú agus caoineadh atá de dhíth - créachtaí a osclaíonn go tobann ag réabadh an choilm uaireanta.

Tá íocshláinte san scéal dóchasach seo.

2009-09-20

Tá an scéal ina chac!



Bhíos sa chlós spraoi le m'iníon ar maidin. I bpáirc beag i mBré, páirc nach bhfuil aon cothabháil á dhéanamh air ag na húdaráis - ach atá glan de bharr díograis na gcomharsan. Nó sách glan, pé scéal é.

Bhí mé ag caint le bean. Bhí sí sách corraithe, mar ainneoin go raibh an áit glan inné, agus faoi ghlas thar oíche, bhí carn mór cac madra ar an gcosán arís. Le seachtain, thit trí paistí i gcac madra ann, agus bhí an trealamh spraoi smeartha le cac.

Dúirt sí (ó tharla na Éireannach í) go bhfuil muid mar Éireannaigh go maith ag clamhsán, ach go holc ag dul i ngleic le nithe mar seo. Go mbíonn muid ag brath ar dhaoine eile, "orthu siúd" nó ar "an Rialtas" i gcónaí.

Is eagal liom gur fíor di, agus táimse chomh ciontach le haoinne. Ar a laghad, ním iarracht féachaint chuige nach scaipeann mo phaistí bruscar, agus níl madra agam.

Ritheann sé liom go bhfuil nasc idir seo agus an cheist atá á phlé ag Áine - an folús sa phobal a ligeann do eachtraí uafara cosúil le batráil seanathair tarlú.

Is dóigh liom go bhfuil fírinne san téis faoi fuinneoga briste a dheisiú - má ghlac an pobal le mion mí iompar, go n-osclaíonn sé an bhealach do coireanna móra.

Tá sé in am ais-throid a dhéanamh. Ach conas? An cac áitiúil a ghlanadh suas an chéad céim!

Dála an scéil, faoin am a shroich muid an baile, bhí bróg m'iníon smeartha le cac a shiúl sí ann áit éigin ...

2008-04-07

Ilchineálacht Éirinn

Rud a chonaic mé go soiléir agus mé sa Ghearmáin le déanaí ná chomh ilchineálach is atá Éireann ár linne. Thall, bhí an cuma céanna ar na daoine, an chanúint céanna á labhairt acu, na héadaí céanna orthu.

Cinnte, bhí Turcach anseo is ansiúd - ach ba bheag difear idir iad agus muintir na háite, agus iad ann anois le trí glúin.

I Legoland féin, b'iad muintir na háite an fhoireann.

Anseo, nuair a cheannaím cupán caife is Seiceach, nó duine ón Breasail, nó Seapánach a dhíolann liom é. Cúis iontais é freastalaí Éireannach a fheiscint i mbeár nó bialann. Gan trácht ar siopaí.

Is mór an t-athrú in achar an ghairid atá ann; agus cúis imní airithe, ó tharla gur deacair an oiread sin daoine nua a chomhshamhlú. Sin, agus drong d'ar muintir féin nach ndearna an Tíogar Ceilteach leas ar bith dóibh.

Tá eagla orm go bhfeicfidh muid níos mó eachtraí gránna fritheachtrannacha.

Bíonn ar mo leanaí cur suas ró mhinic le hamadáin a thugann Naitsithe orthu de bharr gur sa Ghearmáin a rugadh iad. Níor mhaith liom bheith gorm, buí ná donn - ná fiú ard, fionn agus Slavach in Éirinn inniu.

2007-08-02

Bia Polainnis [sic]

Bhí mé i Tesco i dTrá Lí ar na mallaibh nuair a chonaic mé fógra do "Polish" i measc na gcistí mílse. Bhí mearbhall orm faoi snasán a bheith i measc an bhia go dtí gur thug mé faoi ndeara gur "Polainnis" an leagan Ghaeilge a bhí ar an bhfógra. Bia Polannach a bhí i gceist.

Seo nós atá ag éirí níos coitianta sna hollmhargaí abhus: tairgí on bPolainn a dhíol le himirceoirí ón dtír sin. Bhí na siopa Polannacha ag éirí fairsing, agus seo an aisfreagra ó na boic mhóra. Go deimhin, tá Polsky Sklep ar sráid Eoin sa Daingean anois fiú.

Failtím roimhe seo: tá na tairgí seo sách gar don saghas beatha a thaithin liom sa Ghearmáin agus nach bhfuil ar fáil de ghnáth abhus.



Fógra aisteach eile a chonac le deanaí (arís i Tesco, i Luimneach an iarraidh seo) ná "Preabsábh" i measc na bréagán do leanaí!

2007-05-10

Ardáin agus Ísleáin

Bhí mo chomhghleacaí Síneach ag déanamh iontas de gur beag teach cónaithe in Éirinn atá níos mó ná ceithre stór.

Tá ilstóraigh cónaithe coitianta thall, gan amhras.

Ach táim ag ceapadh go m'bhfiú dúinn an cheist a chíoradh abhus. Go hairithe agus BÁC ag scaipeadh chun na ceithre harda.

Cuimhnigh air. In ionad scata teach ceithre stór, sa mhullach ar a chéile, céard faoi teach dhá stór déag, agus gairdín fairsing timpeall air? D'fhéadfaí an dlús cónaithe a ardú, agus an comhshaol cónaithe a fheabhsú.

Bheadh buntáistí ó thaobh caomhnú fuinnimh ann chomh maith; bheadh sé níos fusa teach mar é a théamh.

Chaithfí an rud a dhéanamh go cúramach; baile ilstórach a thógáil, leis na seirbhísí caoi; scoileanna, lianna, siopaí agus mar sin de. Agus a lán glas.

Rinneadh botúin sa réimse seo cheana (Baile Munna, Tamhlacht - áit a cuireadh na mílte tithe tríocha éigin agus ná fuiltear ach ag tógáil na seirbhísí le leath scór!, Gropiusstadt i mBeirlín, agus samplaí eile nach iad.)

Ach ba cheart go bhfeadfaimis foghlaim as sin, agus bogadh ar aghaidh. Ní gá againn ar fad le péire thuas, péire thíos, agus stampa poist de ghairdín, seasca éigin km ón obair.

2007-05-08

Tráth síochána

Tá a íonú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir:

tráth breithe, tráth báis,
tráth curtha síl, tráth bainte fómhair,
tráth maraithe, tráth leighis,
tráth leagtha, tráth tógála,
tráth goil, tráth gáire,
tráth caointe, tráth rince,
tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch,
tráth beithe barróg, tráth séanta barróg,
tráth cuardaigh, tráth caillte,
tráth coimeádta, tráth caite,
trá grá, tráth fuatha,
tráth cogaidh, tráth síochána

Cóheilit (Ecclesiastes) 3 1:9


Tráth síochána. Sin focail nach raibh mé ag dréim iad a chlos riamh ón Dr No é fhéin, an tUrramach Ian Paisley. An fear a raibh lámh láidir aige san splanc a d'adhain na trioblóidí.

Cuimhnigh gur chun náisiúnaithe a chosaint ó cóip na sráide a chéad tháinig trúpaí na Breataine go Tuaisceart Éireann, sna 1960í. Agus bhí lámh ag Ian Mór ag spreagadh an fhuatha úd.

Is iomaí feall agus droch ghníomh ón dá dream atá feicthe againn ó shin.

Ach anois, Ian Mór agus Martin McGuinness, gualainn ar ghualainn, réidh chun an stáitín ó thuaidh a riaradh ar mhaithe le leas an phobail i gcoitinne. Sin poblachtachas go deimhin, an res publica. Go maire sé!

Tráth leighis, tráth tógála. Buíochas le Dia go bhfuil an tráth sin tagtha, agus gura fada buan an réimeas nua.

2007-02-02

Cillíní, coirpigh agus cliantachas

Tá an tslí ina ndéanann ár TDanna ionadaíocht "phearsanta" sa nuacht le tamaill, le scéal Tony Killeen agus na coirpigh ar chuir sé (nó a oifig) focal i gcluas an Aire Dlí agus Cirt ar a son.

Tá's ag an saol mór gan mar sin a oibríonn an chóras - clinicí na polaiteoirí ag dáileadh "eolas" atá an fáil pé scéal é don té a chuireann beagán saothair ar féin; ag scríobh litreacha chun freagraí atá ar eolas acu pé scéal é a fháil.

Agus muide, lucht Íoc-gach-a-thuillir ag íoc as an gcarnabhal ar fad.

Cinnte, ó ham go chéile, bíonn toradh fónta air an ionadaíocht seo - b'iad Jim Higgins agus Brendan Howlin a ardaigh scéal na bpéas lofa i nDún na nGall, mar shampla.

Ach seans go bhfuil gá le dlíthe nua chun a leagan síos cad tá ciallmhar, agus cad nach bhfuil. Agus nach nghabhfaí i ngiorracht scread asail d'ionadaí poiblí go dtí go mbeadh triail bainte as na ngnath bealaí agus foinsí eolais.

Don aos idirlín, tá comhairle ar fáil. Gníomh fónta a bheith ann dá gcuirfeadh an stát airgead isteach in oifigí eolais, go hairithe faoin dtuath. D'fheadfaí iad a nascadh le hoifigí an phoist. Dá gcuirfí caife-beair Mac Dubhghailleach leo, bheidh ionaid nua pobail ann....