Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Máirtín Ó Cadhain werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Máirtín Ó Cadhain werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-10-14

Léacht Uí Chadhain - 'Idir Mé agus an Páipéar' ~ Ollamh Ríonach uí Ógáin.

 “Níor leag mé peann ar an bpáipéar ariamh nach raibh sibh i m'intinn, a phaca diabhala. Nach raibh sibh ag dul idir mé agus an páipéar - ag dul ar an bpáipéar - tograím é nó ná tograím. Mar sin a bhí, agus a bheas. Mar sin is dual. Mar is sibh mo mhuintir, mo mhuintir féin...” ‒ 
Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas
(luaite ar réamhrá Foclóir Uí Chadhain)

Rinne mé mo bhealach go Cathair ghríobháin Má Meall aréir - campas ollscoile a tógadh le teacht le chéile a dhéanamh deacair, agus nach bhfuil éirithe níos soiléire ó bhí mé féin ann breis is tríocha bliain ó shin. Mar sin féin, agus ainneoin tógáil agus réabadh foirgnimh ó bhí mé ann go deireanach, d'aimsigh mé Léachtlann O in Áras Newman (Bloc na nEalaíon) áit a raibh léacht Uí Chadhain á thabhairt ag Ríonach Ní Ógáin.

Bhí sí ag caint ar shaothar Uí Chadhain ag cnuasach amhráin agus an cúram a rinne sé de na focail agus cúlra na n-amhrán. Agus an dá leagan déag a bhíonn ar gach amhrán! An idirghníomhacht idir béaloideas, béalaireacht agus údarás an leagan reoite scríofa. 

Léirigh sí a caint le taifid luachmhaire fuaime - focail na n-amhrán agus duanta diaga á rá seachas á gcanadh. Ach go raibh ceol san reacaireacht ag deartháir le Máirtín agus fiú ag Máirtín féin. 

Ba luachmhara fós an chaint toisc go raibh aithne ag Ní Ógáin ar Ó Cadhain, agus go deimhin gur chabhraigh sé léi agus í ag cnuasach béaloideas í féin. 

Labhair sí freisin ar an dteannas is féidir a bheith ann idir pobal agus cnuasaitheoirí ó lasmuigh, nach ionann sprioc agus tuiscint dóibh agus don bpobal. 

Caint thar a bheith spéisiúil beoga. 

Bhí fáiltiú agus seoladh leabhar ina dhiaidh, ach sin gnó do bhlagmhír eile, lá eile LCD. Tá sé go deas bheith in ann freastal arís ar ócáidí de leithéid, smaointe spreagúla a chlos, agus labhairt le daoine! 


2020-07-02

Dubh, Gorm nó Bleaic?

Chuir alt Alex Hijmans i Tuairisc faoi sliocht ciníoch i Cré na Cille ag machnamh mé. Níl aon cheist ach go bhfuil ciníochas léirithe sa sliocht - beirt ag caint faoi nuachar mic duine acu atá de chúlra Afracach, agus beirt páiste ag an lánúin. An seanathair ag iarraidh déanamh amach nach bhfuil siad chomh dubh sin tar éis an tsaoil... Téarmaí agus samhail díspeagúla tríd síos. "Black" chomh maith le "n***".

I measc nithe eile, mheabhraigh sé dom an conspóid a lean léirmheas Anna Heusaff ar "Lámh, Lámh eile" Alan Titley. 

Is trí ghuthanna na gcarachtar a dhéantar an léiriú nimhneach seo, gan amhras, ach is é rogha an údair é go gcuirtear steireéitíopa gránna inár láthair ar phobal a bhfuil a ródhóthain leatroim, drochmheasa agus féinfhuatha á bhfulaingt acu in Éirinn leis na glúnta anuas. Ar nós gach steiréitíopa, tá fírinne éigin ann a chuirtear as a riocht ionas go ndéantar bréag mhór den iomlán. Bhí súil agam go gcuirfí casadh cliste sa scéal i ndeireadh na feide a nochtfadh bréag a chuid claontuairimíochta do reacaire an scéil .... Níorbh ann don chasadh, áfach,...
Rinne Alan cosaint láidir ar féin in alt i Comhar. Aontáim go pointe leis nach ceart ionnanú a dhéanamh idir údar agus carachtar. Ach níl mé sásta dul an bealach ar fad leis nuair a deir sé:
An é nach bhfuil cead againn ár rogha charachtar a cheapadh gan dul faoi scrúdú éigin a chomhlíonfaidh réamhthuairimí agus réamhbhunurláir chreidimh/ reiligiúin/ náisiúnta/ stíle/ inscne/ aicme/ Ghalldachta/Ghaelachais/ inchlúisíobhtachúlachtachais nó pé rud atá ag an bhfaisean atá in airde láin i gcaitheamh na huaire sa spás ama seo a bhfuilimid ann anois agus mar sin de? An bhfuil boscaí áirithe le ticeáil ag an scéalaí anois mar a bhíodh ag an mbord cinsireachta fadó? Más mar sin atá, tá chomh maith againn éirí béal na gclár as. Nó, mar a deirtí ar ‘Dragons Den’ tráth: ‘I’m out!’
Creidim go bhfuil áit ann don aor, don saighdeadh agus don graostacht.
Der Satiriker ist ein gekränkter Idealist: er will die Welt gut haben, sie ist schlecht, und nun rennt er gegen das Schlechte an.
'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'  
Sin a dúirt Kurt Tucholsky (faoin ainm chleite Ignaz Wrobel) in aiste inár tháinig sé ar an tuairim go bhfuil gach rud ceadaithe don Aor. (Was darf die Satire)

Tá gach rud ceadaithe - ach ní gá gach rud a rá! Ach go háirithe, is féidir bheith airdeallach faoi conas a léirítear dream, agus maslaí a sheachaint. Sa sliocht i gCré na Cille feictear dom go bhfuil Ó Cadhain ag sciolladh chúngaigeantacht na bpearsan - agus is féidir sin a dhéanamh gan maslaí a tharraingt isteach sa scéal.

Chuir Antain Mac Lochlainn réamhrá spéisúil lena thiontú ar "An Capall agus a Ghiolla" - tá cosúlachtaí idir na Calarméin ann agus Arabaigh, agus d'fhéadfaí seineafóibe a chuir i leith Lewis sa bhealach a léirítear iad. Tá sé sin níos láidre b'fhéidir san leabhar deiridh san sraith "An Cath Deireanach" - Armageddon Narnia, ina bhfuil formhór na Calarméin seachas fear óg uasal amháin léirithe ar thaobh an Oilc. Léirigh sé nach féidir talamh slán de a dhéanamh gur ciníochas atá i gceist - ná go deimhin gurb ionann dream i cruinne samhalta agus dream abhus a bhfuilimid in adharca leo.

Cé nach bhfuil sé feicthe fós agam, luaigh m'athair liom go bhfuil réamhrá san eagrán nua de Tír na Deo ina pléitear  na maslaí ciníocha ann - agus nach raibh gá iad a mhaolú, mar go raibh sin déanta cheana ag Máiréad Ní Ghráda.

Ag deireadh an lae, níl i focail ach léiriú ar smaointe agus birt. In Éirinn, is iad an dream is mó atá thíos le coimthíos an mórphobal an Lucht Siúl. Le mo linn tá nathanna éagsúla a rinne tagairt dóibh - bunaithe ar cheardanna a chleacht siad nó ar a slí beatha - tagtha faoi their ceann in ndiaidh a chéile. Ach ainneoin na lipéid nua, níl cás an Lucht Siúl feabhsaithe.

Anois agus #BlackLivesMatter ina cheist bheo, tá rudaí ag tarlú maidir le haistriú lipéid i réimsí  eile - mar shampla tá an téarma "master" ar phríomhleagan togra bogearraí ar Github á athainmniú mar "main" - agus chuala mé go bhfuil an mhacsamhail ag tarlú áiteanna áirithe leis an príomh seomra leapan i dteach ar a dtugtaí "master" freisin.

Sop in áit na scuaibe a leithéid seo de athrú dromchlach. Is gá dul i ngleic leis an ciníochas; is gá maslaí fánacha a sheachaint sa litríocht - nó ar a laghad iad a chomhthéacsú. Má tá nath doghlactha sa chaint ba cheart é bheith doghlactha sa litríocht - mar sin , creidim go ndearna Alex an rogha ceart in aistriú siúd. Bhí beagán ionadh orm nach ndearna an aistritheoir Gearmánach an rogha céanna!


Dá mbeadh an chiníochas díbeartha, ba fusa go mór sin a dhéanamh!

2020-05-15

Athnuachan

Fuair mé bronntanas den úrscéal seo a foilsíodh tar éis bháis Máirtin Ó Cadhain thart ar an am a foilsíodh é sna nóchaidí. Rinne mé cúpla iarracht é léamh ach níor éirigh liom dul ró fhada leis.

Baineann an scéal le fear a fhilleann ar Chonamara tar éis tréimhse fada ar imirce, tar éis troid sa dara chogadh leis na Meiriceánaigh agus tréimhse i mbraighdeanas Seapánach. Saol simplí atá uaidh feasta, agus é ag súil go mór casadh ar a sheanchomradaí Beairtle, fear seoigh. Le Beairtle ó cheart a bhaineann an úrscéal - é dulta in aois agus thuas seal ina mheon de réir mar a cheapann sé tinneas a bháis bheith air.

Bhí bearna móra i m'fhoclóir ó thaobh saol na tuaithe agus galair na colainne.

Is dócha freisin go raibh mé ró óg sna nóchaidí le meabhair a bhaint as. 

D'éirigh liom é léamh faoi dheireadh le déanaí. Comhrá ar fad - fearacht Cré na Cille - atá ann, agus meon Bheairtle á chíoradh tríd daoine ag caint le reacaire an scéil; piseoga, poitín agus buidéil á phlé. 

B'é an caibidil deireadh is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, Beairtle ar shlí na fírinne faoi dheireadh - agus daoine óga a raibh theagmháil acu leo ag amharc an an scéal ar bhealaí éagsúla - scaipeadh na mionéin rompu, cuid acu dóchasach, cuid éadóchasach.

Bíonn claonadh ionamsa gan ach dromchla scéil a fhéiceáil, an scéal ann féin. Ach measaim anois go raibh Ó Cadhain ag trácht ar an athrú saol sa Ghaeltacht chomh maith leis sin; eagla an bháis an phríomhphearsa ar an gcomhluadar freisin - ainneoin spleodar easurraimeach na daoine óga (nó b'fhéidir dá bharr).


Máirtín Ó Cadhain
Coiscéim 1995