Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label anna heussaff werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label anna heussaff werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-10-28

Sa pholl báite

Seo an ceathrú úrscéal cérinneacháin de chuid Anna Heussaff ina bhfuil an Garda Réamonn Seoighe agus an t-iar iriseoir Aoife Nic Diarmada lárnach, ag obair as lámha a chéile chun ceist a réiteach. Scéinséir atá ann, agus ní mór dom a bheith cúramach gan aon scéal mhilleadh a nochtadh, rud a fhágann deacracht léirmheas a dhéanamh!

An rud is fearr, dar liom, ná go bhfuil an scéal chomh sonraithe, leathan go bhfeidhmíonn an fionraí díchreidimh maidir leis an teanga go breá, cé go bhfuil formhór aicsean an scéil lonnaithe i gCill Mhaighneann Bhleá Cliath - agus gur eachtrannaigh cuid de na carachtair. Bleá Cliath an lae inniu, ceisteanna sóisialta an lae inniu, agus cuid den aicsean i mBearra freisin - rud a thugann Nic Diarmada isteach sa scéal arís. 

Timpeall ar an mbunsceál - bean, atá scartha óna fear le roinnt blianta faighte marbh tar éis dá mac, iomlán trína chéile, dul i dteagmháil go drogallach leis na Gardaí - tá scéalta a bhaineann le saol agus caidrimh na pearsana eile fite go healaíonta chun scéal saibhir spéisiúil a chuir ar fáil don léitheoir. 

Tá go leor castacht sna scéalta chun aird agus bá an léitheora a mhealladh. Is léir an taighde cúramach agus an spéis i gceisteanna sóisialta. (Tá comhrá spéisiúil faoi idir Anna Heussaff agus Fachtna Ó Drisceoil le clos anseo, mír as Tús Áite). 

Thaithin an scéal go mór liom, agus is iontach gur thug Anna faoin mbearna seo i litríocht na Gaeilge a líonadh. Agus é déanta go cumasach. Más buan mo chuimhne, phléigh sí ceist na teanga ina leithéid de seánra áit éigin, agus luaigh Donna Leon, a bhfuil a húrscéalta scríofa as Béarla ach lonnaithe sa Veinéis - é intuigthe gur Iodáilis atá á labhairt dáiríre ag an chliar. Ach sa scéal seo tá sé inchreidte gur Gaeilge atá á labhairt, agus tú ag léamh. Is ina dhiaidh sin a ritheann sé leat, gan baint de phléisiúr na léitheoireachta, gurb ar éigean go mbeadh Gaeilge ag gach carachtar! 

Tá an chíoradh ar fadhbanna sóisialta ár linne, smacht comhéigneach, easpa tithíochta, teannas teaghlaigh, comhar na mban, tromaíocht ar obair, léirithe go cúramach - léirithe seachas pléite - sa scéal gan síolteagasc a dhéanamh den scíthléitheoireacht. 

Táim buíoch de Chló Iar-Chonnacht, a sheol cóip léirmheastóireachta chugam - ach bheadh sé ceannaithe agam cinnte, seo mo chineál litríochtsa! 


Anna Heussaff 
ISBN 9781784442613
Foilsitheoir Cló Iar-Chonnacht






2020-07-02

Dubh, Gorm nó Bleaic?

Chuir alt Alex Hijmans i Tuairisc faoi sliocht ciníoch i Cré na Cille ag machnamh mé. Níl aon cheist ach go bhfuil ciníochas léirithe sa sliocht - beirt ag caint faoi nuachar mic duine acu atá de chúlra Afracach, agus beirt páiste ag an lánúin. An seanathair ag iarraidh déanamh amach nach bhfuil siad chomh dubh sin tar éis an tsaoil... Téarmaí agus samhail díspeagúla tríd síos. "Black" chomh maith le "n***".

I measc nithe eile, mheabhraigh sé dom an conspóid a lean léirmheas Anna Heusaff ar "Lámh, Lámh eile" Alan Titley. 

Is trí ghuthanna na gcarachtar a dhéantar an léiriú nimhneach seo, gan amhras, ach is é rogha an údair é go gcuirtear steireéitíopa gránna inár láthair ar phobal a bhfuil a ródhóthain leatroim, drochmheasa agus féinfhuatha á bhfulaingt acu in Éirinn leis na glúnta anuas. Ar nós gach steiréitíopa, tá fírinne éigin ann a chuirtear as a riocht ionas go ndéantar bréag mhór den iomlán. Bhí súil agam go gcuirfí casadh cliste sa scéal i ndeireadh na feide a nochtfadh bréag a chuid claontuairimíochta do reacaire an scéil .... Níorbh ann don chasadh, áfach,...
Rinne Alan cosaint láidir ar féin in alt i Comhar. Aontáim go pointe leis nach ceart ionnanú a dhéanamh idir údar agus carachtar. Ach níl mé sásta dul an bealach ar fad leis nuair a deir sé:
An é nach bhfuil cead againn ár rogha charachtar a cheapadh gan dul faoi scrúdú éigin a chomhlíonfaidh réamhthuairimí agus réamhbhunurláir chreidimh/ reiligiúin/ náisiúnta/ stíle/ inscne/ aicme/ Ghalldachta/Ghaelachais/ inchlúisíobhtachúlachtachais nó pé rud atá ag an bhfaisean atá in airde láin i gcaitheamh na huaire sa spás ama seo a bhfuilimid ann anois agus mar sin de? An bhfuil boscaí áirithe le ticeáil ag an scéalaí anois mar a bhíodh ag an mbord cinsireachta fadó? Más mar sin atá, tá chomh maith againn éirí béal na gclár as. Nó, mar a deirtí ar ‘Dragons Den’ tráth: ‘I’m out!’
Creidim go bhfuil áit ann don aor, don saighdeadh agus don graostacht.
Der Satiriker ist ein gekränkter Idealist: er will die Welt gut haben, sie ist schlecht, und nun rennt er gegen das Schlechte an.
'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'  
Sin a dúirt Kurt Tucholsky (faoin ainm chleite Ignaz Wrobel) in aiste inár tháinig sé ar an tuairim go bhfuil gach rud ceadaithe don Aor. (Was darf die Satire)

Tá gach rud ceadaithe - ach ní gá gach rud a rá! Ach go háirithe, is féidir bheith airdeallach faoi conas a léirítear dream, agus maslaí a sheachaint. Sa sliocht i gCré na Cille feictear dom go bhfuil Ó Cadhain ag sciolladh chúngaigeantacht na bpearsan - agus is féidir sin a dhéanamh gan maslaí a tharraingt isteach sa scéal.

Chuir Antain Mac Lochlainn réamhrá spéisúil lena thiontú ar "An Capall agus a Ghiolla" - tá cosúlachtaí idir na Calarméin ann agus Arabaigh, agus d'fhéadfaí seineafóibe a chuir i leith Lewis sa bhealach a léirítear iad. Tá sé sin níos láidre b'fhéidir san leabhar deiridh san sraith "An Cath Deireanach" - Armageddon Narnia, ina bhfuil formhór na Calarméin seachas fear óg uasal amháin léirithe ar thaobh an Oilc. Léirigh sé nach féidir talamh slán de a dhéanamh gur ciníochas atá i gceist - ná go deimhin gurb ionann dream i cruinne samhalta agus dream abhus a bhfuilimid in adharca leo.

Cé nach bhfuil sé feicthe fós agam, luaigh m'athair liom go bhfuil réamhrá san eagrán nua de Tír na Deo ina pléitear  na maslaí ciníocha ann - agus nach raibh gá iad a mhaolú, mar go raibh sin déanta cheana ag Máiréad Ní Ghráda.

Ag deireadh an lae, níl i focail ach léiriú ar smaointe agus birt. In Éirinn, is iad an dream is mó atá thíos le coimthíos an mórphobal an Lucht Siúl. Le mo linn tá nathanna éagsúla a rinne tagairt dóibh - bunaithe ar cheardanna a chleacht siad nó ar a slí beatha - tagtha faoi their ceann in ndiaidh a chéile. Ach ainneoin na lipéid nua, níl cás an Lucht Siúl feabhsaithe.

Anois agus #BlackLivesMatter ina cheist bheo, tá rudaí ag tarlú maidir le haistriú lipéid i réimsí  eile - mar shampla tá an téarma "master" ar phríomhleagan togra bogearraí ar Github á athainmniú mar "main" - agus chuala mé go bhfuil an mhacsamhail ag tarlú áiteanna áirithe leis an príomh seomra leapan i dteach ar a dtugtaí "master" freisin.

Sop in áit na scuaibe a leithéid seo de athrú dromchlach. Is gá dul i ngleic leis an ciníochas; is gá maslaí fánacha a sheachaint sa litríocht - nó ar a laghad iad a chomhthéacsú. Má tá nath doghlactha sa chaint ba cheart é bheith doghlactha sa litríocht - mar sin , creidim go ndearna Alex an rogha ceart in aistriú siúd. Bhí beagán ionadh orm nach ndearna an aistritheoir Gearmánach an rogha céanna!


Dá mbeadh an chiníochas díbeartha, ba fusa go mór sin a dhéanamh!

2018-04-07

Sárú

Chuir muid aithne cheana ar Evan agus Rio sna leabhair Vortex agus Hóng. I Sárú tá réamhamharc faighte ag Evan ar chluiche nua ríomhaireachta a phléann le sábháil na cruinne. Ach tá ar féin agus Rio dul i ngleic le drong atá ag tromaíocht san fíorshaol freisin; agus cén ról go díreach atá ag an cailín nua Gael-Mheiriceánach Cara? Tá go leor eolas aici faoin gcluiche, ach an cara nó eascara í? 

Tugann scéal an chluiche deis don údar ceisteanna caidrimh agus timpeallachta atá tráthúil a phlé gan a bheith ag seanmóireacht. Tá go leor eolais faoi nithe tráthúla - athrú aeráide, teacht i dtír comhlachtaí móra ar an bpobal anseo agus thar lear, aicmeachas, brú oibre- fite fuaite tríd an scéal ar bhealach nádúrtha. 

Tá an aimsir féin gníomhach sa scéal agus anfa agus fuarlaigh ag cuir corr i gcinniúint na gcarachtar. 

Ní maith liom féin gluais téarmaíochta Gaeilge-Béarla. Tá a leithéidí ag cúl an leabhair: b'fhearr go mór liom go dtabharfaí míniú i nGaeilge shimplí ar téarmaí, más gá. 

Tá an leabhair dírithe ar dhéagóirí óga agus measaim go mbainfidh siad sult agus tairbhe as. 

Sárú
Anna Heussaff
Cló Iar-Chonnacht

2016-11-01

Buille Marfach

Ón leabharlann a fuair mé dara úrscéal bleachtaireachta seo Anna Heussaff.
Lonnaithe i mBéara arís, roinnt den gcliar céanna is a bhí i Bás Tobann, Aoife Nic Dhiarmada agus a teaghlach lárnach arís.

Scéal láidir Ilsnáitheach, léargais iontacha ann ar an gcaoi a réabann coir tromchúiseach saoil as a chéile, rúin a chartadh isteach i solas an lae ag póilíní- ach freisin ag iriseoirí, cuid acu suarach go maith ina gcuir chuige. Uaillmhian is uaigneas núíosach Garda nach bhfuil a ionad san fhoireann aimsithe aige de bharr a ghuagacht féin. Teannas idir máthair agus iníon atá ag teacht in inmhe.

Go leor casadh agus corr sa phlota, ach bunús agus ciall leo - gan gá le Deus ex machina le fadhbanna plota a réiteach ach an scéal fuinte go maith gan bunchleite amuigh ná barrchleite isteach.

Buille a shroich amas.

2015-11-16

Cérinneachán cumhachtach comhaimseartha cathrach

Bhí mé i láthair san Patriots Inn plódaithe nuair a sheol Aengus Mac Grianna an seod is déanaí seo le Anna Heussaff. Bhí mé ann luath agus thapaigh mé an deis cóip a cheannach agus a fháil sínithe sular tháinig an slua (agus thángadar!)

Ina chuir síos ar an leabhair luaigh Aengus go bhfuil an scéal suite go paiteanta in cumasc chathair ilchineálach Átha Cliath na fiche haonú aoise, go sonrach i gCeantar Cill Mhaighneann. Ceantar ina bhfuil an iliomad teangacha á labhairt, ach a théann siar go tús staire Átha Cliath chomh maith. Is iontach mar a éiríonn le hAnna Heussaff scéinséir ina bhfuil an sean agus an nua seo lárnach a reic i nGaeilge ar bhealach nach gcuireann isteach ar fionraíocht an díchreideamh in aon chor.

Is deacair léirmheas a dhéanamh ar cérinneachán gan barraíocht noda a sceitheadh. 

Filleann roinnt de carachtar Buille Marfach (atá anois ar mo liosta athléamh!) - an t-iar iriseoir Aoife Nic Diarmada, agus an garda Réamonn Seoighe. Cara le hAoife atá dúnmharaithe, agus is ise a aimsíonn í cillín i bPríosúin Cill Mhaighneann, áit a raibh taispeántas staire ag a cara Saoirse. Bhí fios curtha ag Saoirse ar Aoife ó Iarthar Chorcaí, rud tábhachtach le plé léi.

Ar an oscailt pléascach sin tógann Anna cérinneachán den scoth, le caidrimh corraitheacha (agus collaí scaití) idir na carachtar, agus le snáthanna iomadúla fianaise a nochtar dúinn diaidh ar ndiaidh, ach ar dóigh nach bhfeadfá bheith cinnte gur le bréidín an aon scéil a bhaineann siad.

Tá saol na linne seo, agus cathair-dhreach an cheantair fite fuaite i scéal iontach láidir, scéal a bhaineann go cinnte leis an lá inniu. Sa mhullach ar scéal bleachtaireachta den scoth tá cáipéis sóisialta bronnta ag Anna orainn, agus ceisteanna tarraingthe anuas aici arbh fiú machnamh orthu - ar leibhéal an aonaráin agus ar leibhéal an phobail.

Mholfainn an scéal seo d'aoinne ar spéis leo scéinséirí - agus mar a luadh ag an seoladh bíonn Simon, nuachar Anna de shíor ag rá "Táimse ag fanacht ar an scannán". Tá, agus mise leis. Glacaim leis go mbeidh Anna Sweeney, alter ego an Bhéarla ag Anna ag tabhairt faoin leabhar seo a chuir ar fáil do mhargadh an Bhéarla mar a rinne le Buille Marfach (Deadly Intent, Severn House). Bá bhreá liom dá nglacfadh Rosg nó a leithéidí an t-ábhar agus scannán a dhéanamh as roimhe sin!

Scáil an Phríosúin
Anna Heussaff
Cló Iar-Chonnacht 2015
ISBN 9781784441197

2015-11-09

CUIREADH: Seoladh 'Scáil an Phríosúin' le Anna Heussaff

Seoladh 'Scáil an Phríosúin' le Anna Heussaff

Dé Máirt, 10 Samhain ag 7.00 i.n.
sa Patriots Inn, Cill Mhaighneann, BÁC

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht agus ag Anna Heussaff do chuideachta nuair a sheolfaidh Aengus Mac Grianna an t-úrscéal bleachtaireachta nua 'Scáil an Phríosúin' le Anna Heussaff.

Fear an Tí: Cathal Póirtéir
 

Treoir taistil

Tá an Patriots Inn suite ag crosbhóthar i lár Chill Mhaighneann gar don phríosún, d’óstán an Hilton agus do chúlgheata an Bhrú Ríoga.

Luas: Stad Bhr. na Siúire

Busanna: 13 agus 40 go Br. Emmet; 69 agus 79/a go Br. Inse Chór; 123 agus 68 go dtín Cuarbhóthar Theas/Br. na Siúire.

Páirceáil: carrchlós na gcustaiméirí sa Hilton; roinnt spáis ar Bhr. Inse Chór agus Br. Emmet.

2013-04-17

Hóng

Bhí píosa ag Cormac ag 5 faoi na leabhair atá ainmnithe ar ghearrliosta CBI. Mar chuid den mhír, bhí siad ag dáileadh cóipeanna de na leabhar, agus is mar sin a fuair mise seilbh ar an leabhar bhreá seo le Anna Heussaff - ní bheadh leithscéal agam é a cheannach murach sin mar tá mo mhic ró aosta anois dó (léigh siad Vortex) agus m'iníon ró-óg!
Buachaill atá lárnach san scéal seo, Evan, agus é tugtha, mar a bhíonn déagóirí na linne seo, (nó mar bhí roimh Facebook) do chluichí ríomhaireachta.
Cluiche ról-imirt ina mbíonn daoine páirteach le chéile thar an idirlíon is ea Hóng - focal ilbhríoch Síneach, ach tá dearg mar chiall amháin leis. Bíonn sé fhéin agus a chara Rio (a labhraíonn go macarónach!) gafa leis an cluiche - beatha i gcathair mór san tSín agus gá airgead a thuilleamh - nó a ghoid! - le dul chun cinn a dhéanamh san cluiche. Rud a fhágann go gcaitheann siad a lán, lán ama - fiú nuair ba cheart dóibh bheith sa leaba! - san cluiche.
Ach ansin téann duine san cluiche i dteagmháil le hEvan agus músclaíonn a spéis i mistéir ar lic an dorais aige ...
Eachtra taitneamhach atá ann, cérinnechán maith le castaí agus lúba, agus eascraíonn ceisteanna faoi tomhaltas, dramhaíl, inimirce dleathach agus mídhleathach ... ach is tríd an scéal a músclaítear spéis sna ceisteanna seachas trí "léachtóireacht" - leanann Anna Heussaff an mana "taispeáin, na hinis"  go paiteanta.
Tá an leabhar féin snasta, agus cé go bhfuil foclóirín leis is i ndeireadh an leabhar atá sé, agus níl aon chuir isteach ar an scéal mar a bhíonn ró mhinic i leabhair mar é, le cló trom ná fonótaí. 
Sílim go bhfuil an scéal oiriúnach agus fiúntach do dhéagóirí óga.

Hóng 
Anna Heussaff
Praghas: €8.00
Formáid: Bog / pb
Tagairt: 9781909367616