FAINIC - NÁ LÉIGH SEO MURA BHFUIL MADAME LAZARE LÉITE AGAT MUNA BHFUIL UAIT AN SCÉAL A MHILLEADH!,
Snáithe láidir eile i bhféiniúlacht Mhuraed is ea an seanchas a chloiseann sí cois teallaigh. Nasc a cheanglaíonn go dlúth lena hathar í, toisc go mbíonn sí in ann nodanna a thabhairt dó má théann sé ar strae sa dán fada atá aige (Seanchas na Sceiche, stair na hÉireann ó thús ama de réir Raiftearaí). Is maith léi freisin na scéalta gairide faoin Slánaitheoir ar a chosaint ó "Na Giúdaigh" agus créatúirí éagsúla ag teacht i gcabhair air, agus bua mar luach saothair acu. Cumas greamú de chloch ag an mbairneach abair. Scéalta a nascann leagan den gcreideamh le gnéithe áitiúla a bhfuil taithí ag an lucht éisteachta agus scéalaíochta orthu. Daonnú agus draíocht an chreidimh in éineacht.
Tríd carachtar éagsúla sa scéal faighimid léargas éagsúla ar an luach a chuirtear ar béaloideas, agus mar a chruthaítear scéalta nua.
Tá fear an bhéaloidis ó Bhaile Átha Cliath, cnuasaitheoir oifigiúil, a aithníonn luach seanchas Thómais agus atá iontach sásta ar ball nuair a sheolann Muraed scéalta agus ábhar chuige ar a conlán féin agus an scoil fágtha aici.
Bid, ar cuma sa tsioc léi seanchas a hathair, a bhfuil níos mó spéis aici i mBéarla agus an raidió d'fhonn í féin a réiteach do saol saor nua an imircigh sna Stáit. Agus a dhéanann aithris greannmhar le fonn don gcomhluadar ar Lord Haw Haw.
An Máistir Óg ar chúis scannail dó an Slánaitheoir a bheith i scéilín beag seanchas, agus nach n-aithníonn nach cumadóireacht maslach atá bun ag Muraed, agus a náiríonn os comhair an ranga í.
An tAthair Folan, sagart anonn sa bhlianta, fillte leathan aigeanta tuisceanach ó na misin san Afraic. Fear a chaitheann casóg tuata agus nach bhfuil tógtha leis an bearna idir chléir agus pobal. (Tá frídín amhrais orm go raibh a leithéid ann sna tríochaidí.) Agus a thagann ar Mhuraed bhocht náirithe ag an Máistir Óg agus a dhéanann rudaí a chur ina cheart go tuisceanach. Agus a thugann íde béil faoi luach na béaloideasa don Máistir Óg. A éilíonn gur aige féin a bheidh an focal scoir faoin méid a chuirtear i mBailiúchán na Scol.
Eascraíonn smaoineamh dom as sin. Bhí an Máistir Óg ag cinsireacht an méid a cnuasaíodh. Tuigimid go maith nach bhfuil an réimse iomlán de seanchas na mban bailithe. Fir ab ea na bailitheoirí, fir óga neamhphósta go minic. Caolseans go roinnfí, fiú go hindíreach, béaloideas a seachadadh ó máthair go hiníon (pósta) leo siúd.
Ach tá sé sochreidte freisin go mbeadh oidí ag scagadh. Agus seans maith go raibh féin chinsireacht ar bun ag scéalaithe, nach n-inseofaí scéalta áirithe do leanaí bunscoile.
Tá béaloideas na gcnuasach agus na leabhair teoranta mar sin, agus faoi anáil faisin agus creideamh agus meon aimsire a chnuasaithe.
Rud a thagann chun cinn arís i gcás Gearailt, atá ina aistritheoir san Aontas Eorpach, ach gurb é mian a chroí bheith ag plé le béaloideas. Ach go bhfuil a chomhscoláirí den tuairim go bhfuil a chuid spéiseanna "ró choimeádach" agus dul chun cinn ceilte air dá réir. (Tá an spochadh agus spídiúlacht sa cuideanna a phléann le seo iontach greannmhar. Gearailt bocht, á sracadh idir acadúlaigh atá ag iarraidh bheith freacnairceach, a mhuintir meánaicmeach D 4 nach dtuigeann dó beag nó mór, a ghrá geal ar amhránaí sean-nóis í, fáiscthe as an dúchas a shantaíonn seisean, ach i praiticiúil freisin maidir le riachtanais tógáil teaghlaigh. Aistriúcháin rogha an dá díogha do Ghearailt bocht - múinteoireacht meánscoile an rogha eile).
Ola ar chroí Ghearailt an béaloideas shaibhir a thagann ó Mhuraed agus a meabhair ag dul i laige agus cuimhní a bhí iata le fada ag scaoileadh. Deis a fheiceann sé filleadh ar an ngairm atá ina chroí.
Béaloideas ceann de na bealaí a imríonn ár gcomhluadar tionchar orainn. Agus ár sinsir.
Agus bíonn nósanna béaloidis tábhachtach ag ócáidí móra an tsaoil - breith agus bás go háirithe. Bíonn tionchar ag béaloideas ar chreideamh agus vice versa. (Tá blagmhír eile dlite don gcreideamh i Madame Lazare).
Faoi thionchar mianta a máthair agus í ag éag atá saol Levana agus a seantuismitheoirí dá réir - ach cé go bhfuil béaloideas i gceist is mó le réimse an chreidimh a bhaineann sin agus pléifidh mé sa chomhthéacs sin é.