Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label arlen house werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label arlen house werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-20

Fiannaíocht fhiúntach fhileata fhorásach

 
Seo an tríú leabhar fileata ó thinfeadh Eithne Ní Ghallchobhair. Bhain mé an-taitneamh as Múscail, a ghiorria agus An chraiceann agus a luach. An cailleach agus an murúch ba ábhar do na leabhar sin. An Fhiannaíocht atá mar ábhar don leabhar seo, ina bhfuil dhá chuid ann. 

Scéal as an nua le sean móitífeanna is ea an chéad chuid - Fionn Mac Cumhail agus croí an mhic tíre báin. An tóraíocht faoi gheasa agus eachtraí a eascraíonn as, agus na pearsana éagsúla a bhaineann leis. Lárnach ann, mar atá ráite ag daoine eile ar an raidió, an fear beag ríbeach ruaidh a bhfuil cumas agus gliceas ann, agus a chuidíonn leis an bhFiann dul i ngleic leis na geasa a leag an chailleach ar Fionn. 

Don chluas atá an leabhar seo scríofa agus rithim agus ruthaig ann, agus nathaíocht agus fuaim. 
 
Athinsíonn an dara leath den leabhar scéal Niamh Chinn Óir agus Oisín, agus cíorann craiceann, caidreamh agus cantal go paiteanta. Is iomaí léamh is féidir a dhéanamh ar gheasa an ghrá - agus tá cúpla léamh anseo, agus iad fágtha faoin léitheoir cinneadh a dhéanamh faoi cé acu léamh is fearr.

Tá saibhreas ceolmhar cainte san insint, ach tá freisin smaointe úra fite fuaite tríd na sean-móitífeanna a chuireann le pléisiúir agus taitneamh an léamh.

Is cosúil go bhfuil deireadh leis an cineál seo leabhar ó pheann Eithne - ach tá mé cinnte go bhfuil éachtaí eile le teacht uaithi.


Caithréim agus Tóir
Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House

2021-08-18

An Craiceann agus a Luach


Bunaithe ar an móitíf béaloidis den fear a fhaigheann greim ar chraiceann /cochall murúigh agus smacht uirthi dá réir, tá úrscéal iontach filíochta scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair.

Scéalaí í Eithne sa mhullach ar a saineolas domhain ar bhéaloideas agus ar an nGaeilge agus cruthaíonn sí íomhánna cumhachtacha le teanga spleodrach lán uaim.

Ar chreatlach an scéil traidisiúnta tógann sí úrscéal a chíorann grá - collaí, máithreach, clainne; comhbhá le dúlra ; béadchaint ; fireannachas tocsaineach smachtaithe ;  deacracht comhshamhlú le pobal an té atá éagsúil go feiceálach. Téamaí comhaimseartha uilíocha.

Mar a rinne sí i Múscail, a Ghiorria, tá scéalta béaloidis eile - faoi seilg rónta go háirithe - fite fuaite tríd.

Tá ár gcraiceann róin againn ar fad, agus má bhaintear dínn de láimh láidir é, fulaingt atá i ndán dúinn. Bronntar searc, ní féidir é ghabháil. Agus tá grá máthair iontach láidir!

Tá na híomhánna a chruthaigh Eithne iontach láidir spleodrach - ba bhreá liom léaráidí a fheiceáil curtha leis an leabhar, samhlú ealaíontóra ar an gcaint ceolmhar a mhúscailíonn pictiúir de fiántas agus síocháin dúlra agus duine, de ghrá agus de ghráin, de lúcháir agus dobrón. 

2021-06-18

Dubhfhocail Lonracha Celia

 
Tá sé de nós agam, nuair a spreagann údar mo spéis, dul sa tóir ar saothair eile dá gcuid. Cé go raibh mé ag streachailt le Faoi Chabáistí is Ríonacha, táim fós fiosrach faoi saothair Celia de Fréine, agus seo an ceann is déanaí léite agam, faighte ón leabharlann. 

Filíocht, i dtrí rannóg. Is léir go bhfuil Celia ní hamháin siúlach, ach fiosrach - go mbíonn sí ag cuir spéis sa chultúir agus ní hamháin san tírdhreach agus í thar lear. Agus go nascann a samhlaíocht an áitiúil leis an uilíoch; an pearsanta leis an pobal.

Dán fada, i bhfoirm tomhais is ea an teideal dán Cuir amach seo dom. Spreagtha ag turlach cáiliúil sa tSlóivéin - Cerkniško jezero - atá lonnaithe i gceantar karst lán pluaiseanna. Loch a bhíonn lán éisc agus é ann; agus a bhíonn in thalamh féarach amanta eile. Tugann an dúlra faill do Celia go leor smaointe a chíoradh agus a phlé - tá saibhreas meafair le baint as uisce ag teacht agus ag imeacht go diamhair, timthriall na beatha, tuilleadh agus trá. Foirm ársa is ea an tomhais, agus is cosúil go bhfuil sé ina dhlúthchuid freisin den litríocht Slóivéanach. 

Ní raibh an t-eolas seo agam roimh ré (níor léigh mé na nótaí ag deireadh an leabhair!)- ná go deimhin foinsí na dánta eile sa chnuasach. Seasann an fhilíocht as féin, áfach, cé gur spreag sé mé le dul ar thóir an tinfeadh, rud a chuir leis an taitneamh ag meabhrú siar ar na dánta. 

Tréimhse i bPáras, agus saothar ealaíne ó na meánaoiseanna, sraith taipéis, atá i gceist leis an sraith dánta An Bhean Uasal is an tAonadharcach. Is mar leamhan a thugann sí muid ó taipéis go taipeis, ag díriú isteach ar mionshonraí. An tuiscint coiteann ar an sraith seo, atá le fail sa Musée Cluny, ná go bhfuil ceadfá ar leith i ngach ceann acu. « À mon seul désir » is teideal don séú taipéis - scóip ansin do go leor tuairimí! Arís fíonn Celia smaointe dá cuid féin tríd bréidín íomhánna na dtaipéis. 

Tá an trí rannóg Monsanto fáiscthe as tírdhreach, cathairdhreach, stair agus fínscéalta an chathair den ainm céanna sa Phortangéil. Tréimhse a chaith sí ann, agus na heachtraí a bhain di is na radharcanna a chonaic sí mar amhábhar do sraith dánta.

Tá an leabhar dhá-theangach, féin-aistrithe, ach níor amharc mé in aon chorr ar na dánta Béarla seachas nuair a bhí leagan éigin sa Ghaeilge dorcha ar fad dom. 

Thaithin na dánta seo liom, cé go bhfuil a sáith mistéir ag baint leo. Thar rud ar bith eile spreag siad mé le m'fhiosracht faoina dtinfeadh a shásamh - agus thug lón machnaimh ar bhealaí eile dom. Is aoibhinn liom an oscailteacht seo do chultúir eile, idir ársa agus comhaimseartha, agus an dóigh a fhíonn sí a taithí féin agus an tinfeadh seo trína chéile chun samhail úra spleodracha a chruthú.



Celia de Fréine
Arlen House
ISBN: 9781851320974 crua
ISBN: 9781851320981 bog

2020-05-18

Múscail, a Ghiorria

Seo ceann de na leabhair ar cheil Covid-19 ócáid seolta air! Ar abharaí an tsaoil d'éirigh liom cóip a fháil tríd an bpost ón Siopa Leabhair. 

I bhfoirm saorvéarsaíochta taitneamhach tá Eithne Ní Ghallchobhair tar éis eachtra ó mhaidin go coinfheascar a dhéanamh as an mbéaloideas maidir leis an gcailleach agus a cumas giorria a dhéanamh di féin; a ról sa phobal; a tuiscint ar bhaill an phobail céanna; an amhras agus an formad ainneoin a cabhair.

Tá aithris ar scéal Éadaoin agus Midir, agus ar Oidhe Chlainne Lir fite go healaíonta tríd an insint.

Tá nathanna idir seanbhunaithe agus nua ann; ruthaig a chuireann le luas an insint ag léimneach leis an ngiorria féin faoi ghrian Lá Buí Bealtaine. Spleodar agus iontas an dúlra.

Tá tagairtí do saol an lae inniu ann; agus don saol anallód - tuiscint ar na rudaí atá buan faoin nádúr daonna ina éagsúlacht uasal agus íseal iomlán.

Léigh mé an leabhar go tapaidh, ach fearacht na ngearrscéalta i Súil, feictear dom go mbeidh mé ag filleadh orthu!

Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House
ISBN 13: 9781851322404