Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label miotaseolaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label miotaseolaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-11-23

Buanann

Brigantia ó Iarsmalann Albain

Búanand mumi na na fian .i. bé nAnand ar chosmaile diblinaib. amail robo mathair dea indi Anu, sic Buanand quasi mater erat na fian. ailiter Buanond .i. daghmathair, in buan is bon (.i. dondi as bonum, ut dicitur genithir buan o ambuan) .i. maith o ulc. in and fil isinni is Buanand, is ed fil isinni is Anand .i. mater deorum. Buanand .i. daghmathair ac foircetal gaiscid do fianuib.

Sanas Cormaic Y104

Buanann muime na fiann .i. bé Anainn de bharr na cosúlachta eatarthu, amhail go mba máthair déithe i Anu is mar sin a bhí Buanann mar a bheadh máthair na fiann, sin nó Buanond i. deámhathair; ionann buan is bon (i. ó bonum na laidine as sin a deirtear go ngintear buan ó neamhbhuan, i. maith ó olc. Is ionann an "ann" i Buanann is ionann agus máthair, is é sin atá i gceist le Anann, i máthair na ndéithe. Buanann, i. deámháthair ag teagasc gaiscíocht do fianna.

(Liomsa an Nua-Ghaeilge bunaithe ar Bhéarla O Donnabháin anseo. Ní raibh O Donnabháin tógtha le sanasaíocht Chormaic. Tá Minerva luaite léi. Iontráil DIL anseo. Nath ó Sengoidelc a cuir ag tochailt mé - Gainithir búan ó ambúan.)

2021-06-18

Dubhfhocail Lonracha Celia

 
Tá sé de nós agam, nuair a spreagann údar mo spéis, dul sa tóir ar saothair eile dá gcuid. Cé go raibh mé ag streachailt le Faoi Chabáistí is Ríonacha, táim fós fiosrach faoi saothair Celia de Fréine, agus seo an ceann is déanaí léite agam, faighte ón leabharlann. 

Filíocht, i dtrí rannóg. Is léir go bhfuil Celia ní hamháin siúlach, ach fiosrach - go mbíonn sí ag cuir spéis sa chultúir agus ní hamháin san tírdhreach agus í thar lear. Agus go nascann a samhlaíocht an áitiúil leis an uilíoch; an pearsanta leis an pobal.

Dán fada, i bhfoirm tomhais is ea an teideal dán Cuir amach seo dom. Spreagtha ag turlach cáiliúil sa tSlóivéin - Cerkniško jezero - atá lonnaithe i gceantar karst lán pluaiseanna. Loch a bhíonn lán éisc agus é ann; agus a bhíonn in thalamh féarach amanta eile. Tugann an dúlra faill do Celia go leor smaointe a chíoradh agus a phlé - tá saibhreas meafair le baint as uisce ag teacht agus ag imeacht go diamhair, timthriall na beatha, tuilleadh agus trá. Foirm ársa is ea an tomhais, agus is cosúil go bhfuil sé ina dhlúthchuid freisin den litríocht Slóivéanach. 

Ní raibh an t-eolas seo agam roimh ré (níor léigh mé na nótaí ag deireadh an leabhair!)- ná go deimhin foinsí na dánta eile sa chnuasach. Seasann an fhilíocht as féin, áfach, cé gur spreag sé mé le dul ar thóir an tinfeadh, rud a chuir leis an taitneamh ag meabhrú siar ar na dánta. 

Tréimhse i bPáras, agus saothar ealaíne ó na meánaoiseanna, sraith taipéis, atá i gceist leis an sraith dánta An Bhean Uasal is an tAonadharcach. Is mar leamhan a thugann sí muid ó taipéis go taipeis, ag díriú isteach ar mionshonraí. An tuiscint coiteann ar an sraith seo, atá le fail sa Musée Cluny, ná go bhfuil ceadfá ar leith i ngach ceann acu. « À mon seul désir » is teideal don séú taipéis - scóip ansin do go leor tuairimí! Arís fíonn Celia smaointe dá cuid féin tríd bréidín íomhánna na dtaipéis. 

Tá an trí rannóg Monsanto fáiscthe as tírdhreach, cathairdhreach, stair agus fínscéalta an chathair den ainm céanna sa Phortangéil. Tréimhse a chaith sí ann, agus na heachtraí a bhain di is na radharcanna a chonaic sí mar amhábhar do sraith dánta.

Tá an leabhar dhá-theangach, féin-aistrithe, ach níor amharc mé in aon chorr ar na dánta Béarla seachas nuair a bhí leagan éigin sa Ghaeilge dorcha ar fad dom. 

Thaithin na dánta seo liom, cé go bhfuil a sáith mistéir ag baint leo. Thar rud ar bith eile spreag siad mé le m'fhiosracht faoina dtinfeadh a shásamh - agus thug lón machnaimh ar bhealaí eile dom. Is aoibhinn liom an oscailteacht seo do chultúir eile, idir ársa agus comhaimseartha, agus an dóigh a fhíonn sí a taithí féin agus an tinfeadh seo trína chéile chun samhail úra spleodracha a chruthú.



Celia de Fréine
Arlen House
ISBN: 9781851320974 crua
ISBN: 9781851320981 bog

2019-03-21

Fadó riamh... Ag an tús

Is maith liom scéalta. Miotais agus seanchas.

Is cosúil de réir a deir sí féin, gurb amhlaidh d'Áine Ní Ghlinn. 

San leabhairín seo atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta tá a rogha scéalta ó gach cearn den domhan ar chruthú na Cruinne agus an duine ach go háirithe. 

Tá sé suntasach a mhinice gurb as láib a fáisceadh agus a fuineadh an duine! Cuid den gcúis ná gur roghnaigh Áine scéalta ina bhfuil athrá ar focail agus coincheapa iontu - ar mhaithe le deis foghlama don foghlaimeoir fásta.

Ar an lámh eile is iomaí cruth ar an gCruthaitheoir sna scéalta, Fiach, Turtar, Nathair clúmhach. 

Tá na scéalta fuinte fáiscthe as an amhábhar agus taitneamhach éadrom le léamh. Ní don foghlaimeoir fásta amháin na scéalta, bainfidh léitheoir ar bith taitneamh as, go háirithe mo leithéidí atá tógtha le scéalta agus gaois an chine atá iontu. 

Tá mion léaráidí le nia le hÁine, Aisling Molloy, ag dul leis na scéalta, siombail a cheapann eithne gach scéil. 

Cnuasach taitneamhach éadrom. Seoladh in éineacht le leabhar do pháistí é, Boscadán in áras Éigse Éireann ar na mallaibh. Cheannaíos ann é. 



Áine Ní Ghlinn
Leabhar Comhar 
Sraith: Foghlaimeoir Fásta
ISBN: 978-1-9998029-2-9



2018-01-08

Déithe agus aindéithe

Tá Measaim gurb é Dennis a tharraing m'aird ar an leabhar seo le Mark Williams.
'Ireland's Immortals- a History  of the Gods of Irish Myth'.

Ní minic a léim leabhair neamhfhicsin, agus is annamh ar fad a léim saothair scolártha lasmuigh de mo réimse ghairme. Mar sin féin, tá spéis agam inár seanchas agus is fada mé fiosrach faoi a scaoilte atá painteon na nGael le hais na déithe gréagach-rómhanacha nó Lochlannacha.

Maíonn Mark Williams go ndearna sé iarracht freastal ar an léitheoir acadúil agus mo leitheidí de léitheoir ginearálta freisin. Measaim gur éirigh leis - tá raidhse fonótaí agus foinsí tagartha, ach is féidir an buntéacs a léamh gan beann orthu.

Suirbhé ar litríocht faoi Déithe na hÉireann atá ann, ó na lámhscríbhinní is ársa atá fágtha againn anuas go dtí an lá inniu, beagnach (áit a bhfuil na déithe sleamhnaithe isteach i ficsean samhlaíoch do dhaoine óga).

Léiríonn sé nach féidir talamh slán a dheánamh de go bhfuil sonraí ar bith sna scéalta atá ann ón ré réamh Chríostaí.

Litríocht atá sna scéalta, faoi anáil fealsúnacht agus creideamh na scríobhneoirí, seanchas múnlaithe ar mhaithe le haidhmeanna sílteagaisc chomh maith le siamsaíocht agus oideachais.

Agus nach eol dúinn cé mhéid de na scéalta ársa atá caillte againn. Tá fhios againn nár tháinig slán ach sciar - agus tá sé le tuiscint ó tagairtí i bhfoinsí eile go bhfuil scéalta caillte ann.

Suirbhé chuimsitheach atá feictear dom. Deir sé féin go bhfuil breis le déanamh, nár éirigh leis mar shampla dul i ngleic leis an Táin.

Ós rud é gurb i foinsí gearmáinise atá go leor scéalta ársa léite agam féin  bhí ionadh orm nár thug faoi dearadh aon tagairt suntasach do leithéidí Thurneysen.

Ach tá léargas ana shuimiúil ann ar an tionchar a bhí ag scoláireacht ar litríocht (agus deasghnáthaiocht) leithéidí Yeats agus AE, beirt a rinne iarracht a leagan féin d'adhradh ársa a athbheochan.

Tá go leor eolas san leabhar, agus gach seans gur mó tairbhe a bhainfeadh léitheoir aireach níos mó tairbhe fós as ná mise! 

(Ar iasacht idirleabharlainne a fuair mise é)

Aguisín 2018-01-13: fuair mé tcht Twitter ó shin ó Mark. D'fhág sé Thurneysen agus na gearmánaigh as an áireamh cionn is go bhfuil sé aitheanta le fada gurb iadsan a chuir bonn faoin scoláireacht, agus go raibh fonn air réimsí nua a chuir ar shúile aos léinn.