Feictear dom go bhfuil borradh faoin aistriúchán liteartha i litríocht na Gaeilge. (Is cuaifeach aistriúcháin é Risteárd Mac Annraoi, ach sin scéal eile.). Tá Leabhar Breac agus Barzaz ag roghnú saothair ón Fraincis le cuir faoinár mbráid. Traidhfil blianta ó shin chuir Éabhlóid athleagan Conallach den Prionsa Beag ar fáil. Tá Éabhlóid mar fhoilsitheoir dílis do chanúint Uladh. Is mar aistritheoir (an chéad imleabhar de) Harry Potter agus Artemis Fowl a chur mise aithne ar Máire Nic Mhaoláin. Go dtí anois díreach, nuair a d'fhéach mé ar suíomh portráidí ní raibh fhios agam nach é seo an chéad saothar aistrithe ón Iodáilis aici.
Táim amhrasach faoi aistriúchán, go háirithe ón mBéarla. Seo áfach aistriúchán a shaibhríonn saol liteartha na Gaeilge. Saol aduain curtha romhainn, béaloideas agus béascna na Sairdíne. Ach úrscéal nua aimseartha mar sin féin. Searc agus ciontacht. An tragóid is féidir leanacht as gníomh a déantar le hintinn maith ach atá amhrasach. Searc éagmaise. Searc nach bhfuil collaí ach a bhfuil an cuma sin air don saol agus teir air dá réir. Fearg, saontacht, éad, mioscais.
Accabadora an teideal bunaidh ar an leabhar seo. "í siúd a chuireann críoch". A chuidíonn leo siúd atá i bpéin agus ag saothrú an bháis an críoch a bhaint amach.
"Fillus de animo. Páistí anama. Sin a thugtar ar na páistí a bhéarfaí faoi dhó, de bhochtaineacht mná amháin agus aimride mná eile. B'iníon den dara breith seo Maria Listru, toradh déanach anam Bonaria Urrai."
Mar sin a cuirtear ceann leis an úrscéal. Bonaria Urrai an accabadora, cé gur mall go leor a fhaighimid sin amach, de réir mar a fhaigheann Maria amach é.
Tá rudaí ann a déantar, agus rudaí nach ndéantar.
Ach conas idirdhealú? An bhfuil sé chomh simplí le teir agus toirmeasc fógartha na hEaglaise agus an Stáit a leanacht, nó an bhfuil léithe ann?
Tá ceisteanna leochaileacha, an teannas idir an rud atá riachtanach agus an rud atá ceart, agus an easpa cinnteachta is féidir eascairt as á phlé anseo.
Tá dhá cheist i lár na díospóireachta faoi eotanáis, sa bhreis air má sé ceart in aon chor. Brú teaghlaigh ar othar nach mian leis féin dáiríre bás a fháil. Agus cad go díreach an teorainn péine a cheadaíonn é - go háirithe péin aigne. Cíortar an dá cheist anseo.
Tá saibhreas smaointe ann, agus dearcadh nua le fáil de bharr gur cleachtadh agus béascna eile atá mar chúlra agus ábhar don scéal.
Tá saibhreas sa chaint freisin. Baintear feidhm cuí as na bunleaganacha Sardise nó Iodáilise nuair is gá, agus tá gluais ann. Ach seachas sin Gaeilge chraicneach Ultach atá anseo. Admhaím go raibh corr leagan nach raibh agam. Ach is trí léamh a chuirtear eolas ar a leithéid, agus a cuirtear le heolas ar an saol, ar rudaí ar dheacair nó dodhéanta taithí pearsanta a fháil orthu.
Is le dearbhán leabhar a fuair mé don Nollaig a cheannach mé seo (ón Siopa Leabhar, deile). Táim thar a bheith sásta gur dhein.
Michela Murgia
Aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin
Éabhlóid