Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-01

Réchonn innealtóra

An chéad mhíol a aimsíodh i ríomhaire go rathúil. Foinse - fearann phoiblí.

Bíonn fadhbanna le gach córas casta. Go dtí go mbíonn innealtóirí foirfe ann, ar féidir leo gach a tharlódh don gcóras a thuar, beidh. Mar sin, glacann innealtóir stuama leis go dtiocfaidh fadhbanna chun cinn de dheasca cúinsí nár smaoiníodh orthu. Agus go mbeidh dífhabhtú nó debugging sa Sacs-Bhéarla de dhíth. 

Tá sé sin measartha éasca mura bhfuil i gceist ach ríomhchlár ar ríomhaire pearsanta, nó fiú freastalaí, ina bhfuil smacht iomlán ar ionchur agus teacht ar aschur. Agus nuair nach gá don gcóras freagairt laistigh de ham cinnte. Tá uirlisí ar leith dífhabhtaithe ann. Is féidir an clár ríomhaireachta a chuir ag feidhmiú ar ríomhaire samhailteach de chineál. Agus é a stopadh ag pointe ar bith, agus iniúchadh a dhéanamh ar an méid atá sa chuimhne. É a fheidhmiú céim ar chéim. Is minic go mbíonn an fhadhb soiléir tar éis tamaill gairid. Ní i gcónaí, ar ndóigh. Uaireanta bíonn níos mó ná snáithe amháin i gclár, agus iad ag bhabhtáil eolas eatarthu ach gach cuid den gclár ag obair ar a luas féin. Tá aicme fabhtanna ar a dtugtar "coinníoll ráis", sé sin go mbíonn cuid amháin den gclár ag brath ar thoradh cuid eile ach go léann é sula mbíonn sé scríofa ina iomlán. Faoi choinníollacha áirithe. Bíonn sé ana dheacair a leithéid a dífhabhtú. 

Ach ní ar ríomhaire pearsanta a bhí an córas rialaithe don traein. Córas fíor ama a bhí ann, córas inar ionann freagra mall agus freagra mícheart. Níorbh fhéidir é a stopadh agus amharc ar an gcuimhne. B'éigean gach rud a thaifid beo agus anailís a dhéanamh ar i ndiaidh an bhirt. 

Bhí cuid mhór smaoineamh curtha isteach i ndearadh an ghléis chun sin a éascú. 

Mar a dúirt mé, bhí roinnt cártaí 3U i gceist leis an ríomhaire, le feidhmeanna éagsúla. Ar aghaidh gach cárta bhí deis pointí tomhais a chuir - sin iad na spotaí dubha atá le feiceáil sa phictiúr. Uaireanta bhí LED ann. Dearg nó buí. Bhí cosc iomlán ar LED glas san earnáil iarnróid, chun an seans go gcuirfeadh a scáil i bhfuinneog tiománaí amú (cé go raibh na ríomhairí agus an trealamh eile laistiar de chlúdach go hiondúil). 

Ar éigin go bhfuil sé le haithint, ach tá cárta ar bun ar dheis a raibh feidhm cumarsáid le teicneoir aige. In uachtar, dhá taispeáint seacht ndeighleán. Ceithre ionad acu, rud a chuir an cumas ann 8 gcarachtar a léiriú. Uimhreacha agus roinnt litreacha. F, abair, a sheas do Fehler (Botún). 
Scríobh an ríomhaire uimhir an fabht is déanaí a bhí aitheanta ag an mbogearra ar an taispeánt uachtar agus eolas bhreise san taispeánt íochtar. 
Faoi sin bhí dhá lasc agus dhá phainéal ina bhféadfaí uimhir ó 0—99 a iontráil. Nuair a feidhmíodh na lascanna léigh an ríomhaire an uimhir agus ghníomhaigh dá réir. 
Bhí cuimhne neamhluaineach ar an gcárta céanna, agus cadhnra chun tacú leis an gcuimhne sin. Bhí mar a bheadh bosca dubh eitleáin ann. Dhá maoláin. I gceann acu eolas faoi na fabhtanna ba dhéanaí a bhí tarlaithe. Sa cheann eile eolas faoin luas agus roinnt den ionchar dhigiteach - an ordú coscán nó imigh mar shampla. Maoláin ciorclacha a bhí i gceist, má bhí an cuimhne lán scríobhfaí an t-eolas nua thar an sean eolas. 

D'fhág sin deis amharc siar nuair a tharla fadhb agus an traein ar obair. Bhí práinn áfach leis an gcuimhne a léamh amach in am, nó bhí an baol ann go mbeadh an bunfhabht scriosta as an gcuimhne de bharr barraíocht fabhtanna a bheith mar iarmhairt air. Rud a bhí i gceist go minic leis an fabht a scrios tíreastóir a luaigh mé. Is amhlaidh go n-aithneoidh an ríomhaire an fabht gach uair a rinneadh iarracht ar an traein a thosú. Rud a tharla go minic ar ndóigh nuair a bhí an traein i seirbhís. Ní bheadh an bun eolas faoin gcéad ócáid ar fáil go minic, rud a chuir leis an deacracht dífhabhtú. 

Bhí port srathach ar na hionad próiseála (bhí péire i gceist). D'fhág sin ar chumas innealtóra nascadh leis an ríomhaire agus é ar obair. Cábla 45 de dhíth! Bhí cuid bheag don bogearra a bainistigh an cumarsáid sin, agus líon beag orduithe ar fáil. An rud ba thábhachtaí ná go bhféadfaí seolta sa chuimhne a léamh agus a scríobh. Bhíodh clár ar a dtugtar aithriseoir teirminéil ag rith ar ríomhaire glúine an innealtóra chun an cumarsáid sin a éascú. 
Bhí sé srianta go maith. 

Tharla go raibh comhghleacaí liom, Berndt B., ag obair ar thogra sa tSualainn. Sa gheimhreadh. Lastuaidh de Stócólm. Oícheanta fada dorcha. Gan faic ar an dteilifís san óstán. Cionn is go raibh leadrán air, chruthaigh sé clár ríomhaireachta a thaispeáin agus a lig don úsáideoir suas le fiche athróg san am a léamh agus iad a scríobh. D'fhéadfaí an rogha a shábháil agus a athlódáil. Bhí ainmneacha na n-athróg ann seachas díreach a seoladh sa chuimhne. Chun go bhféadfaí sin a dhéanamh bhí clár eile aige a léigh an comhad mapa a chruthaíonn an tiomsaitheoir - an clár a dhéanann cód meaisín as cód soléite. Bhí eolas ansin faoi ainmneacha na n-athróg agus a ionad sa chuimhne. Tábhacht leis sin, toisc go n-athraíonn seoladh athróige ó leagan go leagan den gclár. 

Bhí sin go breá d'athróga a d'athraigh sách mall go bhféadfadh duine iad a leanacht. Ní hamhlaidh do formhór na n-athróg, ar ndóigh. 

Mar sin, bhí feidhm eile ann, go bhféadfaí thart ar ocht athróg analógach agus roinnt digiteach a scríobh go rialta chuig pointí tomhais ar ceann de na cártaí. Na cinn "analógacha", i. Cinn a raibh níos mó ná ann/as mar luach acu, tríd tiontaire digiteach go hanalógach. Bhí athróg ar leith againn a d'athraigh a luach ag brath ar cén cuid den clár, cén tasc a bhí ag rith. Bhí sin tábhachtach, chun léargas a fháil go raibh an clár ag obair i gceart. Cuid de na tasc, bhíodh siad ar rith de réir tréimhse, cuid eile áfach bhraith siad ar comhartha ó lasmuigh. 

D'fhéadfaí ansin an t-eolas a chuir ar ascalascóp. Nó, mar a rinneamar go hiondúil, chuig gléas a scríobh an t-eolas ar pháipéar. An cineál páipéar sin a scríobhtar le teas mar a dhéantar le hadmháil sa siopa. Bhí ar chumas na gléasanna seo na comharthaí a samplú agus, dá dtarlódh comhartha áirithe nó teaglaim áirithe de (líon srianta) comharthaí, an eolas samplaithe a scríobh amach méadaithe chun go bhféadfaí rudaí a tharla go minic laistigh de soicind a aithint. 

Bhí scil agus taithí de dhíth chun na hathróga agus na luachanna ionchur a bhí ábhartha a roghnú. Agus an truicear cuí don deireadh samplú. 

D'idigh muid na céadta rolla páipéir ar thóir na fabhtanna, go háirithe fabht úd na tíreastóir - fabht 155...

B'shin na háiseanna a bhí againn do na feachtais éagsúla coimisiúnaithe agus dífhabhtaithe. Ar chaith mé neart, neart ama leo... 

Ar lean...