Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-08

Innealtóirí - an rugtar nó an dtógtar iad?


Roinnt blianta tar éis dom Berlin a fhágáil, bhí mé ar ais ar chuairt chuig mo mháthair céile le duine de na páistí. Thapaigh mé an deis buaileadh arís leis na deartháireacha B. Bhí ard oíche againn i mbialann i Königs Wusterhausen. Bhíomar ag plé chuile shórt, cúrsaí gairme ina measc. Luaigh Berndt iris r-phost liom - The embedded Muse. Tá mé á léamh ó shin. Is ó scéalta na seanfhondúirí a fhoghlaimíonn ríomhchláraitheoir.

Le cúpla mí anuas, tá díospóireacht san iris faoi conas a déantar innealtóir de dhuine, an dúchas nó oiliúint atá i gceist?

Formhór den tuairim go bhfuil sé riachtanach bheith i do thincléir agus tú óg, ag baint rudaí as a chéile chun iad a "dheisiú".

Ní hamhlaidh domsa. Nó b'fhéidir go bhfuil níos mó ná tréith amháin ag coimhlint ionam.

 Anois nuair a smaoiníonn mé air, bhí foireann cheimice agam agus mé óg. Bhí sé de bhuntáiste agamsa, mar an páiste is sine, agus mé trí bliana níos sine ná mo dheirfiúr, seomra dom féin a bheith agam sa teach. Bhí doirteal ann. Uair éigin, d'fhonn an úsáid is fearr a bhaint as an spás, fuair mo mháthair siúinéir chun dearadh a chur i gcrích.
Bhí cófra mór sa chúinne a bhí ar fiar ón seomra toisc go raibh teallach (dúnta) ann. 
Idir sin agus an fhuinneog bhí leaba bunc uachtar ann domsa. Seachas leaba in íochtar bhí bord oibre agus foireann tarracháin.

Is cuimhin liom cupar a fháil as cloch ghorm. Rud a ghin neart teas san promhadán. Agus a tharraing achrann ormsa, mar gur sciob mé ceirt as an gcófra te a shíl mé a bheith áisiúil. Ach gurb pillín sláintíoch le mo mháthair a bhí ann... 

Ach de réir mo chuimhne chloígh mé measartha gar do na turgnaimh molta sa leabhrán. 

Fuair mé bronntanas den leabhar Ladybird faoi conas raidió a dhéanamh, agus na píosaí a bhí de dhíth chuige. Measaim gur féidir go ndearna mé cúpla ceann de na turgnaimh simplí ach cinnte bhí formhór na píosaí ag luí thart blianta ina dhiaidh. 

Ar ndóigh, samhlaíonn formhór na scríbhneoirí chuig TEM innealtóireacht mar plé leis na crua earraí. 

Ach ní raibh mise riamh tugtha don sádráil. Ní raibh mo lámh sách ciúin ná mo radharc sách géar. Bhí mé thar a bheith buíoch gur thaitin a leithéid le mo chomhbhadóir Berndt. D'fhág mé faoi siúd é. 

Rud eile ar fad plé leis na bogearraí. Is breá liom barr feabhais a chur ar a leithéidí. Fiabhrais na seilge a mhothú nuair atá mé ag druidim isteach le fabht. Bealach cliste a aimsiú chun go ngéillfeadh an ríomhaire do mo mhian. 

Deis a dhéanann innealtóir, chomh maith le gadaí mar a deir an seanfhocal Gearmáinise - Gelegenheit macht Diebe. 

Nuair a rinne mé an cinneadh céim san innealtóireacht a dhéanamh, is é a bhí i m'aigne ná post socair sócúil. Bhí an deargádh liom sa phost a fuair mé, a thug deis fáis agus foghlama dom, saoiste agus comhghleacaithe gnaíúla. Agus dáiríre i ngach post ó shin, diomaite de cúpla eisceacht. 

Measaim áfach go bhfuil idir dúchas agus oiliúint i gceist. Agus ádh. Sin innealtóir. 90% allas, 5% tinfeadh agus 5% ádh, le casadh a bhaint as an nath faoi perspiration agus inspiration Edison.