Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-03

Mura bhfuil sé sa chóras leaganacha, ní ann dó

Féach Cré an Ríomhchláraitheora


Comhthráthúlacht, is dócha, go raibh Dennis ag déanamh iontais, mar chuid de togra Gaeilge a chur ar comhéadan Blue-sky gur uirlis darbh ainm Github atá in úsáid ag an bhfoireann chun cód a bhainistiú. Is córas rialaithe leaganacha atá i git, in úsáid le fada sa togra Linux. Is é Linus Torvalds féin a thosaigh an togra, cé go bhfuil an cúram tarmligthe aige ó shin. Maidir leis an ainm, dúirt sé féin go seanbhlastúil go n-ainmníonn sé gach togra ina dhiaidh féin toisc gur cunús mórchúiseach é. Linux i dtosach, ansin Git. 

Níl i github ach suíomh idirlín a éascaíonn úsáid git do foirne móra scaoilte mar a bhíonn i gceist le tograí foinse oscailte.

Tá git in úsáid agam féin go gairmiúil le breis agus deich mbliana. Úsáidim líne na n-orduithe chuige sin don gcuid is mó, cé go bhfuil gitlab (uirlis cosúil le github) in úsáid againn sa chomhlacht. Tá buntáiste leis an suíomh idirlín sa mhéid is gur féidir athraithe idir leaganacha a fheiceáil go físiúil. Bainimid feidhm as freisin chun taifead a choimeád ar léirmheasanna cóid - is féidir tráchtanna a nascadh le líne athraithe sa chód, mar shampla. 

Tá an fhorbairt tagtha ar córas rialaithe leaganacha le mo linn. Ach cad chuige a bhfuil gá leo? 

Luaigh mé sa mhír faoi thús mo ghairme go bhfuil deacrachtaí againn le clár a thosaigh amach mar an gcéanna ach a d'fhorbair ó chéile ar thograí éagsúla de réir mar a bhí innealtóirí éagsúla ag réiteach fadhbanna. Uaireanta, toisc go mbíodh daoine as baile ar feadh sealanna fada, an fhadhb chéanna á réiteach ar bhealaí éagsúla ag daoine éagsúla. Rud a chruthaigh deacrachtaí nuair a tháinig fadhb agus réiteach nua chun cinn - ní bheadh sé cinnte go bhféadfaí an réiteach a chuir i bhfeidhm ar gach clár, toisc go raibh siad éirithe éagsúil gan riachtanas chuige sin. Is beag neart a bhí ar sin toisc nach raibh aon nasc leis an oifig ag innealtóir amuigh sa ghort ar aon nós - ní raibh an t-idirlíon ann ach ar éigin an uair sin. 

Gné eile ná gur minic go leanann fabht nua athrú, mar go bhfuil éifeacht neamhcheaptha ag an t-athrú. Agus nuair atá athraithe á dhéanamh go minic ar mhodh triail agus earráide bíonn sé deacair cuimhneamh ar gach athrú. Deacair dá réir déanamh amach cén athrú a chruthaigh an fhadhb. 

Is mór an chabhair ina gcoinne a leithéid córas maith rialaithe leaganacha. Is féidir gach mionathrú a chuir faoi bhráid an chórais, nóta a scríobh faoi. Is nós liom féin mo chuid oibre a dhéanamh mar sin, fiú athraithe ar eol dom iad gan a bheith críochnúil a shábháil. Níos tábhachtaí fós nuair atá foireann ag obair, daoine éagsúla ag forbairt gnéithe éagsúla. Uaireanta ní bhíonn aon dul as ach athruithe éagsúla a dhéanamh ar an gcomhad céanna. Nó bíonn iarmhairtí nó spleáchais nár tuigeadh. 

Formhór de na córais, tá bealach acu taifead a choimeád ar na difríochtaí sa chód, go háirithe i gcás comhaid ar téacs go bunúsach iad. (Tá sé níos deacra i gcás comhaid ina bhfuil sonraí dénártha. Ach go hiondúil téacs ar fad a bhíonn i gcód.) 

An chéad córas a bhain mé feidhm as, seachas cóipeanna den iomlán a dhéanamh agus a chuir i dtaisce ná Visual Source safe. Córas a dháil Microsoft. Ach is mar eolas dénártha a choinnigh sé an t-eolas faoi na difríochtaí, agus bhí droch-chlú air faoi teipeadh. 

Ó shin tá SCCS agus CVS úsáidte agam. Míbhuntáiste leo siúd ná go gcaitheann siad le gach comhad mar aonarán, ag taifid athraithe de réir comhaid. Tá breis oibre de dhíth dá réir chun an leagan den córas a pointe áirithe a athchruthú, rud atá riachtanach nuair atá fadhb le leagan atá in úsáid, ach nach féidir a dhearbhú leis an leagan reatha. 

Toisc gur dearadh git (agus ceann eile, mercurial) ó thús chun tacú le foirne ollmhóra scaipthe tá sé i bhfad níos fearr chun athraithe ó fhoinsí éagsúla a chumaisc. 

Is uirlis fíor úsáideach dá réir é, domsa go gairmiúil.