Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-06

(Ion)samhlaigh

Ó tharla go bhfuil sé iontach deacair córas fíor ama a staidéar agus a bheachtú nuair atá sé "beo", tá luach thar na bearta le ionsamhail. Go háirithe más féidir an ríomhaire a chuir "sa lúb". 

Tá luach freisin leis an ionsamhail iomlán ar ríomhaire. Go háirithe anois agus cumhacht sna ríomhairí a thugann deis níos mó sonraí a chuir le samhail agus é a fheabhsú dá réir.

Ar ndóigh, má tá an ríomhaire le cuir sa lúb is gá go mbeadh ar chumas an tsamhail rudaí a ríomh ar a laghad chomh gasta agus a bhíonn siad san fíor am.

Mar a tharlaíonn sé, is ionsamhail de chineál a bhí i mo thráchtas céime. Ní ábhar a roghnaigh mé féin é. Chuir na hollúna liosta ábhar romhainn. Toisc gurb de réir na marcanna a gnóthaíodh san trí bliain a bhí deis ag daoine roghnú, bhí mé síos an liosta go maith. B'éigean dom bheith sásta lena bhfuair mé. 

A study by simulation of quadrature amplitude modulation. 

Modh atá san modhnúchán aimplitiúide cearnaithe le eolas dhigiteach a ionchódú ar chomhartha (raidió mar shampla) ag baint feidhm as dhá bunthonn síneasóideacha atá 90° as comhphas. (Ní go rómhaith a thuig mé an matamaitic a bhain leis an uair úd, ná anois). 

Is éard a bhí le déanamh agamsa agus ag fear a tharraing an tráithnín gairid céanna liom ná ríomhchlár a scríobh chun an ionsamhail a chur i gcrích, ansin na paraiméadair a athrú de bheagán gach uair a ritheadh an clár chun a n-éifeacht a léiriú. 

Ar stiúir an stiúrthóra, rinne muid ionsamhlú Monte Carlo, i. Gné randamach, mar a bhaineann le caitheamh dílse nó rothlú roth roulette, a úsáid chun nach mbeadh orainn gach uile luach féideartha a ríomh. 

I FORTRAN a bhí an clár scríofa, ar vax na hOllscoile. É a chlóscríobh ar teirminéal dubh agus bán i saotharlann na ríomhairí. 

Tar éis cúpla lá (!) lear mór páipéir a bhailiú ón ionad ríomhaireachta leis na torthaí. Iniúchadh a dhéanamh orthu. Bhí neart teirminéil nasctha leis an ríomhaire, an t-am dáilte ar úsáideoirí éagsúla ag an ríomhaire. Is lú tábhacht a bhí le obair na neacha léinn le hais obair na foirne, agus thóg níos mó ama dá réir. Bhí gá leis an clár a bheith éifeachtach. 

Deirtear gur fiú míle focal pictiúir. Rinne mé roinnt oibre i ndiaidh an bhirt le PC chun graifeanna a tharraingt de na sonraí. Ba fhusa iad a phlé sa tráchtas dá réir. 

Bhí dua ag baint leis. 

Ach de réir mar a fhorbair na ríomhairí, tháinig uirlisí chun cinn chun go mbeadh ar chumas innealtóirí ionsamhail éifeachtach a chruthú. Tá sé beagnach caighdeánach anois úsáid a bhaint as Matlab. Agus an breiseán chun samhlacha a chruthú, Simulink

Fearacht HiDraw, is le blocanna graifeacha a "scríobhtar" an tsamhail. Sa lá atá inniu ann, is minic go ndéantar an chóras a dhearadh agus a phromhadh laistigh de Simulink agus ansin cód don ríomhaire a ghineadh as. 

Nuair a bhíomar ag obair ar an dtogra ina raibh HiDraw in úsáid againn, bhí ríomhaire cumhachtach ar leith ann, a raibh optamú déanta air chun Simulink a rith. Chiallaigh sé sin go raibh sé indéanta an ríomhaire stiúrtha a chuir "sa lúb" - an ionsamhail a úsáid chun ionchur an chláir a sholáthar, agus an t-ionsamhail féin á stiúradh ag an aschur - na bíoga go dtí na tíreastóir, abair. 

Sula raibh ríomhairí digiteach sách cumhachtach, d'fhéadfaí méid áirithe a bhaint amach le ríomhaire analógach. Ach cé go bhfuil siad níos gaiste, is deacair iad a athrú. Go minic is gá an crua earra a athrú chun an ionsamhail a fheabhsú nó a bheachtú. 

Is mór an chabhair iad na ionsamhail don dearadh agus don iniúchadh. Beidh trácht orthu i míreanna eile!