Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-13

Langsameingehendewerke


Ba chomhla fuascailte an ghreann, greann dóite go minic, do phobal an DDR go háirithe. Is minic cleasaíocht focail i gceist. Agus leasainmneacha díspeagúla. Agus tá cáil ar Bheirlín agus a muintir as urlabhra gasta dímheasúil, an Berliner Schnauze - gob/clab Bheirlíneach. Is leor an focal Schnauze! sa tuin ceart le cuir in iúl do dhuine a chlab a iamh.

Ní cuimhin liom cathain go baileach a bhogamar ó Nonnendammallee go dtí Hennigsdorf. Bhí seilbh ag an AEG ar an áit ó 1992 ach creidim gur i 1994 a bhog muid amach. Bhí mé pósta faoin am sin agus cónaí orainn i Pankow, a bhí cúpla stáisiún S-Bahn ó Hennigsdorf. Baile ar imeall na cathrach is ea Hennigsdorf. Bhí sé scartha ó Spandau ag balla Bheirlín. 

 Le linn an DDR tugadh "Volkseigner
 Betrieb Lokomotivbau Elektrotechnische Werke „Hans Beimler“ Hennigsdorf (LEW)" ar an áit. (Comhlacht ar leis an pobal, monarcha um tógála innill traenach agus teicneolaíocht leictreach). Ba chumannach é Hans Beimler, a throid sa bhriogáid Gearmánach ar son Poblacht na Spáinne. Roimhe sin bhí sé ina mheicneoir ina leithéid céanna de mhonarcha i München.

Is annamh ar tugadh níos mó ná LEW ar an áit. Agus an míniú a tugadh ar sin Langsameingehendewerke. Monarcha atá ag síothlú go mall...

Bhí mórán talaimh san áit, agus seanhallaí agus foirgnimh. Mo chuimhne ná gur chaith muid bliain nó mar sin i bhfoirgneamh reamhthógtha sular bhogamar isteach i sean foirgneamh oifigí a raibh athchóiriú déanta air. Seomra sách mór a bhí agam féin agus Berndt le chéile. Ar an dara urlár measaim. Bhí díon pic an halla monarcha béal dorais nach mór ar aon airde leis an seomra. Ba gheal sin le bheith ag suí in aice le teasra san samhradh. Bhí orainn teacht isteach go luath, na fuinneoga a oscailt go hiomlán agus aer na maidine a scaoileadh isteach. Ansin tar éis tamaill iad a iamh agus na dallóga a dhúnadh go docht. Nó phlúchfaí leis an teas muid.

Bhí proinnteach mór fairsing cúig nóiméad siúil uainn. Lón sách saor ar fáil ann. Ní raibh aon riail faoi, ach shuigh daoine de réir aicme - oibrithe na Blaumänner san halla thall, oibrithe oifige sa halla abhus. Inár baiclí is iondúil a chuaigh muid ann. Le meascán daoine ó thoir agus thiar tharla míthuiscintí scaití. Is cuimhin liom uair oibrí oibrithe ag déanamh clamhsán le Meister an proinntí. Bhí Jägerschnitzel ar an mbiachlár. Gríscín sealgaire. Do fear an Iarthair, b'ionann sin agus gríscín laofheoil le hanlann sealgaire, i. Beacáin coille. Ach sa DDR b'ionann é agus píosa ispíní i bhfuidreamh grabhróga aráin... 

Scéilín scoir grinn. Sular thit an bhalla fiú bhí comhoibriú ar bun idir an comhlacht iompair thiar agus LEW. Bhí corr innealtóir ón BVG thall ag faire na hoibre. Bhí dualgas orthu siúd a bhí ag obair leo tuairisc a scríobh do na péas rúnda - an Staatssicherheit nó Stasi (slándáil an Stáit). Ní raibh mórán le tuairisciú acu go hiondúil. Cúis buartha dóibh sin mar go gcothódh tuairisc thanaí amhrais na bpéas. Cibé, dúirt fear acu le duine ón BVG ar ball go raibh an fhaoiseamh air nuair a dúirt fear an BVG go raibh ar brostú abhaile - bhí sé in ann tuairisciú gur "Chuir Herr A in iúl go raibh ganntanas fíona súilíneach Spáinneach i mBeirlín Thiar".