Ach conas ar tharla bean óg ó oirthear Bheirlín i dtábhairne Éireannach i Kreuzberg ar an gcéad ásc?
Ní hansa.
Bhí Uta cairdiúil le roinnt ealaíontóirí. Tar éis 1989 fuair duine acu deis taispeántas a dhéanamh sa Ghaillimh. San ionad ealaíne.
Chuaigh grúpa mór trasna don vernissage - oscailt, Uta ina measc. Ba cheoltóir í roimhe, ag seinm an Schalmei (arb ionann é agus seamsúr an phíob mór) le grúpa a rinne ceol ó na meánaoiseanna.
Bhíodar ar Árainn. Agus - mura bhfuil dul amú iomlán orm - in Áras na nGael. Áit ar chuala sí ceol traidisiúnta na hÉireann agus thit faoina gheasa. Rud a thug go dtí an Highlander í an oíche úd, le castáil le ceoltóir agus seit cleachtadh píb uilleann a fháil (nach raibh aon dord leo). Píb a chaith i bhfad i mbosca go dtí gur thosaigh Fionn ag foghlaim. Ach sin scéal eile.
B'é Thomas J. Richter an t-ealaíontóir sin. Chuir mé aithne ar a ealaíon i dtosach. Bhí taispeántas aige i gKöpenick, agus bhí iarrtha aige ar Uta grianghrafanna a ghlacadh daoibh. Thionlaic mise í. I measc na nocht is na n-aonbheannach chonaic mé an pictiúr thuas agus thit faoi gheasa. Mheabhraigh sé Éireann dom, go hairithe Bun Machan áit ar chaith mé cúpla saoire sona i lár mo dhéaga.
D'fhiosraigh mé an féidearthacht é a cheannach. Chuaigh Uta i dteagmháil le Richter agus thángthas ar socrú go n-íocfainn as i ngálaí. Tá sé ar an mballa againn ó shin, in árasán Uta i dtosach.
D'éirigh mé cairdiúil le Richter. Tá sé deich éigin bliain níos sine ná mé. Chaitheamar go leor ama ag cíoradh cúrsaí an tsaoil, allagar éadrom aerach.
Having, Rügen 1992
Loch sáile. Giolcacha arda. Cé adhmaid. Bád ceangailte leis. Beirt ann. Iad ag luí siar. Buidéal eatarthu. Ealaíontóir & innealtóir. Ainrialaí & Críostaí. Deoch ag tarraingt scéal. An saol á chíoradh. Bráithreachas. Na biotáille, nó níos doimhne? Fós ní fheadaraím. Ach sheas sé liom lá mo phósta!
(scríofa i dtosach mar mhír litríocht leabhrán lasáin)
(An t-ainrialaí agus an sagart paróiste. Síniú an leabhair)
(Richter agus Uncail liom le linn ár mbainis a ceiliúradh i dteach mo mhuintire)
Bhí teach saoire ag a mhuintir ar Rügen, agus cónaí air i Friedrichshagen gar do Bheirlín. Is iomaí comhrá leathanréimseach a bhí againn. Corr deoch le chéile freisin.
Bhí teach saoire ag a mhuintir ar Rügen, agus cónaí air i Friedrichshagen gar do Bheirlín. Is iomaí comhrá leathanréimseach a bhí againn. Corr deoch le chéile freisin.
Tá cuimhne orm ar an ngreann a bhain sé as m'iarrachtaí iasc ar leith a ithe i mbialann. Ba mhó de chnámha agus craiceann a bhí san iasc ná feoil, agus bhí mé ag streachailt le cothú ar bith a bhaint as!
Faraor, an uair deireanach a d'fhéach mé le teagmháil a dhéanamh leis, nuair a chuir mé scairt ghutháin air ó Éirinn sula ndeachaigh muid sall chun casadh le máthair Uta, ní raibh fonn dá laghad aige buaileadh le duine ar bith. Is cosúil go bhfuil na néaróga go dona aige. Saol corrach aige a d'fhág rian. Éiginnteacht na healaíne, caidreamh deacair le máithreacha a pháistí (bhí sé le bean amháin nuair a chasamar ar a chéile, mac sna luath déaga acu. Ach bean eile aige cheana i ngan fhios agus bunóc ar an slí), díomá polaitiúil leis an dóigh ar slogadh an DDR isteach sa chaipitleachas. Fearacht go leor, bhí dóchas aige go mbeadh an tríú bealach ann idir craos an chaipitileachas agus an chaipitleachas Stáit a thug sóisialachas ar féin.
Cuimhní maithe agam air agus is dócha nach raibh na comhráití gan a dtionchar féin ar mo mheon, cé go bhfuil ár bealaí scartha le fada anois.