Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-04

كوفية

Ó thit ár an 7ú Deireadh Fómhair amach, ag cuir tús leis an mbabhta is déanaí de chogaidh fíochmhar idir Pailistínígh agus Iosraelaigh, tá cúpla alt léite agam sa taz.de a bhaineann leis an iriseoir ag dul i ngleic leis an nós a bhí aige nó aici ina (h)óige keffiyah - éadach cinn na bpailistíneach - a chaitheamh. Cearnóg mhór dubh agus bán agus é bobailíneach. É fhilleadh cúpla uair le triantán a dhéanamh agus a chasadh thart ar do mhuineál.

Bhí sé faiseanta sna hochtóidí agus nóchaidí ag óige iarthar na hEorpa. Is annamh a bhí seasamh polaitiúil i gceist, ainneoin é bheith luaite go tréan le Yasser Arafat, ceannaire PLO, nach raibh tagtha ar aon socrú le hIosrael ag an am. 

Bhí ceann agam féin, a chaith mé leis an seaicéad míleata Iodálach a bhí agam. Fáinne na Gaeilge i gcába an tseaicéid. Tá an seaicéid le feiceáil sa phictiúr thuas, ach is gnáth scaif dubh agus bán atá umam.

Tá cineál de scrúdú coinsiasa á dhéanamh ag na hiriseoirí orthu féin. An raibh siad ag tacú le foréigean, an uair úd? (Nuachtán den eite chlé taz. Tá siad cáinteach ina líne eagarthóireachta ar ghníomhaíochtaí Iosrael, ach ag tacú leis an dtuairim go raibh barbarthacht ar leith i gceist le hionsaí Hamas. Foréigean d'aon ghnó i gcoinne mná agus páistí. Éigniú agus íospart chun an t-alltacht i measc Iosraelaigh a threisiú). 

Éadoimhne na hÓige a bhí i gceist leis agamsa. Bhí sé i bhfaisean, thaithin sé liom, chaith mé é. Tá iarchonn éasca. Ach is gnách le déagóirí iarracht a dhéanamh bheith éagsúil, fearacht gach duine eile...

Níl tuairim agam cá bhfuil an cheirt anois, agus caolseans go gcaithfinn é.