Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-12

F79.3 2712/2713

Uaireanta, chun rud nua a thriail, tá gá le turgnaimh. Mionsraith ab ea an sraith F79.3 a baineadh feidhm as i dtosach chun fréamhshamhlacha éagsúla le mótar AC a thriail. Ní cuimhin liom an bhliain go beacht ar thosaigh mé féin agus Berndt ag obair ar athchóiriú den aonad dúbailte 2712/13. Bhí trealamh nua leictreonaic chumhachta deartha, a bhféadfaí gach áis san aonad a thiomáint leis - ocht mótar. Bhí sé níos éifeachtaí ar bhealaí eile freisin.

Sa bhreis ar sin bhí saineolaí ar teoiricí rialta, an Dr. E. - Christian, sar i bhfad - ag obair ar an dtogra chomh maith, ag dearadh algartaim níos éifeachtaí. An cúram a bhí orainne ná cód a dhéanamh as na halgartaim sin, ar bhealach go mbeadh ar chumas an ríomhaire iad a ríomh laistigh den achar riachtanach ama. I gcóras fíor ama, is ionann freagra mall agus freagra mícheart.

Ní raibh sé indéanta gach gné de na halgartaim nua a chuir i gcrích. Agus d'fhoghlaim mé go leor faoi bealaí éifeachtacha neastacháin. Mar shampla, má tá an uilleann sách beag is ionad luach a shíneas agus a luach féin, más raidian atá in úsáid.

Faoin am seo bhí an sean monarcha i Hennigsdorf ceannaithe ar ais, agus traiceanna promhadh ar fáil ann. Is ann dá réir a rinneamar an choimisiúiniú tosaigh. 

Beirt teicneoir ag obair linn. Tá pictiúr soiléir de dhuine acu roimh mo shiúl inmheánach, ach nílim in ann cuimhneamh ar ainm ceachtar acu. Fear beag maol glanbhearrtha meánaosta. A bhí go minic ag tabhairt uaidh faoin tacaíocht airgid arbh éigin dó íoc as páiste a ghin sé ar bhean i gcaidreamh fánach. Uaithi a bhí an leanbh, ní uaidh - agus anois bhí ar íoc go dtí go raibh céim ollscoile críochnaithe aige... 

Toisc gur turgnamh a bhí ar bun againne, agus gnóthaí níos tábhachtaí ar bun ar na traiceanna promhaidh, is istoíche a bhí formhór na hoibre le déanamh againn. 

An chéad oíche, d'fhéach muid leis an traein a chuir ag bogadh. Lascanna dúnta, cumhacht air, cnaipe tiomána brúite - faic. Tomhais, fiosrú, machnamh. 

Bhí an leictreonaic chumhachta nasctha droim ar ais, agus gan é in ann an sruth a iompar. Ach conas sin? 

Ní hansa. Tá voltais diúltach atá ar an ráille cumhachta ar an Grossprofil. Mar sin féin, bhí an coinbhinsiúin á leanúint an ráille céanna agus rudaí nasctha leis a bheith tarraingthe ag barr an leathanaigh. Ar leathanach áirithe ba bosca a bhí sa leictreonaic chumhachta, agus 4 ceangal air, 1..4.

Ach ba ó chuid eile den gcomhlacht AEG an trealamh leictreonaic chumhachta. Agus ar a léaráid siadsan lean siad an gnáth coinbhinsiúin, i. Voltais dearfach ar bharr an leathanaigh. 

Mar sin, bhí rudaí nasctha mícheart. Chaith na teicneoirí an chuid eile den oíche ag streachailt chun na nascanna a cheartú. Bhí díreach a dhóthain faid sna cáblaí, ach bhain sé allas astu! 

Ní raibh tríú ráille ar an traic promhadh. Bhí sreang lasnairde. Feistíodh pantagraf chun go mbeadh muid in ann oibriú ar an dtraic. Agus rinne muid dul chun cinn áirithe ann. 

Ach is cuimhin liom oíche amháin gur tharla gearr ciorcaid agus gur múch an lasc slándála ag foinse cumhachta an traic. Fágadh sa dorchadas gan cumhacht muid. Agus mar bharr ar an mí ádh, bhí an t-aer comhbhrúite a bhí de dhíth chun an lasc a dhúnadh arís múchta toisc go raibh obair cothabhála ar bun. 

Ní cuimhin liom go baileach an chúis, ach ní raibh an tuga díosail a tharraing amach go dtí an traic muid in ann teacht chomh fada linn - b'fhéidir go raibh na ladhróga ar na ráillí san ionad mícheart, agus iad ag braith ar an aer comhbhrúite freisin. Céard a bhí le déanamh? Chuir an tiománaí fios ar chabhair. 

Chonaiceamar leath dosaen fear nó mar sin ag teacht as an gceo agus dorachadas, barraí cró thar ghuaillí cuid acu. Bhíodar chun iarracht a dhéanamh an traen a bhrí de lámh. Níor bhog sé mórán... Ní raibh le déanamh ach ár gceapa agus meannaithe a bhailiú agus siúl ar ais. D'fhág muid an traein ann go dtí an lá dár gcionn. 

Faoi dheireadh tháinig srian leis an méid a bhíomar in ann a dhéanamh i Hennigsdorf. Ní raibh ar chumas an phantagraf sealadach agus an líne lasnairde an chumhacht a bhí de dhíth a sholáthar. Mar sin, is ar ais i mBritz Süd a bhíomar. 

Ní cuimhin liom aon eachtraí eile. Is cuimhin liom áfach go raibh Jupp tógtha leis an trealamh nua agus an algartaim nua. Bhí fadhbanna roimhe sin leis an coscán leictreach ag cumhacht íseal agus luas ard. Ach chun é sin a mhíniú bheadh orm tochailt go domhain chun na cothromóidí cuí a oibriú amach dom féin. Bhí an réiteach beagáinín níos fearr leis an gcóras nua. 

Ach sin gnó do bhlagmhír eile.