Seomra fada tanaí ab ea teach tábhairne an Highlander. (Ní raibh an úinéir Gearmánach iontach cinnte faoin difríocht idir Éire agus Alba, ach thuig sé go maith go raibh gnó le gnóthú as an téama sin a bheith ar teach óil).
Bhí áirse idir dhá leath an tábhairne freisin.
Teach ceoil chomh maith le teach óil. Bhí ardán beag i gcúl an dara seomra. Is ann a bhíodh na ceoltóirí.
Aoine i Mí Eanáir na bliana 1992 bhí mé suite cois cuntair, ag ól agus súil agam ar lucht an cheoil ar an ardán. Ag baint taitneamh as ceol agus ól.
Ansin tháinig triúr leathanghuailleach ardghlórach isteach agus thóg mar a bheadh balla idir mé agus lucht an cheoil. Cantal orm.
Díreach ar an dtaobh eile den áirse bhí bord bheag cruinn. Bhí beirt fhear óg suite ann agus bean fionn. D'iarr mé cead suí ar an gceathrú cathaoir a bhí saor. Agus radharc ar an gceol uaidh. Fuarthas cead.
Beirt squaddie as Glaschú na fir. Ar seal dualgais i mBeirlín. Bhí airm na gcomhghuaillithe fós i mBeirlín cé nach raibh siad ina gcumhacht gabhálaithe feasta.
Canúint dheacair acu, ach bhí mé óg agus cúpla deoch ólta. Bhí comhrá bríomhar eadrainn. Thug mé faoi ndeara nach raibh an bhean fionn ag caint in aon chor. D'fhéach mé len í a tharraingt isteach sa chomhrá.
Rinne mise talamh slán de gurb den gcomhluadar í. Ach níorbh ea in aon chor. Ina haonar a bhí sí ann, coinne aici le duine de na ceoltóirí (Ostarach mar a tharlaíonn) a bhí le foireann cleachtadh píob uilinn a thabhairt di. Ní hamháin nach raibh tuiscint aici ar chanúint Glaschú, ní raibh an Béarla féin aici.
Bhí comhrá againn, mise i m'fhear teanga. Sula ndeachaigh mé ar mo bhealach abhaile go Spandau, bhí coinne déanta againn dul go dtí an ceolchoirm Scottish Folk festival a bhí le bheith i gceoláras ardscoil an cheoil, an HdK.
B'fhéidir seachtain dar gcionn casadh ar a chéile muid i gcaife chun greim bia a chaitheamh roimh freastal ar an gceolchoirm. Catherine Anne McPhee, an grúpa Poozies arbh leath acu an grúpa Sileas agus boscadóir Phil Cunningham.
Áit mór is ea an ceoláras agus bhí dhá mhíle ticéad díolta. Is cuimhin liom Catherine Anne McPhee ag rá gurb daonra ceann de na hoileáin thiar sin, agus nár chan sí d'oileán iomlán cheana....
Bhaineamar ard taitneamh as an oíche. Ní cuimhin liom go baileach conas ar tharla siúl agus cnoic a bheith faoi chaibidil againn, ach ar dhóigh éigin rinneamar socrú dul ag siúl le chéile sa tSeic, nach raibh ach cúpla uair an chloig ar an traein ó Bheirlín. Bhí Uta ag obair leis an Reichsbahn, ag díol ticéid i stáisiún Lichtenberg, as ar imigh na traenacha soir. Bhí sé indéanta dul soir oíche Aoine, siúl ar feadh an deireadh seachtaine agus filleadh tráthnóna Domhnaigh.
Tugtar an Eilvéis Seiceach ar an gceantar gaineamhchloiche seo cois Elbe agus an Eilvéis Sacsanach ar an taobh eile den teorainn. Áit mór turasóireachta agus siúl. Bhí taithí mhaith ag Uta ar an gceantar. Níl mé céad faoin gcéad cinnte faoin dturas a thóg muid an chéad uair sin, mar d'fhill muid ar an gceantar céanna go minic ina dhiaidh sin. Ach bhíomar i dteach tábhairne i Rynartice oíche Sathairn.
Ag an am, bhí mise ag séanadh dom féin go raibh dúil agam i gcaidreamh níos doimhne ná cairdeas. Bhí mé fós íogair ó bheith dumpáilte agus níor theastaigh uaim dul sa tseans arís. Nó b'shin mo thuairim comhfhiosach. A bhí curtha in iúl agam.
Ach an tráth úd de mo shaol, bhí mé trom ar an ól. Agus is amhlaidh go mbeinn ar meisce sular thuig mo chomhluadar go raibh mé ar shiúl. Bhíodh bearnaí i mo chuimhne go minic tar éis babtha óil mar sin.
Bhíomar sa teach tábhairne bríomhar i Rynartice, béile caite againn agus muid ag ól. Tá nós sa Tseic an chéad beoir eile a thabhairt gan iarraidh murar chuir tú in iúl go raibh do sháith ólta agat. Seans freisin go raibh cúpla ceann gairid agam leis an tábhairneoir. Leska ab ainm dó, agus "U Blechů" (Chun an dreancaid) ar an tigh.
Ar aon nós, is cosúil mé ró ólta agus níor scaoil lucht an Pension isteach muid. Ar ámharaí an tsaoil bhí málaí codlata againn. Agus foscadh bus, tigín, i lár an bhaile. Is ann a dhúisigh muid an lá dár gcionn....
Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig Uta chun cainte liom. Iarraidh fáil amach go díreach cad a bhí ar intinn agam. Is cosúil go ndearna mé suirí léi an oíche úd. Ach mé fós amhrasach agus mé comhfhiosach.
Ghéill mé.
Ba chaidreamh de chineál eile a bhí anseo, ar aon nós. Bhí níos mó i gceist ná ól agus suirí. Bhí spéis sa cheol, san siúl agus sna leabhair againn beirt. Agus in ól tae...
Murach gur ól sise fiche toitín isló...
Bhí mé fós amhrasach faoi an mbeadh ar mo chumas mo shaol a roinnt le duine nár roinn mé creideamh leo. Ach thosaigh muid ag siúl amach cibé.
Sna 90í, nuair nach raibh fón póca ann, bhí orainn bheith eagraithe. Bhí Uta ag obair sealanna, oícheanta agus deirí seachtaine san áireamh. Árasán aici i Prenzlauer Berg. Gan líne talún, fiú. Mise i Spandau. Bhí teileafón agamsa. Is minic a chas muid ar a chéile, leath bealaigh idir an dá áit. Savignyplatz. Bhí bialann Iodálach faoi áirsí an iarnróid a dhéanadh cloicheán in anlann trátaí, agus arán leis. Blasta.
Bliain bhisigh ab ea 1992. Ar an 29ú Feabhra bhíomar san Oscar Wilde i lár Beirlín, in éineacht leis na hÉireannaigh eile. Bhí comhghleacaí mná ollscoile linn thall as Éirinn. Dúirt sí le hUta go raibh nós ann go bhféadfaidh bean forrán pósta a chuir ar fear ar an 29ú.
D'fhreagair mé b'fhéidir...