Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-12

Ag suirí le d'iníon

Nuair a bhí mé ag siúl amach le mo shonuachar anois, bhí níos mó ná an ghné collaí i gceist. Bhí spéis san siúl againn araon. Bhí spéis sna leabhair againn, cérinneacháin go háirithe. Bhí spéis sa cheol againn. Bhíomar sásta i gcomhluadar a chéile fiú gan a bheith ag suirí (cé go ndearna muid neart de sin).

Chaith muid roinnt mhaith deireadh seachtainí san Eilvéis Boihéamach, measaim go bhfuil blagmhír dá chuid féin dlite do sin.
Shiúl muid roinnt i mBrandenburg freisin, go dtí Rheinsberg agus áiteanna eile. Agus thaisteal muid suas go dtí an Muir Bhailt - oileáin Rügen agus Hiddensee. Thug muid turas amháin go dtí ceann de na hoileáin san Muir Thuaidh - Borken, creidim. 

Chuaigh muid ag amharc ar scannáin. Bhí neart pictiúrlanna beaga, bídeacha fiú, i mBeirlín agus scannáin neamhghnácha le feiceáil iontu. Chonaic muid Zorba an Ghréagach. Thaithin ceol Theodorakis liom, ach n'fheadar faoin scannán. Chonaic muid Insel der Schwäne, scannán faoi déagóir a thagann ón tuath go Beirlín lena theaghlach chun cónaí i gceann de na bloc árasáin nua. Tharraing an scannán achrann ar lucht a dhéanta... 
Radharc as Insel der Schwäne. 

Agus chuir mé aithne ar a gaolta. Rud a raibh castacht áirithe ag baint leis. Scar a tuismitheoirí nuair a bhí sí ann óg. Bhí beirt iníon acu, agus d'fhan Uta lena máthair. Chuaigh a deirfiúr leis an athair a phós arís. Saol cineál Luaithríonach a bhí i ndán di siúd. Beirt leasdeartháir aici. "Mein Erzeuger", i. An té a ghin mé, a thugann sí ar a hathair bitheolaíochta. Tá teagmháil fós eatarthu ach ní mórán é. Bheadh níos lú is dócha murach gur casadh ar a chéile í féin agus a deirfiúr de thaisme ar shráideanna Bheirlín. 

Ceathrar clainne ar an deirfiúr. Triúr athair de bhunadh na hAfraice eatarthu. Caidrimh nár mhair, na fir ag teacht i dtír uirthi go pointe. Fadhbanna cead cónaithe acu freisin. Saol deacair. Cónaí uirthi i mbloc árasán ard i Marzahn nuair a chuir mé aithne uirthi i dtosach. Ar ball bhog go Altbau (foirgneamh sean) i Treptow. Árasán a bhí roimhe ag Heide agus Sascha. Níos compórdaí go mór. 

Fear eile a thugann sí athair air, an té a bhí pósta ar a máthair formhór a leanbaíochta. Manfred N. Fear ard léannta, sáite i gcúrsaí cultúir. Eisean é féin bogtha ar aghaidh agus in éineacht le bean eile, Gisela. Eolaí. Árasán mór i Friedrichstraße acu, lán de leabhar. Teach a muintire sise i Zeuthen mar a raibh clann Gisela agus a máthair fós ina gcónaí. Cúram na mathrach orthu ar ball, agus ansin bhog siad isteach sa teach Cois Locha. Opina, leagan de Opa (Daideo) a thugann muid ar Gisela fós. Tá Manfred ar shlí na fírinne ó 2006. I gcuimhne air a bhaist muid Frederike ar an duine is óige dár gclann. 

Bhí leasdeartháir cúig bliana déag níos óige ag Uta, ó chaidreamh sealadach a bhí ag a máthair. Caidreamh maith aici leis. É sna déaga an tráth sin agus é soiléir go mbeadh sé ina fhathach ar ball! Tá sé thar an dá méadar ar airde anois. 

Bhí máthair Uta an uair úd i gcaidreamh le fear darbh ainm Sascha. Duine deacair nár réitigh mé féin ró mhaith leis. Beag. Bíonn fir bheaga nach mór i gcónaí achrannach i mo thaithí. Phós siad thart ar an t-am céanna linne ach scar go nimhneach tar éis deich mbliana nó mar sin - bhíomar in Éirinn faoin dtráth sin. 

Thuas seal thíos seal a bhí mo ghaol le máthair Uta, go háirithe nuair a bhí Sascha sa phictiúr. Má bhí seisean míshásta faoi rud éigin a dúirt nó a rinne mise, ise a chloisfeadh an racht. Agus a leagan seisean den méid a thit amach... 

Tá sí in aontíos anois le roinnt blianta le fear darbh ainm Manfred. Duine gnaíúil, réitím go maith leis. Agus mo chaidreamh le mo mháthair céile feabhsaithe freisin! 

Chuir mé aithne freisin ar a Mamó. A rugadh i Dresden i 1911. Agus ar mhair tríd an dara cogadh mór ann, agus an scrios a himríodh ar Dresden. 
Ní raibh sí pósta ar athair Heide, mo mháthair céile. Ba amhránaí í agus b'aisteoir eisean. Chaith Heide go leor dá leanbaíochta ar altram. Bhí cónaí uirthi fós i nDresden nuair a chuir mé aithne i dtosach uirthi. Ar an ndrochuair bhí sí bodhar go maith an uair úd agus ní raibh ar ár gcumas mórán ceart a bhaint dá chéile. 
Tic tac Oma a thug mo chlann uirthi. (imeartas focail. Uroma = sin seanmháthair. Uhr = clog) Mhair sí go haois 105. Is cuimhin leis an té is óige de mo chlann muid a bheith ag brú a cathaoir rotha ag rásaíocht le Fionn ar cothrom céad bliain a lae breithe...