Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-09

Mac na dea-mháthar


Trí daoine a déantar duine den nduine. 
Umntu Ngumntu Ngabantu.
                                 Seanfhocal Xhosa 

Níl mórán ceist faoi gurb í mo mháthair an duine is mó a mhúnlaigh mé, ag tús mo shaol ach go háirithe. Ba oidí scoile a tuismitheoirí, a hathair ó Ciarraí agus a máthair as Ros Comáin. Bhíodar ag múineadh scoile i mBaile Uí Mhatháin agus is ann a tógadh mo mháthair. Chuaigh sí féin go Dún Carúin agus bhain amach cáilíocht mar bun mhúinteoir. Chaith sí seal sa Sorbonne freisin. Casadh m'athair uirthi agus í fós ag Dún Carúin. 

Fad is a bhí m'athair ag críochnú a chéim san ceimic istoíche agus ag obair sa lá, chuaigh mo mháthair chun oibre san tSaimbia. Dhreap sí Kilimanjaro agus í ann. Agus casadh Banphrionsa uirthi, agus snaidhmeadh cairdeas. Bhí bráisléad eabhair aici toisc an gradam a thug an cairdeas di. 

Ba í an t-aon duine geal ag bainis a cara, mura bhfuil dul amú iomlán orm. Bhí a cara in Éirinn nuair a pósadh í féin. 
Faoin am a rugadh mise, ba bean tí í. Ach ba oideachasóir fós go smior í agus oiliúint ar leith aici i gcóras páiste lárnach Montessori. Rud a chuaigh chun tairbhe domsa. Ní cuimhin liomsa é, ach caithfidh sé go raibh sí ag múineadh scaití. Bhí leabhar a léigh sí chomh minic dom go raibh sé de ghlan mheabhair agam. Bhí mé léi sa rang ar chúis éigin. Thóg mé amach an leabhar agus thosaigh ag "léamh" os ard, ag baint siar as na daltaí... 

Ar ball agus ar feadh blianta fada bhí naíscoil dá cuid féin aici sa gharáiste a raibh claochlú déanta air. Cleachtas Montessori curtha i bhfeidhm agus a cumas roinnte le i bhfad níos mó páistí ná a clann féin. 

Is mé an duine is sine de deichniúir, ach go bhfuair mo dheartháir is óige bás in aois a sé seachtainí. Tá scór bliain idir mé is mo dheirfiúr is óige. Tá bearna trí bliana idir mé agus mo dheirfiúr is sine. Uchtaíodh ise, toisc gur shíl mo mhuintir gurb fhéidir nach raibh breis clainne i ndán dóibh! Athair ón Ind a hathair nádúrtha, agus scéal léanmhar ag a máthair sna luath seachtóidí. Ach ní mo scéal é sin le hinsint. Ar ámharaí an tsaoil d'éirigh le mo dheirfiúr teacht ar a máthair breithe roinnt blianta roimh bás mo mháthar, agus casadh na máithreacha ar a chéile. 

Ní raibh mé buíoch de agus mé óg go bhfuair mé oiliúint in obair tís, in athrú agus glanadh clúidíní cáidheacha agus i gcócaireacht. Ach sheas sé liom. Bhíomar in adharca a chéile uaireanta, mise falsa agus mo mháthair ag iarraidh obair chríochnúil. Maidir le clúidíní, ainneoin an fhadhb bruscair a chruthaíonn siad ní mór dom admháil gurb faoiseamh dom é nuair a tháinig Pampers aon uaire in áit na clúidíní cadáis arbh éigin an chac a sruthlú síos an leithreas astu, agus ansin iad a chur ar maos i leacht aimridithe. Deacair cuimhní mí-chumhra an chúraim a dhíbirt... 

Bhí cumas measartha cócaireachta agam sular bhog mé amach ón mbaile, ag tosú le béilí simplí (do theaghlach mór) sna luath déaga. 

Chuaigh mé chun na Spáinne an samhradh a bhí mé a naoi. Nuair a d'fhill mé, bhí miasniteoir ceannaithe - cúram a bhí orm roimhe. D'fhan cúram na bpotaí orm. Tá an ghráin agam ó shin ar leite. Pota leite na maidine ar maos i rith an lae, le glanadh tráthnóna. Liath, sleamhain, fuar... 

Ba oiliúint chun neamhspleáchas a bhí ann, agus ullmhúchán den scoth do thuismitheoireacht. 

Rinne mo mháthair gach iarracht cumas ealaíne a mhúscailt orm. Chuir sí mé ag péinteáil tírdhreach sléibhe a bronnadh ar ball ar Uachtarán na hÉireann! Mac deirfiúr le Cearbhall Ó Dálaigh m'athair agus chuaigh muid go dtí Áras an Uachtaráin lá mo chéad comaoineach. 

Deirtear gurb iad 
Na trí súil is géire amharc: 
Súil saoir ar chloch,
Súil cait ar luch 
Agus 
Súil sean-mhná ar mnaoi a mic. 

Casadh mo mháthair agus mo chéile anois ar a chéile sa Róimh i Bealtaine 1992. Ach ní raibh aon teanga i gcoitinne acu. Bhí mo mháthair amhrasach de bharr an difear mór inar gcúlraí cultúrtha, agus de bharr gur shíl sí mise a bheith thar a bheith saonta. (Bhí). 

Ach d'fhás meas agus cion eatarthu in imeacht ama. 

Thóg sé roinnt blianta ar mo nuachar bheith compordach lena Béarla nua foghlamtha, agus nuair a tháinig mo mháthair agus deartháir liom ar cuairt i 1993, bhí orm fós bheith i m'fhear teanga. Ach tá sé dodhéanta gach blúire fánach a aistriú - ach tá claonadh san duine glacadh leis gur faoi féin agus díspeagthach atá an gcaint nach dtuigeann sé.... 
(Mo mháthair i ngreim láimhe le dealbh Friedrich Engels os comhair an Volkskammer - Parlaimint an DDR. Tá sin leagtha ó shin agus Marx agus Engels bogtha). 

Sciob an ailse mo mháthair uainn i 2018, cé gur mhair sí níos faide ná mar a shíl dochtúirí, thuas seal thíos seal ar feadh roinnt blianta. 

Mhair sí chun cothrom lae a pósta leathchéad bliain roimhe a cheiliúradh. 

An oíche a bhásaigh sí, bhí mise tar éis an ospís a fhágáil chun dul abhaile do briseadh beag. Bhíomar ag brostú ar ais, áit éigin ar an M50 nuair a fuair mé an whatsapp go raibh sí imithe uainn. Chaith mé an oíche sa seomra lena corp agus le m'athair. 

Cúis sásamh agus sóláis dom go raibh ar chumas mo chlainne ceol, idir clasaiceach agus traidisiúnta, a sheinm ag sochraid agus san reilig. Ómós a thabhairt ar dhóigh nach mbeadh ar mo chumas féin. 

Leaba i measc na naomh go raibh aici. Murach í is lú go mór an fiúntas daonna a bheadh ionamsa, a céad ghin.