Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-04

A3L92

Agus mo phrintíseacht, mar dhea, curtha isteach agam ar F90/92, bhí sé in am don Gesellenstück. (píosa oibre a léiríonn go bhfuil a cheird foghlamtha ag ceardaí). Sraith U-bahn don Kleinprofil ab ea A3L92. Go teoiriciúil, ba ionann an trealamh, an ríomhaire agus an bogearra. Bhí de dhifear ann go raibh Siemens i gceannas seachas AEG. Agus F90/92 ag obair go maith, níor cheart go mbeadh dúshlán ag baint leis an gcoimisiúnú. Maith go leor, cionn is go raibh na tolláin níos lú, bhí eagar éagsúil ar an trealamh, níos lú spáis faoin traein don leictreonaic chumhachta agus trealamh eile.
Ach, go teoiriciúil is beag difear a dhéanfadh sé sin ná an meáchan éagsúil. Go teoiriciúil. Mo chuimhne, bhí difear eile - ag brú anuas a bhí an tiomsaitheoir srutha ar an trí ráille. Agus voltais dearfach ar an ráille seachas diúltach mar a bhí i gcás F90. 

Bhí roinnt réamhoibre le déanamh sa mhonarcha inar tógadh na traenacha, agus mé féin agus teicneoir Andreas, duine óg, ina bhun. Ní raibh aon morfhadhb leis sin. Ach ar leibhéal pearsanta ní raibh caidreamh ró mhaith eadrainn. Níor oibrigh an cheimic, mar a deir an ceann eile. Sin déanta, ar aghaidh linn go dtí an Betriebswerkstatt Grunewald. Atá lámh leis an Olimpia Stadion. Áit a raibh cluichí 1936 a reáchtáil. Tá sé fós in úsáid mar staid spóirt.

Tógadh an BW i 1913, nuair a bhí borradh faoin U-bahn i mBeirlín. Foirgnimh ealaíonta brící. Tá ag teip orm aon phictiúir le dealramh a aimsiú. Bhí tiománaí ar leith ag tiomáint na traenach. Feicim a aghaidh fós i mo chuimhne, ach tá a ainm dearmadta. Níl an jóc graosta a d'inis sé dom. Mhaigh sé gurb cruthúnas iad na litreacha BVG ar a éide, faoin bhéar cathair Bheirlín, gur baineann a bhí an béar. Bin vorne gespalten an brí leo, dar leis, i. Táim scoilte chun tosaigh.
Bhí cúpla teicneoir de chuid an BVG ag obair liom freisin. Ag an tús bhí bean ina measc, ach fuair sise deis obair sealanna a dhéanamh ar phá níos fearr, agus d'imigh sí. Ingo ab ainm don teicneoir sinsir. Ní cuimhin liom ainm an duine eile, ná an cuma a bhí air. Foirgneamh réamhdhéanta mar oifig againn - cé go raibh foireann ón BVG ag obair liom bhí fós na srianta céanna i gceist maidir le teacht ar an traic promhaidh. Is dócha gurb fhearr go raibh an mbean bailithe léi - bhí na leaideanna tar éis pictiúir de mhná nochta a chrochadh ar na ballaí. Ní raibh mé ró thógtha leis sin. (Measaim féin go raibh an bantarcaisne láidir go maith i measc fir sa Ghearmáin ainneoin a fhorásaí is a bhí an tsochaí, sílfeá). 
Ach nuair a chuaigh muid amach ar an traic promhaidh don gcéad uair - tubaiste. Bhí an voltais agus an sruth a bhí á mheas againn ag léim agus ag crith. Toisc go mbíonn baint ag sruth 50 Hz le córas comharthaíochta an iarnróid (ábhar mír eile sin) tá trealamh ann a scaireann an traein ón leictreachas má tharlaíonn sé go mbíonn barraíocht den sruth le minicíocht 50hz. Scaradh ón cumhacht an traein. Arís is arís. 

Fear Siemens meáite de go raibh fadhb tromchúiseach éigin sna bogearraí rialála. Go raibh an córas ag cruthú an gleo seo. Gurb orainne an locht. An teicneoir Andreas ag tacú leis. Míchompordach domsa. 

Faoi dheireadh, tháinig mé - nó b'fhéidir, ní cuimhin liom anois duine de na hinnealtóirí ar ais san oifig ar smaoineamh. Bhí dhá aonad stiúrtha i ngach traein. Ba cheart go bhfeicfeadh siad araon an voltais céanna. Mar sin, dá choscfadh muid ceann acu ó rialú agus amharc ar an voltais a thomhas sé, bheadh fhios éigin againn cá raibh an fhadhb. 

Chuir mé comharthaí voltais ón dá ríomhaire lámh lena chéile ar an trealamh tomhais. Agus féach, bhí an voltais san aonad nach raibh ag tiomáint i bhfad níos glaine. Bhí gleo éigin ann, ach b'shin toradh ar an ríomhaire eile ag iarraidh rialú de réir an voltais a bhí á thomhas aige. 

Cad sa diabhal a bhí ar bun? 

Bhí na braiteoir chun an voltais a thomhas ag brath ar éifeacht Hall. Sé sin, leathsheoltóir a bhí i gceist. Cruthaíonn sruth i sreang réimse maighnéadach. Bíonn éifeacht ag an réimse maighnéadach sin ar an sruth (eile) tríd an leathsheoltóir a bhí ina fháinne thart ar an gcábla. As sin d'fhéadfaí sruth, nó le beagán trealamh breise, voltais a thomhas. Ach bhí ionduchtóir mór mar chuid den dtrealamh freisin. Agus nuair a chuaigh sruth tríd sin, chruthaigh sé réimse maighnéadach láidir. Ba léir go raibh na braiteoirí ró ghar don ionduchtóir. Toradh ar an laghdú spáis faoin dtraein. (Ba ar Siemens an locht tar éis an tsaoil!). 

Níl fhios agam anois cé mhol an réiteach simplí. Is i dtreo áirithe a thomhaiseann an leathsheoltóir an sruth. Dá gcasfaí an braiteoir 90 céim, b'fhéidir nach mbeadh an éifeacht ag cuir as dó. Agus ní raibh... 

Scríobh mé cheana faoin obair a rinne mé ar rialaitheoir greamaitheachta. Thóg sé sin tamall maith eile... 

Ar lean...