Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-07

Babylon Gaeilgeoir? Gaeilgeoirí Bheirlín



Ní raibh oiread sin teagmháil agam le Gaeilgeoirí, i gciall ar bith den fhocal achrannach sin, agus mé ag fás aníos. D'fhreastail mé ar Scoil Bhríde i Raghnallach go dtí Rang 2. Bhog mé go Scoil Lorcáin ansin, toisc nár ghlac Scoil Bhríde an uair úd le buachaillí tar éis Rang a 2. Bhí Bríd Ní Concheannain mar múinteoir agam i Rang na naíonán bheaga. Agus Treasa Ní Ailpín ansin. Ní cuimhin liom aon múinteoir eile i Scoil Bhríde. 

(Nuair a d'fhill mé ar Éirinn i 2000 lonnaigh muid i dtosach i mBré. Tharla sé gurb í Bríd a bhí ina príomhoide ar Scoil Chualann. Treasa a mhúin mo mhic sna naíonáin bheaga!) 

I Scoil Lorcáin bhí Pádraig Ó Méalóid agam i Rang 3. Iníon Uí Mhaoláin sílim a bhí ar múinteoir rang 4. Bean teasaí taghdach de réir mo chuimhne. Chailleadh sí an bloc agus thosaíodh ag tabhairt leasa do bhuachaill éigin a chuir soir í. Le slat méadair mór adhmaid... Séamus Ó Concheanainn a bhí agam i Rang a 5. De réir mo chuimhne, fear ard tanaí, croiméal liath. Mac leis in aon rang liom. Is cuimhin liom é ag tarraingt m galánta Gaelach agus ansin m mínéata ach in aon líne amháin, an dara ceann níos fearr dá bharr sin, dar leis. Bean Uí Dhufaigh i rang 6. Bean Carwood an príomhoide. Mo chuimhne ná bean íseal. Éidí dubha, buataisí, smidiú. Ní cuimhin liom mórán teagmháil léi. Proinsiasach a thagadh ag éisteacht faoistine, an tAthair Cathaldus. 

Ba i foirgneamh "sealadach" a bhí na ranganna agamsa, bhí scoil nua tógtha ach níorbh leor é. Bhí alltacht orm nuair a thug mé cuairt ar an scoil roinnt blianta ó shin chun labhairt faoin innealtóireacht. Bhí an rang ar thug mé cuairt air san seomra céanna a bhí mé ann i Rang a 4. Seachas clár bán, bhfacthas dom nach raibh mórán athraithe. 

Ghlac mé páirt i bhfeiseanna. Ní raibh guth ceoil agam, ach bhí caint. Is cuimhin liom páirt seanduine a bheith agam i ndráma. Agus M'asal beag dubh le Pádraig Ó Conaire a chuir de ghlan mheabhair agus a aithris. 

Bhí duine de mhuintir Mhic Con Iomaire in aon rang liom, Máirtín. Bhí an deartháir is ciúine de mhuintir Snodaigh, Cormac. Roinnt eile ó theaghlaigh a tógadh le Gaeilge. Bhí i bhfad níos mó dá leithéidí i Scoil Lorcáin an uair úd, ná mar a bhíonn i ngaelscoil anois, agus abhantrach na scoile ana-mhór. Ní muide amháin a bhíodh ag dul abhaile ar bhus a 17, a thug camchuairt seachránach ón Carraig Dhubh go dtí An Carnán. 

Chuaigh beirt eile ó Scoil Lorcáin ar aghaidh go dtí an meánscoil Béarla ar fhreastal mé air - Rockbrook. Scoil a bhfuil an taobh spioradálta faoi chúram Opus Dei. Bhí an triúr againn sa rang onóracha Gaeilge, agus duine amháin eile le cois. Bhí aithne ag ár múinteoir ar Máirtín Ó Direáin, agus tháinig sé chun cainte linn bliain na hardteiste. Ní dóigh liom go raibh an luach agam ar an deis sin an uair úd agus a bheadh anois. Ná baol air. 

Is i gcumann sóisialta agus siúlóide Gaeilge, Cumann Aisling, a casadh mo thuismitheoirí ar a chéile. Is cosúil gur cumann cleamhnais a bhí ann freisin, mar bhí leathdhosaen teaghlach nó mar sin i measc cairde mo thuismitheoirí a chas ar a chéile ansin agus a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge nó go dhá theangach. Thugaimis cuairt ar a chéile, agus bheadh Gaeilge éigin ar bun. 

San ollscoil, idir gan a bheith lonnaithe i mBelfield agus bheith ró ghafa leis na gasóga, níor ghlac mé páirt i saol na Gaeilge. 

Ach ba chuid tábhachtach de m'fhéiniúlacht a bhí ann. Agus meabhraíonn imirce féiniúlacht do dhuine, go háirithe na gnéithe a mbeidh sé deacair teacht orthu. Sular fhág mé Éireann in aon chor, d'fhiosraigh mé le hollscoil na Gaillimhe faoi Ghaeilge i mBeirlín. Bhí tuairim agam go raibh a leithéid sna hollscoileanna thall. Fuaireas ainm. Ní cuimhin liom an t-ainm anois, ach bhí sé bainteach leis an Freie Universität i mBerlin Thiar. D'éirigh liom teagmháil a dhéanamh leis, ach bhí sé ar scor cheana féin agus an cúrsa ansin thart. Chuir sé i dteagmháil mé le Martin Rockel in Ollscoil Humboldt, Ollscoil mar a mbíodh Pokorny ina ollamh. Ba fo-rannóg de chuid an Roinn Béarla a bhí ag Rockel, agus é féin beagnach ar scoir. Ba sa Bhreatnais is mó a bhí a spéiseanna taighde ach bhí Gaeilge ar bun agus léachtóirí fáin ag teacht. Ní dóigh liom gur casadh Rockel riamh orm. Níor bhunaigh mé aon teagmháil ceart le cleas na hOllscoile. Chuir mé aithne ar mhac léinn amháin, Alex M, agus chas mé air cúpla uair chun pionta a ól. Ní raibh mórán Gaeilge aige áfach, é ag foghlaim. Ach tríd casadh George Broderick orm - uair amháin, measaim, ach b'fhéidir cúpla uair. An t-aon chuimhne atá agam air ná é ag tarraingt m'aird ar an gcosúlacht idir "Beir bua" agus "Sieg Heil" na Naitsíoch. Casadh Brian Ó Broin orm cúpla uair freisin nuair a chaith sé tréimhse ag teagasc ann. Rannóg a bhí, dar leis, tugtha do Bhreatnais. Breatnais do seo, siúd agus eile. Casadh Úna Nic Gabhann, a raibh Caife Úna aici in íoslach na comhdhála ar ball, orm tríd sin freisin. 

Ní go rómhaith a d'éirigh leis an seift sin chun deiseanna Gaeilge a chruthú. 

Bhí dhá iris ar díol gach coicís i mBeirlín le heolas faoi gach rud faoin spéir a bhí ar bun go cultúrtha. Zitty ceann acu, níl ainm an chinn eile ag teacht chugham. Bhíodh zitty á fháil agam chun fáil amach faoi cén ceol a bheadh i gcén tábhairne. Tá tuairim agam gur tríd sin a fuair mé i dteagmháil le Niamh. Tríthi siúd fuair mé an deis freastal ar léamh filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill, agus léamh próis le Hugo Hamilton - i bhfad sular scríobh sé Na Daoine Breaca. Tá cuimhne agam ar an ateangaire bheith ag gearradh trasna ar Nuala chun nach mbeadh barraíocht le haistriú aici. Cheannaigh mé Feis agus úrscéal Béarla faoi Bheirlín. Ach ba leispiach í Niamh agus mise i mo Chaitliceach caomhach ar bheagán taithí ar an saol. Ní raibh bunús ar bith do chairdeas ansin. Ní dóigh liom gur casadh arís ar a chéile muid. 

Bhí teileafón agam, agus eolaire teileafóin dá réir. Bheartaigh mé glaoch ar aon Ó, Mac, Nic nó Ní a d'aimsigh mé ann. 

Is tríd sin a casadh Pádraig Ó Dochartaigh orm, agus beirt eile. Mac Riabhaigh a bhí ar dhuine acu. Ailtire, duine dáiríre. Níor bhaineamar mórán ceart dá chéile. Mac Liam sílim ar an duine eile, é i bhfad níos sine. Casadh ar a chéile cúpla uair muid. 

Ach seachas le Pádraig, a raibh mac aige ar ball ar chomhaois le mo mhic féin, ní raibh mórán teagmháil leis an nGaeilge agam. Bhí lámh ag Pádraig ar ball i mbunú Craobh de Chonradh na Gaeilge thall, agus baint aige fós leis creidim. I bhfad níos fusa a leithéid eagrú in aois an idirlín. Bíonn sé le clos ar RnaG scaití freisin nuair atá scéal ón nGearmáin faoi chaibidil. Le Deutsche Welle atá sé féin, más buan mo chuimhne. 

Tá meathchuimhne agam ar roinnt comhráite le siúinéir as Conamara cgl.

Nuair a tháinig an t-idirlíon chun cinn, rinne mé cúpla iarracht Gaeilge agus Beirlín a chuardach. Casadh Meiriceánach amháin orm, Tonio, a bhí ag dul do theangeolaíocht na Gaeilge. Ní raibh mórán Gaeilge labhartha aige áfach, agus is Béarla a labhair muid nuair a casadh ar a chéile muid. 

Bun agus barr an scéil - ní leor an Ghaeilge léi féin le caidreamh a chothú!