Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-02-10

Binn Uamha


Le déanaí nílim ag codladh ach roinnt uair an chloig san oíche, ach fós lán fuinnimh. Roinne mé roinnt taighde faoi siúlóidí i mBéal Feirste roimh dul ó thuaidh agus shocraigh mé go dtabharfainn faoi Bhinn Uamha, toisc go raibh lúb shiúlóid marcáilte air. Bhí bricfeasta ar fáil san óstán ón a seacht ar aghaidh, agus bhí mo mhála droma pacáilte le mo chip is meannaithe roimh ré. D'ith mé mo sháith agus bhuail faoin siúl. Bhí thart ar cúig ciliméadar le siúl agam roimh an chnoc a shroicheadh corr ar bith, mórchuid de ar bhóthar fhada díreach gan casadh Aontroim. Ag dul in aghaidh fána. Bhí sé fós ana chiúin ar maidin Sathairn. Ní raibh aon chaill ar an siúl bóthar dá réir seachas a chruas ar na bonnachaí. 
Shroich mé an páirc timpeall ar an gCaisleán agus faraor bhí ceo trom ann. Bhí an cosán marcáilte go breá soiléir áfach agus ní raibh deacracht é a leanúint. Ach ba léir nach raibh mé chun an radharc ar Bhéal Feirste a shantaigh mé a fháil. Bhí bonnán na long sa chuan le clos, iadsan sa cheo freisin.

An long mhór
Do lig fead
As simléar liath
Glan línteach
Cuireann as faí
Ó Loch lao
Long mhór mara
Sa cheo. 

Shroich mé an log domhain ar a dtugann siad babhla puins an diabhal. Ní fhaca mé ceachtar acu puins ná diabhal. Ach seans go dtarraingíonn ceann ceann eile). 

Bhí mé in ann Uaimh amháin a fheiceáil ar leataobh ón gcosán. Dhreap mé suas chuige ach níor bhac mé le dreapadh go béal na huaimhe - ró mhín, agus sleamhain sa cheo. Tá breis uaimheanna ann, ach ní fhaca mé iad. Ceilte sa cheo. Cúis filleadh. 

Ar aghaidh liom go Dún Mhic Art. Murach an ceo bheadh ana radharc ann, ach ní raibh cosúlacht dá laghad ar an gceo go raibh sé chun ardú. Bhí bean ann tar éis brostú suas toisc súil a bheith aici go mbeadh inbheartú aimsire ann, agus go mbeadh barr an chnoic os cionn na scamaill. Bhí díomá i ndán di. 

Lean mé ar aghaidh ar an lúb. Nuair a bhí barr an chnoic bainte amach agam d'fhiosraigh mé an bealach go dtí an Cultúrlann ó Google.

Bhí thart ar cúig ciliméadar eile de siúl bóthair romham. Bhí sé fós ciúin gan mórán tráchta, agus ní raibh orm dul tríd aon cheantar le liarlóga dearg bán gorm - údar faoisimh. 

Nuair a shroich mé an bóthar chonaic mé go raibh an ceo scaipthe ón gCnoc. Ach ní raibh fonn orm dreapadh arís. 

Bhí súil agam go mbeadh roinnt de na Gaeil romham sa Chultúrlann, ach cé go raibh an bialann gnóthach go maith ní raibh éinne de mo lucht aitheantais ann. 

Bhí babhla anraith brocailí agus cáis ghorm agam agus mias stobhach. Bhí sé blasta agus goile maith chuige ormsa tar éis 17 km de shiúlóid. 

Nuair a bhí ite agam ar mo shuaimhneas (agus cúpla leabhar ceannaithe sa gCeathrú Poilí) ní raibh le déanamh ach cúpla ciliméadar eile a shiúl isteach go Sráid Gleann Gall agus bus 14:20 go Baile Átha Cliath. Táim ansiúd anois. 

Aguisín ó @beirneach 
"Ainm eile ar an sliabh Beann Mhadagáin, tugann lucht na háite Srón Napoleon air in amanna fosta."