Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label dífhabhtú werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dífhabhtú werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-04-25

Boladh cóid

               Jan Miense Molenaer
De vijf zintuigen: De reuk (na cúig céadfaí: an boladh) 


"is eol do chách go bhfuil sé dhá oiread níos deacra clár a dhífabhtú ná é a scríobh. Mar sin, má scríobhann tú chomh glic agus atá ar do chumas, conas a bheidh ar do chumas dífhabhtú a dhéanamh air?" 
                                   Dlí Kernighan, 1974.

Baineann cuid mhór de mo chuid oibre le cothabháil. Dífhabhtú. Rudaí a d'oibrigh tráth, atá briste anois, toisc go bhfuil cúinsí athraithe - i gcodanna eile den gcód, nó san timpeallacht ina bhfuil an cód ag feidhmiú. Fágann Dlí de Mórdha go bhfuil ríomhairí ag éirí níos gaiste - rud a chruthaíonn deiseanna nua do ghuaiseanna rásaíochta. Fabht is ea guais rásaíochta a tharlaíonn go hannamh. Tarlaíonn a leithéid i gcóras ina bhfuil níos mó ná snáithe amháin - rudaí á dhéanamh ag an am céanna, ach toradh rud amháin de dhíth mar ionchur don rud eile. Ní dhéanann ríomhaire amháin ach rud amháin san am, ach le comhroinnt ama bíonn an cuma air go ndéanann. Bíonn an clár ag athrú go gasta idir tascanna. Ach de bharr cúinsí seachtracha ní tharlaíonn sé sin san ord ceanann céanna i gcónaí. Mar sin, tá deis ann d'fhabht nuair a úsáideann A toradh B sula mbíonn B réidh á ríomh. Tá sé iontach doiligh a leithéid d'fhabht a aimsiú, toisc nach dtarlaíonn sé gach uair a ritheann an clár.

Ach tá dúshláin eile ag baint le dífhabhtú. Is fíor annamh a choinnítear taifead ar an gcúis gur roghnaíodh dearadh ar leith. Na cúinsí a d'fhág an cód amhlaidh. Is minic a bhí réiteach maith go leor, ach d'athraigh na cúinsí. Agus anois tá sé briste. 

Tarlaíonn sé sin go minic nuair atá cleas glic éigin i gceist. Bíonn cathú ar chineál áirithe ríomhchláraitheoir a éirim a thaispeáint le cleasaíocht ghlic. Tráth dá raibh, bhí a leithéid de dhíth toisc go raibh an ríomhaire mall nó an cuimhne teoranta. Is annamh a leithéid fíor anois. Ach tá cultúr an seifteálaí domhain i gcultúr an Ríomhchláraitheora. Agus baolach. 

Nuair nach bhfuil taifead ann, táthar ag brath ar chuimhne institiúideach - ar dhaoine. Ach nuair atá an corpas cóid ag dul siar b'fhéidir daichead bliain, ní féidir brath ar sin. Ar aon nós, i gcomhlacht beag san earnáil bogearraí tagann agus imíonn ríomhchláraitheoirí go minic. Scaití is duine ar chonradh gearrthréimhseach a rinne an obair. Agus go hiondúil is faoi bhrú ama agus acmhainní a rinneadh é. 

Aimsítear réiteach atá maith go leor, agus bogtar ar aghaidh. Blianta ina dhiaidh sin, briseann an réiteach. 

Bíonn ar an ríomhchláraitheoir cothabhála an fhadhb a aithint, an fabht a aimsiú, agus é a réiteach. Faoi bhrú ama agus acmhainní. Agus go hiondúil le heolas srianta. An aidhm ná an t-athrú is lú is féidir a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach, ar eagla go gcruthófaí fadhb nua. 

Ní féidir a bheith riamh cinnte an bhfuil cúis maith le píosa cóid a bhfuil cuma aduain air. Mar sin is fearr gan drannadh leis mura bhfuil sé follasach gur fadhb atá ann. 

Fágann sin áfach go mbíonn rudaí sa chód go raibh cúis leo tráth, ach nach ann don gcúis níos mó. Agus go bhfuil síol fabht nua iontu. 

Go hidéalach bheadh an cód síoraí á fheabhsú agus á bheachtú. Á shimpliú. Éilíonn sin córas maith cuimsitheach promhadh. Ar an ndrochuair, cé gur féidir le scrúdú fabhtanna a nochtadh, ní sé indéanta cruthú le scrúdú nach bhfuil fabht ann. 

Mar sin, tagann taithí i gceist. Bíonn instinn ag seanfhondúirí - agus tar éis tríocha éigin bliain ag dul don ngairm, is dócha gur seanfhondúir mé. Cuirtear an instinn sin i gcomparáid le boladh uaireanta. Deirtear go mbíonn drochbholadh le cód áirithe. Tá cleachtais le feiceáil ann a bhfuil taithí ann gur trúig fabhtanna iad. 

Ar ndóigh, uaireanta bíonn tagairt sa chód ag admháil nach bhfuil réiteach sásúil aimsithe don fhadhb. Gur baineadh feidhm as seift. Is cabhair é sin don cothabhálaí - nuair atá an ionad sin san cód aimsithe. 

Lorgaireacht an tsoithigh naofa is ea lorgaireacht cód foirfe. Níl daoine foirfe. Mar sin, ní bheidh cód. 

Taithí, oiliúint agus disciplín atá de dhíth. Ach go hiondúil is gá géilleadh don "maith go leor", ceal ama. Agus fabhtanna a fhágáil do do chuid oidhrí sa chúram. Nó tú féin i gceann sé mhí, nuair atá an comhthéacs dearmadta agat agus nuair is gá an fhadhb agus a chastacht a thuiscint as an nua. 

Mar a dúirt Tony Hoare:
Tá dhá dóigh ann bogearra a dhearadh. 
Simplí, sa chaoi is go bhfuil sé follasach nach bhfuil fabht ann. 
Nó casta, sa chaoi is nach bhfuil fabht follasach ann. 

Simplíocht abú. 

Sin mo racht go n-uige seo. 




2024-04-13

53 csu

     Le Liesel. Ceadaithe faoi CC-by-SA 3.0

Nuair a bhíomar réidh leis an saotharlann ard cumhachta, thosaigh coimisiúniú ar an gcéad traein den réamhshraith. Bhí stráice promhaidh ag an gcuideachta gar do stáisiún beag traenach ar a mbíodh an traein thuas ag freastal. Ferkeltaxe - tacsaí bainbh - an leasainm a bhí air toisc go raibh sé in úsáid go minic ag feirmeoirí beaga chun ainmhithe a iompar. 

Bhí an tríú ráille cuí ar an stráice promhaidh, agus faid cúpla km. Bhí cnoc ag deireadh amháin. Bhí an both againn ag bhun an chnoic sin. Ach bhí an stráice fúinne agus mar sin bhí ar ar gcumas lá (fada) oibre a chur isteach. Thosaigh muid amach ag obair le haonad amháin den trí aonad a bhí sa traein. Muid lonnaithe i lár an traein agus ag caint ar raidió leis an tiománaí. 

Go hiondúil is faoin traein a bheadh an ríomhaire, toisc go raibh an traein féin ina thollán folamh le suíochán ar gach taobh.
    Lukas Beck CC-by-SA 4.0 

Ach ní fhéadfaí obair leis ansin. Feistíodh binse oibre dá réir, agus réitíodh cáblaí fada chun go mbeadh na nascanna uile ag an ríomhaire. Bhí ar ár gcumas dá réir na tomhais a bhí riachtanach a dhéanamh. 
Mise agus innealtóir ón rannóg díolacháin nach cuimhin liom a ainm. 

 
 I dtús báire bhí rudaí go breá. Rinneamar na céad trialacha gan faic as an gnách a thabhairt faoi ndeara. Ach! Nuair a d'éirigh an traein níos tapaí thosaigh an achrann. Ar chúis éigin chlis ar na hinnill ag 53 csu. Mar a dúirt mé cheana, tá srian ar an difríocht is féidir bheith idir an minicíocht leictreach agus an minicíocht meicniúil. Agus ar chúis éigin bhí sin á shárú. 

Níor thuigeamar cúis na faidhbe, mar bhí minicíocht i bhfad níos airde sroichte againn san saotharlann cumhachta. Cad a bhí éagsúil? 

Is minicíocht a ríomh an algartaim, agus bhí slabhra crua earraí - FPGA sa áireamh - a rinne na horduithe do na tíreastóir a ríomh de réir na minicíochta. Bhí an staid reatha le cuir san áireamh freisin ar ndóigh. Ach bhí gach rud togha san saotharlann? Cad a bhí éagsúil? 

De réir mo chuimhne, bhí mo chomhghleacaí ar cúpla seachtaine saoire. Fúmsa a bhí sé an fhadhb a réiteach. Is cuimhin liom comhrá buartha leis an saoiste. Shíl mé bhféidir, toisc an foinse cumhachta a bheith níos "glóraí", i. An cumhacht ag ardú agus ísliú agus minicíochtaí eile measctha tríd go raibh fabht éigin nach raibh tugtha faoi ndeara againn i gcúinsí saotharlainne san FPGA. B'é sin, tar éis an tsaoil, an comhpháirt is nuaí, agus ní raibh a leithéid in úsáid in aon togra eile. Bhí na codanna eile den gcóras in úsáid cheana. 

Lean na trialacha. Níl mé baileach cinnte ar bhain an eachtra seo leis an bhfadhb seo, nó le fadhb eile. Bhí trealamh chosanta ar an líne cumhachta. Dá mbraithfí go raibh an sruth ag ardú ag ráta ró ard, ghearrfaí an cumhacht - chun an baol sruth a scaoileadh tríd gearrchiorcad a sheachaint. Go hiondúil thiocfadh an chumhacht ar ais tar éis cúpla nóiméad. An lá áirithe seo, áfach, níor dhein. Bhíomar sáinnithe ar bharr an chnoic, km nó mar sin ón oifig sealadach agus an teileafón. 

Cad a bhí le déanamh? Úsáidtear aer comhbhrúite chun na coscáin meicniúla a scaoileadh. Nuair nach bhfuil aer sa chóras, feidhmíonn na coscáin. Bhí comhlaí sna doirse. Mar sin, duine ag gach doras - na comhlaí a scaoileadh, dul le fána, agus ar ordú na comhlaí a dhúnadh arís. Stopamar gar don oifig (nach maith gur sa ghleann a bhí sin seachas ar an ard!). 

Lean an chuardach do chúis na faidhbe ar aghaidh. Lá amháin, níl a fhios agam cad a phrioc mé, ach thóg mé cárta amháin as an ríomhaire stiúrtha liom go dtí an saotharlann, áit a raibh an mionsamhail fós feistithe. Isteach leis an gcárta sa ríomhaire ansin. Agus triail a dhéanamh. 

Agus féach! Theip air ag 53 csu! 

Is amhlaidh go raibh slis ar leith sa chóras a rinne minicíocht a chruthú bunaithe ar voltais ina ionchur. Bhí an minicíocht ríomhfa mar uimhir, voltais déanta as an uimhir sin agus ansin an slis seo ag déanamh minicíocht - sraith bíoga as an voltais. Ach is amhlaidh go raibh gá é sin a chuir in oiriúint i gceart. Agus bhí an slis athraithe ar an gcárta áirithe seo. Bhí teorainn shroichte aige - ag 53 csu! 

Mionathrú ar an friotacht ar an gcárta, slis athchóirithe. An fhadhb sin réitithe! Bíonn inspioráid agus ádh úsáideach! 


2024-04-11

Rothaí móra agus beaga an tsaoil

1 Roth tomhais 
2 leictreonaic braiteora 
3 léiriú ar an gcomhartha 
4 adhmaint bhuan 
5 treolínte réimse mhaighnéadaigh 
6 braiteoir

Bhí an algartaim stiúrtha don leictreonaic cumhachta bunaithe ar obair an Dochtúra E. Rinne sé a chuid dearadh bunaithe ar turgnaimh i Matlab (obair sách mall le ríomhairí lár na nóchaidí). Murab ionann agus na halgartaim a bhí againn roimhe, bhí seo digiteach ó thús, agus ag baint feidhm as tuiscintí ó teoiric an stiúrtha. Ach ní hionann algartaim a chuir i bhfeidhm i samhail matlab ar ríomhaire 32 giotáin ag baint feidhm as snámhphointe agus algartaim fíor ama a chur i bhfeidhm ar ríomhaire 16 giotán le slánuimhreacha. Agus le heolas neamhfhoirfe agus míchruinn ar staid an chórais, de dheasca taifeach srianta na mbraiteoirí - deich giotán ar a mhéid, go hiondúil. Rud a d'fhág nach raibh na torthaí baileach chomh cuanna leis na turgnaimh san samhail. Ach d'oibrigh rudaí go maith sa saotharlann, agus rinneadh taispeántas den toradh do lucht díolta. Monuar bhí sé de míchúram ag an Dochtúir E a rá go bhféadfadh an algartaim "go teoiriciúil" feidhmiú gan braiteoir luais. Abairtín a chothaigh deacrachtaí dúinn ar ball!

Faireoir Luenberger a bhí i gcroí an algartaim, samhail matamaitice den gcóras, a rinne tuar ar staid an chórais bunaithe ar na tomhais a bhí ar fáil - sruth, voltais agus luas inár gcás - agus a thug léargas dá réir ar athróga nach bhféadfaí a thomhais go díreach. Dá mbeadh an tomhais sách cruinn ar phéire de na trí athróg sin, ba leor sin, cinnte. Ach ní raibh.

Tar éis dúinn an algartaim a dhearadh, agus an simpliú a bhí de dhíth a chur i bhfeidhm d'fhonn é a ríomh laistigh de na srianta ama a bhí ann - chaithfí an algartaim rialaithe ar fad a ríomh laistigh de ms, agus bhí gá le farasbarr d'fhonn nithe a d'fhéadfaí a ríomh níos moille ach laistigh de theorainn ama freisin a ríomh. Bhí córas oibriúcháin comhroinnte ama dar gcuid féin againn, ceann ana shimplí bunaithe ar chlog. Seachas go raibh an algartaim rialaithe féin nasctha le minicíocht an innill, a bhí i gcoibhneas le luas na traenach. Bhí idirbhristeacha i gceist dá réir. Agus bhí rudaí áirithe a raibh orthu bheith níos gaiste fós agus nach bhféadfaí a ríomh a fhágáil faoin ríomhaire. Bhí "eagar geataí in-ríomhchláraithe sa mhachaire" in úsáid againn dá réir.

Bhogamar ó bheith ag obair le samhail go dtí bheith ag obair leis an fíor trealamh, inill san áireamh, i saotharlann ard chumhachta. Chomh maith an leictreonaic a bhí againne, bhí leictreonaic sa bhreis sa leictreonaic cumhachta chun lasadh agus múchadh na tíreastór a stiúradh. Thóg sé tamall ann cumarsáid idir an dá chóras a choigeartú - córas nua, FPGA eile a bhí ag dream an leictreonaic cumhachta agus ní raibh oiread taithí ag an té a bhí á chlárú. Bhí meaisín staide againn sa bhogearra chun an loighic ar fad a choinneáil sothuigthe dúinn féin - bhí tríocha éigin athróg isteach agus an méid céanna amach agus coinníollacha eile i gceist freisin, am mar shampla. Bhí mo chomhghleacaí diongbháilte gur mar sin a dheinfí é - agus nach mbeadh an aicearra nó réiteach gasta ann do chásanna speisialta. Má bhí an aschur le n-athrú, bheadh staid nua ann agus b'shin sin. Bhíomar buíoch dá dhiongbháilteacht ar ball. Ó b'fhéidir 15 staid ag an tús bhí beagnach daichead ag deireadh. Sciar mhór acu bainteach leis an cumarsáid leis an leictreonaic nua a raibh orainn cinntiú gur tosaíodh i gceart é. Bíonn lucht na crua earraí i dtólamh ag súil go n-oibreoidh lucht na mbogearraí thart ar a gcuid meancóga toisc go bhfuil "bogearraí éasca a athrú".

Bhí uirlisí cúnta againn chun cód a ghineadh ó thábla de coinníollacha isteach agus athróga amach - ba mhór an chabhair sin. Agus freisin pictiúir den meaisín staide. Toisc go raibh uimhir ar gach staid bhí sé éasca freisin feiceáil ar aon amharc cá raibh an ríomhchlár.

Bhí an réamhobair déanta. Bhí sé in am tabhairt faoi turgnaimh dáiríre. Na hinnill ag cuir ag casadh. 

Déantar luasghéarú ar innill leictreach tríd an minicíocht sa réimse leictreach a bheith rud beag níos airde ná minicíocht an píosa a bhogann - an  Rótar. Tarlaíonn an bogadh sin toisc, i gcás mótar Iora-cháis mar a bhí in úsáid againn, go ghineann an réimse leictreach sa chuid nach mbogann - an státar - réimse leictreach sa rótar. Agus bíonn an rótar ag bogadh d'fhonn an dá réimse a bheith i phas le chéile - bíonn fórsa maighnéadach i gceist. Ach tá réimse oibre sách cúng ann ina bhfeidhmíonn sé seo. Má tá an réimse leictreach san státar níos mó ná cúpla Hz níos gaiste nó níos moille ná an rótar, teipeann ar chúrsaí - cliseann ar an inneall.

Mar sin, tá eolas cruinn ar an minicíocht de dhíth. Agus dá réir, braiteoir. Bhí roth fiaclach ar acastóir an innill. Braiteoir maighnéadach, ag baint feidhm as éifeacht Hall - go bhfuil leathsheoltóirí ann a ghineann maighnéadachas réimse leictreach iontu. De réir mar a bhog an roth fhiaclach faoin mbraiteoir, d'athraigh an sruth tríd agus d'fhéadfaí sin a thomhas agus minicíocht an innill a ríomh.

Ach ní raibh an braiteoir sin ag feidhmiú mar is ceart. Bhí an comhartha uaidh "glórach". Ag preabarnach thar acmhainn an algartaim é a cheartú. Bhí fabht le haimsiú. Ach cén áit san slabhra ón roth fiaclach go dtí an uimhir sa ríomhaire? Trealamh caighdeánach a bhí sa bhraiteoir. Bhí an bogearra nua...
Agus lucht díolta mí fhoighneach. "Dúirt sibh go bhféadfaí rialú gan braiteoir minicíochta. Cén fáth go bhfuil fadhb agus moill?" Neamhaird déanta acu ar an bhfocal teoiriciúil...

Faoi dheireadh, rinne duine éigin an bhraiteoir féin a bhaint as an trealamh agus amharc air. Agus, féach, bhí an adhmaint tar éis deannach miotail a chruinniú. Toisc go raibh sé curtha in áit ro ghar don roth. Agus bhí an deannach céanna ag cuir an réimse mhaighnéadach as a riocht. Agus an tomhas dá réir.... 

Ní ar an mbogearra a bhí an locht... 

2024-04-10

Baureihe H

       Le Mirkone - ceadaithe faoi CC-by-SA

Nuair a bhí an obair an an bhfréamhshamhail F97.3 curtha dínn againn, agus eolas bailithe, bhí fúinn tabhairt faoin sraith. Céim nua, litir nua - H. (Bhí G glactha ag an t-aon sraith a déanadh san DDR, i Hennigsdorf mar a tharlaíonn).

Ba mhór idir an sraith agus an fréamhshamhail. Ar an gcéad dul síos, bhí an traein féin éagsúil, sé charráiste san aonad agus iad oscailte, mar a bheadh tollán soghluaiste. Bhí ríomhaire stiúrtha nua ag leibhéal na traenach. Rinneadh athdhearadh ar an leictreonacht cumhachta. Bhí ríomhaire nua i gceist, níos cumhachtaí agus breis cuimhne ann. Agus bhí teanga ríomhaireachta nua le húsáid, C seachas P/LM.

Tarlaíonn sé gur féidir liom dáta a chur leis an togra seo - bhí orm mo mhí na meala a chiorrú i 1994 le freastal ar chúrsa C i München le mo chomhghleacaí Berndt. Mhaolaigh an comhlacht an ciotaí trí íoc as an óstán do mo nuachar. Fad is a bhí mise agus Berndt ag freastal ar chúrsa lagmheasartha nár mhúin mórán dúinn i ndáiríre bhí Uta i mbun turasóireachta i München agus Salzburg.

Ní togra iomlán as an nua a bhí sa ríomhchlár - bhí codanna de i gcoitinne le córais eile. Ach ba rud ar leith an córas leictreonaic cumhachta agus mar sin bhí an bogearra stiúrtha le dearadh go hiomlán as an nua. Beidh cúpla aiste de dhíth chun cuir síos ar gnéithe ar leith de sin. D'fhoghlaim mé an t-uafás as an dtaithí, scileanna teicneolaíochta agus daonna!

Thosaigh muid ag obair le mionsamhail den trealamh san saotharlann, agus bhí gach rud togha. Ansin bhog muid go dtí an saotharlann ard cumhachta, ag baint feidhm as an leictreonaic cumhachta féin, agus na hinnill. Bhí fadhbanna ann... Ní raibh na braiteoirí luais ag feidhmiú mar ba cheart. Aiste dá chuid féin dlite don scéal sin!

Ansin amach linn ar an traic promhaidh. An uair seo, bhí traic ar leith ar fáil don gcuideachta. Bhí sé scartha amach píosa ón monarcha, ach bhí an tríú ráille ar fáil. Bhí dóchas ann go mbeadh ar ár gcumas an coimisiúniú ar fad a dhéanamh ann. 

Ach an chéad rud a tharla ná gur thosaigh an traein ag teip ag 53 km/u... Bhíomar tar éis an 80 km/u a shárú gan dua san saotharlann. Scéal ann féin an eachtra sin freisin.

Faoi dheireadh, tar éis roinnt míosa agus cúpla eachtra eile, thuigeamar nach raibh an foinse cumhachta don traic promhaidh sách láidir ná sách ionadaíoch ar an bhfíor córas. Ach go háirithe, ní raibh ar chumas an líonra glacadh le fuinneamh a ghin an traein le linn moilliú - coscánú athghiniúnach. Agus ar chúiseanna a phléifidh mé ar ball, bhí sin ar cheann de na codanna is deacra den stiúradh, agus chaitheamar go leor dua lena fháil díreach ceart, coscánú séimh gan sracadh.

Bhogamar, i dtosach chuid ionad i mBeirlín Thoir - Friedrichsfelde. Ach ní raibh an líonra ansin sách cobhsaí don obair a bhí le déanamh. Ar ais linn dá réir chuig Britz Süd.

Ba é an togra seo mo Gesellenstück creidim, píosa oibre a léirigh go raibh mo cheird sealbhaithe mar is ceart agam. Is iomaí scéal a bhaineann leis na dúshláin agus iniúchadh a sháraíomar fán slí, agus an foghlaim a rinne mé dá réir.

Gesellenstück - an píosa oibre a dhéanann ceardaí le taispeáint go bhfuil a oiliúint críochnaithe aige. 

2024-02-03

Britz-Süd


Betriebswerkstatt Britz-Süd der Berliner U-Bahn. CC by SA, le Avda.

Mar a luaigh mé, bhí fabhtanna agus obair le déanamh ar an sraith F90/92. Tá ionad cothabhála ag an BVG i mBritz Süd, nach mór ag deireadh eile an U7 ó Spandau. Chaith mé tréimhsí éagsúla ann le trí thogra éagsúla, mar sin tá mo chuimhní beagán measctha suas. 

Ar chlé sa phictiúr thuas tá líne gairid ráillí. Sin an conair promhadh. Beagán thar ciliméadair. Díreach fada a dhóthain don próifíl caighdeánach, luasghéarú go dtí 80 km/u agus moilliú go séimh go lánstad. 
B'shin an ionad oibre. Ach bhí tús áite ag obair an chomhlachta iompair. Agus bhí orthu aon traein a bhí deisithe a phromhadh, sula raibh sé ceadaithe é a scaoileadh amach chun paisinéirí a iompar. Na coscán aer go háirithe. Toisc gur miotal ar miotal atá i gceist, bhí orthu dul suas síos cúpla uair agus lán coscán a dhéanamh len iad a théamh. Is an fórsa nuair a bhí siad te a bhí caighdeánach. 

Mar sin, chaitheamar tréan ama ag fanacht. San oifig. Bhí oifig ar leith ag AEG. Bhí inneall caife ann! Bhí laethanta ann a d'ól mé i bhfad barraíocht caife. 

Bhí ar duine de theicneoirí an BVG bheith ár dtiomáint. Ní raibh siad saor i gcónaí chuige sin. Bhí orainn a bheith foighneach. Go háirithe nuair a bhí an feachtas ag dul i bhfad (agus an custaiméir i mí fhoighne). 

San halla mór sin bhí conair ina bhféadfaí dul faoin traein chun obair air. 
(Tá breis eolais as Gearmáinis ar an leathanach ar a bhfuair mé an pictiúir seo. Tá codanna de dhá F90 le feiceáil ann. Aithním ón uimhir 27xx iad). 

Bhí an tríú ráille crochta ón díon seachas thíos mar a bhíonn sé de ghnáth. Bhí dealg air an Stromabnehmer (tiomsaitheoir srutha ) lena bhféadfaí cábla a cheangal. Bhí a leithéid de thiomsaitheor srutha ar gach cúinne den Doppeltriebwagen (aonad dúbailte tiomána). Cé go raibh an leagan amach trealamh athraithe mhair an ainm Steuerwagen (carr stiúrtha) nó S-wagen don leath tosaigh agus Kompressorwagen (carr an comhbhrúiteora) nó K-wagen don leath eile. Ach don sraith F90 bhí aonad stiúrtha do gach carr faoi seach. Agus trealamh amháin chun ceithre inneall a thiomáint, bhí gach ceann de na háiseanna tiománta. 

B'é an riail an cábla a nascadh leis an dealg ar chlé ar chúl (i dtreo cúl an halla). Nuair a bhí an traein ag dul amach bhí ar duine siúl in aice leis, i ngreim sa chábla. Nuair a shroich an traein an tríú ráille amuigh agus stad d'fhéadfaí an cábla a bhaint go sábháilte. 
Thóg mé an pictiúir seo ó alt nuachtán faoi dóiteáin a raibh tiomsaitheoir fabhtach mar chúis leis. Ba cheart an tiomsaitheoir a bheith brúite go dlúth leis an ráille cumhachta. Ní cheart go mbeadh splancacha! 

Bhí cumhacht mhór i gceist toisc go raibh toilleoir agus ionduchtóir mór i gceist. Stóras voltais toilleoir. Stóras srutha ionduchtóir. Sula déanadh aon obair ar an traein níorbh mór a bheith cinnte go raibh an cumhacht sin imithe. Agus a chinntiú nach gcuirfeadh duine éigin cábla air agus duine thíos faoi - bhí an traein fada agus ní raibh radharc maith sa halla chúng go háirithe má bhí neart traenacha ann. Bhí airdeall de dhíth, agus bhí sé tábhachtach cloí leis an riail maidir le cén dealg le húsáid. Má bhí obair gan cumhacht le déanamh, bhí sé riachtanach gearrchiorcad a dhéanamh tríd barra a nascadh idir an tiomsaitheoir agus cabhail an traein. Bhí lingeán a bhrúigh an tiomsaitheoir leis an ráille, agus bhí an barra deartha chun go mbeadh deireadh leathan ar "bhróg" an tiomsaitheora agus an deireadh eile i bpoll i gcabhail na traenach. 

Ní fhaca mé féin é, ach chuala faoi oibrí - siúinéir creidim - a rinne iarracht an barra a chur i bhfearas. Ach rinne sé iarracht é chur ar an gcarr tosaigh seachas cúil - seans gur shíl sé nach raibh ceangal leictreach idir an dá charr, nó seans nach bhfaca sé an cábla. Bhí an dearg ádh leis - réabadh an barra le fórsa tríd an aer ach bhí sé i leataobh agus tháinig sé slán seachas an preab a baineadh as. 

Is duine mé a bhfuil ómós aige do chumhacht leictreach. Do sheachain mé an dualgas siúl leis an gcábla nó an gearrchiorcad a chuir in áit. Bhí mé airdeallach neirbhíseach ag siúil idir na traenacha sa halla. Bhí mé cúramach ag dul isteach is amach. Uaireanta bhí céimeanna sealadacha, ach go hiondúil bhí ort cos a chuir ar chéim cúnta agus tú féin a tharraingt suas. Bhí teacht amach níos deacra, agus an bearna faoin traein le seachaint. Agus uaireanta na lámha lán le trealamh, ríomhaire glúine trom na nóchaidí nó a leithéid. 

Bhí aicme na daoine san áit so-aitheanta (mar a bhíonn go ginearálta sa Ghearmáin) ar a n-éide oibre. Blaumann ar oibrí. (fear gorm go litriúil. Cé go raibh na dungaraithe seo ar fáil i dathanna eile, dúghorm ba choitianta go mór. Agus fir is iondúla a chaith iad. Bíonn cinn oráiste ar leithéidí fir bruscair nó oibrithe eile a bhíonn ag bogadh trí trácht nó suíomhanna eile ina bhfuil feiceálacht tábhachtach). Kittel (forchóta) liath ar saoistí. Gnáthéide orainne innealtóirí, cé nach mbeadh sé críonna d'éadach is fearr a chaitheamh in áit a raibh neart deannach agus ola. 
Forchóta liath a bhíodh ar phríomhtheicneoir AEG, Joco P, ar a dtugtaí Jupp. Fear ard, croiméal air. Iúgslavach. (Déanaim amach gurb Boisniach é. Bhí an cogadh ag réabadh ag baile. Níor labhair sé mórán faoi.) Fear lách. Uaireanta ní raibh ann ach mé féin agus é féin, ag ól caife agus ag allagar fad is a bhíomar ag fanacht ar an deis dul ar an gconair promhadh. 

Forchóta freisin ar Meister (máistir, i. Saoiste an BVG. Fear íseal teasaí le féasóg dubh agus blagaid. Bhí acmhainn grinn aige nuair a d'fheil ach cantalach is mó a bhíodh sé linne mar go rabhamar ag cuir isteach ar ghnáthobair an lae agus ag tógáil oibrí uaidh mar thiománaí.) 

Fir caol arda na hoibrithe gona Blaumänner. Olaf, Steffen agus Micha na hainmneacha a ritheann liom. Bhí siad oilte go maith agus eolach ar an dteicneolaíocht. Go deimhin chuaigh Micha ar ais chun na hollscoile chun céim san innealtóireacht a dhéanamh. Fuair sé intéirneacht linn ar ball. 

Bhí proinnteach san áit, beirt bhan meánaosta ina bhun. Iad cantalach mífhoighneach go hiondúil. Belegte Brötchen (rolla aráin le cáis nó salami) le fáil am bricfeasta. Kartoffelsalat agus Bockwurst nó Bulette am lóin. Bhí dinnéar ceart le fáil ach réamhordú a dhéanamh. Ní raibh an deis sin againne cuairteoirí ainneoin a fhad a bhíomar ann. Ach uaireanta bhí ceann fágtha agus ar fáil. Stobhach - Eintopf - agus babhla mór groí mar gurb é an bia capall na hoibre. 

An obair féin, suas síos an conair promhaidh. Bhí iompar an córas stiúrtha faoi réir ag tairisigh sa chlár. Bhí a luachanna sin le haimsiú tríd triail agus earráid cuid mhór. D'fhéadfaí iad a athrú leis an córas cumarsáide le ríomhaire. Bhíodar coimeádta in EEPROM - cuimhne buan a bhí inscríofa sa ciorcaid. Uaireanta áfach bhí orainn cód a athrú. Chuige sin b'éigean é a íoslódáil chuig EPROM. Ní fhéadfaí iadsan a athrú sa ciorcad. Agus bhí ort iad a chuir faoi solas ultraivialait chun iad a ghlanadh sula bhféadfaí clár nua a scríobh iontu. Bhí fuinneog beag quartz os cionn an slis chuige sin. 
Bhí sé tábhachtach gan na cosa a lúbadh nuair a bhí an slis a chur ar ais san PCB. Bhíodh soicéad chuige sin. Uaireanta, toisc go raibh na cosa bog agus leochaileach bhíodh an slis i soicéad níos buaine, a fhéadfaí baint amach is isteach níos fusa. Ba mhór an ghar é sin do mo leithéid nach raibh maith leis na lámha. 

Ar lean...