Is iontach an neach an duine - colainn, croí, réasún, coinsias agus toil fite fuaite ina chéile. Agus ealaín á dhéanamh aige ón tús. Ach sílim go raibh i gcónaí feidhmeanna seachas maisiúchán leis. Agus go mbíodh brí níos leithne leis an bhfocal sa chaint thar mar atá anois. Tá an brí leathan fós sna foclóirí.
Tá giota páir agam áit éigin a deir gur Baitsiléir in Ealaín na hInnealtóireachta mé féin. Ach go hiondúil anois is na dearc ealaíona a shamhlaítear leis an bhfocal, agus b'fhéidir an éigse chomh maith. Amharctar ar an ealaíontóir mar dhuine ar leith, i leataobh ón gcomhluadar. Agus ar an ealaín mar sprioc ann féin - l'art pour l'art. Nath a chum an file Baudelaire.ealaín [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] líníocht, péintéireacht agus dealbhóireacht; eolaíocht, scil; brainse léinn ollscoile (mar a dhéanann Baitsiléir Ealaíon); ceardaíocht; slí bheatha. An Foclóir Beag
Ní aontaím leis! Sílim gur féidir le gnáth saothar an duine a bheith ealaíonta, gur féidir foirm a chuir in oiriúint do feidhm ach fós áilleacht a bheith ann. Sílim go mba cheart do na dearc ealaíona gach gné den duine a shásamh, nó ar a laghad a bheith oscailte do gach gné - mar ní lia duine ná tuairim.
Sílim gur scáthán atá san ealaín, agus go mbíonn eolas á roinnt ann, agus gur féidir leis machnamh a spreagadh. Léigh mé alt spéisiúil ar na mallaibh faoi Picasso - agus an claochlú a tharla do na híomhánna de mná a rinne sé, de réir mar a bhí a chaidreamh leo.
Gan amhras, ba cheird a bhíodh sna dearc ealaíona fadó, agus iad go minic i seirbhís na diagachta, nó an stáit, nó na flaithe.
Chuir an grianghrafadóireacht cor ina gcinniúint, gan amhras - ní thig leo dul in iomaíocht le réaltacht na ceamaraí, cé nach fíor nach mbíonn bréaga á insint acu!
Bhíodh aibítir siombail sna healaíona, a raibh tuiscint ag an gnáth duine orthu. Mar shampla, i bpictiúr de naomh samhlaíodh ócht le lile, mairtíreacht le pailm, agus mar sin de.
Don duine, idir corp agus anam, an ealaín!
Aguisín: alt comhthráthúileach ag First Things!