2024-04-02
Akkordarbeit
2022-09-09
Droichead diamhar
![]() |
| Droichead Rakotz |
![]() |
| Fógra eolais i nGearmáinis & Sorbais |
2022-09-08
Scéal beatha
„Hier ruhen die Gebeine der weiland Hochedlen und Tugendbegabten Frauen Fr. Margarethe Westphal, welche von Christlichen Eltern Herrn Hermann Baring, Ältermann und Postmeister und Frau Adelheid Schuhmacher in Bremen den 16. Juni 1688 geboren mit Herrn Carl Friedrich Westphal, Königl. Preuss. Oberamtmann, den 10. Juli 1711 in Berlin verehelicht. In dieser mit 5 Söhnen und 5 Töchtern gesegneten Ehe vergnügt gelebet, den 9. Dezember 1725 selig im Herrn entschlafen. Einer Gottesfürchtigen Christin, lieben Haus-Frauen Sorgfältigen Kinder-Mutter und treuen Gehilfin in Lieb und Leid, - hat dieses Ehren-Gedächtnis aus schuldiger Pflicht setzen lassen, oben genannter betrübter Witwer.
Gedenk Spruch der selig verstorbenen: Habe deine Lust an dem Herrn; der wird dir geben, was dein Herz wünschet. Befiehl dem Herrn deine Wege, und hoffe auf ihn; er wird es wohl machen.“ Psalm 37,4 und 5
Anseo atá curtha i suaimhneas cnámha na mnaoi sár uasail agus suáilceach thar na bearta, Margarethe Westphal a rugadh do thuismitheoirí Críostaí Hermann Baring, Seanóir agus máistir poist agus Adelheid Schumacher i mBremen ar an 16 Meitheamh 1688 agus a phós Carl Friedrich Westphal, Príomhoifigeach ríoga Prúiseach ar an 10 Iúil 1711 i mBeirlín. Mhair sí go lúcháireach san pósadh seo a beannaíodh le cúigear mac agus cúigear iníon agus chuaigh chun suain go beannaithe san Tiarna ar an 9 Nollaig 1725. Chomhlíon an baintreach fir brónach thuasluaite a dhualgas i gcrích ag tógáil an cuimhneachán seo ar banchríostaí ar a raibh eagla Dé, bean tí grámhar, máthair cúramach clainne agus cuntóir dílis is ngrá agus gruaim.
Mana an mhairbh: 'Taobhaigh do shlí leis an Tiarna; cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí. '
2022-09-07
In áras an chnuasaitheora
2022-09-06
Chauseestrasse
2022-08-29
Karl May
![]() |
| Karl May in éide an carachtair a chruthaigh sé "Old Shatterhand" Grianghraf Alois Schiesser 1896 |
Go gairid tar éis dom Gearmáinis a fhoghlaim, bronnadh cóip de Winnetou I orm - scéal de chuid Karl May faoi Gearmánach a chuaigh go Meiriceá, agus a rinneadh laoch de chuid an Iarthair Fiáin de agus bráthair de chuid ceannaire cáilúil de chuid na hApache de. Ficsean amach is amach atá ann, ficsean sách éadrom - níor leag Karl May cos san Iarthair Fiáin riamh.
Thaithin an scéal leis an déagóir óg agus nuair a bhí m'athair ar turas chun na Mór Roinne d'iarr mé air an dara imleabhar a fháil dom. Is amhlaidh go raibh sé níos fusa aige cnuasach den saothar iomlan a fháil - tríocha éigin leabhar de chuid saothar May, scata acu lonnaithe san Iarthar Fiáin agus scata eile faoi eachtraí mar dheá a bhí aige san Meán Oirthear Fiáin. Nó, le bheith cruinn san leagan fantasaíochta a chum sé ina shamhlaíocht d'fhonn saol laochúil a chruthú dó féin. D'éirigh go maith leis agus bhain sé saibhreas amach cé go raibh sé beo bocht agus i dtrioblóid leis an dlí agus é níos óige! Agus thug sé cuairt ansin ar na fíor tíortha.
Shlog mé na leabhair i mo dhéaga saonta. Thug mé ar lámh iad do Gearmánach óg eile a bhíodh mar dhalta ag mo Mháthair ina réamhscoil; nuair a bhí mic agam féin, ní raibh teacht ar na leabhair níos mó. Cheannaigh mé an chnuasach aris do mo chlann, ach de réir mó chuimhne faoi spéis acu i nithe eile cé gur léigh siad roinnt acu, ach go raibh an déagóir ag iarraidh le déanaí amharc ar cheann de na scannáin a rinneadh bunaithe ar na leabhair - sraith cáiliúil sa Ghearmáin ar déanadh scannánú air san Iugosláv sna 1960í.
Ar ndóigh claoninsint Eorpach ar cruinne a shamhlaíochta a bhí i gceist le scéalta May, eisean é féin an laoch mór geal, áit lena haid do bundúchasach nó dhó maith a bhí sásta foghlaim uaidh - ach formhór na bundúchasaigh lag nó olc.
Tá raic faoi láthair sa Ghearmáin de bhrí go bhfuil scannán ann faoi láthair, athinsint shaor ar scéal Winnetou agus Old Shatterhand - ach seachas laochra an scéal a bheith ina ndaoine fásta, is leanaí iad - i ngleic fearacht an Cúigear Cróga, le bithiúnaigh fásta atá ag bagairt ar a saol aus a teaghlaigh. Bhí an foilsitheoir Ravensburg le dhá leabhar a fhoilsiú do dhaoine óga - céad léitheoir, agus leabhar do páistí beagán níos sine. Tharraing sé sin raic, de dheasca an léiriú aontoiseach sa scannán nua seo ar bhundúchasaigh Mheiriceá. Tá an raic, mar a bhíonn go hiondúil, ina scathán ar an deighilt idir deas agus clé, forasach agus caomhach sa Ghearmáin - agus loinnir saonta na hóige ag May agus a shaothar do go leor caomhaigh. Maíonn Cumann Karl May gurb fear dá ré é féín, agus go raibh sé dar ndóigh Eoralárnach agus ciníoch go pointe ina dhearcadh - ach maíonn siad ina n-aighneacht faoin raic nárbh é is measa, agus gur tháinig forbairt ar a thuiscint in imeacht ama - agus go raibh sé riamh ar son cearta na mbundúchasach.
De réir mo chuimhne féin, níl fhios agam an dtiocfainn leis an léamh dearfach sin. Mo chuimhne ná go raibh beagán bundúchasach "maith" ann agus mórán "olc" - ar ndóigh na cinn olc go minic ina gcomhghuallaithe ag bithiúnaigh geal.
Is fíor go raibh drogall ar Old Shatterhand duine a mharú - ach is minic go ndearna sé cláiríneach as a chéile comhraic trí piléar a chuir trina ghlúin. Is cuimhin liom fiú sna déaga saonta s'agam go raibh amhras orm faoin gcuir chuige sin. Agus fiú má léirigh sé bá leis na hApache, bhí imir láidir den sláiniteoir geal tríd an saothar ar fad, an Eorpach uasal ag treorú an bundúchasach chun a chearta a bhaint amach.
Is deacair dom anois, daichead bliain níos déanaí, déanamh amach cén lorg a d'fhág Karl May ar mo dhearcadh féin. Tá cuimhne agam ar na leabhair mar scíthleitheoireacht éadrom, spreagúil go maith. Ach is cinnte, ó léargas an lae inniu, go bhfuil go leor dá léiríodh ann - mar atá i gceist le saothar ar bith dá ré - smolchaite. Agus thuigfinn do sliocht na mbundúchasach a ghlacann col leis an saothar.
Mar sin féin tá doicheall agam le damnú leabhair, agus is deacair gan smaoineamh ar fainic Heine:
Ní raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhair. Dóitear daoine faoi dheireadh.
Heinrich Heine
Almansor.
2017-07-30
Cois Loch na Coillearnaí
|
Bhí muid gar do Bheirlín ar saoire i mbliana. Ócáid teaghlaigh a thug ann muid - seachnaímid an Mór Roinn sa bhrothall go hiondúil! Ní raibh spás dúinn i dteach mo mháthair céile, mar sin bhíomar ag cuir fúinn in ionad áineasa óige. Bhí árasán beag ann againn agus bhí proinnteach ann inár bhfuair muid bricfeasta. Ní rabhamar cinnte cad a bheadh romhainn in áit atá ar fáil do ranganna scoile agus grúpaí óige dá dturais - ach bhí KiEZ Hölzerner See ana dheas. Cé go raibh go leor grúpaí ann san tréimhse ina raibh muid ann, ó leanaí Kindergarten go déagóirí agus aosánaigh, bhí an áit sách mór go raibh sé ciúin agus suaimhneach. Bhí roinnt teaghlaigh - nó grúpaí teaghlaigh - an stopadh ann freisin. |
||||
| Tá an t-ionad lonnaithe cois locha i lár coille. Abhantrach an Dahme agus an Spree atá sa cheantar, áit a bhfuil go leor locha ach go bhfuil an talamh féin gainmheach neamhthorthúil. Tá go leor de faoi choillte, coillte atá in úsáid le céadta bliain ar bhonn tráchtála - idir adhmaid agus seilg. Bhí an tseilg faoi smacht uaisle agus ina dhiaidh sin na húdaráis cumannacha ach anois is sealgairí aonair is mó a bhfuil réimse áirithe acu chun seilge - toirc, fianna agus araile ann. Uaireanta is coill giúise ar fad a fheictear - de bharr go bhfásann siad gasta ainneoin drochthalamh. Ach bhí na coillte a chonaic mé measctha go maith, dair agus béithe ann i gcnapanna. |
|
||||
| Is fada - ó tharla an áit a bheith gar do Bheirlín ach go háirithe - daoine ag súil sa cheantar, agus tá go leor cosáin marcáilte. Luaitear cuid mhór acu leis an scríbhneoir Theodor Fontane, a scríobh cúig imleabhar lán staire agus seanchais faoina shiúlta féin sna coillte agus cnocáin. (Tá úrscéalta leis léite agam, ach níor léigh mé na siúlóidí, fós). Is iomaí cosán luaite leis, agus ó tharla nach raibh teach mo mháthair céile ach 5 km ón ionad, shiúl mé ann cúpla uair ar cosáin. (Poitigéir ab ea é i thús a shaol oibre agus is iomaí Fontaneapotheke a fheictear cé nach bhfuil na poitigéirí gaolta leis in aon chor). |
|
||||
|
Ní fhaca mé mórán d'ainmhithe na coille ar mo shiúlta - seachas sionnach cúramach amháin. Chonaic mé go leor boscaí nide ar leith - d'ialtóga - agus in áit amháin an siléar seo ar chlé. Tá cineál simléar ann chun na hialtóga a scaoileadh isteach is amach. Go deimhin chonaic mé féin is m'iníon ialtóg i lár an lae ghil; bhí sé ag eitilt thart an ionad snámha cois locha ainneoin scata leanaí glóracha! Bhí go leor, leor ciaróga, peileacáin agus go háirithe snáthaid mhóra i suaimhneas na coille - cuid de na snáthaid ana mhór ar fad agus iad ar dhath gorm miotalach nó dubh agus buí. (Ach bhíodar ró luaineach chun go n-éireodh liom pictiúr a fháil!) |
||||
|
Thug muid faoin loch uair amháin ar canú oscailte - ach bhí siotaí gaoithe ann agus bhí saothar orainn ag tabhairt an bád ar ais chun an ionaid! Mar chuid den gceiliúradh chaith muid tamall ar bhád ar na locha, caife agus cistí (agus roinnt fíon súilíneach) againn agus muid ag baint lán an dá shúil as an dúlra. Bhí broighill, corr éisc agus go leor cineálacha géanna le feiceáil. Bíonn iascach ar bun freisin sna locha agus bhí na heangaigh le feiceáil agus ribíní geala ag crochadh astu chun rabhadh a thabhairt do bháid fanacht amach uathu. | ||||
| Ceantar turasóireachta atá ann, agus go leor báid de gach cineál ar chíos, agus ionad fearacht an chinn ina rabhamar ann. I ré an DDR b'iad na monarchan a bhí i bhfeighil ar a leithéidí a chuir ar fail dá bhfoirne - agus tráth dá raibh is d'Enver Hoxha a bhí an campa ainmnithe - ceannaire cumannach Albánach. D'fhoghlaim mé é sin ó fógra eolas turasóireachta a raibh scata acu timpeall an cheantair. Bhí na húdaráis ag baint feidhm as sean chartaí poist ó na 1930í nó roimhe. Tógadh fráma adhmaid chun an radharc a cheapadh mar atá sé anois, agus bhí fógra eolais leis an sean phictiúr in aice leis agus eolas faoin gceantar. Áit taitneamhach suaimhneach a bhí ann chun cúpla lá a chaitheamh ag siúl is ag ligeann scíth. (Agus bhí an bhricfeasta a bhí ar fáil fairsing ilchineálach blasta - cad cineál ispín agus cáis, scata iógairt, go leor aráin éagsúla, torthaí...) |
|||||
|
|
||||











