Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-11-08

Athartha


Tharraing Vincent Morley m'aird ar an scannán seo ar Bluesky. Os rud é go raibh mé chun bheith sa chathair inné ar aon nós, chaith mé súil ar amanta na scannáin. Bhí léiriú le bheith um 10 i bpictiúrlann an Lighthouse. D'oir sin dom.

Tá roinnt de saothair Mann léite agam, cé nach é an údar Gearmánach is ansa liom é, tá a shaothar trom. Tá mé nach mór cinnte gur léigh mé Mephisto a mhic Klaus, úrscéal faoi aisteoir uaillmhianach a comhoibríonn leis na Naitsithe, Göring go háirithe. Glactar leis go forleathan go bhfuil sé bunaithe ar Gustaf Gründgens, a bhí pósta seal ar a dheirfiúr Erika. Bhíodar uilig páirteach i ndrámaí agus Kabarett - atá polaitiúil go minic sa Ghearmáin.

Baineann an scannán le turas Mann chun na Gearmáine, chun glacadh le duais ainmnithe as Goethe. Dhá dhuais, ceann i Frankfurt/Main áit ar rugadh Goethe. A bhí an uair sin san zón Meiriceánach. Agus ceann i Weimar, mar a ndearna Goethe an chuid is mó dá shaothar. (Thug mé féin cuairt ar a theach.) Áit a bhí, ar ndóigh, sa zón Sóivéadach.

Tharla an turas, ach ní mar a léirítear san scannán é. Chuir Klaus Mann lámh ina bhás féin roinnt míosa roimhe - nuair a bhí á athair, a mháthair agus a dheirfiúr Erika sa tSualainn ar chamchuairt óráidí. Agus ní Erika amháin a thionlaic Thomas Mann chun na Gearmáine ach a máthair Katia.

Paweł Pawlikowski stiúrthóir an scannáin dubh agus bán seo. Tá na pearsan stairiúil, agus chuile seans an méid a deirtear, óráidí Mann go háirithe. 

Tá an iomaíocht idir an dá chóras follasach - níos ceilte Thiar, fear an CIA sa chúlra, níos oscailte Thoir ag Johannes R Becher (a scríobh a t-iomann a rinneadh amhrán Náisiúnta an DDR ar ball) ag tathant ar Mann glacadh le cúram cultúir. Agus lámh i lámh leis sa chúram ceannasaí bolscaireachta na Sóivéadach, Tjulpanow. (Тюльпанов)

Ach is éard a chonaic mise ná athair agus iníon ag streachailt leis an gcaidreamh eatarthu, le féinmharú deartháir agus mic. Agus sa mhullach ar sin cailleadh Athartha a chruthaíonn scoilt eatarthu agus an máthairtheanga is uirlis gairme dóibh. Máthairtheanga atá faoi smáil de bharr réimeas na Naitsíoch. Áit chónaithe anois acu Meiriceá - ach cá bhfuil a Heimat (focal deacair a aistriú, níos mó ná áit dhúchais nó cónaithe. An áit a bhfuil an croí, is dócha).

Iad ar an mbóthar, leo féin sa charr le tionlacan míleata rompu. (Tá mé iomlán cinnte nach mar sin a tharla. Níl bealach ar bith go ligfí dá leithéid fánaíocht thart thiar ná thoir).

Bhí an iliomad sonra sa scannán a raibh blas na fírinne orthu. Na sluaite ag éisteacht leis na hóráidí thiar agus thoir - ina measc na sean Naitsithe. Sliocht Wagner ag lorg tacaíocht chun Féile Bayreuth a athbheochan, rud a dhiúltaigh Mann go borb.

Chuir dhá radharc den óige míleata faoi smacht - an FDJ, Ógras saor na Gearmáine (cumannaí) sceon orm.

Radharc corraitheach faoi fear a éalaíonn isteach i seomra óstáin Mann ag iarraidh air idirghabháil a dhéanamh maidir leis na braighdeanaigh i Buchenwald, campa géibhinn faoi na Naitsithe ar lean na Sóivéidigh á úsáid, ach daoine eile anois ann. 

Fir ólta ag canadh amhrán faoi bhé Polannach, amhrán ghraosta a thugann ar Erika scairteadh amach orthu bheith ina dtost, gur Faisistigh lofa iad.

Ar t-am ar fad an bheirt acu ag streachailt lena mothúcháin go háirithe faoi bhás Klaus. A raibh réamhstair léanmhar ag baint leis, ba andúlaí éadóchasach é, de shíor ag mothú go raibh a bhua féin múchta ag clú a athair.

Agus sin uilig sa mhullach ar an duibheagán a chruthaigh mí úsáid na Naitsíoch idir an cultúr arbh tobar dá n-éigse é, agus iad féin sa ré nua.

An radharc deireadh, an bheirt acu i bhfothrach séipéil, ina raibh an órgán fós ann, ag éisteacht le ceol Bach.

Agus an eachtra sin ag scaoileadh na ndeor, faoi dheireadh.

Is i nGearmáinis don gcuid is mó atá an chaint - Fraincis, Béarla agus Rúisis nuair ba chuí. I ndubh agus bán atá an scannán, rud a chuireann go mór leis an éifeacht mothúchánach. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.

Aguisín - agallamh leis an stiúrthóir sa taz