![]() |
| Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Cadhain, Colm Ó Ceallacháin |
Tá Féile IMRAM linn arís, agus an gobadán ag iarraidh cúpla tráth a fhreastal. Rud a chiallaigh go raibh mé i gclólann Caisleáin Bhaile Átha Cliath ardtráthnóna inné.
![]() |
| Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Cadhain, Colm Ó Ceallacháin |
inne: 1) (san iolra inní de ghnáth) ionathar; 2) lár, croí m.sh in inne an lae, in inne a dtreibhe - i croílár a mhuintire, 3) mothúchán inmhéanach, inní na trócaire, 4) nádúr nó eisint.Eascraíonn teideal an chnuasach seo as míthuiscint dailtíní cathrach ar "Iníon Uí", ainm múinteora. Ach ar bhealach feileann an uile bhrí ar inní do na scéalta láidre seo. Saol na mBan, ó dhearcadh na mban. Scéalta cumhachtacha láidre. Corr gan choinne go minic iontu. Duairceas go minic ach misneach agus dóchas ag dul i ngleic leis - mar a dhéanann mná, ag treabhadh leo ainneoin tubaiste nó tréigean. Misneach gan chloí.
Sa bhliain 2016, cothrom céad bliain ón Éirí Amach a chuir Réaltán Ní Leannáin tús le hócáid bhliantúil litríochta ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Bhí sé tráthúil gurb í Críona Ní Dhálaigh a bhí in oifig, bean a chonaic í féin i dtraidisiúin Caitlín Bean Uí Chléirigh. Bean nach raibh sásta ornáidí Rí Liam a chaitheamh agus í in oifig. Bean a raibh a fear céile agus deartháir léi i measc ceannairí an Éirí Amach a d'íoc lena beatha. Bean áfach a d'imir a ról féin an uair úd agus ina dhiaidh. Agus í ina méara ar Áth Cliath chuir sí slabhra nua gan lúitéis le Rí nó Ríocht á dhéanamh.
Slabhra a chaith Críona agus an ócáid seo á oscailt aici i Seomra Darach Tí an Ard Mhéara.
Tá na fir in oifig ó shin agus an sean slabhra fillte. Ach tá áit buan sa bhféilire bainte amach ag an ócáid.
Deis scríbhneoirí ban na Gaeilge a chlos ag reic a gcuid saothar. Idir mná a bhfuil go leor saothair foilsithe acu agus aitheantas acu, agus mná atá ag péacadh mar údair aitheanta.
Roinnt blianta ó shin spreag cuireadh ag an ócáid Anna Heussaff iniúchadh a dhéanamh ar cé mhéad ban bheo atá foilsithe agus conas mar atá cúrsaí comhionannais sa ghairm (go leor déanta, go leor le déanamh a breith). As sin a d'fhorbair bunachar na scríbhneoirí Gaeilge.
Cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí a bhí sa chathaoir don ócáid, Celia de Fréine.
Seisear a bhí le reic.
Léigh Réaltán Ní Leannáin sliocht as a húrscéal atá le foilsiú go luath, i Mí Aibreáin. Sliocht a bhain le heachtra i dtrioblóidí na fichidí i mBéal Feirste. Eachtra a mheabhraigh eachtra trioblóidí na seachtóidí a mhair sí féin tríothu di.
Bean óg á sracadh as a leaba ag buíon armtha, cosantóirí an phobail dar leo féin. A ceann á lomadh le deimheas agus í cheangal de ráillí an Teampaill. Éigniú bagartha uirthi. A coir, dar leo? Bheith ag siúl amach le péas. Athinsint ag mná óga eile agus a glór siadsan a thug Réaltán dúinn seachas cuir síos díreach. Modh éifeachtach an feall a chur ina luí orainn.
Léigh Lisa Nic an Bhreithimh gearrscéal atá tráthúil arís faraor agus scéal Clodagh Hawes ar ais sna ceannlínte. Ag bogadh siar is aniar san am thug sí dúinn scéal mnaoi a thugann a searc faoi anáil bhrúid í. Mar a baintear feidhm as a grá chun í a ghearradh amach ó teaghlach agus cairde. Rud a fhágann gan cosaint í nuair a thosaíonn an foréigean. Gan faoiseamh i ndán ach faoiseamh an bháis....
Baineann úrscéal Mhichille Nic Pháidín le dúnmharú. Léigh sí sliocht as Faoiseamh an Iriseora agus iriseoir an teidil tagtha i láthair ag suíomh dúnmharú mnaoi óg, í sna sála ar na gardaí. Mar a bhuaileann sí le bean óg eile ann. Eaglach imníoch. Bean óg Polannach a bhí tagtha lena deirfiúr ar thóir saol níos fearr. É follasach áfach cén cineál saoil a bhí aimsithe aici....
Bhí téama ag teacht chun cinn (cé nár beartaíodh é).
Ina dán siadsan thug Maoilíosa NicÉadaoin léiriú coscrach ar an athéigniú a dhéanann an córas dlí ar bhean óg a éignítear. An dí-chreideamh. A pian is a crá á húsáid chun amhras a chaitheamh ar fírinne a scéil. An "ach deir seisean..."
Fáisceann Dáire Ní Chaineann prós agus filíocht as a streachailt leis an saol agus an imní agus an galar dubhach. Tá miotail éigin innti a cuireann ar a cumas éadroime croí agus gealgháire a fhuineadh as.
Thug sí dúinn dán faoi pléisiúr a bhaint as a colainn aisti féin. Glacadh agus ceiliúradh. Ach freisin an pléisiúr is féidir a bheith sa collaíocht ach é bheith ina bhronntanas ar a chéile. Comh-riachtain.
Thug sí an dara dán dúinn faoi an mhisneach a fháil bheith beo, bheith le daoine seachas géilleadh don mbás.
Chuir cúrsaí taistil dris cosáin roimh an scríbhneoir deiridh a bhí le reic, Máire Dinny Wren. Bhí sí le heitilt aniar aduaidh ach chuir an aimsir bac uirthi agus faraor níor sroich an bus BÁC in am.
Chuir Celia de Fréine clabhsúr mar sin leis an ócáid foirmiúil. Léigh sí brollach a leabhair ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, bean ceannródaíoch. Comhghleacaí i gcúrsaí oideachais leis an bPiarsach a chaith seachtain na Cásca in Ard oifig an Phoist ainneoin a tuairim gur botún a bhí san éirí amach.
Cuirtear céad oscailt Scoil Bhríde inár láthair, an chéad Gaelscoil atá fós ann. (chaith mé féin blianta sóisireacha mo bhunoideachas ann). Oideachas spreagúil nuálaíoch ar an óige, óige baineann ach go háirithe.
In ndiaidh an clabhsúr foirmealta bhí ceol sa chúlra agus comhrá sa tulra.
Ainneoin troime roinnt den lón machnaimh a tugadh dúinn ceiliúradh dearfach a bhí ann. Tá go leor bainte amach ach tá misneach nua ar fáil sa litríocht don méid atá le baint amach.
Bhí ócáid de chuid an Dublin Book Festival ar siúl san Siopa Leabhar inné, faoi chathaoirleacht an bhainisteora nua Gráinne Ní Mhuilneoir. Bean a bhfuil taithí ar an earnáil foilsitheoireachta aici agus ana eolas ar earnáil na leabhair (Béarla agus Gaeilge).
Mheall sí isteach beirt a bhfuil úrscéal ar tí a bheith foilsithe acu chun labhairt faoina gcuir chuige.
Beidh Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin á fhoilsiú san athbhliain ag Cois Life. Úrscéal faoi anáil stair a teaghlaigh, sa mhéid is gur déanadh cleamhnas dá máthair mór i Malta le linn an chéad cogaidh. Saighdiúir a chreid forógra Redmond ab ea a sheanathair agus bheir sé leis a nuachar ó gile is glaine Málta go duairceas agus díomá Lonáidh Bhéal Feirste. Labhair sí ar a cuid taighde - grianghrafanna stairiúla, seachas teaghlaigh tar éis don tost scaipeadh de bheagán, ach freisin ar an láthair i Málta, san aircív. Nach mar an gcéanna dearcadh pobal Mhálta - ina gceithearnaigh leis na cianta ag impireachtaí éagsúla agus dearcadh muintir Bhéal Feirste leis an coilínitheoir béal dorais acu. An gá stair a bhaint as an úrscéal le nach mbáfaí an scéal féin! Ainneoin a spéisiúla don údar féin é. Ina measc na cosúlachtaí idir taithí cosmhuintir iarthar Bhéal Feirste sna fichidí agus le linn óige Réaltáin sna seachtóidí.
Léigh sí sleacht ansin as an saothar, an cleamhnas á bheartú agus an bhrídeog leis na mná laistiar de chuirtín sa chistin. Mar a bhíodh...
Tá scéinséir ar na bacáin le hocht mbliana ag Proinsias Mac a'Bhaird, ón uair a foilsíodh Rún an Bhonnáin. De bhrí gur scéinséir atá i gceist, bhí sé níos deacra ag Proinsias é phlé gan é mhilleadh! An caibidil a bhí i gcló le déanaí i Comhar a léigh sé, tús an scéil, eachtra uafair comhaimseartha san Eaglais sa Róimh ina bhfuil Iarlaí Uladh curtha. Labhair sé ar bheith ag siúl na láithreacha ina bhfuil a scéal lonnaithe, sa Róimh agus ar Oileán Í (tá tábhacht le Colm Cille sa scéal).
Is cosúil gur chuir éirí as an Pápa Beinidict corr i gcinniúint an úrscéil! (D'fhiafraigh duine den lucht féachana dó an raibh saothar Dan Brown léite aige...)
Dúirt sé gur faoi rudaí ina bhfuil spéis aige le fada a scríobhann sé agus dá réir nach mbíonn taighde nua de dhíth air mar go bhfuil an taighde déanta le fada aige. Ach go gcuireann siúl an suímh toise nua leis an scéal, craiceann níos fearr seachas na cnámha a athrú. Bíonn an streachailt céanna i gceist do áfach gan barraíocht teagasc staire a scaoileadh isteach san insint!
Beidh a úrscéal 'Tairngreacht ' á fhoilsiú sa bhliain seo chugainn freisin, ag Leabhar Comhar.
Trí chinn déag de ghearrscéalta láidre atá sa chnuasach seo le Réaltán Ní Leannáin. Tá craos léitheoireachta déanta agam ó tháinig an leabhar sa phost chugam de hAoine.
Mar a luaigh sí féin in agallamh le Raidió na Life, ó dhearcadh na mban atá na scéalta scríofa, agus anáil láidir a áit dhúchais san Tuaisceart orthu. |