Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label annraoi ó liatháin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label annraoi ó liatháin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-05-24

Cois Siúire

Blianta fada ó shin - b'fhéidir sular thosaigh mé ag blagadóireacht fiú - léigh mé Cois Móire le hAnnraoi Ó Liatháin. Cuntas ar Abhann Mór na nDéise ó foinse go farraige. Seo siúirleabhar leis sin, faoi abhann na Siúire óna fhoinse i gcnoic Tiobraid Árainn go dtí cumar na dtrí uisce lámh le Chathair Phort Láirge. 
De shiúl na gcos a rinne Ó Liatháin a aistir, agus cuir síos aige ní hamháin ar an dtírdhreach ach freisin ar stair agus seanchas na duthaí, an chogaíocht agus an churadóireacht, ceol agus comhraic. Agus na daoine a chastar air fán bóthar. Tá eolas mhaith aige ar an seanchas agus an stair agus súil grinn an t-iascaire do sonraí. 
Agus friotal deas cuideachtúil. Imir den greann tríd i gcónaí, greann séimh nach spárálann é féin.

Tá go leor le foghlaim as, agus bheadh spéis agam roinnt de na háiteanna a luann sé a lorg - is dócha go bhfuil athraithe go leor tarlaithe ó shin, agus ní dócha go mbeadh sé chomh áisiúil céanna na bóithre a shiúl - ach tá rian gorm na Siúire ann anois agus corr conair siúlóide. 

Ón leabharlann a fuair mé an leabhar, ní heol dom é bheith i gcló fós. Ní raibh mé ró thógtha leis mar earra fisiciúil. Clóite i ndúch cineál corcra agus gan an ceangal a bheith ró iontach. 

Ba mhaith liom athchló den dá leabhar a fheiceáil le breis léarscáil agus léaráidí - tá forbairt ana mhór ar cló na leabhair ó na 1980í!

Feicim go bhfuil sé ar fáil ó Kennys.

Cois Siúire
Annraoi Ó Liatháin 
An Clóchomhar 
1982
ISBN9781906883140

2022-04-30

Gleann an Leasa

 

Réamhrá

Táthar ag tathaint orm le tamall cuid de na gearrscéalta a scríobhas i dtosach mo ré scríbh- neoireachta a chur amach i bhfoirm leabhair. Ba leasc liom a dhéanamh ar chúiseanna éagsúla. Leisce, mar shampla. Níl aon chóip d'aon cheann de na scéalta agam agus is tuirsiúil an gnó é bheith ag tóraíocht scéalta a foilsíodh ó am go chéile in irisí éagsúla le tríocha bliain anuas-gan trácht ar an sclábhaíocht peannaireachta a bhaineann le iad a chur ar phár arís. Bhí cúis mhaith eile agam - eagla. Chromas ar an scríbhneoireacht i gceart tar éis do Chraobh na hAiséirí scoilteadh ina dhá leath i 1942.
Bhí trí iris nua Ghaeilge á gcur amach ag an am, An Glór, Comhar agus Inniu, agus ar chúinse éigin, níor bhac mórscríbhneoirí measúla aithnidiúla na Gaeilge leo. Bhí na hirisí i dtaobh le dream nua scríbhneoirí. I measc na ndaoine a chrom ar an ngearrscéalaíocht do na hirisí nua seo bhí Séamus ó Néill, Labhrás mac Brádaigh, Séamas ó Mainnín, Conchubhar ó Ruairc, Pádraig ó Conchubhair, Barra Manton, Tarlach Bhilí (Tarlach ó hUid) agus an mac seo.

Scríobhamar go rialta ar feadh tamall de bhlianta agus gan airgead á fháil againn as ár saothar, ná ní raibh airgead uainn. Ba é an chéad airgead a fuaireas as an ngearrscéalaíocht do na hirisí, seic a chuir Comhar chugam i 1945, agus is cuimhin liom gur bhraitheas mar a bhraith Iúdás bocht fadó agus an tríocha píosa airgid ina ghlac aige. Bhí fonn orm é a chur ar ais, mar ba náir liom é a chaitheamh orm féin. I ndeireadh na dála, chuireas chun mo mháthar é agus slánaíodh mo choinsias. Agus nach ait an rud é, ainneoin a ndeirtear i láthair na huaire i dtaobh proifisiúnachais agus an gá atá leis, níor lúide ár ndúthracht an scríbhneoireacht a bheith á déanamh saor in aisce againn. Dheineamar ár ndícheall.

Ach is chuige seo atáim: scríbhneoirí irise ab ea sinn. Ní raibh uainn ach scéalta a scríobh le haghaidh gnáth- phobal léitheoireachta na Gaeilge, scéalta a thuigfeadh an gnáthphobal. An scéal a bheith soléite agus inspéise. Ba é sin ár n-aidhm. Ní rabhamar ag dréim le clasaiceacht ná le hardlitríocht. Deoir a bhaint as súil chailín nó gáire a bhaint as seanduine, ní raibh uainn ach an méid sin. Ach conas a thaitneoidh na scéalta sin le pobal na linne seo? Níl a fhios agam. Níl sa chnuasach beag seo ach mo rogha féin de na scéalta a scríobhas le haghaidh An Glór agus Comhar, mar aon le cúpla duais-scéal a bheadh sa Ghlór nó i gComhar murach gur foilsíodh in irisí speisialta iad. An leisce arís! Ní raibh de mhisneach ionam tabhairt faoin tochailt i measc na n-irisí éagsúla eile inar foilsíodh roinnt de mo scéalta.
  • An Rud nach mBíonn Agam
  • Gleann an Leasa
  • Ciarraí Abú
  • Cluas Muice
  • Cúiteamh
  • Gealtachas Fómhair
  • Sop
  • An Oíche Aréir
  • Na hAdharca Fada
  • Agus an Féarán?
  • An Chéad Cheacht
  • Éan na hOíche
  • An Chéad Phionta
  • Maidin Dé Luain
  • An Bardal Fiáin
 Ansin thuas cuid de réamhrá agus clár an chnuasaigh Gleann an Leasa le hAnnraoi Ó Liatháin; chuir mé fios air ón leabharlann tar éis dom Nead na gCreabhar a léamh. Is cosúil gur scríobh Ó Liatháin neart gearrscéalta eile. Díolaim atá anseo, agus mar sin ní hionann téama ná seanrá na scéalta. Baineann go leor acu le soineantacht na hóige - nó an buachaill óg ar thí an tsoineantacht sin a chailleadh agus aghaidh a thabhairt ar an saol i gceart. Tá greann i scéalta eile - tá An Chéad Phionta - ceathrar fear tuaithe ag ól don gcéad uair tar éis dóibh pá na céad seachtaine a fháil - ana ghreannmhar ar fad. Mar atá i leabhair eile Uí Liatháin tá grá don dúlra agus tabhairt faoi ndeara iontu. Tá meon na haoise iontu - an ghlúin a raibh a dtuismitheoirí gafa i gCogadh na gCarad, gan na scéalta a bheith smolchaite. 

Pléann An Bardal Fiáin díreach leis an téama sin - sean óglach nach dtig leis bogadh ar aghaidh agus atá in umar na haimléise, buachaill óg a sheolann a athair chuig an seanfhondúir é ar mhaith le comhluadar a bheith aige - agus casadh sa deireadh nuair a fhilleann an sean ceannfort aige ar cuairt ar an gceantar - ach nach chun an cogadh a fhearadh arís a níonn.
 
Sruth comhfheasa an reacaire atá i gceist i roinnt scéalta, insint an reacaire uilefheasach i scéalta eile. Ach tá tabhairt faoi deara, caoine agus deá-mhéin don nduine agus don dúlra iontu go léir.Tragóid ceart sa chiall gréagach is ea Gleann an Leasa. Saolta curtha ó mhaith toisc nach dtig leis an patrarc glacadh leis go bhfuil bean a mhic aimrid gan locht.

Tá trom agus éadrom sa chnuasach, sonas agus donas. Bhain mé taitneamh as; measaim go mba cheart go mbeadh teacht éasca ar saothair iomlán Uí Liatháin. Is dócha go bhfuil leabhair fiúntacha eile ann ón ré sin a bhfuilim dall orthu murach an nod nó an comhtharlú a sheol i mo threo iad (is maith ann na hiasachtaí idir leabharlainne!).

2022-04-24

Scéinséir fuilteach foréigneach

Creabhar, Imran Shah, Islamabad, Pakistan, CC BY-SA 2.0, via Wikimedia Commons

Luigh mo shúil ar an leabhar seo ar shuíomh Leabhar Breac. Tá go leor le Annraoi Ó Liatháin léite agam agus taithníonn sé go mór liom. Ní raibh cloiste agam faoin leabhar seo ach chuir mé fios air ón leabharlann. Scéinseir crua céad phearsa atá ann. Lonnaithe ó thaibh ama ag tús na trioblóidí ó Thuaidh, agus ó thaobh áite i mBaile Átha Cliath agus ansin sna Déise. 

Is é Ruairí mac Aodha an reacaire. Fear a bhí ina ábhar sagairt, ina dhornálaí, ina amhas...ach nár fhulaing smacht éagóireach riamh. Rud a fhágann ar an ngannchuid é. Cuireann duine mistéireach, Séamus de Brún, fios air chun misean rúnda a chomhlíonadh. É molta ag iar chomrádaí leis - Dónall Ó Chearbhaill. An comrádaí céanna curtha den tsaoil go bruidiúil, tar éis céasadh. Bhí dream "speisialtaigh" de chuid na Sasanaigh á iniúchadh aige - dream a bhí, dar leis, as smacht, agus uafás éigin beartaithe acu. Ceathrar fear agus bean. Leagann an Brúnach an chúram ar Mhic Aodha na "creabhar" seo a sheilg agus a stop - cuma conas. Cuireann sé airm agus airgead ar fáil dó, agus geallann breis airgead ach an beart a bheith curtha i gcrích. Cogadh salach rúnda...

Gluaiseann an scéal ar aghaidh go gasta foréigneach. Radharc miangasach foréigneach collaíocht amháín leis an mbean Miriam - ach í as an áireamh ina dhiadh sin. Samhail an chreabhar - éan atá deacair a fheiceáil ag an sealgaire, é i bhfolach sa "chríonlach" tríd síos ag Mac Aodha ar a chreach. Aimsíonn sé iad, agus le cabhair fear ar a thugtar "Free State Sinn Féiner" - óglách nár éirigh leis riamh buille a bhuaileadh ar son a thíre agus atá anois searbh aosta, éiríon leis an nead a aimsiú, agus an buille fill atá beartaithe a chosc ... 

Rinne Gearódi Denvir léirmheas ar an leabhar tráth a fhoilsithe. Scéinséir den scoth atá ann; beagán de bhlas a ré air ach gan mórán. Thaithin sé go mór liom.

Léirmheas:
Gearóid Denvir
Comhar Iml. 37, Uimh 1 (Jan., 1978), pp. 20-21

2014-01-21

Is aisteach an Cine Geal

Leabhar eile a chuir Marcus ar mo shúile dom ná An Tíogar Daonna le hAnnraoi Ó Liatháin.Laochra na Machairí, a leabhair staire ar chéad náisúin Mheiriceá i mo l-spás áit éigin, agus bhain mé taitneamh as. Mar sin, le cuidiú Borrow Books chur mé fios ar an leabhar as a bhraighdeanas i Leabharlann Liatroma. Más iontaofa an stampa ar, is i 1981 a léadh an leabhar don uair deiridh. Tá seoda i bhfolach i Leabharlann Liatroma, is léir - as sin a fuair mé Emil agus na Lorgairí freisin. 
Séard atá san Tíogar Daonna ná athinsint ar scéal bheatha Goyaałé, nó mar is fear aithne air, Geronimo - taoiseach de chuid na hApache a thuill a dhásacht sa chath an leasainm An Tíogar Daonna dó.
Ní raibh fhios agam go dtí go raibh an mhír seo a chuir i dtoll a chéile agam go raibh dírbheathaisnéis fágtha ina dhiaidh aige. Is é féin an reacaire san scéal seo, agus é ag insint conas a rinneadh laoch fíochmhar fuilteach as de bhar buille fill i ndiaidh buille fill. Tugann sé a cheart do na saighdiúirí ionraice a bhí ina choinne, ach ar an mórgóir is feall, dúnmharú, brath agus suarachas a léiríonn idir Meicsiceach agus Poncán dó agus dá chine; thuigfeá conas a ndéanfaí amhas fuilteach de dhuine. Leabhar thar a bheith éasca  léamh, a shlog mé siar in imeacht dhá oíche atá ann, agus cainteanna bhreátha ann sa chaoi is go ndéantar cur síos ar shuíomh coimhthíoch ar shlí nach gcuireann as don teanga ina bhfuil a insint. "Leathair cinn" abair, ar an trófaí catha a chnuasach an dá thaobh sna cogaí ach an namhaid a bheith cloíte.
B'fhiú go mór atheagrán a dhéanamh den leabhar seo (níor thaitin an clúdach liom ar chor ar bith) agus cur leis na grianghraif atá ann d'fhonn an seoid seo a chuir ar fáil d'aosánaigh na linne seo.

Tá teideal an mhír seo ag tús agus deireadh an leabhair,  Goyaałé ina sheanfhear ag féachaint siar ar a shaol agus é ina bhrá i bhfad ó chríocha a óige agus a gheana.

2009-12-05

Luaithreach an Bhua

Fuair mé an t-úrscéal "Luaithreach an Bhua" le Annraoi Ó Liatháin ón leabharlann.

Úrscéal stairiúil faoi Cogadh na gCarad. Gleann sléibhe sna Déise an suíomh, agus léirítear éifeacht an Chogaidh ar an bpobal ann. Chuaigh triúr ón ngleann go Tiobraid Árainn ag troid i Cogadh na Saoirse. Maraíodh duine acu, ach d'fhill an bheirt eile nuair a bhí an Sos Cogaidh ann. Bhí duine acu leis an IRA a eagrú sa ghleann, agus rinne. Eisean, Dónaill Ó Coileáin, laoch an scéil.

Nuair a bhriseann an Cogadh Cathartha amach, cuirtear fios air teacht lena bhuíon chun troid ar son na Poblachta. Ach ní féidir leis. Ní mian leis aghaidh a thabhairt ar Éireannaigh eile ar mhachaire an chatha. Éiríonn idir é agus an fear eile a throid - imíonn seisean chun troda.

Léirítear mar a scriostar an pobal ón taobh istigh de bharr na scoilte seo. Léirítear crá croí agus coinsiasa an laoich.

Úrscéal thar a bheith cumhachtach, agus an pobal bheag ina scáthán don tír ar fad. Is uafásach an tionchar a bhíonn ag an cogadh, agus deireadh tragóideach leis na himeachtaí, a fhágann an pobal scriosta.