Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label eaglais werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label eaglais werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-05-27

Ardeaglais Bhreandáin, Baile Locha Riach

Nuair  a bhí mé in ionad Sliabh Eachtaí, fuair mé Taxi isteach go Baile Locha Riach d'fhonn Aifreann a éisteacht. Bhí mé ann i bhfad roimh am an Aifrinn, rud a thug deis dom súil a chaitheamh ar an Eaglais (agus ar bheagán den mbaile) ar mo shuaimhneas. Sui Easpag Cluain Fhearta atá san Ardeaglais, agus é tiomnaithe do Naomh Breandáin dá réir - ach ní fhaca mé ach fuinneog beag gloine daite sa phóirse a léirigh an naomh é féin. Tá an Ardeaglais suite ar bhruach an locha agus tá spás go leor timpeall air, agus roinnt dealbha cuanna ann - ina measc cuimhneachán mór do sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse.
Bhí leabhrán ar fáil san eaglais faoi - tá áiféala orm anois nár cheannaigh mé cóip, ach shíl mé go mbeadh fáil ar an eolas ann ar líne. Má tá, theip orm teacht air go dtí seo. Tá roinnt eolais ar Wikipedia.
I stíl an "Athbheochan Ceilteach" atá an Eaglais tógtha; agus tá neart fuinneoga gloine áille a rinne baill an comhar Túr Gloine, ealáíontóirí fearacht Evie Hone agus Michael Healy (tá a n-ainmneacha le léamh san Eaglais).
Tá an dealbh seo de Mhuire agus Íosa in aice an locha; theip glan orm breis eolais a aimsiú faoi go dtí seo. Is maith liom é - go ró mhinic is dealbha daite gáifeacha a bhíonn le feiceáil thart ar eaglaisí in Éirinn. 

Is mósáic cuanna bealach na croise san Eaglais, le scríbhínní i nGaeilge. Mar an gcéanna, tá scríbhinní Gaeilge ar na lampaí i corp na hEaglaise. 

Ní dhearna mé grinnstaidéir ar gach gné den Eaglais, ach is álainn an áit atá ann, agus suíomh ana dheas.

Sagart ón Nigéír a léigh an Aifreann - fómhar síol a chuir misnéirí ón dtír seo anallód! Ritheann sé liom uaireanta gur sheolamar an chuid is fearr den gcléir - na fir misnúla spreagúla - thar lear, agus nach chun leasa an Eaglais abhus a bhí sé sin.

2019-09-06

Ó Corr na Móna go Bangalore

Bhí dialann de chuid Pádraig Ó Fiannachta, foilsithe ag an Sagart, i measc na leabhair a bhronn Réaltán orm cúpla bliain ó shin. Turas in éineacht le dream sagart ar an der India i 1974 a bhí i gceist. Níl de thagairt ann do Chorr na Móna ach gurb ann a thosaigh an aistir.

Is san tréimhse seo tar éis an Dara Chomhairle Vatacáine a bhí eagar a chur ar an liotúirge chun gnéithe dúchasacha a thabhairt isteach ann. Eagar agus iarracht a ndearna an Fiannachtach cion fathaigh ar a shon i dtaobh na Gaeilge.

Aistir staidéir a bhí i gceist, cé go bhfuil cur síos ann freisin ar Thír, bia, cultúr is ceol.

Ach bhí aird ar leith aige ar na hiarrachtaí a bhí ar bun san India le cultúr na tíre a thabhairt isteach sa liotúirge. Iarracht a bhí conspóideach an uair úd, agus atá fós go deimhin.

Ba díol suntais dom go raibh scrioptúir de chuid na Hiondúch in úsáid mar chuid den Aifreann thall - Níl fhios agam an bhfuil sé fós amhlaidh.

Béim a chur air nach déithe iad Síve, Krishna agus araile ach gnéithe den aon Dia amháin, agus diagairí thall den tuairim go raibh tairbhe dá réir i litríocht ársa eagna na Hiondúch don Críostaí Dúchasach.

Spléachadh freisin ar ghnáis creidimh na dreamanna eile thall.

Agus gnáth thurasóireacht - cé mar is dual dó go ndearna sé iarracht ar leith roinnt de theangacha agus cultúir a shealbhú le linn an turais.

Leabhrán spéisiúil.

2018-05-25

Notre Dame de Paris

Agus mé i bPáras ar na mallaibh, bhí fonn orm Notre Dame a fheiceáil. Ach is Eaglais atá ann, agus ní raibh fonn orm dul ann i mo thurasóir. (Thug mé sciurd ghairid air agus mé ann Meán Fómhair seo chaite). 
Mar sin bheartaigh mé Aifreann Domhnaigh a éisteacht ann.  Bhí Aifreann le cantaireacht Greagórach le bheith ag 10:00. Bhí mé i mo dhúiseacht moch pé scéal é, mar sin bhí mé ann in am do cantaireacht na moltaí um 9:30.
Luaitear an nath "qui bene cantat bis orat" (déanann an té a chanann go maith urnaí faoi dhó) le hAgaistín Naofa. Níl ar mo chumas féin canadh, ach ardaíonn cantaireacht mhaith mo chroí. Meascán den Laidin agus den Fhraincis a bhí sna urnaithe agus sa chanadh. Bhí tionlacan orgáin ann freisin. Níl aon cheist ach  gur ceol diongbhála a leithéidí d'Eaglais mhaorga atá ann. 
Tá na céadta bliana de stair agus ealaín san Eaglais, agus rinne mé camchuairt ghairid in ndiaidh Aifrinn. 
Nílim ceanúil ar áiteanna arda géara, agus ní raibh sé i gceist agam cos a leagan ar an Túr Eiffel. Ach shocraigh mé, ós rud é go bhfuil na staighrí laistigh, go mbeinn in ann túr Notre Dame a dhreapadh. Tá córas sách eagraithe acu, le hinneall chun am a roghnú le dul in airde. Bhí fanacht orm, agus d'ól mé cupán caife i gcomhluadar mac léinn Gearmánach a bhí ar a bhealach abhaile go mall ó thréimhse sna Stáit. Ar an ndrochuair rinne mé dearmad go dtagann dúbailt ar phraghas an chaife le gach méadar ón gcuntar...
Bhí go leor, leor céimeanna le dreapadh. Ach b'fhiú é, ainneoin mo chol le staighre chúng bhíseach. Ar a laghad ní raibh mé ag féachaint anuas go dtí gur bhain mé barr  an Túir amach (le sos idir eatarthu ag leibhéal na gClog, áit a raibh na fíoracha greanta cáiliúla le feiceáil go maith - laistiar de fál sreanga le baois a chosc!

Agus bhí radharc ana bhreá ar an gcathair.

2018-05-14

Mogh Dé

Naomh Maudez
Agus mé i bParás le déanaí, is i mbaile Saint-Mandé a bhí mé ag cuir fúm. Bhí eaglais lámh leis an árasán, agus ba ghnách liom buaileadh isteach agus mé ag dul thairis. Thug mé suntas don dealbh seo lámh leis an altóir. Mheas mé, de bharr an Chrois, gur Gael eile a bhí romham. Ní raibh eolas ar bith ar fáil, tiomnú ná a leithéid. Thapaigh mé an deis tráthnóna Satharn tar éis Aifrinn ceist a chuir ar sagart i mo chuid Fraincise meirgí (Ardteist 1986...)

Naomh patrún an bhaile a bhí ann. Ón mBriotáin, de réir a eolais siúd. Naomh Maudez. Chaith mé súil ar an Vicipéid ina dhiaidh sin. Ceann den iliomad naomh ar beag eolais faoi dáiríre. "Le nom "Maudez" vient du vieux celtique Magu-Tid, serviteur de Dieu." Mogh Dé! Agus Éireannach de réir an naomhsheanchas.

Is maith liom meabhrúcháin beag mar sin go raibh Gael romham ar an Mór Roinn - cine sách siúlach, fánach go deimhin ab ea muid riamh anall.

2017-08-01

Beatha Mhuire - agus Éamon Dearbhóir

Bhí na taobh altóir in Eaglais Mhuire an Bantiarna Chaoin go hálainn. (Níl mo chuid grianghraf sách maith!)

Ar chlé léirítear saol Mhuire óna giniúint gan smál go corónú sna Flaithis.

Ar dheis bhí painéal de ríthe - Críost, Dáibhí, Seosamh. Muire freisin. Agus Éamon Dearbhóir, Rí Shasana. B'ionadh liom Naomh Sasanach i lár Bheirlín, agus chuir mé ceist ar an sagart tar éis Aifreann. Is amhlaidh go raibh Eduard i measc na deontóirí a bhronn an t-airgead chun an Eaglais a thógáil.

2017-07-31

Ecclesia et Synagoga

Ba chathair Protastúnach Beirlín faoi na Kurfürsten ( prionsaí a thogh an Impire). Bhí teannas ann idir an Rítheaghlach a bhí Cailvíneach, agus an daonra a bhí Liútarach. Bhí siar is aniar ann, agus gluaiseachtaí aontaithe. Is beag spás áfach do Chaitlicigh. Agus an Gründerzeit faoi lántseoil áfach ag tús an chéad seo chaite thosaigh cosmhuintir caitliceach ag teacht isteach sna plódcheantair, Kreuzberg ina measc.

Bíonn na hEaglaisí Chaitliceacha a tógadh san ré sin i bhfolach i measc na dtithe. Uaireanta is an balla tosaigh céanna atá acu agus na tithe béal dorais, scaití bíonn eaglais le cruth sách traidisiúnta folaithe i gclós cúil.

Bhí an séipéal a d'éist mé aifreann Domhnaigh i Kreuzberg - Eaglais ár mBantiarna Chaoin - suntasach ar go leor bealaí.

Ní raibh sé le feiceáil ach nuair a bhí tú i do sheasamh díreach ós a chomhair.

Tógadh i 1910 é le cuidiú deontóirí saibhre, mar bhí lucht an pharóiste beo bocht. Ach is i stíl a rinne aithris ar na meánaoiseanna atá sé tógtha, stíl nua Rómhánúil.

Tá athnuachan déanta le déanaí air, agus cuma maith air cé go bhfuil an cloch tar éis fulaingt de bharr na haimsire agus salachar na cathrach.

Ar dhá thaobh an dorais tá íomhánna a raibh léite agam fúthu, ach nach raibh feicthe agam cheana - eadhon an Eaglais buacach agus an sionagóg cloíte. Íomhánna a bhí coitianta sna meánaoiseanna, agus a chuir faraor leis an frith Ghiúdachas, ag lochtú na nGiúdach as droim láimhe a thabhairt don slánaitheoir. Rud a raibh a chuid féin den locht air chun an bealach a réiteach don uileloscadh. Seachas na híomhánna a bhaint agus an stair a shéanadh, tá fógra mínithe crochta ag an gcomhairle paróiste, maille paidir Naoimh Eoin Póil um leorghníomh sna peacaí i gcoinne na nGiúdach.


2013-09-22

Agallamh an Phápa

Glaoch San Maitiú, le Caravaggio

Foilsíodh agallamh fhada leis an Pápa Proinsias ar na mallaibh. Bhí ceannlínte gáifeacha ar fud na cruinne mar thoradh air - ceannlínte a bhí bunaithe ar cúpla abairt as an iomlán, mar a chonacthas tríd priosma an phreasa iad - "Ní féidir linn a bheith ag seasamh ar cheisteanna an ghinmhillte, pósadh homaighnéasach, agus frithghiniúint amháin". Rinneadh neamhaird den méid a dúirt sé dhá abairt ina dhiaidh sin "Tá teagasc na hEaglaise ar na ceisteanna seo soiléir, agus is mac de chuid na hEaglaise mise". Níl fhios agam an mar thoradh ar na ceannlínte é (agus ní dócha é) ach thug sé caint an tseachtain seo do chnáimhseoirí agus lucht leighis inár cháin sé ginmhilleadh go géar. [it, Achoimre Béarla]
Dar ndóigh, ní haon rud nua ná suntasach a leithéid. Ainneoin nach iad seo na ceisteanna is suntasaí i dteagasc na hEaglaise, shamhlófá ó na meáin cumarsáide nár labhair an dá Phápa roimhe faoi cheist ar bith seachas iad. Bhí cúis maith ag Proinsias mar sin na ceisteanna seo a sheachaint go dtí seo. Tá baol anseo do mo leithéidí - go bhfeicfinn nach raibh aon rud suntasach ná nua ráite aige faoin dteagasc agus nach bhfeicfinn an teachtaireacht dúshlánach atá ina agallamh do mo leithéidí. 

Íomhá Edgar Jiménez
Fear urnaí é Proinsias, fear atá sáite i dtraidisiúin an Ord Íosánach lena mbaineann sé, traidisiúin ina bhfuil cleachtas an discernere1 lárnach. An rud ar a bhfuil béim á leagan aige in san agallamh trí chéile ná gur peacaigh ar aistear muid, é féin san áireamh, agus go bhfuil gá le muinín i dtrócaire Dé agus urnaí agus comhairle chun an bealach ceart a aimsiú.  Agus é ag caint faoi féin rinne sé tagairt do phictiúr cháiliúil Caravaggio Glaoch San Maitiú, atá bunaithe ar an sliocht seo san soiscéal:

Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D’éirigh seisean agus lean sé é.  (Mth 9:9)
 Ní cuimhin liom cá háit a léigh mé anois é, ach is cuimhin liom léamh amháin ar an bpictiúr seo a d'áitigh gurbh é Maitiú an fear óg sa phictiúr atá fós cromtha ag ríomh airgead, mar a bheadh sé ag seachaint gairm Íosa. Feictear dom gurbh an dúshlán atá Proinsias atá ag cuir roimh mo leithéidse - atá daingean go hintleachtach sa chreideamh ach - monuar - sách alabhog i gcleachtadh na carthanacha, ná Críost a chuir faram dáiríre, agus scaoileadh le cúraimí eile atá ag teacht idir mé agus é. Cuirtear nath i léith Naomh Proinsias - Fógair an soiscéal i gcónaí. Bain feidhm as briathra nuair is gá.  Sin atá á éileamh aige.

Dúirt an Pápa ina agallamh go bhfuil ról fáidhiúil ag baill na nOird Rialta. Cruthaíonn a leithéidí cíor tuathail scataí, dar leis, ach is coipeadh an tsoiscéil atá san cíor tuathail sin. Feictear dom go bhfuil fáidh againn anois mar Phápa; fear a dhéanfaidh iomlánú agus craobhscaoileadh ar saothar teagaisc an bheirt a chuaigh roimhe.

Agus fear a leanfaidh air ag tabhairt dúshlán mo leithéide. Dúshlán chun mo leasa. Beidh mé ag athléamh an agallamh seo agus an méid a thuairiscítear dá chuid teagaisc laethúil freisin. Tá tairbhe ann.  

1 Bhí plé ar na mallaibh in eagrán den Timire ar conas an focal discernere aithint, scagadh, grinneas a aistriú i gceart sa chomhthéacs ina úsáidtear é. Níor tháinig na hÍosánaigh léannta sin ar toradh críochnúil, sásúil.

2010-08-30

Blúirín: Naomh Fiachra

Naomh Fiachra, ó Wikimedia.
Inniu Féile Naomh Fiachra, rud a mheabhraigh an scéal seo faoi cheiliúradh air i Vín na hOstaire dom.

Tá trácht air i nGaelscrínte i gCéin leabhair Thomáis Uí Fhiagh: D'aistrigh sé iomann de chuid muintir Mheaux faoi:
Éire a sheol an naomh thar lear,
Meaux a ghlac leis, togha na bhfear,
Is breá de Meaux go dtáinig sé,
Is breá ag Éireann mac mar é
Ón leabhar úd arís:

I dtrátha 630 a chuir Fiachra faoi mar dhíthreabhach san fhoraois i mBreuil (gar de Meaux), áit ar thóg sé cillín, aireagal don Mhaighdean Mhuire, teach aíochta le haghaidh taistealaithe bochta ón choigríoch agus gairdín beag le freastal orthu. Níor fhág sé an áit go bhfuair sé bás ansin timpeall 670, agus gairmeadh Saint-Fiacre den áit ó shin. ... Baisteach ainm an naoimh mar ainm ar charráiste de bhrí go mbíodh a lán de na carráistí seo le fáil ar cíos ó óstóir an Ostán Saint Fiacre sa rue Saint-Martin i bPáras.
Go n-éirí a gceiliúradh le fir Fiacre Vín,  agus go mbaine na dílleachtaí súp as!

2010-07-28

Blúirín: Dul don Róimh - ód ríomhaire


Teacht don Róimh:
Mór saothar, beag tairbhe -
An Rí a lorgaíonn tú abhus,
Murar thug leat É, ní bhfaighidh.


Mar sin féin, tá seoda álainn de chuid cultúr an Iarthair le fáil ann; ach an Rí a bheith leat, tig leo tú a thabhairt níos gaire dó, ar eití leithéidí Michelangelo.

Bhí mé féin san Róimh - faoi dhó, más buan mo chuimhne, agus thug mé cuaird ar Baisleac Pheadair. Go deimhin, faoi sé de phribhléid agam Aifreann na Cásca a éisteacht ann sna 1980í.

Ní raibh mé riamh san Séipéal Sistíneach, ámh.

Anois áfach, tig leat na seoda seo a fheiceáil ó'd ríomhaire: Turas fíorúil ar Bhaisleac Pheadair agus an Séipéal Sistíneach

Íomhá: An Doras Naofa, ó Wikimedia.

2010-07-17

Cultúr na hEaglaise



Tháinig mé inniu ar an bhfíseáin seo de chuid "Les Prêtres"; dream a rinne aithris ar an ngrúpa Éireannach "The Priests". Agus gan amhras tá CDanna rathúla eile ann le téama láidir Eaglasta: "Chant" le Manaigh Heiligenkreuz: agus Alma Mater le guth an Phápa air.

Tá sé spéisiúil, dar liom, an spéis seo sa chultúr Eaglasta, ag am go bhfuil na foirceadail as ar fáisceadh an chultúir seo faoi bhrú - de bharr cúinsí inmheánacha agus seachtracha.

Meabhraíonn sé líne ó scéal de chuid Saki dom (líne i mbéal héadónaí amach is amach) : “They say Christianity is in decay; but no religion that invented green Chartreuse can ever die"

Níl mé cinnte cén tátal atá le baint as.

2010-07-09

An Chéad Phápa Dubh, ina fhocail fhéin


(Tugtar an Pápa Dubh ar ceannaire na nÍosánach, an Ord a bhunaigh Iognáid Loyola. Ord a bhfuil tionchar ar léith aige ar an Eaglais agus ar stair na hEorpa. Bhí cosc ar Íosánaigh dul go Críocha Lochlainn go dtí na 1960í, de bharr imní fúthu!)

Fuair mé an leabhair seo le déanaí i Veritas.

Scéal iompaithe Iognáid, mar a d'inis sé do bhall dá Oird atá ann. Tá an bunleagan i Spáinnis agus Iodáilis (de réir mar a bhí scríobhaí ar fáil don té a chuala an scéal).

Cáipéis spéisiúil atá ann, agus rinne Alan Mac Eochagáin CÍ (eagarthóir an Timire) tiontú an mhaith air, sílim.

Cé nach mbeadh na léaráidí ag dul go baileach le mo thoighis, feileann siad don leabhar.

Tá locht nó dhó agam ar an leabhar: tá roinnt mhaith botúin cló ann, faraor. Agus tá a lán fonótaí ag deireadh na leathanaigh. Níl fhios agam an amhlaidh a raibh siad sa bhunleagan, nó ar cuireadh leis iad sa leagan seo. Bhraith mé nach raibh i gcuid acu ach athfhriotal ar an méid a dúirt Iognáid, gan breis eolais. Agus go minic, de bharr leagan amach an leabhair, bhí an nóta ar an gcéad leathanach eile, le tagairt dó ar bhun an leathanaigh. Bhí achoimre ag dul le gach caibidil - is trua nár baineadh feidhm as sin chun ábhar na fonótaí a chuimsiú. Ach seans go rabhthas ag cloí leis an mbunleagan.

Scéal thar a bheith spéisiúil, an streachailt inmheánach a rinne aiséiteach agus múinteoir spreagúil creidimh as saighdiúir agus cúirteoir galánta. Agus an streachailt seachtrach - ré an tAthrú Creidimh a bhí ann, agus amhras forleathan ag na cúistiúnachtaí faoi aoinne a bhí díograiseach ar bhealach nua.


Scéal an Oilithrigh: Iognáid Loyola ina chuid focal féin
Alan Mac Eochagáin SJ a d'aistrigh:
Foilseacháin Ábhair Spioradálta (F. Á.S) 2009
ISBN: 9781906982010

2010-06-14

Ní pionós dí-eaglaisiú sagart

Cáineadh an Pápa as a bheith freagrach, agus é i mbun na Cuallachta um Forleathadh an Chreidimh, as gan sagart áirithe, a bhí ciontach i coireanna in aghaidh gasúir a dhí-eaglaisiú.

Ag fágáil mion fíricí na cásanna seo i leataobh ar feadh nóiméad: cén fáth go bhfeictear do dhaoine gur pionós atá i gceist leis an chéim seo? Go hiondúil, is an fear féin a lorgaíonn an dispeansáid seo: a shaorann é ó móideanna - geanmnaíochta, ach freisin umhlaíochta.

Más tuata é an fear, níl smacht ná dualgas ina leith ag an gcliarlathas níos mó.

Más sagart fós é, tá smacht ag a Easpag air. Is fíor go ndearna na hEaspaig faillí anseo san aimsir chaite: ag bogadh fir timpeall seachas á gcur - mar ba cheart - faoi chigireacht, agus iad a chuir ar fionraí ón sagartóireacht.

Ach ba cheart do na húdaráis Stát agus Eaglasta súil a choimeád ar a leithéidí, ní iad a saoradh ó dualgais.

Léiríonn cás Stephen Kiesle, ceann de na cásanna ina chuirtear faillí i leith Ratzinger, nach aon cosaint é fear a chuir as na sagairt: ainneoin gur fhág sé na sagart i 1981 agus gur phós sé, lean sé air ag baint mí úsáid as gasúir.

Níl aon leigheas simplí ar chás mar seo: tá gá bheith cúramach faoi aon duine a bhfuiltear ag bronnadh údarás ar gasúir air nó uirthi: roimh, le linn agus i ndiaidh dóibh an údarás sin a bheith acu.

2010-06-01

Blúirín: Eaglais is ea an New York Times!

Anailís anseo ar an chosúlacht idir féin thuiscint an New York Times agus an Cliarlathas na hEaglaise Chaitlicí Rómhánaí

2010-05-27

Blúirín: Cás Copernicus

Fíricí tugtha le chéile ag Mark Shea.

Ach tá finscéal dubh an Eaglais frith eolaíochta ana bhuanaithe, beag beann ar fhíricí!

2010-05-24

2010-05-11

Blúirín: Aitheasc láidir, ceannasach ó Diarmuid Martin, Ardeaspag Átha Cliath

Tá todhchaí na hEaglaise i lámha ár dTiarna; ach is mithid dúinn ár gcreideamh a athnuachan muid féin, agus ár bparóistí a athnuachan.

Is fíor dó go bhfuil muid "an caiticeasmaithe, ach ar bheagán soiscéalú"

An rud ar fad san Irish Times inniu, agus anseo.

2010-04-12

Blúirín: Soiléiriú ón Vatacáin maidir le conas a pléitear le cásanna mí-úsaid

An rud ar fad anseo:

Pointí suntasacha:
  • Ba cheart cloí leis an dlí sibhialta maidir le tuairisciú do na húdaráis i gcónaí.1
  • Moltar don Easpag áitiúil aon ní a cheapann sé ba cheart a dhéanamh ar mhaithe le cosaint leanaí, a dhéanamh ar an bpointe.


1Níor gníomhaigh an Rialtas anseo fós chun tuairisciú ar líomhaintí a dhéanamh riachtanach. Ba cheart dóibh. Baineann sé seo ní hamháin leis an eaglais, ach le haon eagraíocht a mbíonn baint acu le paistí. Faoi láthair, bheadh drogall ar dhaoine tuairisciú gan fianaise láidir, ach is ceist do shaineolaithe é sin a aithint. Thabharfadh dlí cosaint do dhaoine a rinne tuairisciú go hionraic, fiú más rud é go raibh siad mícheart.

2010-04-05

Rodta ag Rúndacht

Tá cliarlathas na hEaglaise Caitlicí smeartha ag an mbrocamas a cheil cuid acu leis na blianta. Is fíor gur mionlach ab ea na coirpigh i measc na sagairt. Ach is cuma. Is fíor nár cuireadh an dlí canónach i bhfeidhm i gceart sna cásanna seo - dlí a bhfuil pionós an díbirt as na sagart leagtha síos d'éigniú linbh. Ach is cuma. Is fíor, mar a scríobhann Brendan O’Neill, daonnachaí,go bhfuil áibhéil i gceist san clúdach sna meáin ar forleithne na faidhbe san Eaglais. Arís, is cuma.

Is fíor go bhfuil sé ráite go minic ag údaráis na Róimhe nach aon bac é an rúndacht, a éilíonn iniúchadh eaglasta, an Stát a chuir ar an eolas faoi choir. Ach ní mór a admháil gur ghlac roinnt cléirigh leis gurbh ea. Tá cúis maith le discréid i gcásanna mar seo. Smál do-mhaite is ea cos ar bholg ar leanaí. Is deacair do dhuine neamhchiontach teacht slán ó líomháin go ndearna sé nó sí amhlaidh. Fiú an té atá thíos le coir mar seo, is féidir a chlú a scriosadh ach an t-eolas sin a bheith poiblí. Ach ní haon leithscéal é sin gan gníomhú go docht agus go gasta.

Is fíor na rudaí seo ar fad, agus is mithid na fíricí sin a fhógairt agus a scaipeadh mar is cuí. Go ciúin, béasach, gan a bheith ag éirí tógtha. Agus ag seachaint friotal a fífear fuaimghreim áiféiseach as.

Mar sin féin, ní sin is riachtanaí:
Tá íonghlanadh de dhíth ar an Eaglais. Rud a tharla cheana ina stair, agus a tharlódh arís. Sa mhéid agus gurbh daoine iad baill an chléir, ní bheidh siad saor ó laigí daonna. Tús maith is ea litir an Phápa. Ní dóigh liom go mbíonn sé ag léamh an blag seo, ach cúis dóchais dom an Cuaird Aspalda a bheith fógartha aige.

Tá gá ag an Stát gníomhú freisin. Fós, níl aon reachtaíocht ann a leagann dualgas ar dhuine eolas a chuir ós comhair na húdaráis cuí. Fós níl aon reachtaíocht ann a cheadódh eolas "bog" - amhras seachas líomháin - a chuir ar aghaidh chuig na húdaráis gan dochar do chlú an tuairisceora nó an duine a chuirtear ina leith an eolas. Agus maidir le stair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus cúram leanaí....

Sílim, ainneoin an bhús ar fad sna meáin go bhfuil an toil agus an diongbháilteacht sa Phápa plé i gceart leis an rud seo ar ar thug sé féin "salachar". Sílim go bhfuil an cruthúnas ann go ndearna seisean a dhícheall - ainneoin na scéalta atáthar ag scaipeadh faoin dóigh ar "theip" sé. Sílim, má théitear i ngleic le fíricí na cásanna sin, nach bhfuil cás le freagairt aige.

Tháinig an Eaglais tríd tréimhsí eile mar seo - Pápaí a bhí drúiseach, arbh dúnmharfóirí iad, cléir a bhí gafa le finíochas, saint agus drúis. Tháinig - agus le cúnamh an Spioraid Naoimh tiocfaidh - an teagasc slán. Ní inniu ná inné a múnlaíodh an nath "Déan mar a deirid, ní mar a déanad". Agus anois, agus muid uilig liteartha agus cáipéisí na hEaglaise ar fáil go héasca ar líne, tá deis ag gach baistíoch a chuid féin a dhéanamh de theagasc na hEaglaise, agus iarracht a dhéanamh maireachtáil dá réir.

Ba bhaol an chléireachas i gcónaí do mhisean na hEaglaise, agus i maith go bhfuil an greim úd briste. Tagann amhras orm áfach go bhfuil cléireachas nua - cléireachas na saineolaithe ar na meáin agus na gcailiúlán tagtha ina áit.

Tá íonghlanadh agus athnuachan i gcónaí de dhíth ar aon fiontar a bhfuil daoine ag baint leis. Agus is leis an duine aonair a thosaíonn gach íonghlanadh. Feictear dom ceannairí maithe a bheith againn i Benedict agus Diarmuid Martin. Táim dóchasach go seolfar an Eaglais Caitliceach Rómhánach in Éirinn ar bhealach a leasa. Ach glacfaidh sé am brocamas na mblianta a sciúradh di.


Aguisín: Feicim ó thrácht ar bhlag Dennis gur theip orm an teachtaireacht a bhí uaim a chuir in iúl, a chuir in iúl. An "Is cuma" thuas, is éard a bhí i gceist agam ná nach é sin an rud is práinní a phlé - caithfear féachaint chuige nach dtarlóidh na coireanna seo, idir mí-úsáid leanaí agus an ceilt a lean é, riamh arís. Chuige sin atá íonghlanadh agus aithrí de dhíth, rud a chuimsíonn nochtadh iomlán na fírinne, tríd na cúirteanna de réir mar is cuí. Sin an príomh rud.