Ní minic go dtugaim na fógraí i Gmail faoi deara. Ach anois is arís tugann m'fhochomhfhios rud éigin faoi deara. A leithéidí seo abair: "Know Dhia ar na Cásca - Bíodh caidreamh nua pearsanta le Dia i ach cúpla nóiméad" - is léir go bhfuil turscadóirí creideamh ag baint feidhm as Google Translate anois. (An bhfuil ola nathrach níos measa ná sin ann?)
Ceann eile a chuir mearbhall orm ar feadh tamaill ná an fógra do ceardlann ar tromaíocht san láthair oibre. Ó tharla go mbíonn Google ag scagadh na r-phoist chun fógraí cuí a roghnú, bhain an ceann sin siar asam. Go dtí gur thug mé faoi ndeara go rabhas tar éis píosa oibre a thréaslú le duine trí "Bullaí fir" a scríobh.
Tá bealach le dul fós ag an tiontú uathoibríoch is léir. Ach b'fhéidir gur maith an rud sin; nó ní bheadh srian ar bith le díoltóirí ola nathrach.
Posts mit dem Label blúiríní werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label blúiríní werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2011-04-27
Blúirín: Google, tiontú agus turscar
Blúirín: Onchú mara duilleach
| Phycodurus eques ón nGnáthfhoinse. Ní raibh dealramh ar an ngrianghraif a thóg mise! |
Tá péire de na neacha suntasacha seo san uisceadán i mBré ón Cháisc. Is iontach na míolta iad - cuma planda orthu ar mhaithe le bheith folaithe. Breis eolais anseo ag Wikipedia.
(Tá an t-ainm thuas curtha faoi bhráid an gCoiste Téarmaíochta agam)
Tá ticéid bliana agam agus ag m'iníon don uisceadán, rud a fhágann é gan a bheith ró dhaor cuairt a thabhairt air (más féidir liom í a stiúradh amach as an siopa acu gan poll ró mhór a réabadh i'm sparán).
Bíonn nithe suntasacha i gcónaí ann, agus gan amhras iad cúramach rudaí nua a bheith acu le daoine a mhealladh ar ais. Cloisim go bhfuil foireann piongain acu sa Daingean i mbliana.
2011-02-03
Blúirín: 'Ná santaigh cuid do chomharsan'
Gearr dhráma grinn den scoth ag an BBC. Táid ag obair ar sraith faoi na nDeich Aithne.
Le feiceáil anseo: http://www.bbc.co.uk/irish/articles/view/1149/gaeilge/
Bainigí sult as.
Le feiceáil anseo: http://www.bbc.co.uk/irish/articles/view/1149/gaeilge/
Bainigí sult as.
2011-01-14
Blúirín: Saoirse, fostaíocht agus dínit ar an mbealach don Túinéis?
Tá uachtarán na Túinéise díbeartha ag muirthéacht poiblí. Tá alt tuairimíochta spéisiúil in El Pais ar an gceist.
Ba mhaith an rud é daonlathas a bheith ag fás i dTuaisceart na hAfraice, dlí agus cirt in áit ansmacht scothaicmí, dá mhéid tacaíocht is atá acu ón Iarthar.
Daonlathas agus riail an Dlí an t-aon bealach le síocháin a chothú; agus ní earra ceachtar acu sin ar féidr é bhrú ó lasmuigh; ní mór dó fás ó istigh.
Súil agam go bhfuil feabhas i ndán don Túinéis.

Clibeanna
blúiríní,
polaitíocht,
saoirse
2011-01-13
Blúirín: nathaíocht ar an Ráidio
Bíonn triúir - duine ó Thír Chonaill, duine ó Chonamara agus duine ó Chroca Dhuibhne ag Rónán go minic ar Rónán Beo: athchraoltar ar maidin go moch é agus cloisim ó am go chéile é.
Chuala ceann deas ar maidin - "le leisce na bréige" - agus an cainteoir ag cuir in iúl nach raibh sí cinnte faoi bhrí nath, agus nach raibh sí chun tada a rá ar eagal go mbeadh sé contráilte.
Tá súil agam go bhfuil foclóirí éigin ag teacht i dtír ar an saibhreas seo!
Podchraoltaí anseo (ach gan iad ar fad a bheith ann):
http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_ronanbeo.xml

nathaíocht,
radio
2011-01-12
2011-01-10
Blúirín: Iomlán slán? Anois, sin dúshlán do bhradálaithe
Mar atá foghlamtha (b'fhéidir?) ag Fine Gael.
Tá amhras orm dála an scéil gurbh ionann an drong a thug an fogha seo, agus an dream a thug fogha faoi "naimhde" wikileaks.
Tá an dúrud bradálaí ann.
Tá amhras orm dála an scéil gurbh ionann an drong a thug an fogha seo, agus an dream a thug fogha faoi "naimhde" wikileaks.
Tá an dúrud bradálaí ann.
Clibeanna
blúiríní,
gaeilge,
idirlíon,
polaitíocht
2011-01-09
Blúirín: Ag machnamh ar nádúr an Idirlín
Sheol píosa le Nicholas Carr mé chuig an aiste seo.
Is dócha go bhfuil fírinne áirithe ann; níl an idirlíon ag athrú nádúr an chairdeas agus eile dáiríre; ach tá sé ag oscailte deiseanna eile do nádúr an duine é fhéin a chuir i bhfeidhm.
Is dócha go bhfuil fírinne áirithe ann; níl an idirlíon ag athrú nádúr an chairdeas agus eile dáiríre; ach tá sé ag oscailte deiseanna eile do nádúr an duine é fhéin a chuir i bhfeidhm.
2011-01-07
Blúirín: Dlúthpháirtíocht san Éigipt
I measc na drochscéalta faoi ghéarleanúint ar Chríostaithe san Meán Oirthear; ardú croí atá ann an scéal seo a chlos: go ndearna Moslamaigh "sciath daonna" a chuir ar fáil do searmanas Oíche Nollaig na gCoptach.
Go leana a leithéid ar aghaidh!
Go leana a leithéid ar aghaidh!
2011-01-05
Cosc ar chaint ar chiardhuáin
Tá tagairt nó dhó, thall is abhus, feicthe agam don scéal seo: go bhfuiltear ag foilsiú leagan úr de Huckleberry Finn ina gcuirfear an focal "daor" in áit an fhocail "ciardhuán".
Tuigim gur focal doghlactha amach is amach anois an leagan Béarla den fhocal úd; agus tuigim cén fáth.
Ach tá ana amhras orm faoi slat tomhais an lae inniu a chuir i bhfeidhm ar litríocht an lae inné; seachas dul i ngleic leis, agus feidhm a bhaint as chun botúin an lae inné; agus cá bhfios cinn an lae inniu a scagadh.
Sin cuid den fhoghlaim, nach ea?

2010-12-29
Blúirín: ar íoc tú as an amhrán sin atá á chanadh agat?
Scéal ón nGearmáin: Tá GEMA - macasamhail IMRO abhus ag éileamh airgead ó naíonraí as ucht an chead a bheith acu amhráin do phaistí a chanadh...toisc go bhfuil cóipcheart i gceist. €56 in aghaidh na bliana: ansin tá cead acu suas le 500 cóip a dhéanamh de nótaí amhráin.
Anois, táim ar son go mbeadh dleachtaí á íoc le cumadóirí ceoil, agus nach mbeadh a gcuid saothar á ghoid tríd cóipeanna a dhéanamh go bradach. Ach tá a leithéid de rud ann agus úsáid cóir - agus sílim gur ag marú an gé a bheir na huibheacha órga atá GEMA anseo. Mar táim measartha cinnte go gceannaíonn tuistí CDanna agus leabhair bunaithe ar na foinn a thugann na leanaí abhaile.

ceol,
cóipcheart,
gaeilge
Blúirín: Go bhfóire Gobanios orainn!
![]() |
| Bó bhán ar chúlra dhubh: Niko Pirosmanashvili |
Cliste.
Dia dá mhaoin is mairg do ní!
Clibeanna
bealoideas,
blúiríní,
gaeilge,
polaitíocht,
sengoidelc
2010-12-21
Blúirín: Ní féidir leat loirg do chos a cheilt sa sneachta.
Clibeanna
blagadóireacht,
blaganna eile,
blúiríní,
gaeilge,
nathaíocht,
sneachta
2010-12-20
Blúirín: Imbolc 2011
Comhdháil iontach is ea Imbolc, ar siúl 12ú Feabhra 2011 san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne. Baileofar ann Gaeilgeoirí inspioráideacha chun a gcuid smaointe agus a gcuid tionscadal a roinnt lena chéile agus leis an lucht féachana.Beidh ochtar ag caint ann, agus seans cainte ar feadh fiche nóiméad an duine - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh. Mar is léir thuas, tá cainteoirí den scoth againn, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu. Gan dabht beidh téama an tionóil, "Inspioráid na bliana", tuillte go maith aige! Is féidir leatsa a bheith páirteach sa chruinniú éachtach seo...
Breis eolais: www.imbolc.ie
2010-12-15
2010-12-09
Blúirín: scéal gan údar?
Mír ag Nicholas Carr ag cáineadh an tuairim go mbeidh scéalaíocht saor ó údar an scéal.
Sílim go bhfuil an cheart aige; fiú i gcás scéal béaloidis, feictear dom go raibh fréamh scéalaí i gceist; cinnte, cuireann scéalaithe a gcasadh féin agus a snas féin ar an scéal. Ní hionann sin agus maíomh nach bhfuil gá le údair; ní ionann cruthú agus glacadh.
Le gach bó a lao; agus ní scéal gan scéalaí!

2010-12-07
„Das Fragen ist die Frömmigkeit des Denkens“
Baineadh feidhm as an nath thuas, a dúirt Heidegger tráth, mar theideal ar alt faoi Peter Seewald. (Peter Seewald an t-iriseoir a chuir an Pápa faoi agallamh san leabhar Solas an Domhain)
Fiafraitheacht cráifeacht an mhachnaimh.Feictear dom go dtéann an nath seo go maith leis an cnuasach atá Fergus ag caitheamh gus leis.
Clibeanna
blagadóireacht,
blaganna eile,
blúiríní,
nathaíocht
2010-12-03
Blúirín: arsanaic agus beatha nua
![]() |
| Radharc ar Mono Lake, áit ar aimsíodh an frídín. Ón gnáth fhoinse. Le Mila Zinkova |
Beatha atá ann, Jim, ach ní mar a bhfuil taithí againn air...
Is maith liom an smaoineamh go mbeadh cabhair anseo do nithe atá de dhíth orainn ach bac orainn de bharr easpa fosfar.
Blúirín: Wikileaks arís
Alt spéisiúil ag Danny O'Brien san Irish Times inniu faoi cad atá ag tarlú i measc meitheal WikiLeaks;
(Agus táim fós amhrasach!)
Ach táim amhrasach freisin faoi na hiarrachtaí iad a bhrú den idirlíon...
(Agus táim fós amhrasach!)
Ach táim amhrasach freisin faoi na hiarrachtaí iad a bhrú den idirlíon...
Clibeanna
blúiríní,
gaeilge,
iriseoireacht,
saoirse
2010-11-30
Blúirín: Ciondáil ar Bhono ar mhaithe leis an aeráid
Cé nach n-aontaím le amhras an scríbhneora seo faoin athrú aeráide, tá a lán den fhírinne aici maidir le cuid den na Fairisínigh seo atá ag iarraidh ualach a cheangail ar droim dhaoine eile ach nach bhfuil ag athrú a saol féin.
Clibeanna
athrú aeráide,
blúiríní,
gaeilge
Abonnieren
Posts (Atom)