Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label focail werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label focail werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-02-28

Foclach agus foinsí oscailte

Is sampla bhreá Foclach.com  de togra foinse oscailte; bunaithe ar an smaoineamh a bhí ag Josh Wardle - Wordle - atá anois díolta leis an NY Times de bharr an rath air. É sin é féin an chosúil leis an gcluiche tomhais Mastermind, seachas gur foccail seachas dathanna atá i gceist leis an rud atá le tomhas. 

Spreag a spéis i Wordle agus a mian barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge Linda a cuid scileanna mar dhearthóir agus códálaí JavaScript (teanga ifreannda i mo thuairim féin, ach uirlis oirúnach don bhfeidhm seo) chun cluiche a chruthú di féin. Fuair sí a thús óna mhacasamhail a rinne bean eile - Word master le Octokatherine. Clár atá ansin a cuireadh ar fáil ar GitHub mar fhoinse oscailte; mar atá an t-eolas a chnuasaigh MBM maidir le minicíocht focail as a d'eascair cuid den liosta de focail 5 litreach. Is liosta le háireamh an méid oibre atá déanta ag Michal don nGaeilge; ag obair le Fiontar nó ar a chonlán féin; agus fearacht Kevin Scannell é á chuir ar fáil mar foinse oscailte agus ag spreagadh daoine eile chun amhlaidh a dhéanamh, 

Creidim féin go bhfuil buntáistí móra sa chuir chuige seo - agus san modh oibre a léirigh Linda, sé sin leagan trialach a chuir ar líne, agus aiseolas an phobal a athrú chun snas agus feabhas a chuir air. (Ach ní aontaím le fáil réidh le "v"). 

Is é seo an taobh is fearr den idirlíon - uirlisí fearacht JavaScript a chuir ar fáil; suíomhanna fearacht GitHub chun cód a roinnt agus rudaí nua a chruthú agus a scaipeadh; na meán shoisialta chun cabhrú le cruthaitheoirí agus úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh.

Mar a dúirt mé blianta fadó ó shin in aighneacht a chuir mé faoi bhráid Foras na Gaeilge creidim go bhfuil féidirtheachtaí móra anseo don nGaeilge. Cé go bhfuil roinnt ábhar foilsithe acu ó shin, measaim go bhfeadfaí dul níos faide chun an t-ábhar a chuir ar fáil ar foinse oscailte; agus chuirfeadh sé sin deiseanna ar fáil.

Mar a dúirt mé i 2009: 

"Tá léargas le fáil ar an meon an saorálaí idirlín, agus conas mar a fheidhmíonn an cultúr, san aiste “Homesteading the Noosphere”  le E.S. Raymond.  An téis a nochtann sé ansin gur cultúr bronntanais, bunaithe ar aitheantas ó piaraí, atá san córas foinsí oscailte,rud atá fíor chomh maith faoi mór chuid den ábhar agus bonneagar ar an idirlíon."

Más mian libh is féidir tacú le Linda - tá costaisí ag baint le suíomh idirlíon agus a leithéid bainteach le foclach.com - anseo.

2022-02-10

Báisteach ó Dhia chughainn, ach gan é bheith fliuch...

Báisteach ó Dhia chughainn, ach gan é bheith fliuch.
is cuid an lae amáraigh go gcuirfidh sé anocht!

Báisteach 

Ní athraíonn doineann 
blas na meala, 
ní mhúchann grian 
nuair a théann sí i dtalamh; 
mura ndiúlann ithir 
de chíoch na spéire, 
is gearr é saol 
an chine dhaonna.

Joe Steve Ó Neachtain 

Tá ciúnas ar an saol mór máguaird
Cé is móite de ghiob-gheab na fearthainne
Méara binbeacha na fearthainne ar an díon
Ag seinm tiúin
Méara friochanta na fearthainne
Méara fada fuinniúla na fearthainne
Méara bríomhara binbeacha bíogúla ag scinneadh go haclaí

as Oíche Nollag
Eoghan Ó Tuairisc

Fadó, fadó, nuair a bhí Lá amháin sa tseachtain scríobh Seán de Fréine an t-alt atá neadaithe thuas maidir le na focail ar bháisteach. Luaigh @ceanncait ar Twitter go bhfuil neart focail agus nathanna i Foclóir Uí Dhónaill. Anseo thíos roinnt torthaí ar chuardach droim ar ais an bhfocal "rain" - tá neart eile ann!


bruth báistí teas a leanann báisteach é
seadbháisteach, seadbhraon,
braon i mbéal na gaoithe
braonacha báistí ar an ngaoth, ceobhrán
draonán, drothán, fliuchbháisteach,
salachar báistí, salacharaíl báistí, fearthainn bhog.
báisteach ceomhar le braonacha beaga
brádán, ceobhrán rud beag níos troime ná an ceann roimhe seo
Ag deoradradh fearthainne braonacha ag titim
bogfhearthainn báisteach eadrom le braonacha beaga
craobhmhúr báisteach scaipthe
breacbháisteach ceathanna anois is arís
clagarnach báisteach trom a bhainfeadh ceol as an díon!
dallcairt titim trom báistí nó sneachta
forlacht titim an-trom báistí
Ag gleadhradh báistí ag cuir go trom
léidearnach fearthainn trom tiománta ag an ngaoth
spútrach braonacha troma báistí a dhéanann preabadh ón dtalamh
gailfean báistí báisteach trom tiománta ag an ngaoth
bailc, bús báistí, tuile, tulca múr trom bháistí
Ag balcadh fearthainne ag cuir go trom
batar/batarnach fearthainne, Ag dubhfhliuch fearthainne cith trom báistí
brúisc fearthainne cith tobann báistí
Lá buan fearthainne fearthainn ar feadh an lae
Lá duartain fearthainn trom ar feadh an lae
Fearthainn chinnte fearthainn gan stad
Ag caidhleadh báistí báisteach fearacht buillí
Báisteach dheannachtach báisteach fuar a dhéanfadh libín asat
Ag cur de dhíon is de dheora, ag cuir sceana gréasaí báisteach trom
díle bháistí báisteach thar a bheith trom
báisteach
fearthainn
aimlithe millte ag an bhfearthainn
Ní dhéanfaidh sé brí (fearthainne) ní thitfidh mórán báistí
cafarr caipín báistí ar chnoc
cídeog clúdach don cloigeann agus na guailne ó bháisteach nó gaoth
fáfall glanadh báistí
turadh stop le fearthainn
aiteall sos idir dhá chith
frasach ceathach
cithnéal, frasnéal scamall báistí
múrabhán scamall dorcha fearthainne
brollach na fearthainne ar tí tosú a chuir
Tháinig an lá ina chac báistí milleadh an lá ag báisteach
Cúpla ceann eile a bhí ag Toose ar Eachtraigh Dom 2022-02-28 agus atá in FGB
Sreangán báistí Ní thabharfá puinn aird air ach fliuchadh sé go maith tú (ceobhrán) ~ Toose
Péatar báistí báisteach trom
cáitheadh sneachta / báistí ag stealladh báistí
Ceo doininne ar chnoc, ceo soininne ar aibhnte

2022-01-11

Bleachtaire

Comhrá ar Twitter leis an té a chuir an cuntas ceiliúrtha do Cathal Ó Sandair ar bun a mheabhraigh an focal seo dom. (Róisín Adams, mura bhfuil dul amú iomlán orm). Ní cuimhin liom anois cá háit a léigh mé an cuir sios ar conas a tháinig an focal bleachtaire mar ainm ar an té a lorgaíonn fios fátha scéil chun cinn. "Emil agus na Lorgairí" a bhí ar an gcéad aistriúchán ar Emil und die Detektive mar shampla.
Mo mheathchuimhne ar an gcuir síos a léigh mé ná go raibh baint aige le blí eolais. Chuaigh mé ag tochailt. Fuair mé an tagairt seo ar dúchas: 
bleachtaire (“Bladderer”) a wheedler

Chuaigh mé ag tochailt agus tháinig mé ar an dá iontráil seo i Sanas Gaoidhilge-Sagsbhéarla le O'Reilly:

bleachtaire: duine a bhlíonn ba.

bleachtaire: bladaire, cealgaire; duine a dhéanann iarracht do mhuinín a fháil trí caint deisbhéalach ar mhaithe leis féin.

Measaim féin gur eascair an dara brí as bléan (eolais) agus gur tháinig  an chiall "duine a lorgaíonn fios fatha scéil (coiriúil)" as sin.  

Le tús an chéid seo caite a bhaineann formhór na tagairt i gCorpas Foclóir na Gaeilge - feictear dom gur péas atá i gceist sna tagairtí ar fad beagnach.

I Foclóir L.S. Gógan tá 

bleachtaire: detective; accepted in this sense.

 Tá nod gur deacair dom a léamh leis - Blask Iris VIII .58 b'fhéidir? Tá téacs eile faoi atá scriosta amach.

In eagrán 1927 d'fhoclóir an Duinnínigh tá :

bleachtaire, g. id., pl. -rí, m., a milker,a dairyman, a milk-dealer ; a wheedler; a detective (rec.).

Bhain Pádraig Ó Conaire feidhm as an bhfocal Bleachtaire, mar shampla, i Bé an tSiopa Seandachta sa leabhar Seacht mBua an Éirí Amach.

An sampla is luaithe atá faighte go dtí seo againn ná san scéal Bean an Leasa le Pádraig Ua Séaghdha a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge Iml 9 in 1899.

“Bleachtaire is eadh thu, bhí amhras agam ort le mí nó mar sin,” ar sí. “Ó, ná bac sain de,” ar sé, “beidh aimsir ár ndóthain againn le trácht thar na gnóthaidhibh sin ar ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá na clocha uaisle ann is dócha? Sín annso chugam iad, acht fan go fóil, tógfad féin iad.”

Níl aon ceannfhocal do Bleachtaire  i Croidhe Cainnte Ciarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh (An Cóta) ach tá sé úsáidte go minic sna habairtí samplacha, agus an ciall reatha leis.


De réir má thagann mé ar bhreis eolais cuirfidh mé leis an nóta seo é.

2012-12-14

Gaolta

Tharraing Maitiú Ó Coimín an cairt seo mar thoradh ar mhír Coc & plé le Dennis ar Twitter:


Tá roinnt nathanna deas breise in An Béal Beo maidir le gaolta:
  • Is í a bhean an duine is gaire i ngaol d'fhear, agus a fear an duine is gaire i ngaol do bhean.
  • Amnair a bhí sa tSean-Ghaeilge ar dheartháir athair, nó máthar, i.e. uncail.
Luaitear nia, neacht, (ban)cliamhain agus araile ann freisin. 

2012-06-22

SCOLÁIRE

Tabhair a dhóthain den ardléann do Ghaeilgeoir agus ní Gaeilgeoir a thuilleadh é ach SCOLÁIRE. Agus, a chairde mo chléibh, is iontach na héanacha iad na scoláirí nuair a bhaineann siad amach beanna arda an léinn mhóir. Tugann siad gráin don uile fhocal den teanga Ghaeilge ach na focla a bhfuil seacht sreama na seanaoise orthu.  Níl canúint is fearr leo ná an chanúint atá marbh le céad bliain.
Bíonn a chanúint fhéin ag gach duine acu agus murar féidir leat í sin a labhairt leo go clocharach pislíneach mar is dual labhróidh siad Béarla leat. Bíonn Béarla an-bhreá acu go hiondúil. Le fírinne agus leis an gceart bíonn sé acu chomh maith nó níos fearr ná an Ghaeilge féin. Béarla gan chanúint a chleachtann siad, rud a chuireann ar a gcumas labhairt le formhór chuile Bhéarlóir. Buntáiste mór é seo gan dabht.
        Breandán Ó hEithir, Feabhra 1958

2011-01-13

Múnlú agus claochlú focail

Píosa ag Eric Raymond ar "Hacker", "cracker", "geek" agus "nerd" a chuir ag machnamh mé ar ciall focail, agus conas mar a athraíonn siad: agus conas mar a bhíonn ciall éagsúil orthu ag lucht ceirde seachas an ciall atá ag daoine nach den gceird iad.

Moladh is ea "hacker" i measc lucht forbartha bogearraí go hiondúil, go hairithe lucht Linux. "Seifteoir" a bheadh agamsa air as Gaeilge. "Cracker" a thugtar sa chultúr sin ar dhaoine a bhriseann rudaí - ach sin an brí a bheadh ag hacker sna meáin. (Agus ag focal.ie, a thugann bradaí mar leagan Gaeilge air! Brí 3a an leagan dearfach, agus 3b an diúltach ag OED)

Maidir le geek, ba mhasla é, agus feicim go bhfuil "geocach [ríomhaire]" molta ag focal.ie. Ní dóigh liom go mbéinn sásta go dtabharfaí geocach orm! Tá geek féin síolraithe as focal Albanach ar ghramóg óinmhid. Focal atá gaolta le Jeck na Gearmáine, atá fréamhaithe i gnásanna an carnabhal. Ach feictear dom go bhfuil geek moltach anois sa Bhéarla.

Ach ní dóigh liom go bhfuil nerd moltach fós. Feileann moladh focal, saoithín mar sin!

2010-12-11

An síbín é seo?

Úsáidtear an a comhartha "#!" ar a dtugtar shebang ar chóras Unix chun cuir in iúl don gcóras oibriúcháin go bhfuil eolas ag teacht maidir le cén léirmhínitheoir atá lé n-úsáid leis an script a thosaíonn leis.

Agus inniu tháinig mé ar alt a nascann shebang le síbín....

2010-11-13

Blúirín: seileacáilte

"Shellacked" an cur síos a thug Barack Obama ar a Uachtaránacht i ndiaidh na toghcháin meán téarma. Cé gurbh eol dom céard é seileaic (saghas clúdach cosanta, fearacht vearnais), níor thuig mé cad a bhí i gceist aige.

Tá réiteach na faidhbe san alt léannta focalbhách seo:

2010-11-03

Blúirín: an dubh ina ghorm

suíomh nua ag an iris Comhar (agus foireann eagarthóireachta nua á earcú acu freisin).

Agus mé ag caitheamh súil air, tháinig mé ar an alt seo le Alex Hijmans maidir leis na dúshláin atá roimh an iriseoir Gaeilge atá ag cuir síos ar an gcoigríoch ó thaobh foclóra de. (Níl dóigh liom gur nasc buan atá leis an alt; beidh le feiceáil).
Giota as:
Moltar don té a dhéanann cáineadh réiteach a chur ar fáil, ach níl réiteach simplí ar shriantacht stór focal na Gaeilge. Is maith ann iad na háiseanna téarmaíochta ar-líne, ach is minic a thugann siad téarma duit atá cruinn agus ceart ach nach bhfuil sa chaint ("nuashonrú” in ionad "uasdhátú”) nó téarma atá chomh rúndiamhrach go mbeadh an Sfincs bródúil as – "réad eitilte gan aithint”. Anuas air sin tá claonadh stairiúil ag cainteoirí Gaeilge, muintir na Gaeltachta ach go háirithe, i gcoinne na nua-théarmaíochta ("Gaeilge na Leabhar.”) Focal deas nuachumtha é "brú-bhruthaire” ach ní fheicim bean tí i Ros Muc á úsáid nuair atá an pressure cooker á lorg aici. Ní dhéanann an nós seo saol an iriseora Ghaeilge níos éasca; go deimhin cuireann sé leis an bhfáinne fí ina bhfuil an teanga ó thaobh na nuathéarmaíochta de. An moladh is fearr atá agam – cé gur beag an cúnamh é – ná breathnú ar na srianta atá ag an teanga mar dhúshlán. Dúshlán do shamhlaíocht lucht a labhartha agus a scríofa. 
Beidh orm cupán cacó a ól, agus briosca cócó leis, agus mo mharana a dhéanamh ar ábhar a ailt!

Aguisín: Chinntigh mé mo thuairim gurbh UFO is ea  réad eitilte gan aithint ag Focal. Spreag sin mé le nasc anseo is ansiúd a chuir leis an mír seo.

2010-10-08

Foinsí fionnachtana d'fhocalbháigh

Mar thoradh ar an gcaid a chuir Dennis san imirt lena phíosa ar fáinne fí, fuair mé amach go mbíodh colún "Focal Fun" san nuachtán Inniu. Colún a mhúnlaíodh nathanna Gaeilge do Bhéarlagair na linne.

Bhíodh Leagan Cainte agus ansin Focal Faire ar Raidió na Gaeltachta ar saothrú sa ghort céanna; ach go bhfios dom níl ceachtar clár ann anois. Bíonn cainteoirí Gaeltachta ar Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár ó am go chéile. 

Nár bhreá an rud é teacht buan a bheith ar na seoda a chruinníodh ansiúd? Agus, gan amhras na nathanna a chíorann Áine agus na focail a bhíonn ag Dennis:

Lé déanaí ar liosta Gaeilge-A mhol Marion Gunn :
Seo moladh atá i gcúl mo chinn le tamall fada: www.nathanna.ie a bhunú, ina mbeadh teacht ag aistritheoirí, go háirithe ag aistritheoirí nua, ar nathanna coitianta.
...
Ba mhór an áis don aistritheoir cleachta agus ba mhór an gar Dia donábhar aistritheora a bheith in ann teacht ar nathanna go réidh, idir ghnáthchainteanna agus chainteanna a bhaineann go sonrach le béarlagair ar leith (dlí, leigheas, srl.). Níl ann ach díospóireachtaí ar an bhfóram a léamh - féach nach conas teacht ar théarmaíocht lom is mó a dhéanann tinneas do bhaill an liosta sin, ach conas teacht ar nathanna iomchuí sa Ghaeilge.
Ana smaoineamh, dar liom. Agus, mar thús, tarraingt ar an ábhar atá ann cheana, ach gan teacht éasca air.

2010-10-07

Pota Focal

Foilsíodh an píosa seo liom ar Ghaelscéal le déanaí.

Tá athnuachan ó bhun déanta ag Michal Boleslav Mechura ar a thogra foclóra, Pota Focal (http://www.potafocal.com) . Sa bhreis ar an gluais tí atá á chnuasach aige le roinnt blianta anois, tá teacht tríd an suíomh ar teasáras de  chuid saorálaí idirlíon eile – Kevin Scannell, agus freisin ar an dtogra comhoibríoch idirlíon http://www.irishionary.com/, i measc foinsí eile. Gné a thaitníonn go mór liomsa ná an nasc le gluais an iris idirlíon Beo.ie. Tugann sin deis do dhuine an focal a fheiceáil i gcomhthéacs – agus muinín ag duine go bhfuil eagarthóireacht mar is ceart déanta ar an ábhar! Is é Michal dar ndóigh an duine a dhear Beo mar atá anois, sa bhreis ar bheith ina ailtire eolais ar na tograí focal.ie agus logainm.ie. Tá an faobhar a chuir sé ar a scileanna ríomhaireachta sna tograí sin imithe chun tairbhe do Pota Focal – suíomh a chuireann sé ar fáil as a stuaim agus a acmhainní féin, gan aon deontas ná spreagadh. Feidhmíonn an suíomh mar thairseach do líon eile acmhainní freisin – is féidir focal a lorg i focal.ie nó san bhFoclóir Beag ar líne díreach ón suíomh chomh maith. Seo neart an idirlíon – an dóigh gur féidir le saorálaithe cuir le chéile chun rudaí nua, iontacha a chuir ar fáil – agus ansin iad a nascadh le chéile chun rud níos iontaí fós a chuir ar fáil. I gcás mionteanga mar an Ghaeilge, le pobal scaipthe, is iontach an deis atá ann. Tá muid i bhfiacha ag na gceannródaithe fearacht Michal agus Kevin sa chás seo. Tá breis eolais ar shaothar gairmiúil Mhichal, idir deonach agus íoctha, le fáil ag: http://www.prettydata.eu/mbm/

Aguisín: Ó shin i léith, tá áis nua curtha ar fáil - Nua-Chorpas na hÉireann - ag Foras na Gaeilge. Gan amhras, tá an electronic Dictionary of the Irish Language de chuid an RIA ann cheana. Agus gan amhras CELT ag UCC.

De réir mar a chuirtear leis an foinsí Gaeilge ar líne, tá dóchas agam go leanfaidh daoine eile conair Mhichal, agus áiseanna iontacha a chuir ar fáil, ag tarraing astu.

2010-08-16

Blúirín: Pota Focal ar ais!

Tá ár n-ailtire eolais fhéin, Michal Boleslav Měchura, tar éis athnuachan ó bhun a dhéanamh ar a thogra foclóra, Pota Focal.

Sa bhreis ar a "ghluais tí" iontach, lán de samplaí, tarraingíonn sé as foinsí eile - teasáras Kevin Scannell, mar shampla, nó Irishionary. Nó an ceann is fearr liom féin, gluais Bheo. Cuireann an ceann deiridh sin na focail i gcomhthéacs go galánta.

Dearna leis!

2010-04-04

Cinn Líon nó Blag?

I trácht thíos, mhol Rossa Ó Snodaigh:

Molaim duit tosú ar Cinn Lín (keen leen) a usáid in áit blag.
Séard atá i blog ná comhfhocail ó web log
An Gaeilge a bhíodh ar Diary ná Cinn Lae
Cé gur Líon an Ghaeilge ar net agus Gréasán ar web
Is idirlíon seachas gréasán a dtagadh Cinn Lín
Tá lín in úsáid mar gur é an ghinideach ar líon

bheadh duine ag dul i mbun nó ag scríobh Cinn Lín
seachas bheith ag cinn líneáil.
Cé gur féidir len té san bheith ina chinnlínteoir (blogger)

Ná déanaimís Parrots din féin tré aithris a dhéanamh ar gach focal bhéarla a dtagann ár mbealach. Tá an saibhreas sa teanga ach dul is í a lorg.

Tuigim cad a spreag é. Ach sa chás seo, ní aontaím leis. Is é mo thuiscint gurbh amhlaidh go gciallaíonn "Cinn Lae" deireadh lae - agus an gníomh is minic a dhéantaí ann; cuntas a scríobh ar an lá.

Is féidir, gan amhras, sean nath a athnuachan nó a athbheochan le ciall nua: sampla mhaith is ea turscar. Mar sin féin, is é an Bhéarla teanga na teicneolaíochta (áit a bhíodh ag Laidin tráth). Agus is rud nádúrtha é téarma a ghlacadh ón bhfriotail a úsáidtear ann chun coincheap nua a chuir in iúl. Ní dialann blag - agus ní cinn lae ná cinn líon atá agam anseo. Tá an blagadóireacht tar éis fás óna fréamhacha mar "web log".

Táim i bhfách leis an focal is fearr a úsáid, focal a chuireann coincheap in iúl go beacht, cruinn. Agus nílim ró bhuartha faoi foinse an fhocail, ach é a bheith ag teacht le gnás na Gaeilge.

Mar a scríobh mé cheana, tá an focal blag sa Ghaeilge ag dul i bhfad siar, pé scéal é.

2010-02-03

Nathaíocht

Feictear dom gur focalbháigh iad mionphobal blagadóirí na Gaeilge. Rud is dual dúinn, is dócha, mar Gaeil.

Tá an méid seo le rá ag Tomás Ó Máille in "An Béal Beo":
Bíonn siad, nó bhídís, scaití ag nathaíocht. Is ionann an nathaíocht ó cheart agus a bheith ag déanamh píosaí filíochta (ar a chéile), lúibíní etc. Is ionann nath agus filíocht, mar atá sa gcaint 'gan nath gan ábhar'. Is ionann nathaíocht freisin, agus a bheith ag rá cainteanna grinn le chéile, focail a bhfuil gearradh iontu. Maidir le nathaíocht, caithfear trácht a dhéanamh uirthi ar ócáid eile.1 (lch 171-172)
Ós rud é muid a bheith tugtha don gcaint agus na cora cainte casta, táim cinnte go mbainfidh sibh sult as an alt seo, san teanga eile úd. An briathar ina ainmfhocal, nó a mhalairt, a bheathaíonn bráithre an ghrinn!

1 Ní dóigh liom go bhfuil an trácht geallta curtha ar fáil sa Bhéal Beo. An eol d'aoinne saothar eile leis an Máilleach, ag plé le nathaíocht a bheith ann?

2009-10-31

Litríocht agus Foclóir

Táim buíoch do Chrí ar Fóram Daltaí a tharraing m'aird ar an leabhar seo ar an Litríocht Cheilteach.

Leachtaí a tugadh ag comhdháil atá ann, ina measc léacht ag Alan Titley ar phrós na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá léacht thar a bheith spéisiúil ann le Seán Mac Corraidh - "Seiftiúlacht Sheosaimh Mhic Grianna Mar Aistritheoir".

Feictear dom an ceart a bheith aige, go bhfuil foinse téarmaíochta anseo nach bhfuil úsáid mar is ceart bainte as. Ní hamháin saothar an Ghriannaigh - ach na haistriúcháin uile, go háirithe iad siúd a rinneadh ag cainteoirí dúchasacha faoi scéim an Ghúm.

Tá Kevin Scannell ag obair ar togra ríomh aistriúcháin.

Ach an corpas aistriúcháin, móide na bunthéacsanna a aistríodh a bheith ar fáil don ríomhaire, shamhlóinn go mbeadh an-tairbhe le bhaint astu. Go hairithe sa chás go raibh teangacha seachas an Bhéarla i gceist.

Beidh orm greim a fháil ar leabhar Sheáin, ina chíorann sé an cheist níos doimhne.



Aguisín - tá roinnt obair ar seo déanta i dTobar na Gaedhilge, ina bhfuil roinnt leaganacha Béarla nó Fraincise de saothar atá ar fáil i nGaeilge Uladh.

2009-09-26

Focal draoi


Aréir, d'fhreastail mé ar An Foclóirí Draíochtúil a bhí mar chuid de IMRAM. Ceiliúradh ar an bhfoclóirí Dinneen a bhí ann.

Ócáid dhá leath a bhí ann. Ar dtús, thug Alan Titley caint thar a bheith spreagúil bunaithe ar Dinneen agus foclóirí i gcoitinne. Ansin léigh Biddy Jenkinson gearrscéal bleachtaireachta a scríobh sí don ócáid. Is fiú mír dá chuid féin é sin.

Tá Alan ina chainteoir chomh líofa agus atá sé ina scríbhneoir. B'é seo a chéad uair a chonac beo é.

Tharraing sé as beathaisnéis an Duinnínigh. Níor thug mé liom ainm an fhir a scríobh, faraor. D'fhigh sé caint iontach as sin focail aisteacha i bhfoclóir Dinneen agus foclóirí eile - go háirithe Dwelly agus liostaí focail éagsúla, ag tarraingt as canúintí na hÉireann agus na hAlbain. Rinne sé tagairtí do Shéan a'Chóta agus don leabhar Éist leis an gCóta - ag tabhairt samplaí thar a bheith greannmhara de chol an Chaomhánaigh leis na Sasanaigh. Saothar gan críoch ab ea an foclóir a bhí idir lámha aige, saothar faraor nár foilsíodh - mór an trua, ó tharla gur foclóir Gaeilge-Gaeilge atá ann. Luaigh sé freisin an leabhar nua Cén Sórt é? agus an bhéim ann ar focail drochmheasa seachas moltacha! Gan amhras, ní bheadh aon phlé ar saibhreas an Duinnínigh iomlán gan sár leabhar Alf Mac Lochlainn - Farasbarr Feasa ar Éirinn - a lua. Gan amhras, mar Chorcaíoch dílis, chaith sé slaiseanna lena comharsan Ciarraíocha, arbh duine díobh an Duinníneach!

Tátal an chainte - go bhfuil saibhreas iontach sa chaint, go háirithe sa Ghaeilge, agus nach stopann an foghlaim riamh. Agus go fuineann agus go scagann foclóirithe agus scríbhneoirí an teanga, ag cuir léi nuair is gá.

Ana chaint.



Íomhá: Dinneen le Jack Yeats, ó Wikimedia.

2009-09-21

Frith-Ghluais-eacht

Mheabhraigh tagairt Challiomachas thíos dom gné amháin a chuireann cantal orm.

Is minic, i leabhar i nGaeilge atá ag baint úsáid as foclóir neamhchoitianta, go mbíonn "gluais" ann. Bhí, cuir i gcás, ceann le leabhar Dermot, ar Muir is ar Sliabh. Ach ní bhíonn sna "gluaiseanna" seo ach tiontú Bhéarla ar théarma Gaeilge.

Cén mhaith a rá liom - abair - gur "claustrophobia" an Bhéarla atá ar "uamhain clóis", muna bhfuil fhios agam cad é?

Caithfidh mé a rá nár bhain mé mórán feidhm as an gluais sin, pé scéal é, ó tharla gan gá agam leis.

Ach i saothair níos doimhne sna h-eolaíochtaí, is minic téarma nach dtuigim ann. Agus ní thuigim an Bhéarla ach chomh beag. Bheadh níos mó tairbhe ann domhsa (agus uaireanta don scríbhneoir!) sainmhíniú i nGaeilge a dhéanamh ar an téarma. Cinnte, ba mhór an chabhair é sin chun teacht ar an dtéarma cheart.

Is breá ann An Foclóir Beag ach santaím An Foclóir Mór!

An File Gaeilge is Saol na Cathrach

Agus mé ag treabhadh liom tríd Feamainn Bhealtaine le Máirtín Ó Díreáin, tháinig mé ar an aiste seo atá tráthúil agus muid ag plé na teangain mar a bhíomar


Nithe iad "focail" atá beo. Tá siad i mbéal na ndaoine. Tá anam iontu. Nithe iad "téarmaí" a gcaithfidh tú rith chun an fhoclóra á lorg nó iad a chumadh tú féin nuair is gá sin, mura bhfuil sé déanta ag duine éigin cheana.


Is mór is fiú an aiste a léamh, mar sin rinne mé é a scanáil, agus tá teacht air ag an nasc thuas.

2009-08-31

Focalcheárta


Chuir an mhír seo ag Seán, agus comhrá a d'éirigh as, ag smaoineamh mé. Cad as a dtagann na focail atá againn? Is beag duine, fiú an focalbhách is measa amuigh, a chromann thar an bhfoclóir chun cuir lena fhoclóir féin. Is as léamh agus caint a fhorbraíonn duine a fhoclóir. Ciallaíonn sin go mbeidh gné in easnamh sa bhfoclóir mura bhfuil sé san lón léitheoireachta nó díospóireachta. Rud a fhágann muid faoi mháchail inár nGaeilge, toisc gurbh minic gan an t-ábhar a bheith ann, nó é bheith deacair a theacht air.

Is mó cuir chuige atá ann chun foclóir a fhorbairt. Ach chaill an Ghaeilge céim san bhforbairt sin le himeacht na mbardscoil, agus na scoileanna léinn san 17ú aois. Bhí an Ghaeilge chun cinn ar teangacha Eorpacha eile roimhe sin - bhí na dáin ar fad dá shaothrú i nGaeilge sna meánaoiseanna. Ach fad is a bhí teangacha pobail na hEorpa ag borradh faoi thionchar na hAthghine, bhí an Ghaeilge ag cúlú - ní raibh inti feasta ach Caint na nDaoine, ainneoin dúthracht bráithre Lobháin, an Ceiteannach agus daoine eile nach iad.

Táimid san áit ina bhfuilimid, mar sin. Is mithid an dearcadh MÁRSA, mar a thug Tomás Mac Siomóin air ina phaimfléid a sheachaint. Ach ní hionann sin, feictear dom, agus neamhaird iomlán a dhéanamh ar an litríocht. Tá áiseanna anois againn chun tochailt a dhéanamh in san bhfoclóir stairiúil - Corpas na Gaeilge, abair agus Foclóir eDil. Tá athchúrsáil samhlaíoch déanta ag lucht Fiontar ar an bhfocail turscar chun cur síos ar an mbruscar leictreonach a scuabtar suas ar chladaigh ár ríomhairí. Is féidir chomhfhocail a chumadh ag leanúint múnlaí ársa. Is iomaí -lathas faoin bhflaitheas anois. Ach is féidir, mar a rinne lucht na hAthghine, tarraingt as tobar na dteangacha ina bhfuil léann nua dhá shaothrú. Is fíor go bhfuil deacracht anseo, agus muid i mbaol ár mbáite i mbóchna na Béarla cheana féin. Tá baol ar leith ann - go mbainfí feidhm as focal i nGaeilge atá ar chomh-chiall le ciall amháin d'fhocal Bhéarla, ach nach é sin an chiall atá i gceist. An sampla is túisce a thagann chugam ná úsáid "fuaim" chun ciall an nath Bhéarla "a sound person" a chuir in iúl.

Ní bheidh a leithéidí riamh gan achrann - beidh an-chuid Inkhorn Controversies dár gcuid féin againn.

Feictear dom go bhfuil deis anseo san mborradh faoin aistriúcháin. Más fíor go bhfuil na scoláirí Gaeilge is fearr ag gabháil dó, ba cheart go mbeadh toradh éigin ar an saothar. Tá baol ann gan amhras go n-ídeofar a ndúthracht agus a sprid ag cuir Gaeilge ar droch-Bhéarla. Ní cuimhin liom cén duine de na Griannaigh a chreid go raibh dochar déanta dá chumas scríbhneoireachta ag scéim aistriúcháin an Ghúm. Tá sin ann.

Ach is as a leithéidí de obair atá saothar an Choiste Téarmaíochta ag fás. Agus na torthaí sin ar fáil dúinn tríd focal.ie.

Ní leor é, áfach. Tá gá le saothar nua sa Ghaeilge, saothar laethúil mar atá An Druma Mór agus Nuacht 24 á chuir ar fáil. Bhí altanna ar chúrsaí comhshaoil agus airgeadas san eagrán is déanaí, mar shampla. Agus tá iomairí eile á threabhadh ag nós*. Tá áit ann don gníomh díreach focal-forbartha - macasamhail Ciste Cúrsaí ReathaNod don Eolach. Tá gá le saothair a bhaineann leis na gairmeacha, mar atá Micheál Ó Bréartúin ag cuir ar fáil. Is iomaí ceapóg in iothlainn na Gaeilge, mar a thug Joe Steve air.

Feictear dom go bhfuil áit ann do na blagadóirí inár measc freisin. Níl an mhachaire catha seo teoranta don litríocht idir dhá chlúdach leabhair.

Is gaibhne focail muid ar fad. Is mithid an tine a fhadú, faobhar a chuir ar ár n-uirlisí, agus cromadh ar an obair. Deir an seanfhocal gurbh fearr an ceardaí síor-bhuailteach ná an ceardaí sár-bhuailteach!




Le Goya an Pictiúir thuas, sciobtha agam ó Wikimedia, mar is gnách.