02 October 2009

Blag bhlag


Tá sé beagnach ceithre bliana ó chéad scríobh mé sa chrannóg baoise seo. Tá an bhlag a spreag mé an uair úd imithe, gafa ag turscairí. Ach tá tuilleadh tagtha ar an bhfód ó shin. Agus, mar is léir ó mhír Áine inniu, táimid ag spreagadh a chéile.

Blaganna ag cur le blag ar bhlag.... (Féach DIL faoi bhlag!)

Tréaslaím a bhua san Oireachtas le Tadhg - cuireann a Gharraí siúd go mór leis an gcúinne seo d'iothlainn na Gaeilge. Súil agam go spreagfar níos mó le cuir chun méarchláir!

5 comments:

Dennis King said...

Cén chaoi ar scríobh tú "blag" in ogham? An bhfuil an chlófhoireann agat nó ar chuir tú na litreacha (.i. na feda / feánna) le chéile le clár eile?

aonghus said...

Fuair mé cóip de Beth-Luis-Nion (níl fhios agam an leagan Everson nó Curtis Clark atá ann - ní raibh aon eolas leis) ar líne anocht. Leis sin a rinne mé é.
In Open Office Draw, agus é a chasadh i gceart ansin.

Kevin Scannell said...

Iontach ar fad an iontráil "blag" i DIL, GRMA! Níl go leor ciall leis an bhfocal "blagmhír" mar sin?

aonghus said...

Athraíonn teangacha!

Séamas Poncán said...

Mí Eanáir, beidh An Caomhach ann le cúig bliana. Gan Conn, sílim go bhfuil an ceann is sine agamsa!