Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-10-20

Gaeilge agus féiniúlacht

alt maith ag Aonghus Dwane san Irish Times inniu:

Na nithe is suntasaí atá le baint as scéal Gordon ná nach raibh timpeallacht fheiliúnach ann le blianta fada chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh i measc phobal Phrotastúnach nó aontachtach (agus ní hionann an dá rud) na sé chontae ar bhealaí a d’fhreagair dá n-ionannas áite, dúchas agus cúlra creidimh agus nach raibh spásanna dóibh chun an teanga a shealbhú, dá mbeadh suim acu inti.
Ní mór a aithint go bhfuil cúinsí staire ag baint le seo. Rinne Gluaiseacht na Poblachta seilbh a ghlacadh ar Chonradh na Gaeilge, agus d'fhág Aontachtaithe an eagraíocht.

Agus ar theacht ann don stáit abhus, bhí an gné ar a dtugann Cailliomachas má-nuadachas i gceist freisin.(Féach Feasta na míosa seo) Leagan chúng den Chaitliceachas Rómhánach mar bhosca don Éireannachas, agus an Ghaeilge mar ornáid seachas mar gné lárnach. Ach í ina dhris chosáin dóibh siúd nach raibh sí acu.

Tá fhios agam go bhfuil daoine ann a bhfuil an Ghaeilge lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnaíoch Éireannach. Agus glacaim leis gur seasamh bhailí atá ansin.

Ach is rud níos casta ná sin cultúr agus féiniúlacht dar liom, agus ní bhaineann an Ghaeilge le creideamh amháin, ná dearcadh polaitíochta amháin.

Is maith mar sin go bhfuil grúpa laistigh d'Eaglais na hÉireann a chuir chun cinn bealaí nua:

Chuir an toscaireacht cáipéis faoi bhráid na bpolaiteoirí, ag cur ina luí orthu a gcreideamh go bhféadfadh suim sa Ghaeilge bheith ag teacht le Protastúnachas agus/nó le dearcadh polaitiúil aontachtach, agus go bhféadfadh ceangail le Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanann, an Bhreatnais agus an Choirnis bheith mar bhealaí le naisc a chruthú leis na réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe/ar na hoileáin.
Ach caithfear na baic roimh aontachtaithe - agus go deimhin aoinne - ar mian leo an Ghaeilge a shealbhú a scoir. Agus ní laistigh dá bpobail féin amháin atá na baic seo.

Seachnaímis pacáistiú féiniúlacht! Aithnímis go bhfuil féiniúlacht an duine ilghnéitheacht, agus nach bhfuil aon ghné faoi leith faoi réir ag aon ghné eile.



Aguisín: In alt Ghabriel Rosentstock inniu tugann sé píosa ó fhile a scríobhann as Gearmáinís, ach nach Gearmánach í:

Tá teanga ar nós an ghrá, ar sí. Ní le héinne í. Tá sí saor, faoi mar atá an grá saor. Tá sí saor agus mór, ar nós an aigéin a gcothaíonn craobh-aibhneacha é agus nach mbeadh ann in aon chor murach iad.