21 September 2009

An File Gaeilge is Saol na Cathrach

Agus mé ag treabhadh liom tríd Feamainn Bhealtaine le Máirtín Ó Díreáin, tháinig mé ar an aiste seo atá tráthúil agus muid ag plé na teangain mar a bhíomar


Nithe iad "focail" atá beo. Tá siad i mbéal na ndaoine. Tá anam iontu. Nithe iad "téarmaí" a gcaithfidh tú rith chun an fhoclóra á lorg nó iad a chumadh tú féin nuair is gá sin, mura bhfuil sé déanta ag duine éigin cheana.


Is mór is fiú an aiste a léamh, mar sin rinne mé é a scanáil, agus tá teacht air ag an nasc thuas.

5 comments:

Cailliomachas said...

Alt spéisiúil, cinnte - go raibh maith agat. Dhá phointe a dhéanfainn. Coincheap a tháinig chun cinn i measc teangeolaithe san 1950í agus 1960í: réim theanga (register, en.,niveau de langue, fr.). Ní raibh an coincheap sin ar fáil do ghlúin Uí Dhireáin a bhí go mór faoi thionchar theagasc 'caint na ndaoine'. Tugann Ó Diréain sampla breá de dhá réim dhifriúla: 'teileagram' agus 'scéal i mbarr bata'. An dara pointe. Tá sé an-deacair plé le focail nua, téarmaí etc. - ár cuid féin a dhéanamh díobh - nuair nach bhfuil aon mhíniú le fáil orthu inar dteanga féin.

aonghus said...

Agus feictear dom go ndearna sé an phointe deiridh sin go maith!

Is mithid tosú ag obair a ciclipéid na Gaeilge, b'fhéidir?

An tAcadamh a mhol Tómás Mac Siomóin? (Súil agam dul ag éisteacht lena ghaois amárach)

Cailliomachas said...

Mar leabharlannaí is dócha gur mhaith liom an UDC a fheiceáil aistrithe go Gaeilge. Ach cé dhéanfas an obair? Ar ndóigh tá Acadamh cheana féin againn i nGaillimh. Agus tá an tAcadamh Ríoga ann! Nára fada uain an Foclóir Mór, mar a deir tú.

aonghus said...

É seo?

Tuige nach dtugann tú faoi?

Feictear dom gur córas oiriúnach do togra idirlín atá ann.

Bheadh sé ar a laghad úsáideach na ceannteideal a bheith ann i nGaeilge, cé go bhfeicim gur i mBéarla amháin atá an bunachar.

Cailliomachas said...

Mmmmmm. Smaoineoidh mé air.