
Chuir Liam Carson gach file faoi seach in aithne, agus ansin léigh file Éireannach aistriúchán dá gcuid saothar, le cúlra ceolmhar ó Jackie Leven (giotár), Michael Cosgrave (méarchlár) agus Sean Óg (Sax).
Léigh Paula Meehan saothar le (sílim!) Anna Akhmatova i leagan Béarla a rinne sí féin. Saothar duairc bhrónach - caint ann air faolchú baineann agus fuil agus oighear. Is dóigh liom go raibh splanc dóchais ann - bhí an oighear ag leá, deiridh ag teacht leis an ngeimhreadh.
Chan - más sin an focal ceart - Tomás Mac Siomóin dán le Mayakovsky i leagan Gaeilge. Éigeas i ngleic leis an bhfear cánach. Bhí sé lán de bhrí agus d'fhuinneamh, agus cíoradh ann ar dhán an fhile, agus é i ngleic leis an teanga, agus an dua as a bhfáisctear dánta. Tugadh "file rap" ar Mayakovsky, agus is sa stíl reacaireachta sin a bhí an píosa. B'é Tomás an fear chuige, deirim libh!
Ansin thug Nuala Ní Dhomhnaill a leagan de dhán brónach, mothúchánach le Marina Tsvetaeva (is féidir go bhfuil an dá banfhile curtha tré chéile agam!). Sliabh ar bhruach cathrach, á slogadh ag tithe na saibhir, ach ag baint díoltas amach. Tráthúil d'Éireann na linne seo! Bhí cimeonó cuanna á chaitheamh ag Nuala, agus chuir sé sin lena cur i láthair láidir.
Bhí an cúlra ceolmhar thar a bheith maith. Thug na hoirfidigh ceolchoirm dá gcuid féin, le hamhráin le Jackie Leven bunaithe ar fhilíocht Tsvetaeva - ach bhí ormsa teitheadh, i mo luaithríona ag iarraidh breith ar bhus a deich!