I measc na daoine a bhí mé ag caint leo de Máirt bhí bean a bhfuil Máire uirthi silim, agus fear a chaith suaitheantas de chuid PCnahÉ. Feictear Máire thart fán chathair ag seinm an cairdín, agus bhuail mé léi uair nó dhó cheana san Ionad Buail Isteach.
Pé scéal é, táid araon go láidir in aghaidh Chonradh Liospóin. Bhí bileoga de chuid Gluaiseacht an Phobail á scaipeadh ag Máire, agus ghlac mé le ceann.
Tá cuma fiúntach ar an mbileog, agus is é an chéad píosa stocaireachta atá feicthe agam a thagraíonn go sonrach d'Airteagail an Chonradh. Sílim gur don leagan chomhdhlúite atá siad ag tagairt.
An deacracht ná go bhfuil na diabhail Conarthaí teibí go maith, agus is féidir rudaí a léamh isteach ann nach gá iad a bheith fíor.
Mar shampla, an tagairt seo:
Ar bhonn iomaíochta idir chuideachtaí príobháideacha a riarfaí seirbhísí poiblí (e.g. cúrsaí sláinte agus oideachais). (Airteagal 106, Airteagal 107).
Glacaim leis gur tagairt don leagan Comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá i gceist. Ní fheicim an tionchar dá bhfuil siad ag tagairt.
Deir fo-alt de 106 "2. Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú is seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur chun feidhme bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, an chúraim áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do leasanna an Aontais."
Feictear dom nach dtagann sláinte ná oideachas faoin gceannteideal sin.
Fós, is dóigh liom gur beartas fiúntach san idirphlé atá sa bhileog seo. Beidh mé á chíoradh.
Seolfar go hoifigiúil ag Tomás Mac Siomóin é san Ionad Buail Isteach, Connolly Books, 43 Sráid Essex Thoir, ar 1.30 i.n.