
Seoladh úrscéal nua Dermot Somers, Ar Muir agus ar Sliabh, mar chuid d'fhéile IMRAM de Satharn seo chaite.
Bhí sé de phribhléid agus de phléisiúr agam bheith i láthair. Is sár reacaire é Dermot (mar a luaigh mé cheana). Le cabhair ó grianghraif roghnaithe óna shaol eachtraíochta thug sé cnámha a scéil fhéin, a ghrá don eachtraíocht - gach saghas eachtra - agus creatlach an úrscéil. Níor sceith sé aon rún, ach is cinnte gur spreag sé fonn léite i níos mó ná ionamsa.
Fíonn Dermot scéal cumasach caidrimh as eachtraíocht, an teannas a bhaineann le clár teilifís a dhéanamh, cíocras béadáin sciar airithe de na meáin, éiginnteacht agus fánaíocht glúin na noughties, agus roinnt comhábhair eile. Dúirt sé féin gur gearrscéal fada seachas úrscéal atá i gceist. Ach is seánra ann féin an novella, agus is máistir shampla atá san úrscéal seo.
Is maith liom an slí a thugann sé nodanna agus imlínte gnéithe den scéal, ag fágáil bearnaí do shamhlaíocht an léitheora.
Ach tagann forbairt mar is dual d'úrscéal ar a laoch, a fhoghlaimíonn faoi féin agus a chasann i dtreo feabhais.
An-leabhar. Agus an-seoladh! Táim ag tnúth go mór le reacaireacht Dermot a bhlaiseadh arís an mhí seo chugainn, ag Tionóil Fómhair Sléibhteoireacht Éireann.
Ar muir is ar sliabh
Dermot Somers
ISBN: 9781901176971
Cois Life 2009