Tá trí cinn de úrscéalta véarsaíochta scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair, úrscéalta a chíorann an tsaoil ag baint feidhm as an mbéaloideas.
In An craiceann agus a luach cíorann sí toiliú, searc máthartha agus ceisteanna uilíocha eile.
Aréir i Smock Alley thug sí léamh drámatúil dá saothar, le tionlacan ceoil - ceol a cumadh agus a bhí in oiriúint do reacaireacht spleodrach Eithne, a d'inis sí le gothaí chomh maith le caint. Ceol a chum Steve Cooney agus a sheinn Cormac Breathnach (feadóga), Billy Mag Fhloinn ( yaybahar), Dermot Byrne (cairdín), Robbie Perry (drumaí agus uirlisí eile, seinnte go séimh le scuab don mórchuid!), Ódhrán Ó Casaide (fidil) agus Steve féin ar ghiotár agus é freisin ag meascadh. Agus draoi i mbun soilse freisin, oileán solais timpeall ar na hoirfidigh agus an lucht féachana sa dorchadas. Agus an spotsolas ar duine nó duine eile de réir mar a d'oir.
Ceol diamhair a d'fhuadaigh an lucht féachana isteach i saol na samhlaíochta chun éisteacht go cruinn le reacaireacht Eithne. (Dóibh siúd gan Ghaeilge, sholáthar Margaret Lonergan an téacs as Béarla ar chúlra íomhánna mara).
Fabhalscéal tráthúil fuinte as fiche éigin líne de scéal i gcnuasach béaloidis Éireann.
Is trua nach bhfuil an maoiniú ar fáil chun an taibhiú seo - toradh Coimisiún ó Éigse na Brídeoige - a chur ar camchuairt.
Ba mhithid.