Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label antain mac lochlainn werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label antain mac lochlainn werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-02

Éanna Corr - Fainic Scéalmhilleadh!

 Fainic: Tá fúm gnéithe den scéal a phlé anseo.

Insítear an scéal ó dearcthaí éagsúla - Éanna féin, Síomóin - an buachaill a earcaíonn é isteach san Teampall Nua, a dheirfiúr Brídín, agus Louise, cailín a dhéanann Éanna iarracht an chluain a chuir uirthi.
 
Ar an gcéad dul síos, ní mór dom a rá gur bhain an teanga a chuireann Antain ar bheola lucht na Teampaill croitheadh asam - caint ar an Bhunaitheoir, agus araile, caint í sin a bheadh coitianta i neart gluaiseachtaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach - cuid a chuaigh ar strae go dona, cuid atá dílis do Phápa agus teagasc. Ach fiú an chuid is fearr acu, is féidir leo ding a chruthú idir duine agus a mhuintir, mura dtuigeann nó mura ghéilleann a mhuintir dá chleachtas nua. 
 
"An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom."

Matha 10:37-38

Nuair a éiríonn le Bunaitheoir é féin a chuir in ionad Críost, bíonn mísc.
 
'A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol. '

1 Eoin 4:1

Saobhghrá, grá le cloch sa mhuinchille, a thugann Éanna isteach sa Teampall Nua - feiceann sé cúram agus searc á léiriú ag "tuismitheoirí" Síomóin do Shíomóin - nuair atá sé féin faoi dhaorsmacht athair nach bhfuil meas aige air, agus máthair atá lagaithe ag a athair. Is beag searc agus is lú cúram a fhaigheann sé. Tá a dheirfiúr Brídín tar éis é a thréigean, ag iarraidh í féin a shlánú agus obair mar iriseoir - agus teorainn leis an méid ar féidir léi a bhaint amach ar aon nós toisc gur ag a hathair a bheadh na cearta de réir dlí agus d'imreodh.
 
Nuair a léiríonn Ana agus Val, tuismitheoirí - más fíor - Síomóin an cúram agus searc céanna dó féin, mealltar Éanna. Cuireann siad feabhas ar a shaol, tugann sé cúram níos fearr dó féin agus cuirtear lena féin mhuinín. Ní haon ionadh fáilte fuar aige d'iarrachtaí a dheirfiúr  fainic a chuir air maidir leis an dTeampall Nua.

Éiríonn le Brídín áfach na fíricí a chuir ar a shúile do Síomóin - agus scriosann seisean an iarracht a dhéanann Éanna an chluain céanna a cuireadh air a chuir ar Louise. Miangas measctha tríd an dualgas agus brú ón dTeampall ag feidhmiú ansin.
 
An dóigh go teasctar Éanna ach go ndéantar gach iarracht Síomóin a "cheartú", tá boladh na fírinne air.  Mar sin a fheidhmíonn seicteanna. Tá ollsmacht le caomhnú.  Ní fiú trioblóid le núíosach, ach caithfear cuir ina luí orthu siúd atá domhain sa seict gan an lámh a bhaint den gcéachta - ar mhaithe leis an sampla, agus freisin toisc go bhfuil barraíocht ar eolas acu.

Tá cuir chuige Brídín iontach cliste agus éifeachtach - ag tabhairt deis do Síomóin an fhírinne a aimsiú, ach gan í bheith ag argóint leis - díreach ag cuir ar a chumas an scéal a thuiscint dó féin, nuair a dhiúltaíonn Éanna scun scan dá hiarrachtaí  - é dallta ag an lúcháir a thugann a shaol nua dó.

Tugann na dearcthaí éagsúla seo deis don údar pictiúr iomlán a tharraing  gan bheith ina Dheus ex machina, ná ina saoi uilefheasach. Thar a bheith éifeachtach mar chuir chuige.
 
 
 

2024-10-28

Corr in aghaidh an cham

De réir an chuir síos, is úrscéal de dhéagóirí seo. Is fada ó bhí mé i mo dhéagóir. Is scéinséir den scoth atá anseo, faoi conas a éiríonn daoine gafa le cultas creidimh, agus an pota gliomaigh ina éiríonn siad gafa nuair a théann siad domhain go leor san scéal. 

Ní mian liom an scéal a mhilleadh, ach is mian liom é a mholadh. Cás deacair! Insítear an scéal go héifeachtach ó dearcthaí éagsúla agus san dóigh sin léirítear an rud ina iomláine. Agus léirítear freisin gur solas na poiblíochta an frithnimh is éifeachtaí i gcoinne an dreama a thagann i dtír ar laigí daoine eile d'fhonn a cuid nirt féin a chothú. Gur féidir arm mharfach a dhéanamh as na nithe is uaisle - creideamh, dóchas is grá. 

Meabhraíonn sé dom freisin aiste C.S. Lewis faoin bhfáinne laistigh a mbíonn cathú láidir ar gach duine - go háirithe daoine atá faoi leithcheal san saol mór - íobairtí agus gníomhartha suaracha a dhéanamh d'fhonn bheith istigh leis an dream ceart.

Fiú má tá na déaga fágtha i do dhiaidh agat na déaga ó shin, mar atá agamsa, beidh tairbhe san úrscéal seo duit.

Éanna Corr
Antain Mac Lochlainn
136 lch., clúdach bog, 
ISBN : 978-1-913814-59-5

2024-10-27

Briseann briathra srónacha

 

John Maguire, Tadhg Mac Dhonnagáin,
Sinéad Ní Scolaí Barzaz, Antain Mac Lochlainn
 

Oíche Céadaoin bhí mé in Áras na Scríbhneoirí do sheoladh Tír Bheag, aistriúchán Antain Mhic Lochlainn ar Petit Pays le  Gaël Faye

Tá Barzaz ag athghaibhniú naisc na nGaeil le litríocht an bhfrancafón. Litríocht ina bhfuil guthanna na pobail faoi chois le clos ann chomh maith le guthanna La Grande Nation.  Francach ó thaobh a athair, Tútsaí ó thaobh a mháthair é Gaby, atá bunaithe go scaoilte ar Gaël Faye féin.  Corr scáfar ina scéal briseadh amach faltanas a chruthaigh agus a chothaigh na coilínithe. 

Thug John Maguire, a sheol an leabhar, léargas dúinn ar an gcúlra staire. Ladar na nGearmánach, na Beilgigh agus na Francaigh sa scéal, iadsan a chruthaigh agus a chothaigh deighilt eitneach san áit nach raibh ann dáiríre ach deighilt aicmeach. Ladar ag na Francaigh fós sa scéal, iad ag iarraidh an Francafóin a chosaint ar leathnú an Bhéarla - teanga a bhí tógtha chucu féin acu siúd a theith go dtí Uganda.  

Fuaireamar blaiseadh freisin de cheol Gaël Faye. Chuala duine den aos liteartha thall na hamhráin céanna agus d'aithin an mianach iontu. Spreag sí Gaël Faye le tabhairt faoina scéala scríobh; scríobh sé an t-úrscéal cumhachtach seo.

Tá leisce orm an scéal a mhilleadh, mar sin ní habróidh mé ach go bhfuil níos mó na teacht in inmhe ghnáth déagóra meánaicmeach i gceist - go bhfuil tragóid ceantar na Locha Móra, atá fós ag dul ar aghaidh, léirithe i saol an déagóra céanna.

Bildungsroman a thug John Maguire ar an saothar; ach tá níos mó na Bildung (i. oideachas, tógáil, oiliúint, múnlú) i gceist. 

Tá fiacha troma orainne san Eoraip, a bharr buntáiste as an gcoilíniú agus atá fós ag cuir ladar i scéal na hAfraice. Ar a laghad ba cheart dúinn aithne a chuir ar thoradh ár ngníomhartha agus gníomhartha ár sinsir. (Ní ghéillim go bhfuil Éireannaigh saor ón smál - cinnte, rinneadh coilíniú orainne - ach bhí amhais Éireannacha ann. Agus misinéirí. Bhí cuid acu báúil leis na cultúir dúchais; ach cuid eile acu scaip siad doiscéal feabhas an chine ghil agus a chultúir. 

Caithfear léamh!



2023-04-18

Ceallach seolta


Thug mé m'aghaidh anocht ar lár na cathrach chun freastal ar sheoladh Ceallach Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac.

Sé Antain Mac Lochlainn a rinne an seoladh agus thug sé sár phíosa cainte uaidh, ag cíoradh scéalaíocht Dhiarmuid a chuireann Ceallach inár láthair go beo beathach, cé gur scéal agus meon ársa atá aige - an rud is ársa is iontach! Thug Antain suntas do seinge na bhfocail, gontacht ealaíonta. Ceallach i láthair romhainn. Muid ag tabhairt na mionrudaí faoi deara chomh maith leis na mór rudaí. Gan leisce ar Dhiarmuid gnásanna liteartha a shárú. (Píosa snasta cainte a mbeinn ag súil leis é fheiceáil i gComhar nó Feasta amach anseo!)

Bhí Bríd Harper ann le ceol a choinneáil linn, idir sealanna inár léigh Diarmuid as an leabhar chun blaiseadh a thabhairt dúinn. 

Chuir Diarmuid agus Bríd clabhsúr leis an ócáid le port meidhreach ar an bhfidil agus an feadóg mhór. 

Ócáid pléisiúrtha - agus ionad oiriúnach. (Tá na leabhragáin ar rotha ana úsáideach nuair atá spás le cruthú. 


2023-04-14

Ceist na gCalarméin


Spreagtha ag leabharmheas Eoin Ó Murchú ar an Capall agus a Ghiolla.

Is maith liom C. S. Lewis. Ach is fear dá aicme, dá ré agus dá threibh é, agus níl sé saor ó chlaonta. Is fabhalscéalta Críostaí iad scéalta Narnia, cé nach gá iad a léamh mar sin. (Agus ní sin léamh Antain Mhic Lochlainn orthu, gan amhras).

Tá go leor plé déanta ar Cheist Susan - an ceathrú duine de Chlann Pensenvie. Sa leabhar deireanach, An Chath Deireadh, deirtear nach "cara le Narnia feasta í", é le tuiscint go bhfuil sí meallta ag miangas an tsaoil. Is iomaí léamh ar a scéal, agus is cosúil go ndúirt Lewis féin nach raibh ar a chumas a scéal a scríobh i gceart - le tuiscint nach raibh sí damnaithe go hiomlán aige. (Rinne Neil Gaiman scéal dorcha as nach raibh mé in ann meabhair a bhaint as).

Mura bhfuil dul amú orm, tá ceist na gCalarméin luaite ina réamhrá ag Antain (níl an leabhar le lámh anois agam). Is i dtír na gCalarméin atá insint An Capall agus a Ghiolla lonnaithe don gcuid is mó. Tarlaíonn an scéal le linn do na ceathrar Pensevie a bheith i gcoróin i Narnia i ndiaidh dóibh an Bandraoi a chloí. Tá cosúlachtaí go leor idir na Calarméin agus na hArabaigh feodacha. Ríocht mór fairsing. Codarsnacht idir é agus tír bheag saor Narnia agus an tír beag eile sa scéal (nach bhfuil a ainm ag teacht liom agus é seo a bhreacadh ar bhus.)

Narnia tír na saoirse agus laochra an scéil ag iarraidh éalú chuige. Rí dhamhna na Calarméine ag iarraidh seilbh ar ais nó ar éigin a fháil ar na tíortha beaga. 

Cruálach sotalach atá uasaicme na Calarméine san insint, agus sleamhain glic fealltach an chosmhuintir. An eile naimhdeach. Tá na cosúlachtaí le dearcadh na nEorpach ar impireacht na Tuirce follasach.

Luaitear na Calarméin go tánaisteach i Turas siúlóir na camhaoire, agus tá siad lárnach sa Chath Deireadh. Tá pearsa uasal Calarméineach sa scéal sin, ach shílfeá go bhfuil sé sin féin ag treisiú na claontuairimí.

Níl fhios agam cad é an dóigh ceart plé lena leithéid sa litríocht. Is dócha nach bhfuil éalú uaidh, mar tá namhad de dhíth ar aon laoch, agus más ar thaobh na saoirse agus na gile atá an laoch ní mór don namhaid bheith ar thaobh na daoirse agus an dorchadais. 

Is dócha áfach gur comhartha maith é go mothaím míchompord. 

Agus sin mo racht go n-uige seo. 


2023-04-13

Smaointe Fóinteacha

Tá an déagóir ana thógtha leis an leabhar seo as Béarla agus tháinig sceitimíní orthu nuair a chuala siad é bheith foilsithe as Gaeilge ag An tSnáthaid Mhór. 

Fuair siad deis é a cheannach (iad ar thaithí oibre san áit bhaolach sin, an Siopa Leabhar). Bhí siad ag tathant orm é a léamh. (Bhí an leagan Béarla caite i dtraipisí agam, ró dheacair peannaireacht a léamh). Mhaígh siad an pheannaireacht a bheith níos soléite san eagrán Gaeilge. Is dócha go bhfuil, mar bhí níos lú dua agam leis.

Is dóigh liom go ndeachaigh mé amú ar an gcéad léamh freisin agus mé ag súil le scéal, le plota. Níl a leithéid ar fáil anseo. 

Is amhlaidh gur bhreac Mackesy a chuid líníochtaí agus nathanna do na meáin shóisialta i dtosach, agus gur rogha as sin atá sa leabhar seo. Péarlaí gaoise cnuasaithe seachas scéal.

Cuid de ró nua aoiseach domsa. 

Ach tá na líníochtaí go hálainn. Uaireanta gan ach cúpla líne chun íomhá a mhúscailt. 

Leabhar le hamharc air anois is arís. 

Maidir leis an dteanga, dúirt an déagóir go raibh orthu corr leagan a lorg san leagan Béarla, ach níor sheas aon cheann ar leith amach. Measaim go bhfuil obair snasta déanta ag na haistritheoirí Máire Zepf agus Antain Mac Lochlainn. Agus gan amhras is earra álainn an leabhar, mar is dual don tSnáthaid Mhór.

 An tSnáthaid Mhór
 Charlie Mackesy
ISBN 13: 9781912929252 

2022-08-02

Tóraíocht na Dea-Bheatha



Ní bhainim pléisiúr as aon ní, dá mhéad tairbhe a bheadh ann, más ar mhaithe liom féin a d'fhoghlaim mé é. Dá mbronnfaí eagna orm ar an choinníoll go gcoinneoinn agam féin í agus gan í a fhoilsiú do dhaoine eile, is amhlaidh a dhiúltóinn í.
Seinice, Litreacha: 6.4

Is méanar dúinn go bhfuil a chuid féin déanta ag Antain Mac Lochlainn de mhana Seinice! Ón uair go bhfaca mé é ag foilsiú blúiríní gaoise ó na sean údair ar Twitter, bhí mé fiosrach agus nuair a chuala mé leabhar a bheith ar na bacáin aige, shantaíos é.
Bhí mé ag súil le saothar fearacht Focail le gaois. Ach is saothar i bhfad níos luachmhara agus cuimsithí atá anseo - suirbhé ar an bhfealsúnacht, go háirithe an Stua, ag tarraingt ní hamháin as na bun údair, agus sleachta dá gcuid curtha i nglan Ghaeilge soléite, ach ag tarraingt freisin as tuiscintí smaointeoirí ó shin agus smaointeoirí atá i réim anois.
Agus, thar rud ar bith eile, smaointeoireacht agus marana Antain féin, faoin méid a bhaineann sé féin as dá shaol féin. Agus an méid nach bhfuil glacadh aige leis, agus cén fáth. Agus an méid gur gá tuiscint, comhthéacs linne a scríofa, carachtar na fealsamh, agus eachtraí saoil. 
Lán leabhar de ghaois agus marana, agus sleachta úsáideacha ann ó údair sean agus nua. (Beagán díomá orm nár chuir sé Gaeilge ar roinnt de na sleachta a scríobhadh ar dtús i mBéarla. Is trua sin, measaim, mar go ndéanfaí aclú ar an nGaeilge ach é sin a dhéanamh, agus bheadh an léitheoir tumtha sa Ghaeilge. Ach is mionrud sin dáiríre.) 
Is pápaire mé féin, gan amhras, ach mar a d'aithin Antain féin, tá an Chaitliceachas tar éis codanna den fealsúnacht agus a cleachtais a chuir ag fónamh don beatha Críostaí. Ní cúis iontais sin, tá ar aon Weltanschauung dul i ngleic leis an nádúr daonna agus na ceisteanna céanna a chíoradh - agus tá cuid mhaith de na freagraí i gcoitinne ag na machnóirí.
Is fiú go mór an leabhar seo a léamh - sin ráite ag duine ar fearr go mór leis ficsean a léamh, i dteanga ar bith, agus gur beag saothar mar seo atá léite aige i nGaeilge (nó teanga ar bith eile!)





Antain Mac Lochlainn 
232 lch; clúdach bog; 
 978-1-913814-16-8

2022-02-20

Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.

Bhí rud éigin eile á lorg agam i mo L-spás nuair a leag mé lámh arís ar an seoid beag seo de leabhar a chnuasaigh Antain Mac Lochlainn. A rogha fhéin de ghaois na n-údar atá ann, bailithe as a chíoradh ar na haistriúcháin go Gaeilge ar saothair ón mBíobla go filíocht Michael Augustin

Tá obair na n-aistritheoirí móra le fáil anseo; an fhoireann a réitigh Bíobla Mhá Nuad, Breandán Ó Doibhlin, Maighréad Nic Mhaicín, Gabriel Rosenstock agus neart eile.

Fealsúna na Gréige agus na Fraince, an Bíobla, agus neart eile mar fhoinse do na nathanna gairide seo. Iad eagraithe de réir ceannfhocail in ord aibítre chun fáil éasca a bheith ar nath nó dhó ar mórán ábhair - nathanna a bheadh fóinteach mar eipeagraf d'aiste nó caibidil leabhair.

Nó chun úsaid mar a bhainim as - é tharraingt chugam anois is arís agus blaiseadh den ngaois agus don deisbhéal.
 
Agus tá nótaí agus liosta foinsí don duine gur mian leis dul níos doimhne i scéal ar bith acu. Leabhairín gleoite cuanna fóinteach.

Focail le gaois
Antain Mac Lochlainn
Cois Life, 2002

Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim. 



2020-04-25

An Capall agus a Ghiolla


Tá go leor de shaothair CS Lewis, scéalta uilig Nairnia, a chuid ficsean eolaíochta do dhaoine fásta, agus a shaothair díonchruthaithe Críostaí ar mo leabhragáin le fada, agus cuid acu léite agus athléite. Scéalta Nairnia go  háirithe.

Bhí mé sásta nuair a thosaigh Antain Mac Lochlainn ag cuir Gaeilge orthu leis An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh. 

Seo chugainn an dara gála. Scéal atá beagán ar leithligh ó na scéalta eile - ról imeallach ar fad ag daoine ón ár Domhan. Titeann amach le linn réimeas na ceathrar as an gcéad leabhar ar Ríocht Nairnia. 

Ach is beirt óg ón gCalarméin - impireacht mhór a bhfuil cosúlachtaí leis na Críocha Arabacha - atá lárnach. 

Scéal éalú go saoirse. 

Laochas dá ainneoin féin i ndán don mbuachaill agus cailín a dtugann eachtraí an scéil le chéile iad agus an bheirt capall cainte fuadaithe ó Nairnia. 

Tá réamhrá spéisiúil curtha ag Antain leis an leabhar, ag plé leis na ceisteanna a tharraingíonn an scéal anuas, de bhrí na cosúlachtaí idir na bithiúnaigh sa scéal agus Arabaigh. Cosaint ciallmhar agus comhthéacsú cúramach.

Tá an scéal féin taitneamhach agus aistrithe go soléite soiléir ag Antain, nathanna deasa dúchasacha fite tríd atá oiriúnach. 

Tá súil agam go leanfaidh sé air agus go mbeidh an sraith ar fad ar fáil amach anseo do léitheoirí óga agus dóibh siúd atá sách críonna, mar a dúirt Lewis féin, chun pléisiúr a aimsiú arís i scéalta sí. 

C. S. Lewis 
Aistrithe ag Antain Mac Lochlainn 
An Gúm 


2016-12-20

Taibhsí an Locha

Go hiondúil cuireann an lipéad 'foghlaimeoirí fásta' ó dhoras mé nuair a fheicim ar leabhar. Ach mheall ainm an údair mé, Antain Mac Lochlainn. Tá roinnt dá shaothair agus colúin léite agam le fonn. Ní dóigh liom gur léigh mé ficsean leis cheana.

Scéal sách simplí taibhsí atá sa leabhar, teach mór, ainghníomh, fuascailt le tabhairt ag daoine.

Ach insint mhaith, gan ró shimpliú ar an dteanga cé nach bhfuil aon chlocha crua ann.

Chuir sé an turas ar obair isteach dom go pléisiúrtha!
Ón leabharlann a fuair mise é, ach tá sé ar fáil ar phraghas cupán caife ón bhfoilsitheoir.

Taibhsí an Locha
Antain Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnacht

2014-11-17

Tríd Prios Éadaigh agus Idir Theangacha

Chaith mé an Satharn sa chathair ag ócáidí éagsúla liteartha. Thosaigh rudaí amach le caint mar chuid de Fhéile Leabhar Bhleá Cliath - Idir Theangacha/Between Languages Anna Heussaff agus Antain Mac Lochlainn faoi agallamh ag Cormac Ó hEadhra.
Aistriúchán idir Gaeilge agus teangacha eile, go háirithe Béarla a bhí faoi chaibidil, agus na dúshláin ar fad a bhaineann le haistriúchán - an méid a chailltear ach freisin an méid is féidir a bhaint. Traduttore, Traditore a deir na hIodálaigh. (Tá aiste spéisiúil den teideal úd anseo:)
Mar is dual dó, bhí a chuid taighde déanta ag Cormac, agus mheall sé smaointe spéisiúla ar an ábhar ó Antain agus Anna.
Tá saothar dá cuid aistrithe go Béarla ag Anna - Buille Marfach - Deadly Intent. An ndóigh, is crann os coill é Antain i measc aistritheoirí le fada. Ghluais an comhrá siar is aniar go spéisiúil, le corr smaoineamh ón urlár freisin; thug Antain léiriú ar a cheird tríd an file Fiona Bolger a bheith ag léamh dán léi féin, agus eisean ag léamh a leagan; agus iad á léamh ansin arís líne ar líne. Léiriú a bhí ann ar idir buntáistí, buanna agus caillteanais an aistriúchán. Thug Anna roinnt samplaí de na dúshláin a bhain le tiontú a saothar féin - friotal a bhí galánta as Gaeilge ach amscaí as Béarla, agus arbh gá é chuir i bhfoirm nua as Béarla chun an n-íomhá a bhreith slán. Thug sí samplaí freisin den deacracht ar leith a bhaineann le Gaeilge a chur ar saothar do pháistí - deacracht breise i gceist mar nach mbíonn cumas léitheoireachta as Gaeilge forbartha céim ar céim lena n-aois - ceal deiseanna léamh. (Tig liom sin a dhearbhú ó mo thaithí léanmhar féin, ana dheacair mo mhic a cur ag léamh Gaeilge cé gur shlog siad carraigeacha móra leabhair as Gaeilge agus Gearmáinis)

Caint thar a bheith suntasacha bhí ann, mórán gnéithe clúdaithe.

Seoladh cruthúnas eile ar scil Antain i ndiaidh na cainte - An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh‏ - scéal cáiliúil C.S. Lewis do ghasúir. Thug Michael Cronin píosa bhreá cainte uaidh faoi Antain agus a shaothar - ainneoin é bheith imníoch faoi súile agus cluasa géara an eagarthóra! Dúirt Antain ar ball nach raibh sé ar dualgas, agus mar sin nár baol dó an rud a dúirt duine eile faoi - go dtagann "tensions" ina "declensions" ach a bhfeiceann sé Antain!

Anois duine mise atá tugtha le fada do shaothar C.S. Lewis, idir ficsean agus díonchruthaithe. Tá ionad buan ar mo leabhragán ag Croinicí Nairnia le fada, agus iad léite roinnt uaireanta agam ó chéad léigh mé iad agus mé i mo dhéagóir óg.

Tá áthas orm a dhearbhú go raibh pléisiúr ar leith a bheith ag léamh leagan Antain, ainneoin corr dris cosain Ultach a bhain tuisle as an deisceartach seo! Tá an tuin cuideachtúil scéalaíoch atá ag Lewis sa leagan Béarla tugtha slán trasna aige. Shamhlófá is tú ag léamh gur eachtraí atá ag suí taobh leat i suíochán compordach ag reic na himeachtaí corraitheacha duit. D'aimsigh sé an friotal agus fuigheall cuí do gach neach san scéal, agus ainmneacha oiriúnacha freisin. (Beidh dúshlán leis na hainmneacha sna leabhair eile, áfach - is beag ainm dílis san céad eachtra seo, téann siad i líonmhaire mar a théann na leabhair ar aghaidh)

Gheall Antain, ach é bheith saolach, an seacht leabhar a aistriú. Go raibh sé saolach, mar sin, agus cá bhfios nach gcromfadh sé ansin ar Gaeilge a chuir ar eachtraí Perelandra!

Tá an leabhar tiomnaithe ag Antain do Ghabriel Rosenstock, Ard draoi aistritheoirí Éireann, Más é Gabriel an ard draoi, m'anam ach gurbh é Antain an ard saoi.

An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
C.S. Lewis a scríobh.
Antain Mac Lochlainn a chuir Gaeilge air.
An Gúm 2014
ISBN 9781857918885