Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label c.s. lewis werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label c.s. lewis werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-14

Ceist na gCalarméin


Spreagtha ag leabharmheas Eoin Ó Murchú ar an Capall agus a Ghiolla.

Is maith liom C. S. Lewis. Ach is fear dá aicme, dá ré agus dá threibh é, agus níl sé saor ó chlaonta. Is fabhalscéalta Críostaí iad scéalta Narnia, cé nach gá iad a léamh mar sin. (Agus ní sin léamh Antain Mhic Lochlainn orthu, gan amhras).

Tá go leor plé déanta ar Cheist Susan - an ceathrú duine de Chlann Pensenvie. Sa leabhar deireanach, An Chath Deireadh, deirtear nach "cara le Narnia feasta í", é le tuiscint go bhfuil sí meallta ag miangas an tsaoil. Is iomaí léamh ar a scéal, agus is cosúil go ndúirt Lewis féin nach raibh ar a chumas a scéal a scríobh i gceart - le tuiscint nach raibh sí damnaithe go hiomlán aige. (Rinne Neil Gaiman scéal dorcha as nach raibh mé in ann meabhair a bhaint as).

Mura bhfuil dul amú orm, tá ceist na gCalarméin luaite ina réamhrá ag Antain (níl an leabhar le lámh anois agam). Is i dtír na gCalarméin atá insint An Capall agus a Ghiolla lonnaithe don gcuid is mó. Tarlaíonn an scéal le linn do na ceathrar Pensevie a bheith i gcoróin i Narnia i ndiaidh dóibh an Bandraoi a chloí. Tá cosúlachtaí go leor idir na Calarméin agus na hArabaigh feodacha. Ríocht mór fairsing. Codarsnacht idir é agus tír bheag saor Narnia agus an tír beag eile sa scéal (nach bhfuil a ainm ag teacht liom agus é seo a bhreacadh ar bhus.)

Narnia tír na saoirse agus laochra an scéil ag iarraidh éalú chuige. Rí dhamhna na Calarméine ag iarraidh seilbh ar ais nó ar éigin a fháil ar na tíortha beaga. 

Cruálach sotalach atá uasaicme na Calarméine san insint, agus sleamhain glic fealltach an chosmhuintir. An eile naimhdeach. Tá na cosúlachtaí le dearcadh na nEorpach ar impireacht na Tuirce follasach.

Luaitear na Calarméin go tánaisteach i Turas siúlóir na camhaoire, agus tá siad lárnach sa Chath Deireadh. Tá pearsa uasal Calarméineach sa scéal sin, ach shílfeá go bhfuil sé sin féin ag treisiú na claontuairimí.

Níl fhios agam cad é an dóigh ceart plé lena leithéid sa litríocht. Is dócha nach bhfuil éalú uaidh, mar tá namhad de dhíth ar aon laoch, agus más ar thaobh na saoirse agus na gile atá an laoch ní mór don namhaid bheith ar thaobh na daoirse agus an dorchadais. 

Is dócha áfach gur comhartha maith é go mothaím míchompord. 

Agus sin mo racht go n-uige seo. 


2014-11-17

Tríd Prios Éadaigh agus Idir Theangacha

Chaith mé an Satharn sa chathair ag ócáidí éagsúla liteartha. Thosaigh rudaí amach le caint mar chuid de Fhéile Leabhar Bhleá Cliath - Idir Theangacha/Between Languages Anna Heussaff agus Antain Mac Lochlainn faoi agallamh ag Cormac Ó hEadhra.
Aistriúchán idir Gaeilge agus teangacha eile, go háirithe Béarla a bhí faoi chaibidil, agus na dúshláin ar fad a bhaineann le haistriúchán - an méid a chailltear ach freisin an méid is féidir a bhaint. Traduttore, Traditore a deir na hIodálaigh. (Tá aiste spéisiúil den teideal úd anseo:)
Mar is dual dó, bhí a chuid taighde déanta ag Cormac, agus mheall sé smaointe spéisiúla ar an ábhar ó Antain agus Anna.
Tá saothar dá cuid aistrithe go Béarla ag Anna - Buille Marfach - Deadly Intent. An ndóigh, is crann os coill é Antain i measc aistritheoirí le fada. Ghluais an comhrá siar is aniar go spéisiúil, le corr smaoineamh ón urlár freisin; thug Antain léiriú ar a cheird tríd an file Fiona Bolger a bheith ag léamh dán léi féin, agus eisean ag léamh a leagan; agus iad á léamh ansin arís líne ar líne. Léiriú a bhí ann ar idir buntáistí, buanna agus caillteanais an aistriúchán. Thug Anna roinnt samplaí de na dúshláin a bhain le tiontú a saothar féin - friotal a bhí galánta as Gaeilge ach amscaí as Béarla, agus arbh gá é chuir i bhfoirm nua as Béarla chun an n-íomhá a bhreith slán. Thug sí samplaí freisin den deacracht ar leith a bhaineann le Gaeilge a chur ar saothar do pháistí - deacracht breise i gceist mar nach mbíonn cumas léitheoireachta as Gaeilge forbartha céim ar céim lena n-aois - ceal deiseanna léamh. (Tig liom sin a dhearbhú ó mo thaithí léanmhar féin, ana dheacair mo mhic a cur ag léamh Gaeilge cé gur shlog siad carraigeacha móra leabhair as Gaeilge agus Gearmáinis)

Caint thar a bheith suntasacha bhí ann, mórán gnéithe clúdaithe.

Seoladh cruthúnas eile ar scil Antain i ndiaidh na cainte - An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh‏ - scéal cáiliúil C.S. Lewis do ghasúir. Thug Michael Cronin píosa bhreá cainte uaidh faoi Antain agus a shaothar - ainneoin é bheith imníoch faoi súile agus cluasa géara an eagarthóra! Dúirt Antain ar ball nach raibh sé ar dualgas, agus mar sin nár baol dó an rud a dúirt duine eile faoi - go dtagann "tensions" ina "declensions" ach a bhfeiceann sé Antain!

Anois duine mise atá tugtha le fada do shaothar C.S. Lewis, idir ficsean agus díonchruthaithe. Tá ionad buan ar mo leabhragán ag Croinicí Nairnia le fada, agus iad léite roinnt uaireanta agam ó chéad léigh mé iad agus mé i mo dhéagóir óg.

Tá áthas orm a dhearbhú go raibh pléisiúr ar leith a bheith ag léamh leagan Antain, ainneoin corr dris cosain Ultach a bhain tuisle as an deisceartach seo! Tá an tuin cuideachtúil scéalaíoch atá ag Lewis sa leagan Béarla tugtha slán trasna aige. Shamhlófá is tú ag léamh gur eachtraí atá ag suí taobh leat i suíochán compordach ag reic na himeachtaí corraitheacha duit. D'aimsigh sé an friotal agus fuigheall cuí do gach neach san scéal, agus ainmneacha oiriúnacha freisin. (Beidh dúshlán leis na hainmneacha sna leabhair eile, áfach - is beag ainm dílis san céad eachtra seo, téann siad i líonmhaire mar a théann na leabhair ar aghaidh)

Gheall Antain, ach é bheith saolach, an seacht leabhar a aistriú. Go raibh sé saolach, mar sin, agus cá bhfios nach gcromfadh sé ansin ar Gaeilge a chuir ar eachtraí Perelandra!

Tá an leabhar tiomnaithe ag Antain do Ghabriel Rosenstock, Ard draoi aistritheoirí Éireann, Más é Gabriel an ard draoi, m'anam ach gurbh é Antain an ard saoi.

An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
C.S. Lewis a scríobh.
Antain Mac Lochlainn a chuir Gaeilge air.
An Gúm 2014
ISBN 9781857918885

2010-04-16

Deá obair agus deá oibreacha

Agus mé ag léamh aiste le Fred Brooks "An Eolaí Ríomhairí1 mar Uirliseoir" [PDF!], thug mé suntas don liosta seo de bhronntanais a thug Dia dúinn ag cruthú an Domhain:
  1. Beatha, agus saoirse ón mBás
  2. Cumann leis an Cruthaitheoir
  3. Cairdeas, ach go háirithe an pósadh
  4. Leanaí
  5. An dúlra, ach go háirithe ainmhithe
  6. Saoirse
  7. Obair chruthaitheach le déanamh
Is bronntanas atá san obair chruthaitheach, cinnte. Ach, mar a phléigh C.S. Lewis ina aiste "Deá obair agus Deá Oibreacha2", fágann an geilleagar mar atá sé anois gur beag duine againn go bhfuil an saoirse aige obair fiúntach a dhéanamh go maith ina ghnáth obair. Agus go minic gur droch obair a bhíonn i "Deá Oibreacha", i. obair charthanach.

Táimse measartha sásta go dtí seo gur éirigh liom obair, a bhfuilim sásta deá obair a thabhairt air, a chuir i gcrích i mo shaol gairmiúil - obair mhaith ar nithe úsáideacha, fónta. Tuigim gur bronntanas é sin fosta, agus gur iomaí sclábhaí pá inár measc. Ba mhaith liom dá mbeadh geilleagar comhar seilbheach ann, mar a mholann Dubhaltach. Ach nílim ró dhóchasach; sílim go bhfuil bealach éigin idir na córais reatha de dhíth. Agus go bhfuil ról thábhacht ag coimhdeacht ina leithéid de chóras: go bhfágfaí leigheas gach faidhbe ag an leibhéal is ísle agus is féidir. Rud atá de dhíth go háirithe san tír seo, atá céasta ag ró lárú cumhachta in Átha Cliath. Agus go caithfidh aon chóras laigí an chine a chuir san áireamh. Féach an éifeacht atá ag rialaitheoir díograiseach ar chúrsaí airgid, mar shampla!



1"eolaí ríomhaireachta" atá ag Focal. Ach tá idirdhealú tábhachtach ann idir "Computing Scientist" agus "Computer Scientist" sa Bhéarla, ar mhian liom a thabhairt slán. Bíonn, de réir Dijkstra, béim ar an inneall i Mheiriceá, agus ar an saothar a chuireann sé i gcrích san Eoraip. B'fhéidir nach fíor sin níos mó, ach sílim go bhfeileann "Eolaí Ríomhairí" níos fearr don rud atá idir chamáin ag Brooks.
2Theip orm teacht air leagan den aiste seo ar líne.San leabhar Screwtape proposes a toast a léigh mise é.

2009-08-22

Ná héiligh ús ná ioncamas uaidh (Lev 25:37)

Tá an méid seo le rá ag C.S. Lewis ina leabhar "Mere Christianity"
Tá comhairle amháin a thug na sean Gréagaigh págánta, Giúdaigh an tSean Tiomna agus ag oidí móra na Críostaíochta sna meánaoiseanna a bhfuil neamhaird iomlán déanta ag córas eacnamaíochta na linne seo de. Dúirt na daoine seo ar fad linn gan airgead a thabhairt ar iasacht ar ús - ach is airgead ar ús - infheistíocht - bun agus barr ár gcóras.
Táimid ar fad ceangailte isteach sa chóras ar an iliomad slite - ag íoc ús ar mhorgáistí agus iasachtaí. Ach freisin ag brath ar ús a fháil i scéimeanna árachais agus pinsean. Agus tá tionchar thar a bheith casta aige seo ar an ngeilleagar tré chéile.

Nuair a thosaigh córas an stocmhalartáin ar dtúis, sna tithe caife, is éard a bhí i gceist ná fir gnó ag teacht i gcabhair ar a chéile, farasbarr duine amháin ag cuidiú le leachtacht gnó eile, go dtí go dtáinig a long i dtír. Thuig na hamhantraithe seo an baol, agus an brabach; ba den ghnó iad.

Ach anois, tá ár bpingineacha uile ag dul isteach in oll-chistí infheistíochta, agus córas thar a bheith casta idirghabhálaithe idir na foinsí airgid agus iad siúd a bhfuil siad de dhíth orthu. Níl aon nasc idir an fiontraí agus an fiontar. Níl aon suim sna torthaí fad théarmacha - praghas an lae agus torthaí na ráithe amháin a shocraíonn luach saothar an idirghabhálaí, agus atá mar slat tomhais aige chun airgead a bhogadh sall is anall.

Rud a chothaíonn bréag geilleagair, agus easpa straitéise. Tá taicticí níos tábhachtaí - cuma na maitheasa a chuir ar na torthaí ráithe, agus moladh a fháil ó na anailísithe - arbh minic gur Tadhg an dá thaobhanna iad, ag cuir comhairle ar infheisteoirí agus feidhmeannaigh, agus ag saothrú as suas agus anuas na stoic chomh maith. Bíonn gné láidir nasctha le praghas an stoic in íocaíocht na feidhmeannaigh - idir roghanna stoic agus bónais.

Rud a fhágann na fostaithe thíos leis an scéal go minic. Agus, gan amhras an pobal a mbíonn orthu íoc bealach amháin nó bealach eile as an easpa straitéis.

2008-07-03

Dar an Leon!

Chonaic mé an dara gála de Chroinicí Narnia le mo ghasúr dé Domhnaigh - Prince Caspian

Do léigh - agus bhain mé taitneamh as leabhair Lewis i mo dhéaga luath, agus tá siad athléite agam cúpla uair ó shin.

Tá an scannán rud beag níos dorcha na na leabhair, ach is dóigh liom go bhfuil sé dílis.

Tá Caspian an scannáin níos sine agus aibí ná sa leabhar; agus tá an imreas idir é agus Peter ana inchreidte, agus tugann sé deis tionchar an uabhair ar an ngníomh a ríomhadh. Thaitneoidh sin le Lewis, is dóigh liom. Bhí an cathú dóibh araon cabhair a ghlacadh ón gCailleach Bán ana mhaith.

Thaitin carachtar Trumpkin go mór liom - an cancrán agnóiseach le croí órga.

Bhí na carachtar ar fad spéisiúil - an Ghinearáil Telmarach réabtha idir a choinsias agus a dhualgas, an Rí uaillmhianach, brúidiúil agus a chomhairleoirí sleamhna. Bhí creideamh láidir neamhurchóideach Lucy ann, agus síol saoltachas Susan le feiscint.

Rud spéisiúil eile - bhí canúint Easpáinneach ag na Telmaraigh san scannán. N'fheadar an comhtharlú a bhí ann, toisc an aisteoir i bpáirt Chaspian a bheith den cine úd. Bhíodh tráth ann gur ó Oirthear na hEorpa na "drochdhaoine" i scannán, rud a d'oir don bholscaireacht an ré úd.

Bhí an tírdhreach (an Nua-Shéalainn, sílim) go hálainn ar fad.

Tríd is tríd, leagan mhaith de scéal maith.

2008-05-15

Ár mBráithre Eachtardhomhanda

(íomhá ó Wikimedia)

Feicim go bhfuil príomh réalteolaí na Vatacáine go láidir den tuairim go bhfuil neacha eachtardhomhanda ann.

Mheabhraigh an scéal sin dhá saothar ficsean dhom.

I gceann de scéalta Ray Bradbury i Na Lócaistí Airgid, faoi choilíniú Mhars, déanann roinnt Proinsiasaigh faillí ina gcúram ar na coilínithe ar mhaithe le dul ar mhisean chuig meallta gorma; a bhfuil fágtha de phobal Mhars. Scéal rud beag Mainicésaíoch atá ann; faigheann muid amach go bhfuil na meallta slánaithe de bharr gur éirigh leo scaradh lena gcoirp.

Ansin tá scéalta C.S. Lewis - Malacandra (Mars) áit a bhfuil pobail nár pheacaigh riamh; agus
Perelandra (
Véineas), áit a chuidíonn an laoch le cur in aghaidh turnamh Ádhamh agus Éabha nua.

Creideann Críostaithe gurbh ann do neacha spioradálta seachas sin féin agus Dia - na haingil idir slánaithe agus damanta.

Má tá neacha beo eile ann, atá ina gcumasc idir corp agus anam, mar atá muide, ardaíonn sé ceisteanna suimiúla diagachta. Is fearr liom freagra samhlaíocht Lewis na Bradbury, sa chás seo!

Ach tá nithe deasa i scéal Bhradbury freisin.

2007-11-07

Bás, Breith, Ifreann, Neamh

Ní minic a luaitear na ceithre rudaí deiridh níos mó.
Ach tá siad ann.

Bím ag éisteacht le leachtaí de chuid an fealsamh Peter Kreeft. Fear é a bhfuil an ghean aige ar C.S. Lewis, fear a tháinig ar a chreidimh arís agus é fásta, agus a rinne an chuir síos ar bhunchlocha na Críostaíochta i leabhair cosúil le Mere Christianity.

Tá tagairt láidir amháin a bhíonn go minic ag Kreeft:
Dá mbeadh sé ar ár gcumas daoine a fheiscint mar a bheidh siad san saol eile, d'fheicfeadh muid neach diaga a mbeadh cathú orainn iad a adhradh, é sin nó neach nach fhaca muid lasmuigh de fíor dhroch tromluí. Agus tá muid ag cabhrú lena cheile, lá i ndiaidh lae, ceann den dá chríoch sin a bhaint amach.


Ó thaobh sceon agus fonn gníomh a chuir ar dhuine, tá an smaoineamh úd beagnach chomh láidir le Apacailipsis Eoin 3:15
Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach


Seo linn, mar sin, fáiscimis ár mbalcaisí, agus ar aghaidh linn le chéile ar an mbóthar chúng...